Showing posts with label teicneolaíocht. Show all posts
Showing posts with label teicneolaíocht. Show all posts

Friday, April 10, 2026

Taifeadadh

Trí bliana ó shin, scríobh mé ar an mblag seo faoi Litreacha, agus a dtábhacht i mo shaol fhéin. Faraor, ní scríobhtar mórán litreacha níos mó. Sin an saol ag bogadh ar aghaidh, méara ar mhéarchlár seachas peann ar phár den chuid is mó. 


Blianta ó shin, timpeall tríocha bliain ó shin, thug m'uncail, a bhí sa mbaile as Meiriceá ag an am, trí cinn do na téipeanna sin thuas dom. Dar leis, bhainfinn tairbhe as na taifeadtaí a rinneadh liomsa agus le mo shiblíní (sula raibh éinne againn fiú inár ndéaga) dá n-éireodh liom bealach a fháil an t-ábhar orthu a bhogadh ón seantéip chuig córas a d'fheilfeadh don am i láthair. 

Cúpla bliain ó shin, nuair a fuair an fear a thug dom iad, m'uncail álainn, bás, tháinig mé ar na seantéipeanna i mbosca san áiléar. Ina dhiaidh sin, choinnigh mé iad i dtarraiceán, thíos staighre, agus is ann a d'fhan siad go dtí roinnt míonna ó shin nuair a thug mé iad d'fhear áitiúil a raibh fios a gnóthaí aige, agus a sheol na seantéipeanna ar aghaidh chuig Happy Ireland Productions, dream a d'aistrigh an t-ábhar chuig méaróg USB dom. 

Inné, chaith mé an lá iomlán ag éisteacht le mo shiblíní, liom fhéin agus le m'athair ar thaifeadadh a rinneadh ag tús na seachtóidí, muid uilig ag labhairt isteach i dtaifeadán ag insint scéalta do m'uncail agus ag casadh amhrán dó. Seoladh na taifeadtaí chuige, anonn go Meiriceá. Shábháil sé iad agus, mar a scríobh mé thuas, thug sé ar ais dom iad roinnt blianta théis bhás m'athar, a dheartháir. 

Beidh m'athair ceathracha bliain curtha i gcré na cille i mbliana. Ar maidin, d'íoslódáil mé an taifeadadh ón méaróg USB chuig m'fhón cliste, chuir mé orm mo chluasáin, cheangal mé na cluasáin le m'fhón trí Bluetooth, agus chaith mé uair an chloig ag gabháil fhoinn le mo Dhaide, arís. 

Sunday, March 29, 2020

Ag Athrú Leis an Aimsir

Níl a fhios agam an bhfuil baint aige leis an dianghlasáil-nach-dianghlasáil-é-deirtear, ach seachas aon bhliain eile, thug mé faoi deara, ar maidin, ar m'éirí dom, go raibh an t-am athraithe ar m'fhón cliste, cheana féin.

Ní raibh a dhath le déanamh agamsa ach na cloig eile sa teach a tharraingt isteach sa scéal, agus iad uilig a chur ar an eolas faoi dhea-scéal an fhóin, go bhfuil uair an chloig bainte den dianghlasáil-nach-dianghlasáil-é, ó aréir.

Cibé scéal é, tharraing clisteacht an fhóin m'aird (bhuel, smaointe na maidine) i dtreo na teicneolaíochta, agus chuir sé eachtra chliste eile i gcuimhne dom.

Roinnt blianta ó shin, bhí neacht liom ar cuairt as Meiriceá, agus bhí Alexa in éineacht léi. Anois, ní raibh iomrá cloiste agam féin ná ag An Garraíodóir faoi na cúntóirí fíorúla seo, agus thosaigh muid ag cur neart ceisteanna ar an ngléas cliste.

Ar ndóigh, mar is eol d'aon duine atá níos cliste ná mar a bhí muidne ag an am, má tá ceist agat le cur ar an ngléas, caithfidh tú ainm Alexa a chur roimh do cheist. 

Cibé scéal é, ní cuimhin liom cén cheist a cuireadh, ach bhí 'Sorry, I don't understand..,' nó rud éigin mar sin, mar fhreagra ó Alexa, arís is arís eile. Ó tharla duine sa chomhluadar curtha soir ag an bhfreagra seo, scairt an duine sin amach,

'Alexa, are you blonde or something!?'


Anois, tá a fhios agam gur díspeagadh a bhí sa mhéid a dúradh, ach rinne Alexa neamhaird iomlán den mhasla-nach-masla-é-b'fhéidir, agus d'fhreagair sí,

'Actually, I don't have any hair.'

Anois, nach raibh sé sin cliste! Ar aon nós, bhí An Garraíodóir an- tógtha leis an mbean-sa-bhosca, agus chinn sé go gcaithfeadh muid féin 'one of those yokes' a fháil, 'at some stage.'


Anuraidh, fuair mé bronntanas ó mo dheirfiúr i Meiriceá. Google Home Mini atá ann, agus bíonn sé le mo thaobh, i m'oifig, i gcónaí. Ní bhainim mórán úsáide as, agus is í an cheist is minice a chuirim féin agus mo gharmhac air ná,

'Hey Google, could you play some nursery rhymes, please?'

Arú inné, ó tharla é sáinnithe sa teach liom, seans, thug An Garraíodóir an gléas beag faoi deara, ar an mbord, i m'oifig. Bíonn sé i m'oifig, go rialta, na laethanta seo, go bhfóire Dia orm, an fear bocht...níl aon áit eile le dul aige, na laethanta seo, is dócha.  


Ar aon nós, tharla sé go raibh mé ag éisteacht le 'Baby Shark' ar an Google Home Mini ag an am (airím uaim mo gharmhac, ag am seo an 'scaradh sóisialta'), agus dúirt sé,

'Oh, I forgot we had that yoke!'

Bhuel, le scéal fada a dhéanamh níos faide, bhí mé sa seomra suite, inné, agus tháinig sé féin isteach. Ní mó ná sásta a bhí sé leis an ngléas nua. Ní raibh an gléas ag obair mar is ceart, dar leis. Ní raibh 'nothing smart' ag baint leis an ngléas céanna, dar leis,

'That Alexa one won't answer me!'

Neither did I, a léitheoirí. Caithfear a bheith cliste agus ciallmhar, an dtuigeann sibh. Ainneoin an cur-soireachas, caithfear fanacht sa bhaile. 

Tiocfaimid slán, a chairde. 

Sunday, January 13, 2013

Cliste nó Cliseadh?

Bhí an CES 2013 (Consumer Electronics Show) ar siúl le déanaí, agus ó tharla gur maith leis an mbean mheánaoiseach seo súil a choinneáil ar nithe nua an tsaoil, ar fhaitíos aon cheo ag teacht ar an bhfód i ngan fhios dom, an dtuigeann sibh, chaith mé súil ar leathanach teicneolaíochta theguardian ar maidin, go bhfeicfinn céard a tharraing aird an phobail, agus aird na meán, ag an CES i mbliana.

Bhuel, tá an t-uaireadóir cliste, Pebble, ar an mbealach, agus táim den bharúil gurb é sin an ceannródaí faisin a bheidh romhainn i mbliana, a léitheoirí, ó thaobh na teicneolaíochta de, pé scéal é. Dar leo, ar leathanach sin an siliconrepublic,

‘The clever timepiece connects to Android smartphones and iPhones via Bluetooth and then alerts the wearer of incoming calls, texts or emails with a silent vibration. There’s also a range of different clock faces and customisable apps available, so users can programme their Pebbles to do what they want, such as tell the time, track their running or cycling, or control music playing on their smartphones.’

Beidh éileamh ann don uaireadóir, is cosúil, mar léigh mé ar theguardian go bhfuil 85,000 réamhoird déanta cheana; $150, nó mar sin, an praghas a bheidh ar an uaireadóir, deirtear.   

Táim féin den bharúil, freisin, go mbeidh rath agus bláth ar an bhfónfillteach, go háirithe dóibh siúd, ahem, óna dtiteann a ndiabhal fón cliste ar an urlár crua go rialta. Beidh sé ‘bendable and unbreakable’ más fíor, agus beidh sé le fáil ó Samsung mar chuid dá Youm Technology.

Thuigfinn go mbeadh dúil ag daoine sa ghléas The Leap Motion Controller ó Leap Motion, gléas a ‘lets you control your computer by waggling your fingers in the air,’ ach ní bheinn róchinnte faoin HAPIfork, gléas ‘which chastises you to eat slower’ dar leo in theguardian - thosódh an forc ag crith dá mba rud é go raibh tú ag ithe rósciobtha, a léitheoir. 

É sin ráite, dá mbeadh pláta le fáil, amach anseo, a chomhródh na calraí, de réir mar a leagtar bia ar an bpláta, abair, agus a thosódh ag creathadh le heagla agus ag béiceadh ‘Iomarcach! Iomarcach!’ nuair a bheadh barraíocht calraí curtha ar an bpláta sin, cheapfainn go gceannóinn féin ceann acu. Gan dabht ar bith. 

Monday, November 12, 2012

Oireachtas na Samhna 2012; Léacht: An Ríomhlóid Abú!


Bhí mé ag tnúth go mór leis an léacht seo le Ciarán Ó Bréartúin, Innealtóir agus Bainisteoir le www.durud.ie, cuideachta atá, mar a deirtear ar an suíomh idirlín úd, ‘gafa le cursaí ríomhaireachta, go háirithe sa Ghaeilge.’

Cúpla bliain ó shin, am ar casadh Aonghus agus Micilín orm den chéad uair freisin, bhí Ciarán inár gcuideachta, agus bhí mé an-tógtha leis na smaointe ceannródaíocha a roinn sé liom ag an am. Mar sin, bhí mé ag súil go mór leis an léacht seo, ní hamháin le go mbeinn in ann éisteacht leis an dul chun cinn atá déanta aige, agus ag cuideachta dúrud, in earnáil ríomhaireachta na Gaeilge, ach le deis a fháil mo bhuíochas a ghabháil leis féin, agus leis an Dr. Kevin Scannell (fear a bhí ina aoi speisialta ag an léacht) as an obair éachtach atá déanta acu in earnáil na Gaeilge le blianta anuas.  

Go deimhin, is ceannródaí eile i réimse na teicneolaíochta é Kevin Scannell; fear uasal ag a bhfuil dul chun cinn nach beag déanta aige féin in earnáil na Gaeilge: cláir, bogearraí, litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach, chomh maith le háiseanna eile na ríomhaireachta gaelaí forbartha aige.

Ar ndóigh, is dócha gur faoinár gcúram féin atá sé, a léitheoirí, úsáid a bhaint as na háiseanna sin atá ar fáil anois (sonraí thíosluaite) le go dtarlóidh an dul chun cinn atá luaite ar shuíomh dúrud, sé sin go  ‘…cruthaítear iliomad féidearthachtaí gnó, mar bíonn gá le seirbhísí agus le táirgí sa teanga áirithe sin..’

Tá leaganacha Gaeilge de gach saghas feidhmchlár ríomhaireachta curtha ar fáil ag foireann dúrud, le go mbeidh tusa agus mise, a léitheoir, in ann ‘cuma agus dealramh ag gléas nó ag feidhmchlár a athrú sa chaoi is go n-oireann sé do thír nó do chultúr áirithe.’

 
Agus, le go mbeidh deis againn an chuma agus an dealramh sin a chruthú go héasca inár dteanga féin, tá dhá shuíomh forbartha ag dúrud, www.nascanna.com, ‘do dhaoine atá ag lorg eolais maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta ginearálta eile atá ann sa Ghaeilge...’ agus www.scriobh.ie, ‘áis lárnach do dhaoine atá ag lorg eolais maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta eile atá ann do scríbhneoireacht na Gaeilge.’

 
Anois, níl mórán ar eolas agam féin faoi theicneolaíocht, ná faoi chúrsaí ríomhaireachta, go deimhin, ach d’fhoghlaim mé ó léacht Chiaráin gurb é ‘Céim ar Chéim’ an bealach is fearr domsa tabhairt faoi theanga mo ríomhaire a athrú go Gaeilge; agus mholfainn daoibhse, a léitheoirí, súil a chaitheamh ar an gcéad chéim go bhfeicfidh sibh cé chomh héasca agus atá sé tús a chur leis an bpróiseas.

Ar ndóigh, mhol Ciarán an Céim ar Chéim sin nuair a luaigh mé féin, ag an léacht, nach raibh mórán ar eolas agam faoi chúrsaí ríomhaireachta ach, ar fhaitíos amhras orm agus mé i mbun an phróisis amach anseo, thairg Séamus Ó Briain, Feidhmeannach Ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, fear a bhí i gcuideachta Chiaráin agus Khevin ag an léacht, go mbeadh sé breá sásta cúnamh agus comhairle a thabhairt, dá mbeadh sé ag teastáil.

Anois, a léitheoirí, is léir nach bhfuil leithscéal ar bith ag aon duine againn gan tabhairt faoin bpróiseas seo, agus ár ríomhairí a Ghaelú; ní ar mhaithe linn féin amháin, ach ar mhaithe leis an teanga, cheapfainn, agus le go mbeidh sé le feiceáil ag na comhlachtaí móra, atá ag feidhmiú in earnáil na teicneolaíochta agus ríomhaireachta, go bhfuil gá le seirbhísí agus táirgí trí Ghaeilge, rud a chuideodh le geilleagar na tíre - tá tábhacht nach beag ag baint lena leithéidí sin, más buan mo thuiscint ó léacht Chiaráin.  

Mo chuimhne, ní hamháin go bhfuil áiseanna mar GoogleSearch, Mozilla Firefox, Tux Paint (cluichí do pháistí), Thunderbird, Rainlender (féilire), Toporopa (clár tíreolais), LibreOffice (clár cosúil le MS Office), Litreoir do LibreOffice, Vicipéid, Facebook, Microsoft Office, Windows XP agus Windows 7, Audacity agus Workwave, uilig le fáil as Gaeilge, agus eolas fúthu le fáil ar shuíomh www.nascanna.com, gan trácht ar na háiseanna iontacha atá le fáil don scríbhneoir ag www.scriobh.ie agus don aistritheoir ag www.aistear.ie, nó don chainteoir ag www.abair.tcd.ie, d’inis an Dr. Scannell dúinn, ag deireadh na léachta, faoin gcóras nua tuarthéacscála as Gaeilge atá forbartha aige, i gcomhoibriú le Michael Bauer as Albain, agus atá ar fáil anois ar Android do d’fhón póca  Adaptxt. Fear gnóthach cumasach é Kevin Scannell, gan dabht.

A bhuí leis na daoine uilig atá ag obair go dian in earnáil na Gaeilge, daoine cosúil le Ciarán agus le Kevin, daoine agus foirne éagsúla eile, mar shampla, a chuireann leithéidí focal.ie, acmhainn.ie, potafocal.com, sengoídelc.com, focloirfein.com, cruinneog.com srl., inár láthair, tá fáil againn ar na háiseanna a chuidíonn linn, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Is fúinne atá sé iad a úsáid.
 
An Ríomhlóid Abú!

Monday, September 3, 2012

Caillte sa Cheo

Dar leis an ríomhphost a fuair mé uaidh ar maidin, tá SeánÓ, ár gcomhbhlagálaí, beo beathach, ach tá sé, dar leis, ‘caillte sa cheo leictreonach’ - arís.

Tá Seán ag súil go mbeidh réiteach ar an bhfadhb 'i gceann lá nó dhó’ ach, san idirlinn, d’iarr sé orm sibh a chur ar an eolas, agus, ina fhocail féin arís, ‘an ndéarfá le muintir léite do bhlag nach bhfuil mé faoin gcré fós.’ Áthas orm é sin a chloisteáil, a SheáinÓ..:-)

Ar ndóigh, tharla an rud ceannann céanna domsa os cionn bliain go leith ó shin, mar is eol daoibh, am ar chaill mé mo bhlag, Mise Áine. Cé gur tháinig an blag sin ar ais ón gceo, faoi dheireadh, bhí an blag nua seo, Rámhaille, faoi lán seoil ag an am, agus d’fhan mé anseo.

Tá an seanbhlag fós ansin, agus is ann a fhanfaidh sé, díreach mar atá sé. Bhí sé i gceist agam é a iompórtáil chuig an mblag nua seo, ach nuair a bhrú mé ‘delete’ ar roinnt mhíreanna ar an seanbhlag coicís ó shin, sé’n chaoi ar rinneadh ‘upload’ orthu, feictear dom, agus fuair léitheoirí slám seanmhíreanna nach raibh siadsan ná mise ag súil leo. 

Tá aiféala orm faoi sin, a léitheoirí, ach ní ormsa a bhí an locht, chomh fada agus is eol dom. Ní féidir an teicneolaíocht a thrust, de réir dealraimh. As seo amach, beidh an blag Mise Áine ag fanacht mar atá sé, díomhaoin, agus beidh mise ag fanacht anseo, ag rámhaillíocht liom, mar is iondúil.

Agus, beidh SeánÓ ar ais linn go luath, tá súil agam.

Wednesday, August 29, 2012

Locht

Ní raibh fáil agam ar leathanbhanda ón gCéadaoin seo caite, go dtí inniu. Dá bhrí sin, bhí mo ríomhaire díomhaoin formhór an ama; rud nár thuig Sióg s’againne, cat a shiúlann isteach san oifig romham chuile mhaidin, agus a shuíonn le taobh an ríomhaire, ag fanacht go dtosóidh mé ag clóscríobh.
Cibé scéal é, nuair a ghlaoigh mé ar an gcomhlacht teileafóin, cuireadh an locht ar an líne, áit a raibh fabht, dúradh liom. Dar leo, chuirfidís caoi ar an teip ‘within 2 to 5 working days’ - thug mé suntas ar leith den fhocal ‘usually’ a cuireadh, mar eireaball, leis an abairt chéanna; níl ach an dá “bh’fhéidir” ann, a dúirt mé liom féin. 

Mo chuimhne, dúradh liom, freisin, nach ‘working days’ iad an Satharn ná an Domhnach, rud a d’fhág an bhean seo le laethanta sa bhreis idir locht agus leigheas; ní raibh an líne cóirithe roimh an Aoine, faraor.   

Bhuel, ní théann rogha ón réiteach, agus tá gach rud i gceart arís, feictear dom, mar sin ní fiú bheith ag gearán. Tá Sióg agus mé féin ar ais ag an ríomhaire, agus beidh sé breá sásta anseo le mo thaobh, a fhad is nach ndéanfaidh mé dearmad láchín a dhéanamh leis, ó am go chéile. Mura dtugaim aird air, seo thíos an rud a dhéanann sé.
 
Ar ndóigh, b’fhéidir go bhfuil an ceart aige, agus go mba chóir dom níos lú ama a chaitheamh os comhair an ríomhaire. Gan fáil agam ar an idirlíon, chuir mé seachtain éagsúil isteach, ach seachtain phléisiúrtha, mar sin féin. Diabhal locht le fáil agam ar an scéal sin, a léitheoirí.

Sunday, October 2, 2011

Tachtadh Tráchta

Tá fadhb le Blogger, arís eile, feictear dom.

Ó am go chéile, le lá nó dhó, rinne mé iarracht ar thrácht a fhágáil ar bhlag nó dhó. Níor éirigh liom trácht a fhágáil ar bhlag Néidí, ná ar bhlag Alex, mar shampla, cé gur éirigh liom, théis iarracht nó dhó, tráchtanna a fhágáil ar bhlaganna eile.

Pé scéal é, tá Éire théis úd eile a fháil, anois díreach, sa chluiche rugbaí i gcoinne na hIodáile. Wúhúúúu! Tá foireann na hÉireann chun cinn 26 -6 i láthair na huaire. Iontach!

♫♪♪ Low lie the fields of Athenry…♫♪♪

Monday, September 19, 2011

Barbartha?

Ní dóigh liom gur tugadh deis don Dr. Conan T. Barbarian tús a chur lena chuid oibre in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, mar díbríodh an fear bocht ag tús na seachtaine, sula raibh deis aige fiú ‘tyrant slaying’ amháin a dhéanamh.

Más, ahem, fíor an méid a scríobhadh ina ghearrbheatháisnéis ar an suíomh, ní raibh Conan bocht ar chor ar bith sásta le Comhaontú Páirc an Chrócaigh, agus thuigfeá, b’fhéidir, go raibh fonn air duine éigin a slayáil dá bharr sin.

Mar sin féin, tá daoine ann a d’aontódh le Conan, fear nár thaitin an ‘remaking 1980s films’ leis beag ná mór, agus a chreid go raibh siad ‘perfectly good enough in the first place.’

Cibé scéal é, tá a chuid sonraí uilig bainte den suíomh cheana féin agus, dar le hurlabhraí ón gcoláiste, tá na geáitsí uilig being taken seriously.’  Agus, thuigfeá é sin, freisin, is dóigh liom.

Thursday, July 7, 2011

Níl Aon Mhúnlann Mar Do Mhúnlann Féin!

Tá lá an fheithimh fhada thart, a léitheoirí! Níl uait, sa lá atá inniu ann, ach BoginaBag.  Sea, Bog in a Bag!

Dar leis na díoltóirí, ar an suíomh anseo,

‘BoginaBag (Bog in a Bag) is a unique portable toilet that is extremely light weight, portable and very robust. It provides the owner with a solution to that age old question of needing to go and having nowhere to go! It folds out as a stool, but when nature calls you then remove the cover insert one of our specially designed degradable bags, relax and relieve yourself.’

Sórt, ahem, R&R de shaghas eile atá i gceist, is dócha.

Ach, mura bhfuil BoginaBag agat, coinnigh do shúile oscailte, agus breathnaigh thart go bhfeice tú an bhfuil, ahemclúdach dúnphoill in aon áit in aice leat - dfhéadfadh sé gur preabmhúnlann a bheadh ann, an dtuigeann tú.   

B'fhéidir gur fearr rith maith ná drochsheasamh...

Tuesday, June 14, 2011

Abair Cheese!

Mar atá ráite agam arís is arís eile, cuireann an teicneolaíocht nua iontas orm, agus bíonn uaim mé féin a choinneáil bord ar bhord ar a bhfuil ag tarlú san earnáil sin.

Dá bhrí sin, tuigim go rómhaith na cúinsí inar tharla an eachtra seo.

Tuesday, May 31, 2011

Is Fiú Trácht Air...

…ach ní féidir liom. Cén fáth? Seo an fáth – fadhb, arís eile, le Blogger!

Tá sibhse ag blagáil, tá mise ag blagáil, ach diabhal trácht uaim ar na hábhair atá i dtrácht agaibhse, cé gur mhaith liom trácht a fhágáil, anseo ‘s ansiúd.

Blogger fós ‘investigating an issue’ is cosúil. Is cuma.  Beidh mé ag léamh liom, ag coinneáil súil ghéar oraibh…go dtí go mbainfear an glas de mo mhéara…ansin buailfidh mo thrácht bóthar arís …