Showing posts with label pictiúir. Show all posts
Showing posts with label pictiúir. Show all posts

Sunday, January 4, 2026

Fírinne na Bliana Nua

Blianta ó shin, bhínn ag scríobh blagmhíreanna, anseo agus ansiúd, faoin bhfírinne. Is minic mé amhrasach faoin méid a léim ar na meáin shóisialta, an dtuigeann sibh. Ach, sin scéal eile.

Roinn blianta ó shin, tugadh an ornáid sin thuas dúinn, mar bhronntanas beag don Nollaig. Bhain an bronntanas gáirí asainn, mar thuig muid an teachtaireacht, go maith. Creid é nó ná creid, tá grá ollmhór ag an mbronntóir do thuismitheoirí an tí seo.

Pé scéal é, tá sí ar an matal againn, ó shin. An mhí seo caite, tháinig cuairteoir chun tí. Cuairteoir í a thagann go rialta, ach ba léir nach raibh an ornáid (nílim in ann theacht ar aon fhocal eile a d'fheilfeadh dá leithéid) tugtha faoi deara aici, roimhe. Thosaigh an cuairteoir ag stánadh ina treo. Sheas sí suas. Shiúil sí anonn chuig an matal, go mall réidh. Thiontaigh sí thart, go sciobtha, agus dúirt,

'Is that what I think it is?'

Anois, a léitheoirí, ní féidir liomsa, ná le haon duine agaibhse, shamhlóinn, fios a bheith againn cén 'thinking' atá ag dul ag aghaidh i gcloigeann aon duine eile, ach bhí mé den bharúil go raibh an teachtaireacht faighte aici. 

'Probably.' arsa mé fhéin. 

Ar aon nós, a léitheoirí, sí an teachtaireacht atá agam fhéin daoibh, inniu, agus an bhliain nua ar thóir rúin nó dhó uainn, ná bhur gcuid súile a choinneáil oscailte, an bréagríocht a thabhairt faoi deara, agus mura mbíonn an méid a thugann sibh faoi deara inchreidte nó inghlactha, tá mo chead agaibh an pictiúr seo thíos a roinnt. 

Friday, June 16, 2023

Pictiúir

Nuair a bhí mise i mo chailín óg, thug mé faoi deara na pictiúir a bhí crochta sna tithe thart orm. Bhíodh formhór na bpictiúr crochta ar an mballa, na cinn chráifeacha ach go háirithe. Bhíodh íomhá den Chroí Rónaofa crochta sa chistin i mbeagnach chuile theach (le solas dearg na croise lasta faoi), chomh maith le pictiúr de John F. Kennedy agus pictiúr den Phápa.

D’fhéadfadh íomhá den Mhaighdean Mhuire, de Phadre Pio nó naomh éigin eile a bheith le feiceáil chomh maith céanna, agus mura raibh dealbh den Child of Prague feiceálach sa teach, bhíodh a phictiúr crochta áit éigin. I mbeagnach chuile íomhá chráifeach, bhí lámh nó dhó na híomhá cráifí ardaithe i mbeannacht agus shamhlóinn gur orm fhéin amháin a bhíodh na súile dírithe, iad do mo leanacht timpeall ba chuma cá dtéann sa seomra.

Bhíodh pictiúir de dhaoine gaolta le muintir an tí leagtha ar dhrisiúr nó ar leac na fuinneoige, agus d’aithneoinn na cinn a tógadh i Meiriceá mar bhídís sin tógtha go gairmiúil; áit ar leith acu ar an mballa sa seomra suite, de ghnáth. 

Ba léir go raibh an creideamh Críostaí lárnach i saol na ndaoine agus go raibh siad bródúil as an gceangal a bhí acu le Meiriceá, ní amháin mar go raibh uachtarán Caitliceach de bhunadh Éireannach ag an tír ach bhí ardmheas ag daoine ar Mheiriceá; is ann a chuaigh formhór sinsir ár gcine le blianta fada agus is ann atá go leor acu fós. 

Bhí stair na hÉireann feiceálach, freisin. Is minic a d’fheicfinn íomhánna a bhain le 1916, idir fhir agus fhorógra, crochta sna tithe agus sna scoileanna. Bhíodh daoine an-tugtha dá n-oidhreacht agus dá gcreideamh.

Sa lá atá inniu ann, ní hiad na híomhánna cráifeacha ná polaitiúla a fhaigheann tús áite sna tithe, feictear dom. Cé go bhfuil pictiúir crochta ar na ballaí, agus leagtha anseo agus ansiúd ar fud an tí, is minic gur íomhánna de mhuintir an teaghlaigh is mó a fheicim; nó bíonn saothar ealaíne crochta ar na ballaí, cinn a réitíonn le híomhá nó le haitmaisféar an tseomra ina bhfuil siad crochta, go hiondúil.

An tseachtain seo caite, sheol cara liom pictiúr chugam, ceann nach raibh feicthe agam cheana. Mise agus m’athair atá le feiceáil sa phictiúr, pictiúr a tógadh ar an lá a bhfuair mé fhéin agus fear an tí seo geallta.  San íomhá, tá gloine fholamh seaimpéin i lámh amháin agam, an lámh eile timpeall ar ghualainn m’athar, fear a bhí ar a sheacht míle dhícheall ag iarraidh buidéal seaimpéin a oscailt; mise ag breathnú go gealgháireach i dtreo an cheamara, mo Dheaide ag breathnú go gealgháireach i mo threosa. Ba léir ár sonas.

Ní raibh a fhios againn an t-am sin nárbh fhada sheal m’athar linn ach nuair a fuair mé an pictiúr sin an tseachtain seo, chuaigh mé siar ar bhóithrín na smaointe agus chuimhnigh mé ar an ngrá a bhí timpeall orm an t-am sin. Insíonn chuile phictiúr scéal. Tarraingíonn scéal scéal eile.

************************

Foilsíodh leagan den alt seo sa Donegal News le déanaí, san fhorlíonadh Súil Thart. Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall eagarthóir an fhorlíonaidh.