Showing posts with label Clann Uí Mhaoileáin. Show all posts
Showing posts with label Clann Uí Mhaoileáin. Show all posts

Wednesday, February 5, 2014

Ceolchoirm Ros na Rún

Ceann de na hoícheanta is pléisiúrtha a chaith mé anuraidh ná ag ceolchoirm Ros na Rún i nGaillimh, ceolchoirm a d'eagraigh Maria Ní Ghríofa as Ros na Rún (thuas) i gcomhar le Raidió na Gaeltachta, ar mhaithe le Pieta House i dTuaim. 

Bailíodh timpeall €6000, nó mar sin, do Pieta House, agus molaim go mór Maria, lucht Ros na Rún, lucht Raidió na Gaeltachta, Brian Kennedy, Clann Uí Dhubhghaill, agus Clann Uí Mhaoileáin - go deimhin, molaim go hard na spéire na daoine uilig a d'oibrigh go deonach agus a bhí páirteach sa cheolchoirm, daoine a chuir go mór leis an ócáid, agus a chuidigh, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, le hairgead a bhailiú don charthanacht. 

Sa ghrianghraf thuas, in éineacht le Maria, tá Máirtín Ó Dubhghaill, an fear a bhí i gceannas ar chór nó dhó an oíche sin, b'fhacthas dom...
...fear a rinne jab iontach, agus fear ar baineadh geit nach beag as, cheapfainn, nuair a tugadh seic le haghaidh €1000 dó féin, don charthanacht 'To Russia With Love'...
...airgead a dheonaigh foireann Ros na Rún don eagraíocht sin, eagraíocht a chuidíonn le dílleachtaí bochta na Rúise, agus carthanacht lena gcuidíonn Máirtín é féin, go minic. Fear uasal, fear cairdiúil, fear cuidiúil, agus áthas orm gur casadh orm é an oíche sin. 

Casadh a mhac, Mícheál orm, freisin - go deimhin, bhí an chlann uilig ansin, agus chuir siad go mór leis an ócáid, caithfidh mé a rá. 
Mo chuimhne, is féidir libh an cheolchoirm uilig a fheiceáil ar fhíseán anseo, ar shuíomh Ros na Rún. Mo bhuíochas ó chroí le Clann Uí Mhaoileáin as m'amhrán nuachumtha, Féile na Nollag, a chasadh ag an gceolchoirm, agus nach muid a bhí breá sásta linn féin nuair a bhuaileamar le haoi mór na hoíche, Brian Kennedy.
Máire Eilís Ní Fhlatharta agus Máirtín Tom Sheáinín a bhí ina n-óstaigh ag an gceolchoirm, agus rinne siad jab ar dóigh...
...mar a rinne chuile dhuine a bhí ansin. Cé nár éirigh liom bualadh le chuile dhuine a chuidigh ar an oíche, tréaslaím leo uilig as a gcuid oibre do Pieta House. Seo chugaibh cuid de na grianghraif a thóg mé, a léitheoirí.