Seanfhocal nó dhó thíos, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, seanfhocail a thagann go maith leis an t-léine thuas, b'fhéidir, Mara bhfuil sé i mo mheabhair agam, tá sé i mo leabhar agam. Fuair mé an t-léine an lá cheana, mar bhronntanas grinn. Bhuel, ceapaim féin gur féith an ghrinn a bhí taobh thiar den bhronnadh, pé scéal é, mar, dar leis an mbronntóir, bhí an t-léine, ahem, rómhór di féin, ach dhéanfadh sí mise, ar sí. Hmmm...
Agus, ó tharla gur rith sé liom, agus focail an t-léine thuas á léamh agam, seo athinsint mhalartach ar sheanfhocal eile a chonaic mé sa leabhar céanna, faoin gceannteideal Cinnteacht, Níor eitigh léine bhán dúch ariamh!