Showing posts with label Béarla. Show all posts
Showing posts with label Béarla. Show all posts

Saturday, December 1, 2012

Bartonese, s'il vous please!


Feicim go bhfuil Aonghus ag scríobh faoi bhás teanga, agus go bhfuil Colm ag scríobh faoi chanúintí agus, ar bhealach, tá baint ag an mír seo le, ahem, bás teanga (sórt) agus, ahem, fás canúnachais (b’fhéidir).

Anois, a léitheoirí, níl mórán ar eolas ag an mbean seo, i.e. mise, faoi shacar, ach nuair a chuala mé trácht ar an raidió faoi Joey Barton, imreoir as Sasana a chaill a chanúint go tobann, shílfeá, agus a d’aimsigh canúint nua, shílfeá, nuair a thosaigh sé ag imirt le foireann ón bhFrainc, bhuel, chuaigh mé ag googláil, le go mbeidh deis agam tuiscint a fháil ar an, ahem, siondróm seo.

Agus, ar ndóigh, fuair mé an t-eolas uilig ar Wikipedia. Sea, a léitheoirí, tá a leithéid de rud ann agus Foreign Accent Syndrome, agus seo mar atá scríofa ar an suíomh faoi Joey bocht,

‘In November 2012 the footballer Joey Barton, emerged from the changing room showers after a match with a permanent French accent. His accent was then broadcasted to the world during a post-match interview. Barton is now currently under examination by medical professionals and although they are uncertain, the cause of Barton's condition is believed to have been caused when he used both Heads and Shoulders and Aussie Hair Shine Shampoo at the same time. However, this is only an early prognosis.’

Maintenant, vous savez, d’accord...

Tuesday, July 17, 2012

Scéal Ghaeilge Bhocht


Na Carachtair:

An Cat:                    Gaeilge
An Madra:                Béarla
Úinéir Ghaeilge:        Séamaisín 
Úinéir Bhéarla:        Bill

Bhí an cat, Gaeilge bhocht, iontach buartha. Bhí Bill théis bogadh isteach sa teach léi féin agus le Séamaisín, agus bhí a mhadra, Béarla, in éineacht leis.

Cé gur lean Séamaisín air ag labhairt le Gaeilge go minic, de réir mar a chuaigh na laethanta thart, is minice a labhródh sé le Bill agus le Béarla; madra a bhí de shíor ag rith i ndiaidh Ghaeilge, agus á ruaigeadh amach as an teach.

Chuir sé iontas ar an gcat nár thug Séamaisín suntas ar bith don chaoi a raibh Béarla ag caitheamh léi. Murach an doras beag a bhí gearrtha ag bun an dorais cúil, an cat flap mar a thug Bill air, bheadh Gaeilge bhocht maraithe ag Béarla. Thug an cat flap sin deis saoirse don chat, deis di éalú amach go Garraí na Gaeltachta, áit nach raibh aon mhadra eile le feiceáil.

Agus í amuigh sa gharraí sin, mhothaigh sí go raibh sí slán ón madra contúirteach sin, Béarla. Agus í ag spraoi ann, labhródh na comharsana le Gaeilge, ó am go chéile. Bhí siad an-bháúil léi. Bhí cait acu féin, agus ní raibh mórán measa acu ar mhadraí, ó chonaic siad an damáiste a d’fhéadfadh siad a dhéanamh, mura gcoinneofaí faoi smacht iad.  

Lá amháin, nuair a ruaig Béarla Gaeilge amach as an teach arís eile, céard a bhí le feiceáil amuigh sa gharraí aici ach madra eile! Ba léir gur leis an bhfear óg béal dorais é, mar go raibh sé á pheataireacht, ag rá ‘Good boy! leis an madra nua.  Bhí díomá ar Ghaeilge. Anois, ní bheadh sí in ann fanacht sa gharraí fiú! Cá rachadh sí?  

Thuig Gaeilge, go rómhaith, nach raibh mórán áiteanna eile a d’fhéadfadh sí a dhul. Bhí an domhan taobh amuigh de Gharraí na Gaeltachta an-mhór, gan ach corr áit ann le dúil acu i gcait amháin. 

Bhí a fhios aici, freisin, gur iomaí teach, fearacht a tí féin, ina raibh madraí móra láidre, agus ní raibh na madraí céanna, ná a n-úinéirí, róbháúil le cait. Bhí sí tuirseach. Thosaigh sí a siúl fada ar chosa laga. 

De réir mar a chuaigh na laethanta thart, níor thug Séamaisín faoi deara nach raibh Gaeilge sa teach níos mó, agus níor thug na comharsana faoi deara go raibh sí ar iarraidh ón ngarraí. Faoin am sin, thaitin Béarla go mór leosan agus lena bpáistí, iad uilig den bharúil go raibh madraí níos áisiúla agus níos deise, after all.

Tuesday, May 10, 2011

Béarlóir agus Béarlagair

An bhfuil a fhios agaibh céard a chuala mé ag cruinniú anocht, ó Bhéarlóir a chuala é ó Bhéarlóir eile, a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, ach tháinig an focal 'mot', focal atá le fáil i mbéarlagair Bhaile Átha Cliath don fhocal ‘girlfriend’, tháinig an focal sin 'mot' ón bhfocal Gaeilge ‘maith’.

Bhí mé amhrasach, ach, ar m’fhilleadh abhaile dom anocht, léigh mé an fhianaise scríofa anseo.

Meas tú an gciallaíonn sé sin go bhfuil go leor cailíní maithe i mBaile Átha Cliath, agus go bhfuil Gaeilge á labhairt go minic ag na fir ann...