Showing posts with label áillteacht. Show all posts
Showing posts with label áillteacht. Show all posts

Sunday, February 13, 2011

Bun Cranncha

Seo chugaibh roinnt grianghraf a thóg mé inné, lá grianmhar, agus inniu, lá ceomhar, i mBun Cranncha, a léitheoirí. Tá beagán eolas faoin áit álainn seo curtha agam leis na grianghraif, freisin. Bhuel, naisc chuig an eolas cuí, pé scéal é!

Thíos, tá Caisleán Bhun Cranncha, mar a thugtar air. Thóg George Vaughan an mainéar i 1718. Sin iad ballaí an droichid, ar chaon taobh den bhóthar, atá amach romham sa ghrianghraf.

Tá Daingean Uí Dhochartaigh, a tógadh sna 1300í, ar dheis, taobh thiar den chrann. The Keep an t-ainm a chloisim féin ó mhuintir na háite, agus iad ag labhairt ar an daingean.

Inné...
Inniu...

Seo thíos Droichead an Chaisleáin, a tógadh i 1718, freisin. Sin é an caisleán/mainéar atá le feiceáil ar chlé sa ghrianghraf.

Inné...
Inniu...

Radharc, trí shúil an droichid…

Inné...
Inniu...

Tá mé i mo sheasamh ar an taobh eile den droichead an geábh seo, istigh in Swan Park.  Tá An Chrannach, abhainn nach ionann í agus Abhainn an Mhuilinn a ritheann ar chúl tí s’againne, ag bualadh le Loch Súilí ag an bpointe seo. Is ón abhainn sin, An Chrannach, a fuair Bun Cranncha a ainm.

Wednesday, February 9, 2011

Inis Eoghain

Bhí cara m’iníne anseo ag an deireadh seachtaine, agus chinn mé féin agus an Garraíodóir beagán fámaireachta a dhéanamh leo, timpeall ar Inis Eoghain.

Tá Cnoc Fhathna ceithre mhíle soir ó Bhun Cranncha, agus is ann a thosaíomar an turas Dé Sathairn.

Sa ghrianghraf thuas, táim i mo sheasamh ar bharr an chnoic, amach os mo chomhair tá inbhear Loch Súilí, le Ráth Maoláin ar dheis, agus An Inis ar chlé.

Mar eolas daoibh, léigh mé go ‘síneann Loch Súilí 30km isteach ón gcósta thuaidh go Leitir Ceanainn agus is é is faide de roinnt góilíní sa tír a cruthaíodh leis an oighearaois.’


Sa ghrianghraf thuas, feictear an cabhsa atá ag dul trasna an inbhir, ó Fathain, ar chlé, go hInis, ar dheis. Sa chúlra, tá An Bheart agus, má mhéadaíonn tú an grianghraf, trí chliceáil air, feicfidh tú Grianán Ailigh ar bharr an chnocáin is airde ansin.


Chuamar ó thuaidh ansin, chuig An Dún Riabhach, áit a thóg mé an grianghraf thuas, ag Fort Dunree, nó ag An Dún Fhraoigh mar a thugtar air ar an suíomh sin. Feictear dom, ón taifead cartlainne ag logainm.ie anseo, go bhfuil an dá leagan den logainm, nó níos mó, ann.

Ar bharr na haille ansin, tá seanbhothán foraire, bothán atá an-ghar d’imeall na haille, mar a fheicfidh sibh. Is dóigh liom go raibh ar na saighdiúirí bheith iontach cúramach, agus iad ag siúl thart ar fud na haille sin fadó!

Suite ar a sáimhín só ar an aill, faoin mbothán, cois na farraige, bhí cuid d’éin na háite. Fulmairí, nó Cánóga Bána, is dóigh liom, atá iontu.

Is ionann ainm an fhulmaire, más fíor an méid a léigh mé anseo, agus ‘Foul Gull’ ó tharla é de nós acu ‘squirts contents of stomach at attackers.’ Ní raibh mé sách gar dóibh, a léitheoirí, le fianaise i leith an eolais sin a fháil daoibh. 


Ar aghaidh linn chuig Baile Lifín, áit a stopamar ag an trá ann. Bhíodh níos mó ná leagan amháin den logainm Baile Lifín ann, dar leis an taifead cartlainne anseo; mar shampla, Baile Luibh Finn, Baile Leith Bheann, Baile Lia Finn, Baile Liathmhuine srl.

Seachas an páiste agus an madra ar an trá, tá Glaiséidí le feiceáil sa chúlra, áit a dtugtaí Seale Island air tráth den saol. Tá ‘green garment’ mar aistriúchán ar an logainm sa taifead cartlainne ag logainm.ie, agus tá ‘Island of the Green Cloak’ mar aistriúchán ag Wikipedia.


Chuig Cionn Mhálanna linn ansin, áit ina bhfuil Banba’s Crown, an pointe is faide ó thuaidh in Éirinn, le fáil.

Nuair a bhíonn lá bán ann, is féidir oileáin Diúra agus Íle na hAlban a fheiceáil ón áit seo. Cibé sórt lá a bhíonn ann, tá neart eile le feiceáil timpeall na háite áille seo.


Radharc i dtreo an Atlantaigh Thuaidh, grianghraf a thóg mé ón seanbhóthán foraire, atá taobh leis an túr ar Banba’s Crown.