‘Céard atá i gceist agat, a Áine?’ cloisim uaibh.
Bhuel, nuair a scríobh mise, i mo bhlagmhír dheireanach, mar shampla, ‘Faoin am seo amárach, beidh mé i mBarcelona…’ bhí mo bhrath luaite agam, ach chuir mé ‘tá súil agam’ ag deireadh na habairte, ar fhaitíos na bhfaitíos, an dtuigeann sibh.
Ní hé nach bhfuilim dóchasach, a léitheoirí, ach d’fhoghlaim mé, thar na blianta, nach féidir brath ar inneall ná ar intinn, agus is fearr bheith ullamh don ‘eachtra gan choinne’, mar a déarfá.
‘Cén eachtra gan choinne a tharla, a Áine?’ cloisim uaibh.
Bhuel, an geábh seo, fadhb leis an bhfuinneog i gcró an phíolóta ba chúis leis an moill a cuireadh ormsa, agus ar chuile dhuine eile san eitleán liom, tráthnóna Dé Céadaoin seo caite; fadhb a d’fhág go raibh orainn an oíche a chaitheamh in óstán i mBaile Átha Cliath, seachas in óstán i mBarcelona, mar a bhí braite agam.
Sea, thréig mo ‘bhrath’ mé. Bhí mo ‘tá súil agam’ fíoraithe, ar bhealach. Níor fhágamar aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí an lá arna mhárach, rud a d’fhág nach raibh agam ach trí lá agus trí oíche i gcathair álainn Bharcelona. Tuilleadh faoi sin amach anseo.
Ach anois, ar ais linn go dtí cró an phíolóta, ar eitleán Aer Lingus, oíche Dé Céadaoin, in aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhíomar deireanach ag dul ar bord, ó tharla nár osclaíodh na geataí in am. Ní haon chás annamh a leithéidí sin, cloisim uaibh, a léitheoirí, agus bheadh an ceart agaibh.
Mar sin féin, tar éis dhá uair go leith a chaitheamh ar an eitleán féin, ag breathnú ar innealtóirí ag teacht agus ag imeacht as cró an phíolóta, bhí nóisean agam go raibh, ahem, fadhb éigin ár gcoinneáil ar an rúidbhealach. Go deimhin, bhí an dara ‘xanax’ slogtha agam faoin am sin.
Ní réitíonn mise agus eitilt go rómhaith lena chéile, an dtuigeann sibh, agus bhí éifeacht an chéad xanax, táibléad a tógadh ‘one hour before the flight is due to leave’ mar a moltar, bhuel, bhí a éifeacht maolaithe go maith, in éineacht le mo mhisneach, chomh luath agus a chonaic mé an chéad innealtóir ag dul isteach sa chró.
Le scéal gearr a dhéanamh níos faide, cuireadh den eitleán muid faoi dheireadh, agus cuireadh go hóstán muid, áit ina raibh dinnéar ag fanacht linn, agus seomraí réidh faoinár gcoinne.
An fhadhb leis an eitleán? Bíodh sé fíor nó ná bíodh, dúradh liom go raibh fuinneog chró an phíolóta oscailte, agus nach raibh siad in ann í a dhúnadh. Faoin am sin, bhí seacht n-uaire an chloig caite agam san aerfort, agus ba chuma liom faoin fhuinneog chadránta. Ní raibh uaim ach gloine fíona agus leaba. Chaith Aer Lingus go hiontach linn, caithfidh mé a rá.
Ar an mbealach chuig an óstán, ar an mbus a cuireadh ar fáil dúinn, chuala mé comhrá ar mo chúl.
‘Just as well we weren’t flying with Ryanair…’ arsa an bhean, ‘…or we’d be spending the night on the airport floor, instead of in a hotel.’
‘Not true…’ arsa a fear deisbhéalach léi, ‘…Ryanair would have flown to Barcelona, and left the window open.’