Tá sé de nós agam, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche CLG ar an teilifís, an fhuaim ar an teilifís a ísliú go hiomlán, má bhíonn an tráchtaireacht i mBéarla, agus éistim leis an tráchtaireacht i nGaeilge ar Raidió na Gaeltachta; mar a rinne mé, inné, agus mé ag breathnú ar an gcluiche iománaíochta, Gaillimh -v- Luimneach.
Bhí 'lán carr-asail cantail' ar dhuine de na himreoirí, chuala mé, agus táim den bharúil gur bhain a chantal leis an réiteoir, más buan mo chuimhne. Seans gur tharla sé sin nuair a bhí an t-imreoir 'sínte ó chluas go drioball' ar an talamh!
Feictear dom go dtagann na nathanna cainte sin go nádúrtha chuig an tráchtaire a d'fhoghlaim Gaeilge ón gcliabhán, agus is maith liom a bheith ag éisteacht leo. Ní hualach do dhuine an léann, an dtuigeann sibh, agus táim ag foghlaim liom.
Seans go bhfuil aoibh go dtí na cluasa ar imreoirí Luimnigh inniu, nó fiú straois ó chluas go cluas orthu, agus cén fáth nach mbeadh?
B'iontach an t-éacht a bhí ann!
Tá súil agam nach bhfuil imreoirí na Gaillimhe in ísle brí faoin gcluiche mar, i ndeireadh na dála, bhí an bua tuillte go maith ag Luimneach, ar an lá.
An méid sin ráite, beidh lá eile ag an bPaorach agus, mar is eol do mhuintir na Gaillimhe, níor chaill fear an mhisnigh riamh é!
No comments:
Post a Comment