Ó am go chéile, ritheann sé liom go bhfuilim ag dul anonn in aois. Amanntaí eile, bím den bharúil go mb'fhéidir go bhfuilim curtha soir, agus amach sna blianta, ag aimhréidh an tsaoil.
Tá an saol de shíor ag athrú, mar is eol daoibh, a léitheoirí. Tá sé deacair cloigeann ná cos a choinneáil leis an gcraic uilig. Ach, déanaim iarracht bheith ar an eolas faoi chúrsaí an tsaoil, agus déanaim iarracht sibhse a choinneáil ar an eolas faoi na nithe sin nach bhfuil/raibh ar eolas agam. Déanaim é sin, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine agaibhse chomh haineolach liomsa, an dtuigeann sibh.
Faraor, tá corr rud a sciorrann tharam, i ngan fhios dom.
Roinnt blianta ó shin - am nach raibh mé chomh gar sin do na trí scóir is atáim anois, ach am a raibh na páistí tógtha agam, agus deis agam suí ar mo sháimhín só i bpub i mBaile Átha Cliath, ag labhairt le duine nó dhó a cuireadh ar m'aithne tríd an mblag seo - bhí, ahem, deoch nó dhó ólta agam, agus sheol mé féinpic chuig m'iníon, An Bhean Neamhspleách, bean a bhí ag cur fúithi i Londain ag an am.
'You look like Gollum!'
...an téacs a sheol sí ar ais chugam. Rinne me googláil ar 'Gollum images' go bhfeicfinn cén sórt boicín é an Gollum seo, boc nach raibh ar m'aithne agam. Nuair a chonaic mé mo leathchúpla, d'inis mé scéal na dtéacsanna don lucht dí i mo chomhluadar.
'Ba chuma liom...' arsa mé fhéin leo, '...ach níl aon aithne a'msa ar Ghollum, mar nach bhfaca mé Star Wars riamh i mo shaol!'
Tá siad fós ag gáirí fúm. Rinne mé tuilleadh googlála ar an ábhar ina dhiaidh sin, mar a thuigfeá. Níl Star Wars feicthe fós agam. Ná Lord of the Rings. Aiféala orm faoi sin, a lucht Sci-Fi!
Ar maidin, chonaic mé tvúit ó Aonghus, thall ar Twitter,
'Ná bac le mac a' Wookie is ní bhacfaidh mac a' Wookie leat...' a bhí cumtha aige.
Ar fhaitíos na bhfaitíos gur chaill sibh an scéal, a léitheoirí, rinne mé googláil ar Wookie, ar ár son. Mar eolas daoibh, tá ní darbh ainm Chewbacca ina Wookie... tá, ahem, seisean in Star Wars, freisin, is cosúil.
Is ait an mac an saol, ach táim ag foghlaim liom. Anois, ná bíodh sé le rá ag aon duine agaibh, a léitheoirí, nach bhfuilim do bhur gcoinneáil ar an eolas faoi, ahem, nithe tábhachtacha an tsaoil.
Showing posts with label aoiseachas. Show all posts
Showing posts with label aoiseachas. Show all posts
Wednesday, May 25, 2016
Saturday, March 23, 2013
Áine Ársa
Fadó,
fadó, fadó, nuair a bhí mise i m’ógbhean, ahem, ghnéasinsúlach chanliathach,
níor chuir m’aois isteach ná amach orm, beag ná mór.
Go
deimhin, ní bhuaireann m’aois mo chloigeann na laethanta seo ach an oiread,
ach, mar sin féin, bhain sé geit asam, ar maidin, nuair a léigh mé gur gearr uaim an
tseanaois - i gceann cúpla mí, mar a tharlaíonn sé, a léitheoirí - más fíor an
méid a léigh mé anseo.
Sea, is
gearr go mbeidh sé 55 bliain ó rugadh mé agus, más fíor an méid a cheapann daoine sa
suirbhé sin thuas, tá cath na haoise caillte agam. Sea, táim ársa ainriochtach,
ceann creathach, cnagtha leis an aois, ag titim as mo chéile; cnoc na haoise
dreaptha agam, agus mé ar mo bhealach anuas, le luas.
Aiféala
orm nár chuir mé sibh ar an eolas faoin méid sin ní ba luaithe, a léitheoirí,
ach, bhuel, níor rith sé liom, an dtuigeann sibh, mar nach raibh a fhios agam gur
amhlaidh atáim.
Ó tharla
mé róthugtha don Gharraíodóir le bheith i mo Chougar, gabhaigí mo leithscéal, a
chairde, ach caithfidh mé imeacht anois, agus zimmer frame a cheannacht dom
féin.
Beidh mé ar ais libh gan mhoill de réir a chéile…
Labels:
An Garraíodóir,
aois,
aoiseachas,
Cougar,
craic,
gáire,
gnéasaíochas,
greann,
meáin,
óg,
sean,
suirbhé,
tuairm
Subscribe to:
Posts (Atom)