Aiféala orm, a chairde, ach bhain moill dom agus mé ag iarraidh go mbeadh an físeán is déanaí agaibh, ach tá sé le fáil anois, ar YouTube anseo, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. Bhí na meantáin mhóra, agus na meantáin mhóra bheaga, gnóthach, mar a fheicfidh sibh.
Pé scéal é, is fearr go mall ná go brách, mar a deirtear. Mo chuimhne, tá giota beag suimiúil, maidir leis an bhfocal sin 'brách', ag Dennis, mo chomhbhlagálaí, le léamh anseo.
Ó tharla go raibh mé as blag, nó as baile, le seachtain nó dhó nó trí, nílim bord ar bhord lena bhfuil ag tarlú ar an mblagsféar, ná lena bhfuil ag tarlú thall ar Gaeilge Amháin ar Facebook, ach sin mar a bhíonn an scéal, go minic, nuair a bhíonn barraíocht idir lámha ag an duine nach bhfuil ag déanamh tada ag an am céanna. Feictear dom.
Ah bhuel, sin mar a bhíonn an saol, a léitheoirí, agus an rud a deir an saol, is fíor é. Cibé faoin seanfhocal sin, creidim i bhfocail an tseanfhocail eile, tóg d'am, mairfidh an saol i do dhiaidh; agus tá bá nach beag agam leis an seanfhocal a deir, ní luas do dhuine é féin a thachtadh. (Seanfhocla Chonnacht; ceannteideal 'Deifir')
Mar sin, beidh mo ghreim á chogaint go maith agam agus, ar an gcaoi sin, ní thachtfar mé. tá súil agam. Idir an dá linn, bainigí sult as an bhfíseán, a chairde.
Showing posts with label Nótaí Imill. Show all posts
Showing posts with label Nótaí Imill. Show all posts
Monday, June 24, 2013
Neadió Teilifís Áine
Labels:
blagálaí,
éan,
Facebook,
focail,
Gaeilge Amháin,
meantán mór,
nádúr,
Neadió Teilifís Áine,
Nótaí Imill,
NTÁ,
Sabhal Mór Ostaig,
seanfhocal,
Seanfhocla Chonnacht,
teachín éan,
teilifís,
youtube
Monday, November 12, 2012
Oireachtas na Samhna 2012; Léacht: An Ríomhlóid Abú!
Bhí mé ag tnúth go mór leis an léacht seo le Ciarán Ó Bréartúin, Innealtóir agus Bainisteoir le www.durud.ie, cuideachta atá, mar a deirtear ar an suíomh idirlín úd, ‘gafa le cursaí ríomhaireachta, go háirithe sa Ghaeilge.’
Cúpla bliain ó shin, am ar casadh Aonghus agus Micilín orm den chéad uair freisin, bhí Ciarán inár gcuideachta, agus bhí mé an-tógtha leis na smaointe ceannródaíocha a roinn sé liom ag an am. Mar sin, bhí mé ag súil go mór leis an léacht seo, ní hamháin le go mbeinn in ann éisteacht leis an dul chun cinn atá déanta aige, agus ag cuideachta dúrud, in earnáil ríomhaireachta na Gaeilge, ach le deis a fháil mo bhuíochas a ghabháil leis féin, agus leis an Dr. Kevin Scannell (fear a bhí ina aoi speisialta ag an léacht) as an obair éachtach atá déanta acu in earnáil na Gaeilge le blianta anuas.
Go deimhin, is ceannródaí eile i réimse na teicneolaíochta é Kevin Scannell; fear uasal ag a bhfuil dul chun cinn nach beag déanta aige féin in earnáil na Gaeilge: cláir, bogearraí, litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach, chomh maith le háiseanna eile na ríomhaireachta gaelaí forbartha aige.
Ar ndóigh, is dócha gur faoinár gcúram féin atá sé, a
léitheoirí, úsáid a bhaint as na háiseanna sin atá ar fáil anois (sonraí
thíosluaite) le go dtarlóidh an dul chun cinn atá luaite ar shuíomh dúrud, sé sin go ‘…cruthaítear iliomad féidearthachtaí gnó, mar bíonn gá le seirbhísí agus le táirgí sa teanga áirithe sin..’
Tá leaganacha Gaeilge de gach saghas feidhmchlár
ríomhaireachta curtha ar fáil ag foireann dúrud, le go mbeidh tusa agus mise, a
léitheoir, in ann ‘cuma agus dealramh ag gléas nó ag feidhmchlár a athrú sa chaoi is go n-oireann sé do thír nó do chultúr áirithe.’
Ar ndóigh, mhol Ciarán an Céim ar Chéim sin nuair a luaigh
mé féin, ag an léacht, nach raibh mórán ar eolas agam faoi chúrsaí
ríomhaireachta ach, ar fhaitíos amhras orm agus mé i mbun an phróisis amach
anseo, thairg Séamus Ó Briain, Feidhmeannach Ríomhaireachta le hAcadamh na
hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, fear a bhí i gcuideachta Chiaráin
agus Khevin ag an léacht, go mbeadh sé breá sásta cúnamh agus comhairle a
thabhairt, dá mbeadh sé ag teastáil.
Anois, a léitheoirí, is léir nach bhfuil leithscéal ar bith
ag aon duine againn gan tabhairt faoin bpróiseas seo, agus ár ríomhairí a Ghaelú; ní ar mhaithe linn féin amháin, ach ar mhaithe leis an teanga, cheapfainn, agus le
go mbeidh sé le feiceáil ag na comhlachtaí móra, atá ag feidhmiú in earnáil na
teicneolaíochta agus ríomhaireachta, go bhfuil gá le seirbhísí agus táirgí trí
Ghaeilge, rud a chuideodh le geilleagar na tíre - tá tábhacht nach beag ag
baint lena leithéidí sin, más buan mo thuiscint ó léacht Chiaráin.
Mo chuimhne, ní hamháin go bhfuil áiseanna mar GoogleSearch,
Mozilla Firefox, Tux Paint (cluichí do pháistí), Thunderbird, Rainlender
(féilire), Toporopa (clár tíreolais), LibreOffice (clár cosúil le MS Office),
Litreoir do LibreOffice, Vicipéid, Facebook, Microsoft Office, Windows XP agus
Windows 7, Audacity agus Workwave, uilig le fáil as Gaeilge, agus eolas fúthu le fáil ar shuíomh www.nascanna.com, gan trácht ar na
háiseanna iontacha atá le fáil don scríbhneoir ag www.scriobh.ie agus don aistritheoir ag www.aistear.ie, nó don chainteoir ag www.abair.tcd.ie, d’inis an Dr. Scannell dúinn, ag
deireadh na léachta, faoin gcóras nua tuarthéacscála as Gaeilge atá forbartha
aige, i gcomhoibriú le Michael Bauer as Albain, agus atá ar fáil anois ar
Android do d’fhón póca – Adaptxt. Fear
gnóthach cumasach é Kevin Scannell, gan dabht.
A bhuí leis na daoine uilig atá ag obair go dian in earnáil
na Gaeilge, daoine cosúil le Ciarán agus le Kevin, daoine agus foirne éagsúla eile, mar shampla, a chuireann leithéidí focal.ie, acmhainn.ie, potafocal.com, sengoídelc.com, focloirfein.com, cruinneog.com srl., inár láthair, tá fáil againn ar na
háiseanna a chuidíonn linn, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Is fúinne atá sé iad a úsáid.
An Ríomhlóid Abú!
Subscribe to:
Posts (Atom)