Showing posts with label cultúr. Show all posts
Showing posts with label cultúr. Show all posts

Wednesday, April 16, 2025

Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025

Beidh tús á chur leis an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach an tseachtain seo chugainn, i gCeatharlach, am a ndéanfar ceiliúradh ar chultúir, ar thraidisiúin agus ar theangacha Ceilteacha na sé náisiún a bheidh páirteach ann; Éire, Alba (Albain), Breizh (An Bhriotáin), Cymru (An Bhreatain Bheag), Kernow (Corn na Breataine) agus Mannin (Oileán Mhanann).  

Beidh an fhéile ar siúl ón 22-26 Aibreáin, agus a bhuí leis na coistí idirnáisiúnta agus leis an gcriú iontach atá acu i nGlór Cheatharlach, mar aon le hurraitheoirí agus le comhpháirtithe na féile, tá clár den scoth curtha le chéile acu; is féidir leagan PDF de chlár na n-imeachtaí a íoslódáil anseo

Mar a fheicfidh sibh ó chlár na n-amhrán, thíos, bhí an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua Pan Cheilteach ar siúl ag deireadh mhí Eanáir, agus d'éirigh le Gráinne Álainn Ní Fhátharta an bua a fháil, arís, an geábh seo le m'amhrán nuachumtha, Fágtha Gan Freagraí. Beidh Gráinne ag casadh an amhráin, mar ionadaí na hÉireann, ag an bhféile idirnáisiúnta seachtain ón Déardaoin seo chugainn, an 24 Aibreán. Go n-éirí go geal léi, agus leis an bhféile ina hiomláine. 

Tréaslaím a mbua le Gráinne (1ú háit, Amhrán #2), le Éire Ní Fhaoláin & Chulainn Ó Faoláin (2ú háit, Amhrán #11) agus le Anne Marie Ní Chonchubhair (3ú háit, Amhrán #8). Ní raibh mé fhéin i láthair ar an oíche, ach bíonn na comórtais le fáil beo ar líne agus d'éirigh liom gach amhráin a fheiceáil agus a chloisteáil beo ar an oíche. 

Mo bhuíochas ó chroí le mo dheirfiúr, Angela, a ghlac an duais ar mo shon, agus do Ghráinne a tháinig an bealach uilig as Conamara, ainneoin an damáiste a rinne stoirm Éowyn ar fud na tíre. Go deimhin, comhghairdeachas leis na hiomaitheoirí uilig. Rinne siad éacht nuair a d'éirigh leo uilig a mbealach a dhéanamh go dtí an Visual i gCeatharlach tar éis na drochbhaile a bhí curtha ag an stoirm ar an tír. Maith sibh uilig! 

Monday, April 10, 2023

Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2023

Is gearr uaim an bóthar go Ceatharlach, áit a mbeidh tús á chur leis an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach arís, amárach. Tá cóip den chlár le fáil anseo agus, mar a fheicfidh sibh, is clár iontach é. Comhghairdeachas leis na coistí uilig ó na tíortha Ceilteacha éagsúla - déanann sibh an-jab, a chairde!

Ní raibh an fhéile ar siúl le trí bliana anuas, mar gheall ar an diabhal sin Covid, ach mar a fheicfidh sibh ón gclár, beidh ceiliúradh á dhéanamh ar chuile ghné de chultúr na dtíortha Ceilteacha - ceol, scéalaíocht, damhsa, filíocht, amhráin, logainmneacha, scannánaíocht, seisiúin srl. - ón 11-16 Aibreán. 

Ag an gComórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta i mbliana, beidh dhá amhrán san iomaíocht don tír seo, an grúpa Encóre lena n-amhrán, Cion Cairde, (amhrán buaiteach na féile náisiúnta 2023) agus Gráinne Ní Fhatharta le hamhrán a chum mise, Mar a Bhíonn (amhrán buaiteach na féile náisiúnta 2020).  

Táim buíoch de choiste na Féile Idirnáisiúnta as an gcinneadh a rinne siad deis a thabhairt do na tíortha Ceilteacha éagsúla buaiteoirí na bliana 2020 a chur san áireamh sna comórtais, i mbliana. Go n-éirí go geal leo uilig!

Mo chuimhne, comhghairdeachas ó chroí leis an ngrúpa Encóre as an gcéad áit a bhaint ag an bhFéile Náisiúnta Pan Cheilteach i mbliana lena n-amhrán, Cion Cairde; le Sonny Casey a tháinig sa dara háit le Leon, leagan Gaeilge dá hamhrán, Lion; agus le hÉabha Breathnach a tháinig sa tríú áit lena hamhrán, Ó Neamh go Talamh

Friday, June 14, 2019

Ní Thuigim



Aiféala orm faoin mhoill ag labhairt libh faoi bhua amhrán na hÉireann ag an bhFéile Pan Cheilteach Idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn ar an 25 Aibreán, ach, bhuel, bhí mé gnóthach. 

Mo chuimhne, más rud gur éirigh le haon duine agaibh, a léitheoirí, aon cheo i nGaeilge a aimsiú sna meáin chlóite faoi bhua an amhráin, Ní Thuigim, ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, (tá an méid a scríobhadh tar éis na Féile Náisiúnta aimsithe agam) bheinn buíoch díbh ach mé a chur ar an eolas, le bhur dtoil. 

Pé scéal é, a bhuí le Bríde de Róiste ó choiste na féile náisiúnta i gCeatharlach (Glór Cheatharlach), chuir sí an giota seo a leanas ar fáil don Carlow Nationalist,
agus chuir sí leagan 'glan' (taifeadadh proifisiúnta) den amhrán ar fáil do na meáin, an leagan a chas Daríona Nic Dhonnacha go hálainn, ar oíche na féile náisiúnta i gCeatharlach; le hOllie Hennessy á tionlacan ar an méarchlár, agus Aoife Kavanagh á tionlacan ar an bhfidil. (Cuireann coiste na féile náisiúnta banna ceoil tí ar fáil ar an oíche, agus bíonn siad iontach, má theastaíonn tionlacan don té nach mbeadh banna ceoil acu, fearacht na mná seo, mar shampla.)

Sé an leagan sin atá le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge ó shin (Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte) agus an leagan a bhí le cloisteáil ar chlár 'Sunday With Miriam,' freisin; podchraoladh anseo

Ná fiafraigh díom cén fáth, ach níl aon taifeadadh oifigiúil den leagan a casadh sa chomórtas idirnáisiúnta ar fáil, mar sin, mo bhuíochas ó chroí le Bríde de Róiste as an leagan a bhí aici a roinnt leis na meáin, le go mbeidh fáil acu ar chóip a d'fheilfeadh don raidió. 

Ach, rinne mé taifeadadh ar m'fhón féin, oíche na féile idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn (féach thuas), agus tá taifeadadh a rinne máthair Dharíona, ar a fón féin, le cloisteáil ar YouTube, anseo

Mar a fheicfidh sibh, ó na físeáin thuasluaite, bhí an t-ádh orm go raibh Ciarán Tourish sásta a theacht as Baile Átha Cliath agus tionlacan álainn, ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg stáin, a chur ar fáil d'amhrán na hÉireann, oíche na féile idirnáisiúnta. Tháinig sé féin, Ollie (a tháinig as Ceatharlach) agus Daríona (a tháinig as Gaillimh) le chéile lá an chomórtais idirnáisiúnta, agus chaith siad cúpla uair a chloig ag cleachtadh le chéile, sular thosaigh an comórtas. 

Mar is eol daoibh, faoin am seo, d'éirigh go hiontach leo, agus bhí an bua ag Éirinn ar an oíche. Táim chomh buíoch den triúr acu. Go raibh céad míle maith agaibh - rinne sibh éacht! 

Ar chúiseanna pearsanta, bhí ar Ollie agus ar Chiarán imeacht luath maidin lá arna mhárach, mar sin ní raibh deis againn a theacht le chéile, mar ba mhaith liom, ina dhiaidh sin, ach ní dhéanfaidh mé dearmad, go brách, ar an méid tacaíochta a thug siad domsa agus do Dharíona. Fir uaisle, fir chuidiúla. 

Is ar scáth a chéile a mhairfimid.  

Mo chuimhne, mo bhuíochas, freisin, le mo chara, Angela Tourish, grianghrafadóir a thug a ceamara léi ar an oíche, agus a chuir na pictiúir a thóg sí ar fáil, ar Facebook, anseo. Chomh maith leis sin, bhí baint nach beag aici lena deartháir, Ciarán, a chur ar an eolas faoin amhrán. Muintir Inis Eoghain abú!

Mar scríbhneoir, murach go bhfuil amhránaithe agus ceoltóirí sásta m'amhráin Ghaeilge nuachumtha a chasadh, ní bheadh siad le cloisteáil; murach go bhfuil comórtais d'amhrán nuachumtha ar fáil, ní bheadh deis agamsa, ná ag aon duine eile, amhráin nua i nGaeilge a chur ar fáil, go rialta; murach go gcuireann na meáin amhráin nuachumtha ar fáil don lucht éisteachta, ní bheadh siad le cloisteáil. Go raibh maith agaibh uilig, a chairde.

Táim fíorbhuíoch de Bhríde de Róiste agus den choiste uilig i nGlór Cheatharlach, as an méid a dhéanann siad, agus chomh proifisiúnta agus a dhéanann siad an méid a dhéanann siad, ar mhaithe le cultúr na tíre seo a choinneáil beo beathach, idir thacaíocht agus phoiblíocht. 

Beidh an Fhéile Náisiúnta Pan Cheilteach, agus an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl i gCeatharlach, an bhliain seo chugainn. Ní comórtais amhrán nuachumtha amháin a bheas ar siúl, ach ceiliúradh...deis eile ag an náisiún seo, agus ag na náisiúin Cheilteacha eile, ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh, agus a chur chun cinn. 

Le Glór Cheatharlach i mbun cúrsaí, féile iontach a bheas ann. Cuirigí na dátaí sa dialann anois, a chairde, 14-19 Aibreán. 

Éire abú! 

Thursday, June 16, 2011

Ag Faire?

Rannpháirtithe:

An Faoileán:                Sealbhóirí Bannaí?/Baincéirí?/IMF?

An Cat:                        Rialtóirí agus Rialtas na Tíre?

An Babhla:                   Ciste na hÉireann

An físeán anseo.

Thursday, March 10, 2011

Éigse an Spidéil 2011

Seo chugaibh clár Éigse an Spidéil 2011, a léitheoirí, clár a tháinig chugam i ríomhphost an tseachtain seo, a bhuí le Deirdre Nic Chonaonaigh.

Beidh an Éigse ar siúl ón 16ú - 20ú Márta, agus is cosúil go bhfuil clár cuimsitheach curtha le chéile acu, mar a fheicfidh sibh thíos.

Tá súil agam féin bheith i láthair ag an oíche filíochta a bheas ar siúl ar an 17ú, ag 8.00 i.n., in Óstán na Páirce. Tá trí dhán nua scríofa agam don ócáid 'open mic'. Ní mé amháin a bheas ann, go deimhin. Beidh filí eile as Conamara ag léamh a gcuid dánta, freisin, agus táim ag dúil go mór le hiad a chloisteáil.  

Clár na hÉigse

Dé Máirt 15ú Márta

8:00     Taispeántas ealaíne ‘Seisear’ leis an ngrúpa ‘Ealaíontóirí      Chois Fharraige’ i gColáiste Chonnacht.

Dé Céadaoin 16ú Márta

7:30                Seoladh na hÉigse - Óstán na Páirce

8:00                Ceoltóirí Óga an Ghaelacadaimh
                       Cór Chois Fharraige
                       Siamsóirí an Acadaimh

10:00               Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na     Páirce & Tigh Hughes

Déardaoin 17ú Márta

11:45               Banna Ceoil na Bunscoile – An ‘Grotto’ Séipéal an Spidéil

12:00              Paráid Lá Fhéile Pádraig – Sráidbhaile an Spidéil

3:30                Seisiúin Scéalaíochta do ghásúir – Leabharlann an Spidéil

8:00               Oíche Fhilíochta
- Gearóid Denvir – Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraig Learaí Uí Fhínneadha
‘Open Mic' - Fílí Chonamara ag léamh a gcuid dánta

10:00               Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na Páirce & Tigh Hughes

Dé hAoine 18ú Márta

8:00                Taispeántas Damhsa

Damhsa ar an Sean-Nós – Seosamh Ó Neachtain, Mícheál Ó Súilleabháin & Catherine Ní Shúilleabháin.
                       Damhsa Flamenco ó Andalucia – Al-Andar
                       Damhsa ar an Sean-Nós

10:00              Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Tigh Hughes

Dé Sathairn 19ú Márta

10:00am-1:00pm  Máistir Ranganna & Ceardlanna –Óstán na Páirce

12:00 Meánlae  Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin do dhaoine faoi 18 – Óstán na Páirce

8:00                 Ceolchoirm Mhór na hÉigse – Óstán na Páirce

Oíche na mBoscadóirí - Boscadóirí Chonamara
Seán Mac Donncha (Seáinín Phat Mhyle)
Johnny Connolly
Johnny Óg
Colm Gannon
Kevin Coyne
PJ Hernon

John Blake mar thionlacan, Seosamh Ó Neachtain ag damhsa.

10:00               Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na Páirce & Tigh Hughes

Dé Domhnaigh, 20ú Márta

12:30              Clabhsúr na hÉigse & bronnadh na ngradaim le ceoltóirí & fonnadóirí áitiúla.
Fonnadóirí: Teresa Mhic Fhlaithbheartaigh (Dún na nGall), Treasa Ní Mhiolláin (Árainn) & Áine Uí Laoithe (Ciarraí).
Tí Hughes.

Irish Blog Awards 2011

Sin thuas na blagálaithe Gaeilge ar éirigh leo áit a fháil ar an liosta ceannais do na Irish Blog Awards 2011, sa rannóg faoin teideal. ‘Use of the Irish Language in a Blog’.

Bhí Rámhaille agus dinglenews.org, ainmnithe freisin, ach níor éirigh leo áit a fháil ar an liosta thuas. Sin mar atá an scéal, agus tréaslaím ó chroí leo siúd ar éirigh leo áit a fháil.

Mo chuimhne, táim buíoch den té a chuir Rámhaille san áireamh sa chéad dul amach - go raibh maith agat, a chara, cibé thú féin!

Beidh na duaiseanna á mbronnadh san Europa Hotel, i mBéal Feirste, ar an 19 Márta, agus is féidir leat d’áit a chlárú anseo, más mian leat bheith i láthair ag an ócáid.  

Feicim, agus tá áthas orm é a fheiceáil, go bhfuil áit faighte ag an gCultúrlann i nBéal Feirste ar an liosta ‘Best Arts and Culture Blog’, ach ní fheicim aon ainmniúcháin eile uaim san áireamh ar aon liosta ceannais eile, seachas an dá liosta luaite anseo agam.

Go n-éirí libh, a chairde na Gaeilge!