Tá sé de nós agam féin agus é féin cuntas rialta a choinneáil ar na nithe sin atá ag teastáil uainn ón siopa...liosta siopadóireachta a thugann muid air, creid é nó ná creid...agus an chéad duine eile againn a bhíonn ag dul i dtreo an tsiopa (mise, go hiondúil), crochtar leis/léi an liosta, agus ceannaítear na táirgí atá de dhíth orainn.
Le go dtuigfidh sibh an chraic, a léitheoirí, tá ceap nótaí fágtha ar leac na fuinneoige sa chisteanach, agus cuirimid leis an liosta, chuile lá, de réir mar a thugaimid faoi deara go bhfuil rud éigin ag teastáil. Éasca péasca!
Bhuel, sin mar a cheapfá, ach tá fear an tí seo sách tráthúil, ó am go chéile, agus tá sé de nós aige cur leis an liosta, ahem, ina bhealach féin. Is minic Tom ate toes, Very cold peas, agus a leithéidí, scríofa ar an liosta, nuair is trátaí agus piseanna reoite atá uaidh, mar shampla.
Pé scéal é, bhí ceann nua ar liosta an lá cheana, agus fágfaidh mé fúibh féin é bhur gciall féin a bhaint as: I shrank the kids.
Go raibh Domhnach milis agaibh uilig, a léitheoirí!
2 comments:
Mil, nach ea? :^D
Tá liosta mar sin againne, clár bán beag ar an gcuisneoir. Scríobhtar go trítheangach air, agus déanann siopadóir an lae grianghraf de leis an bhfón.
Go deimhin, mil a cheannaigh mise, pé scéal é!
Déanaimse é sin, freisin, a Kharen...pic den liosta agam ar m'fhón, go minic, mar go gcaillim an diabhal liosta, go rialta..:-)
Post a Comment