Showing posts with label veigeatóir. Show all posts
Showing posts with label veigeatóir. Show all posts

Friday, June 28, 2013

An Feoilséantóir is Gnéasúla?

Ní hea, ní mise í, a léitheoirí, ahem, chomh fada agus is eol dom, pé scéal é, ach dá mbeinn ar dhuine de na moltóirí ar a leithéid de chomórtas 'An Feoilséantóir is Gnéasúla ar Domhan', táim den bharúil go ndéanfainn cinnte de nach raibh an buaiteoir a roghnóinn ag ithe ainmhí ar bith, éanlaith agus iasc san áireamh. 

I mbialanna áirithe, nuair a chuirim an cheist 'What vegetarian options have you got?,' deirtear liom, go rialta, 'We have fish and chicken dishes.'...osna...osna...osna. Bím ag súil lena leithéid de fhreagra, mar tarlaíonn sé chomh minic sin, ach chuir sé iontas orm go roghnódh PETA (People for the Ethical Treatment of Animals) an cúpla luaite in alt Xposé Entertainment, más fíor.

Le bheith féaráilte, agus ar fhaitíos go gceapfadh aon duine go bhfuilim ag ithe na feola fuaire, feicim nach bhfuil Dax Shepard luaite, mar bhuaiteoir, ar shuíomh PETA, ar chor ar bith; níl luaite ann ach a pháirtí, Kristen Bell, feictear dom. 


Ar aon nós, ó tharla mé ar ábhar na feola, tá sé chomh maith dom roinnt eolais eile a roinnt libh, ach ná habair a dhath le haon duine eile faoi - sea, a léitheoirí, bhí mé féin ag titim chun feola, le roinnt blianta anuas, ach tá an fheoil á baint anuas agam anois. Wúhú!

Aclaíocht agus ainmhithe abú..;-)

                                ****************
ag ithe na feola fuaire - backbiting/slandering people

titim chun feola/titim i bhfeoil - to grow flabby/fat

an fheoil a bhaint anuas - to lose weight

Na nathanna cainte thuas le fáil  i WinGléacht, a chairde. 


Thursday, October 11, 2012

Íum Íum



Mionbhruar úll a thugaim ar an mias bhlasta sin thuas – bhuel, ceapaimse go bhfuil sí blasta, pé scéal é, agus ní bhíonn sí i bhfad as an oigheann sa teach seo, go mbíonn chuile ghreim di ite.

Níl baint ar bith ag blastacht na méise liomsa, mar chócaire, ó táim den bharúil go bhféadfadh aon duine an mhias seo a chur le chéile, gan stró. Bím i mbun ballaíochta agus na comhábhair á gcur le chéile agam, ach is mar seo a dhéanaim é, a bheag nó a mhór:

Meascaim le chéile,

plúr (speilt lánghráin) – leathchupán, nó mar sin.  
siúcra donn – leathchupán, nó níos lú má tá na húlla sách milis
cnó cócó triomaithe – leathchupán, nó mar sin
síolta lus na gréine – leathchupán, nó mar sin
síolta seasamain – leathchupán, nó mar sin
coirce lánghráin – lánchupan, nó mar sin
cainéal meilte – leath-thaespúnóg, nó mar sin
spíosraí measctha – leath-thaespúnóg, nó mar sin

Nuair atá an meascán thuas réidh, cuirim spúnóg ime, nó mar sin, isteach leis, agus cumascaim na comhábhair le mo mhéara, go mbíonn an meascán cosúil le conamar aráin.  

Ansin, grátálaim 6 úll. Fágaim féin an craiceann orthu agus mé á ngrátáil, ach ní bhainim úsáid as croí na n-úll, mar a thuigfeá, tá súil agam! Is fearr liom úlla milse a úsáid le nach mbeidh orm siúcra a chur leis an oideas ar chor ar bith.

Bíonn an mhias bealaithe agam, agus cuirim na húlla grátáilte isteach sa mhias ar dtús, ansin cuirim an meascán conamair anuas ar na húlla grátáilte, le go mbeidh siad clúdaithe go maith. Isteach san oigheann leis an iomlán ansin.  Bíonn an t-oigheann téite ag 190c, nó mar sin, agus fágaim an mionbhruar úll istigh ann ar feadh 40 nóiméad, nó mar sin.

Bíonn go leor de na 'nó mar sin’eanna ann agus mise ag bácáil, a léitheoirí, ach déanann siad cúis, muise! Le mias sách blasta os a gcomhair, ní bhíonn aon duine ag tormas ar a gcuid, go háirithe má bhíonn ocras orthu.

Is amanna, itear an mionbhruar seo mar mhilseog, le custard; in amanna eile, itear é mar bhricfeasta, le hiógart nádúrtha. Íum íum!

Monday, August 20, 2012

Oideas Veigeatórach

Bainim úsáid as an oideas seo le quiche cáis ghabhair a dhéanamh. Déanaim mar atá molta aici ina nótaí, ‘Be bold and try new flavors,’ agus athraím na glasraí san oideas, ó am go chéile.


Inniu, in áit na n-oinniún, chuir mé puimcín imchnó isteach sa quiche, leis na cúirséid. Blás níos milse air, gan na hoinniúin, agus bhí blas na tíme sa quiche níos láidre, shíl mé. 


Sa sailéad tá spionáiste, peirsil, trátaí, basal, cáis feta, agus rúinín ola ológa úríon measctha le peisteo basal.  Mo chuimhne, bainim úsáid as plúr slánghráin; plúr speilte, go hiondúil.