Showing posts with label An Post Irish Book Awards. Show all posts
Showing posts with label An Post Irish Book Awards. Show all posts

Saturday, November 14, 2020

Leathanach de Mo Shaol


Roinnt míonna ó shin, i Mí na Bealtaine, d'fhógair an Ray D'Arcy Show go raibh comórtas scríbhneoireachta á reáchtáil acu. D'iarr siad ag an lucht éisteachta cuimhní cinn a roinnt leis an gclár, i bhfoirm scéilín scríofa. 500 focal an t-uasmhéid a bhí ceadaithe. 

Fuair siad os cionn 2500 scéal. Fuair siad ceann uaimse. Bhí sé ar an ngearrliosta de scéalta a seoladh chuig na moltóirí Emer McLysaght, Donal Ryan, Emilie Pine, agus Eoin Colfer.

Cé nár bhain mé aon duais ar leith, nach mé a bhí sásta nuair a chuala mé go raibh mo scéalsa, agus 149 scéal eile ón gcomórtas, roghnaithe do leabhar nua, A Page from My Life, leabhar a bhí le seoladh le hairgead a bhailiú don charthanas LauraLynn

Is scéalta pearsanta iad, cuid acu a chuirfeadh duine ag gáire, cuid acu a chuirfeadh duine ag caoineadh, cuid acu a bhainfeadh geit as duine; scéalta suimiúla iad uilig, oscailt súl a bhí iontu uilig. 

Is féidir an leabhar a fháil ar líne anseo, más mian leat, nó is féidir leat é a ordú ó do shiopa leabhar áitiúil. Téann brabús an fhoilsitheora, Harper Collins Ireland, €3 ar a laghad, chuig an gcarthanas, LauraLynn

Tá an leabhar ag déanamh go maith, cheana féin, agus tá deis agaibh, más mian libh, vóta a chaitheamh don leabhar anseo, mar tá sé ar an ngearrliosta Best Irish-Published Book of the Year ag na An Post Irish Book Awards i mbliana - spriocdháta don vótáil 16 Samhain, mar sin tá dhá lá eile agaibh le vóta a chaitheamh. 

Is leabhar é a mholfainn mar bhronntanas Nollag, '...a timely reminder of the experiences and values that unite us, even as circumstances contrived to keep us apart.'