Showing posts with label solas. Show all posts
Showing posts with label solas. Show all posts

Friday, March 29, 2019

Bua agus Buairt

Nuair a dhúisigh mé, ar maidin, d'airigh mé an-tuirseach. Cé go ndeachaigh mé a luí luath aréir, tá lorg na seachtaine fágtha ar m'fhuinneamh. Dhúisigh mé roimh na héin, agus cé go mothaím spíonta, tá mo smaointe ag teacht idir mé féin agus tuilleadh codlata. 

Cuimhní cinn is cúis le mo dhúiseacht, an t-amharc siar sin a tharlaíonn nuair atáim i mo luí sa chiúnas, dorchadas na hoíche fós i mo thimpeall, solas an lae fós le teacht, ach imeachtaí agus eachtraí na haimsire atá caite á n-athimirt ar scáileán mo smaointe. 

Mar a scríobh mé anseo, an tseachtain seo caite, bhí mé i gCeatharlach ag an deireadh seachtaine, ag an bhFéile Pan Cheilteach, agus d'éirigh le m'amhrán nuachumtha, Ní Thuigim, an bua a ghabháil sa chomórtas náisiúnta amhránaíochta ann. Mo bhuíochas ó chroí le Daríona Nic Dhonnacha, a rinne jab iontach ag casadh an amhráin, agus d'Ollie Hennessy, stiúrthóir ceoil na hoíche, a chuir tionlacan álainn ar fáil dúinn. 

Dé Sathairn a tharla an méid sin, agus tá agallamh nó dhó, ar an ábhar sin, déanta agam, le raidió nó dhó, ó shin. An bhfuil cuimhne agam ar an méid a dúirt mé sna hagallaimh sin? Níl. An raibh an méid a dúirt mé ceart go leor? Níl a fhios agam. 'Labhair ón gcrói...' an moladh a tugadh dom, blianta ó shin. Rinne mé an méid sin. Caithfear scaoileadh leis an imní. Rinne mé mo dhícheall. 

Ach, tharla eachtra Déardaoin seo caite, an lá sula ndeachaigh mé go Ceatharlach, agus tógfaidh sé go leor ama orm scaoileadh leis an mbuairt atá do mo chrá ó shin, agus do mo chrá, ar maidin. Chaill mé Sióg. D'imigh sé uainn, ar shlí na fírinne, agus cé go raibh a fhios agam go raibh an lá sin ag teacht níos gaire, ní bhíonn duine riamh réidh don chaill. 

Ar maidin, agus na deora liom á scríobh seo, airím uaim é. Bhí sé linn le blianta fada, mar chara le mo thaobh agus mé ag scríobh, agus tús áite aige i mo smaointe, go minic, agus mé as baile. 

Ní féidir cairdeas mar é a mhíniú don té nach dtuigeann an ceangal a bhionn idir ainmhí agus duine. Tá bua ar leith ag baint lena leithéidí de chairdeas. Ach, nuair a chailleann tú é, líonann buairt do shaol. Tagann na cuimhní chun cinn, agus tosaíonn an athimirt, arís is arís eile.  

Táim ag súil go mór le solas an lae, agus leis an sólás a thagann ina am féin.