Showing posts with label todhchaí. Show all posts
Showing posts with label todhchaí. Show all posts

Monday, November 1, 2021

Na Ticeanna Sin

Chuile mhaidin, nuair a dhúisíonn tú, bíonn sí amach romhat. Ní féidir í a sheachaint, mar thodhchaí. An méid sin ráite, murar dhúisigh tú, tá chuile sheans ann gur tháinig sí i lár na hoíche, i ngan fhios duit. Cleasaí cruthanta atá inti.
 
‘So...' déarfaidh sí leat, agus tú ag éirí as an leaba (sa chás seo, táim ag glacadh leis gur dhúisigh tú, a léitheoir),  'seo mar a shamhlaíonn tusa do lá: beidh bricfeasta agat ar dtús agus ansin siúlóid am éigin, an ea?’
 
Ag magadh fút a bhíonn sí. Bíonn tús agus deireadh gach scéal ar eolas aici cheana féin. Beidh sí ag breathnú ort ag cur ort do chuid éadaí, do do réiteach féin le rialtacht an lae, le haghaidh rialtacht an lae. Seans maith go bhfuil meangadh gáire ar a haghaidh doléite. Seans maith go dtosóidh sí ag gáire.
 
Ha ha ha!
 
Tá sí céim chun tosaigh ort agus tú ag siúl isteach sa chistin. Tá a biachlár a-lá-ceart i lámh amháin aici, agus do bhiachlár mar-is-iondúil ina lámh eile. Taitníonn greann léi. Léifidh sí do bhiachlár ar dtús:
 
bricfeasta ag a hocht,
obair ag a naoi,
siúlóid ag am lóin,
caife le cara,
dinnéar,
cúpla deoch,
teilifís,
leaba,
 
tic anseo agat, tic ansiúd agat.  An seanscéal céanna agus meirg air, a déarfaidh sí.
 
Ha ha ha!  
 
Caithfidh sí súil ghéar ar a biachlár féin, ansin:
 
glao gutháin,
garda ag an doras,
tinneas,
titim,
timpiste,
amharc,
éigniú,
aighneas.
 
Bíonn am ina cuideachta. Insíonn sé scéal nó dhó di. Breathnóidh sí ar a biachlár féin, arís. B’fhéidir go gcuirfidh sí tic anseo, b’fhéidir go gcuirfidh sí tic ansiúd.
 
Céard atá i ndán duit inniu?
 
Faraor, ní scaoilfidh an todhchaí aon rún leat, ná liom. Ach, is maith an scéalaí an aimsir. Is gearr go mbeidh a fhios againn.
 
Tic toc, tic toc…

*********************************
Foilsíodh leagan den scéal seo sa Donegal News, san fhorlíon 'Súil Thart,' níos luaithe i mbliana. Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlín sin. 

Friday, November 9, 2012

Focail Féilire


Tá a fhios againn uilig nach féidir linn an todhchaí a thuar, ach is féidir linn a bheith cúramach, nó a bheith níos cúramaí, b’fhéidir, le go mbeidh seans ann nach ndéanfaimid praiseach iomlán den saol; sa gcaoi nach mbeimid ag cac ar na huibheacha, mar a déarfá.  

Never test the depth of the water with both feet,  

an rud a bhí scríofa ar m’fhéilire maidin Dé Máirt. Is seanfhocal Afracach atá ann, feictear dom. Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, ach an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin ná,

Ná déan do theach ar an ngaineamh.

Seo chugaibh roinnt seanfhocal eile a fuair mé, ar an ábhar céanna, faoin gceannteideal Cinnteacht, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Bí ceart sula mbí tú dearfa.

Buail an tairne sa gceann.

Cuir an tsrathar ar an asal ceart.

Fearr a bheith cinnte ná caillte.

Is fearr a bheith siúráilte ná aiféalach.

Is fearr an breac atá sa dorn ná an breac atá san abhainn.

Is fearr glas ná aimhreas.

Má leanann tú lorg an chrú,
Ní rachaidh tú choíche amú.

Maidir leis an seanfhocal deireanach sin, agus dar leis an Ollamh Tomás Ó Máille, an fear a fuair céim PhD i 1939 ar an saothar as ar tháinig na seanfhocail thuasluaite, tá an méid seo scríofa aige,

‘Sa tseanaimsir, áit nach raibh bóthar ar an sliabh, bhíodh lorg crúite na mbeithíoch go soiléir, mar chosán.’

Agus, má chliseann ort ar bhóthar an tsléibhe, a léitheoir, ná bí buartha, mar tá seanfhocal Afracach eile agam duit, ón leathanach idirlín sin thuas,

Do not look where you fell, but where you slipped.

Is fearr suí gearr ná drochsheasamh, b’fhéidir?