Bhíomar sa bhialann, ag ithe dinnéir; mé féin, An Garraíodóir agus mo mháthair. Thosaigh sé féin ag insint dúinn faoin lá a bhí sé théis a chaitheamh ar an ngalfchúrsa.
'I saw two men in front of me, in the distance, on the golfcourse, today...' ar sé, '...and I could see they were having a twelve fifty-nine.'
Ag an bpointe sin, bhioraigh mé mo chluasa, agus dhírigh mé mo shúile i dtreo mo mháthar, le go bhfeicfinn an raibh an méid a bhí sé théis a rá cloiste aici. Más rud go raibh, bhí an bhean dhiaganta ag ligean uirthi féin nach raibh.
Choinnigh mé guaim ar m'amhras. B'fhéidir nach ndéarfadh sé a thuilleadh faoin scéal. Nach mé a bhí amaideach.
'As I got nearer...' ar seisean, '...'I didn't even say hello, in case I would interrupt their twelve fifty-nine.'
Is beag nár thit mé as mo shuí, ach ní raibh a dhath a d'fhéadfainn a dhéanamh faoin scéal, faoin am sin. Bhí aird mo mháthar tarraingthe ina threo. Bhí sí théis géilleadh don saighdeadh. Bhí an baoite slogtha.
'Is twelve fifty-nine a golf move?' a d'fhiafraigh sí.
Níl a fhios agamsa mórán faoi ghalf, mar is eol daoibh, a léitheoirí, ach bhí a fhios agam nach raibh iomrá cloiste agam, riamh roimhe, ar an 'twelve fifty-nine' seo.
An méid sin ráite, tá aithne mhaith agam ar an bhfear tráthúil cruthaitheach lena bhfuilim pósta, agus bhí a fhios agam, go maith, go raibh diabhlaíocht éigin ar bun aige.
Chaoch sé súíl go rógánta orm, agus dúirt le mo mháthair,
'No, it's not...' a d'fhreagair sé...'it's actually a conversation; they were having a one-to-one.'
No comments:
Post a Comment