Showing posts with label filí. Show all posts
Showing posts with label filí. Show all posts

Friday, January 16, 2026

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2025

Chuile bhliain, ó bhí 2010 ann, tagann slua breá filí le chéile ag an gCúirt Filíochta ag Oireachtas na Samhna agus is amhlaidh a tharla, anuraidh, nuair a tháinig 33 file le chéile i mBéal Feirste.  

Nuair a thosaigh mé fhéin, Bríd Ní Mhóráin, Proinsias Mac a'Bhaird agus lucht an Oireachtais (le tacaíocht leanúnach ó Fhoras na Gaeilge) ag obair le chéile ar an ócáid bhliaintúil seo i 2010, ní raibh ach ocht bhfile i láthair, mar a scríobh mé anseo. Ó shin i leith, tá líon na bhfilí ag méadú chuile bhliain, mar atá líon na ndaoine a bhíonn sa lucht éisteachta. Ár mbuíochas ó chroí libh uilig, a chairde na filíochta!

In aimsir Chovid, tháinig muid le chéile go fíorúil, agus is féidir na físeáin fhíorúla a chuir Proinsias le chéile na blianta sin a fheiceáil ar YouTube anseo (2020) agus anseo (2021). 

Leis seo, tá grianghraif de na filí a d'aithris i mbliana, san ord inar tháinig siad chuig an bpóidiam le dán a rá nó a chasadh (mar a rinne Fearghas ildánach), mar a leanas,  

Áine Ní Ghlinn, Mícheál Ó hUanacháin, Máire Ní Laoire, Eoin McEvoy, Máire Dinny Wren, Fearghas Mac Lochlainn, Mícheál Ó Ruairc, Ciara Ní É, Colette Ní Ghallchóir, Proinsias Mac a'Bhaird, Paul Capretti-Rogers (Oileán Mhanann), Aedín Geary (ag leámh dán le Nuala Reilly, nach raibh in ann a bheith linn ar an lá), Sylvia Bledow, Sam Ó Fearraigh, Áine Durkin, Magaidh Cunningham (Albain), Niamh Ní Lochlainn, Pól Mag Uidhir, Máirí Anna Nic Ualraig (Albain), Máirín Mhic Lochlainn, Bríd Ní Mhóráin, Phil Gawe (Oileán Mhanann), Annie Kissack (Oileán Mhanann), Matt Ó Maonaigh, Padaí de Cléir, Sibéal Ní Chonghaile, Ceaití Ní Bheildiúin, Alma Ní Ghormáin (a d'aithris dán le Dónal Mac Diarmada, file Ghaoth Bearra), Alasdair Mac Cuish (Albain), Dubhán Ó Longáin, Janet Mac Donald (Albain) Iain Ó Leocháin, Seán Ó Conghaile. 

Ár mbuíochas le Róisín Sheehy as dán dá cuid a thabhairt dúinn don ócáid (ní raibh sí in ann bheith i láthair) agus le Proinsias, ár sirriam gníomhach uasal, a d'aistrigh na dánta nach raibh i nGaeilge agus a chuir na dánta uilig ar scáileán le go mbeadh muid in ann a bheith ag léamh agus/nó ag éisteacht nuair a bhí na dánta á n-aithris. 

































Ócáid neamhfhoirmiúil phléisiúrtha a bhí ann, mar is iondúil. Táim ag súil go mór le Cúirt Filíochta na bliana seo chugainn. Beidh muid ar ais i gCill Airne i 2026. Feicfidh mé ann sibh, a chairde, le cúnamh ár mBé. 

Saturday, March 15, 2025

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2024

Bhí scaifte breá d'fhilí inár gcuideachta ag Cúirt Filíochta 2024. Tá cuid de na filí ag freastal ar an gCúirt le blianta fada ach, chuile bhliain, tagann file nua nó dhó chugainn; file, b'fhéidir, atá ag cumadh léi/leis sa mbaile i ngan fhios don saol, nó file, b'fhéidir, a d'aithris dán nó dhó roimhe seo ach nach bhfuil aon aithne fhorleathan curtha againn air/uirthi...fós. 

Cibé fáth a dtagann daoine chuig an gCúirt Filíochta, bíodh filí nó lucht éisteachta ann, is aoibhinn le Proinsias, Bríd agus mé fhéin sibh uilig a fheiceáil agus a chloisteáil, mar is sibhse a thugann beatha agus beocht don Chúirt Filíochta. Aon fhile nua a thagann chugainn, cuirtear fearadh na fáilte roimhe/roimpi, i gcónaí - is iadsan filí na todhchaí agus is iadsan a choinneoidh lóchrann na filíochta Gaeilge beo agus beathach. 

Ár mbuíochas leis na filí uilig, leis an lucht éisteachta, le hOireachtas na Samhna, agus le Foras na Gaeilge as bhur gcuid tacaíochta. Táimid ag súil go mór le sibh uilig a fheiceáil i mBéal Feirste ag tús Mí na Samhna, más é bhur dtoil é, agus tá súil leis na déithe agam nach gcuirfidh na diabhal de chiorruithe seo isteach ar bhorradh agus ar bhláth na filíochta mar a chloistear í ag an gCúirt Filíochta. Ní bláth go síol. 

Agus, más rud gur éirigh linne, freisin, aon lánúin a thabhairt le chéile thar na blianta, is amhlaidh is fearr é! Comhghairdeachas ó chroí le Ciara Ní É agus Reic - áthas orm go bhfuil siad ag ceiliúradh deich mbliana a mbunaithe, i mbliana. Gura fada buan iad. 

Cé nach raibh siad in ann bheith i láthair ag an gCúirt Filíochta, sheol Paddy Bushe, Alan Titley agus Brian Ó Conchubhair dánta chugainn le haithris. Táimid fíorbhuíoch díbh, a fheara! 

Seo a leanas na filí a d'aithris ag Cúirt Filíochta 2024 - Mícheál Ó Ruairc, Máire Ní Laoire, Dairena Ní Chinnéide, Eoghan Mac Cormaic, Proinsias Mac a'Bhaird, Christine Jones, Áine Durkin, Cathal Poirtéir, Mícheál Ó hUanacháin, Bríd Ní Mhóráin, Fíona de Buis (ag léamh dán ó pheann a céile, Paddy Bushe), Conchubhar Ó Liatháin, Pádraig Mac Fhearghusa, Máirín Mhic Lochlainn, Seònaid Mac Dhòmhnaill, Dubhán Ó Longáin, Matt Ó Maoinigh, Sibéal Ní Chonghaile, Alastair Mac Cuish, Mícheál Ó Conghaile, Éamann Ó hAisí, Ciara Ní É, Aimeé Ní Chonaing, Iain Ó Leocháin, Aingeal Ní Chonghaile, Áine Ní Ghlinn agus Pádraig Ó Laighin.  



























Ár míle buíochas leo uilig, agus leis an slua mór a bhí sa lucht éisteachta. Más mian leat tuilleadh a léamh faoi na cúirteanna a bhí ann go dtí seo, a léitheoir, is féidir theacht ar chuid de mo sheanbhlagmhíreanna anseo