Cá dtosóidh mé?
Leis an leabhar nua atá scríofa ag Lynn Ruane, b'fhéidir? Leis an duine, le hAlzheimers, atá mar chuid dár saol, le blianta fada? Le scéal Nora Owens ar chlár Ray D'Arcy ag an deireadh seachtaine? Nó, an dtosóidh mé le Sióg s'againne?
Ar bhealach, tá baint acu uilig leis an mblagmhír seo.
Blianta ó shin, d'fhreastail mé ar lá faisnéise a bhí eagraithe ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte. Teacht le chéile a bhí ann, agus é eagraithe ag an FSS le go mbeadh deis ag cúramóirí tuiscint níos fearr a fháil ar an ngalar Alzheimers.
(Mo chuimhne, chuala mé fear, tráth, ag tabhairt 'Aul-timers' ar an ngalar Alzheimers, mar sin an focal a chuala a chluasa, is dócha; ach, cé gur tráthúil an focal a chuala a chluasa, agus cé gur minic go dtagann néaltrú soithíoch le seanaois, ní gá gur ionann an scéal le hAlzheimers.)
Ar aon nós, cumasaíonn faisnéis/foghlaim/taithí an duine, de réir a chéile, agus d'fhoghlaim mé go leor ón lá faisnéise sin. Is iomaí duine atá dall ar an bhfírinne, fiú nuair atá fianaise os a chomhair amach, agus cuidíonn faisnéis, nuair is gá, le fíricí a thabhairt chun solais.
Táim den bharúil, go minic, gur féidir le duine bheith caoch, nuair atá grá dá dhalladh. Bíonn sé crua ar dhaoine áirithe, feictear dom, glacadh le cora an tsaoil; is cuma athair, máthair, páiste, páirtí, nó fiú cara i mbaol tinnis, goineann galar grá, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
Mar a deir an seanfhocal, laghdú gach anró é a roinnt. Is fiú leabhar Lynn Ruane a léamh, agus scéal Nora Owens a chloisteáil, mar go dtuigeann a dtaithí néaltrú. Ní hionann chuile scéal, agus ní hionann taithí aon chúramóir, ach fágann néaltrú a lorg.
Ní raibh a fhios agamsa, go dtí i mbliana, go dtagann néaltrú ar sheanchait, freisin. Cé nach ionann duine agus ainmhí, ar ndóigh, d'aithin mo thaithí na comharthaí; tá Sióg s'againne ag dul in aois, agus tá cor i mbóthar a shaoil.
Le galar, méadaíonn cúram. Le cúram, méadaíonn grá.
No comments:
Post a Comment