Le blianta beaga anuas, táim ag seasamh siar ón ngleo. Ar ndóigh, tá daoine ann nach dtabharfadh gleo air agus tuigim dóibh ach, mar is eol dúinn ón bhfear tannáilte thall, tarraingíonn gleo aird. Ach, nuair a bhíonn aird tarraingthe i dtreo amháin, ní féidir léi díriú ar nithe eile atá ag tarlú. Caithfear súil a choinneáil ar an gcleasaí. Ní mar a shíltear a bítear, go minic.
Fadó, dúirt fear rathúil liom nach iad briathra a dhearbhaíonn ach airgead; má tá gníomh le cur i bhfeidhm go rathúil, dar leis, caithfidh sé dul i bhfeidhm ar sparán an té ar a bhfuil d’aird dírithe. Is féidir, a dúirt sé liom, daoine a mhealladh le hairgead; é a bhaint díobh ar bhealach amháin, nó é a shíneadh chucu, ar bhealach eile. Má bhaineann tú airgead uathu, nó má chuireann tú airgead sa bhreis ina bpócaí, ‘that will make them sit up and take notice,’ a mhaígh sé.
Ar an lá seo, anuraidh, a fuair mé an cuireadh bheith páirteach i gcoiste, coiste a bunaíodh, samhlaím, go dleathach ach go rúnda, le cás na Gaeilge laglabhartha a phlé. Tugadh bliain don choiste páipéar bán ar an ábhar a réiteach don rialtas. Dá gcuirfeadh aon duine agaibh ceist orm, a léitheoirí, cé hiad baill eile an choiste, ní bheinn in ann an freagra sin a roinnt libh. Tá sé cineál cosúil leis an gclár sin, The Traitors Ireland. Caithfear a bheith cúramach, gan fíos do rún a scaoileadh, ar fhaitíos.
Ar aon nós, tá mo chuidse den obair cheilteach déanta agamsa, agus beidh an páipéar bán á roinnt go poiblí, inniu. Tá a fhios agam go dtarraingeoidh sé raic, ach bhí seifteanna na nGall ann tráth den saol a chuidigh le cur chun cinn an Bhéarla sa tír seo, agus is fiú dul sa seans le pátrún múnlaithe a d’oibrigh, i mo thuairim, ach ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, an geábh seo. Ní faide gob na gé ná gob an ghandail. Tá cuid de na moltaí níos oiriúnaí do shochaí na linne seo,
1. Má chloiseann múinteoirí daltaí ag labhairt i mBéarla, cuirfear nóta i nGaeilge abhaile chuig na tuismitheoirí le cur i gcuimhne dóibh go bhféadfaí an Liúntas Leanaí a chailleadh má leanann an Bhéarlóireacht ar aghaidh. Tabharfar Nótaí Scoir ar na nótaí seo.
2, Aon duine atá ag obair don Stát, tabharfar sé mhí dóibh snas a chur ar a gcuid Gaeilge nó caillfidh siad 10% den tuarastal a íoctar leo agus tabharfar é don chomhghleacaí oifige a bhaineann úsáid as Gaeilge amháin ina ghnó, go laethúil.
3. Cuirfear 25% sa bhreis le tuarastal aon oibrí Stáit (Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh) atá in ann Gaeilge a labhairt go líofa, agus nach labhróidh tada ach Gaeilge agus iad ag dul i ngleic le gnóthaí stáit.
4. As seo amach, ní thabharfar aon phost Stáit (Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh) don duine nach bhfuil in ann a theanga dhúchais a labhairt agus a scríobh, le líofacht.
5. Ní labhrófar ach Gaeilge sna cúirteanna dlí, fiú mura dtuigeann lucht labhartha an Bhéarla céard atá ag dul ar aghaidh.
6. Ní bheidh aon ghá ceadúnas teilifíse a íoc ag an té atá ag éisteacht le TG4 amháin, ach ardófar costas an cheadúnais móide €100 sa bhreis an chainéal, má bhíonn aon duine ag breathnú ar chainéal ar a bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga labhartha.
Beidh deis ag daoine a gcuid aighneachtaí a chur in iúl ach ríomhphost a sheoladh chuig gleonagaeilge@amadánaibreáin.ie.



































