Showing posts with label focal. Show all posts
Showing posts with label focal. Show all posts

Monday, August 3, 2020

Focail Liom Focail Leat

'Ní chuirfidh mé araoid ar bith ort, go dtí amárach.' 

Sin é a dúirt sí liom. Bhioraigh mo dhá chluais. Ní raibh an focal sin, araoid, cloiste agam, roimhe, agus, mar a thuigfeá, chuir mé neart ceisteanna uirthi faoin bhfocal. Is iomaí úsáid a d'fhéadfá a bhaint as, mar fhocal. 

Sa chás thuasluaite, ní raibh sí ag dul ag cur isteach ná amach orm go dtí an lá dár gcionn, ach, mar a tharla sé, ní raibh aon ní eile ag cur araoide orm, faoin am sin, ach an focal é féin. Go deimhin, dá mbeinn cantalach, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr di gan araoid ar bith a chur orm, i bhfocal eile, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá n-éistfeadh sí liom!

Anois, nach aoibhinn don déagóir ag a bhfuil máthair nach gcuireann araoid ar bith air faoi na héadaí a chaitheann sé, mar is léir gur duine réchúiseach atá inti, mar mháthair. 

'Diabhal araoid ach ag léamh leis.' a scríobh Joe Steve Ó Neachtain (ag caint linn fhéin, lch 135) nuair nár thug an múinteoir aird ar bith ar féin ná ar a chairde (beidh ort an leabhar a léamh, le tuiscint a fháil ar an scéal greannmhar sin, a léitheoir), agus, ina leabhar 'Idir Neamh is Talamh,' ar leathanach 60, scríobh Joe, 'Níor iompair Antaine aon fhaitíos; más duine nó beithíoch a bhí tar éis geit a bhaint as, bheadh graithe dá dhícheall aige dá gcuirfeadh sé aon araoid air.' Dá mbeadh ciall ar bith ag an duine nó beithíoch sa ghearrscéal sin, bheadh sé chomh maith dóibh gan a bheith ag cur as d'Antaine, cheapfainn. 

Tuilleadh samplaí d'úsáid an fhocail le feiceáil anseo, ar shuíomh gréasáin gaois.ie. 

Seanfhocal nó dhó, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Ná cuir aon araoid orthu is ní chuirfidh siad aon mhí-aighneas ort. (Fearg)

Ná cuir earaoid ar dhuine nó go gcuire sé earaoid ort. (Neamhspleáchas) 

Saturday, November 8, 2014

Focail Liom Focail Leat


Roinnt blianta ó shin, chuir Dennis ceist orm cén leagan Gaeilge a bheadh agam ar 'cat's whiskers,' agus 'ribí féasóg cait' an freagra a fuair mé ó dhuine éigin, áit éigin, ag an am.  

An lá faoi dheireadh, tharla sé go raibh mé ag labhairt leis An Dómhnallach, agus chuir mé ceist uirthi faoin bhfocal sin 'whiskers' -  Mí na gCroiméal, atá ann, an dtuigeann sibh, agus b'fhéidir go raibh an t-ábhar sin faoi chaibidil againn. 

Ar aon nós, 'guairní/guairí' an focal a chuala sí, ó dhuine éigin, áit éigin...'guairní/guairí an chait' nó 'guairní/guairí cait'...iad le feiceáil go breá soiléir ar Shióg s'againne, thuas. 


Tá an focal 'guaire' le feiceáil anseo, ar www.focloir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal 'whisker,' agus is 'bristle' an leagan Béarla atá ar an bhfocal 'guaire' in WinGléacht, mar sin cé as ar tháinig an focal 'guairní' meas tú...seanleagan dúchasach, b'fhéidir?  Táim den bharúil gur 'guairí' an focal a dúradh. 


Bhuel, in WinGléacht, tá an focal 'guairneach' agus is 'awn (of barley)' atá i gceist leis, mar fhocal. Má bhreathnaíonn sibh ar an bhfocal sin 'awn' in www.dictionary.reference.com, feicfidh sibh na focail 'beard of wheat, barley...any similar bristle' luaite, agus, ó na grianghraif anseo, tá 'guairneacha' nó b'fhéidir 'guairí,' le feiceáil ar shifíní eorna, gan dabht ar bith. 


Agus, ó tharla an focal 'beard' luaite agam, tá an leagan Gaeilge 'féasóg' ann, ar ndóigh, ach ní raibh a fhios agam, go dtí anocht, go bhfuil an focal 'ulcha' ann, mar aistriúchán Gaeilge ar 'beard' chomh maith. 


Meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfuil baint ar bith ag an bhfocal sin leis an bhfocal 'ulchabhán'...nó le 'ceann cait' b'fhéidir...hmmm....


Tuesday, January 21, 2014

Focail Féilire

Níl sa saol ach seal, mar sin sealbhaigh duit féin é. 

Your time is limited, so don't waste it living someone else's life. 

An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla ó Steve Jobs

Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Ní bhfaighfir ach cónra is bráillín, an rud a fuair Mór is a cailín. (Bás)

Níl duine dá chríonna nach gcaitheann seal leis an aos fáin. (Críonnacht)

Ní íseal ná uasal ach thíos seal is thuas seal. (Onóir) 

Is beag ár sáith is is gairid ár seal. (Saol)

Ní túisce an abhainn anonn ná anall. (Saol)


Sunday, January 12, 2014

Focail Liom Focail Leat

Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, ó am go chéile tá sé de nós agam, à la Style Invitational, focal nua a chumadh as focal eile. Déanaim é, gan ach litir amháin a athrú sa sean fhocal, mar atá luaite sna rialacha ar an leathanach sin thuasaibhsithe. Feicfidh sibh, ar an leathanach sin, sampla nó dhó den rud atá i gceist agam, a chairde.

Cibé scéal é, bhí mé ag smaoineamh faoin bhfocal sin iasacht, é i gceist agam an litir c a chur leis, le focal nua, mar a cheap mé féin, a chumadh as: iascacht. Bhí sé i gceist agam, freisin, an sainmhíniú nua seo a leanas a thabhairt dó, 

Iascacht:  Rud a sciobtar as áit iasachta, é in ainm a bheith gan dochar; rud a choinnítear, mar dhea, ar mhaithe leis an áit ina lonnaítear é. 

Bhí sé i gceist agam sampla nó dhó a thabhairt, samplaí fearacht iascacht morgáiste, teanga iascachta, ach, sula raibh deis agam méar a fhágáil ar mhéarchlár le mo dhroch-chumadh a roinnt libh anseo, a léitheoirí, céard a chonaic mé, agus mé ag útamáil liom thart ar an idirlíon ar maidin, ach sampladhótrí (cáil tú, a Bhlagarama!) den fhocal, agus é in úsáid ag daoine eile cheana, is cosúil.

Bhuel, baineadh geit asam, caithfidh mé a rá, mar nach raibh mé féin ar an eolas faoin bhfocal sin iascacht roimhe seo, ach táim ag foghlaim liom, mar is iondúil; is eol dom, go rómhaith, gur iomaí focal nach bhfuil ar eolas agam, agus is maith ann na focail iascachta, nach gceapfá. 

Ar aon nós, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon ar maidin, baineadh geit eile asam, nuair a chonaic mé, anseo (pdf), faoin bhfotheideal 'Dlíthe Baoth', atá faoin gceannteideal 'Úsáid do Theanga' ar an leathanach sin, 

'I Utah, tá sé I gcoinne an dlí bheith ag iascacht is tú in airde ar chapall.'

Bhuel, arsa mé féin liom féin, beidh dream thall agus abhus nach mbeidh ar an eolas faoin dlí sin, ach oiread liom féin, agus b'fhéidir go mba chóir domsa iadsan, agus Mícheál Ó Nuanáin, a chur ar an eolas faoi, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine acu ar thóir iascachta am éigin go luath.  

Meas tú an bhfuil capall ag Mícheál...

Wednesday, December 18, 2013

Focail Féilire

An scoilt i ndifríocht an scoilt is fearr. 

The most important trip you may take in life is meeting people halfway. 

An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla ó Henry Boye, feictear dom. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, mar a leanas, 

Is é leigheas an scéil é a ghlacadh sa réiteach. (Réiteach)

Ní théann rogha ón réiteach. (Réiteach) 

Cogadh carad, caoi namhad. (Eascairdeas)

Is minic a rinne an carthanas caraid mhaith den namhaid. (Eascairdeas)

Níl namhaid ar bith is measa do dhuine ná é féin. (Eascairdeas)

Ni ualach don cholainn ciall. (Ciall)

Deireadh gach cumainn scoilt, deireadh gach cogaidh síth. (Deireadh)

Wednesday, October 23, 2013

Rac is Roll?

Ó am go chéile, feicim rudaí, ahem, le súil eile. Tarlaíonn sé sin dom, ó am go chéile, mar is eol daoibh, sibhse a léann an blag seo go rialta. Níl leigheas air, a chairde...níl ann ach giota ealaíne; amharcealaín, b'fhéidir.  

Pé scéal é, chonaic mé an Rock 'n Roller sin thuas, píosa soir an bóthar ón teach anseo, an lá cheana. Cén Ghaeilge atá ar Rock 'n Roll, meas tú, arsa mé féin liom féin? Bhuel, tá nathanna cainte dá leithéidí le feiceáil ar shuíomh Pota Focal anseo, agus ar shuíomh foclóir.ie anseo, agus ar shuíomh focal.ie anseo

Bígí ag damhsa, a léitheoirí, agus bainigí sult as an saol! Mo chuimhne, meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'Rock On!..?

Sunday, September 22, 2013

Múineadh Scéil


Seanfhocal nó dhó thíos, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, seanfhocail a thagann go maith leis an t-léine thuas, b'fhéidir,  

Mara bhfuil sé i mo mheabhair agam, tá sé i mo leabhar agam.  

Fuair mé an t-léine an lá cheana, mar bhronntanas grinn. Bhuel, ceapaim féin gur féith an ghrinn a bhí taobh thiar den bhronnadh, pé scéal é, mar, dar leis an mbronntóir, bhí an t-léine, ahem, rómhór di féin, ach dhéanfadh sí mise, ar sí. Hmmm...

Agus, ó tharla gur rith sé liom, agus focail an t-léine thuas á léamh agam, seo athinsint mhalartach ar sheanfhocal eile a chonaic mé sa leabhar céanna, faoin gceannteideal Cinnteacht

Níor eitigh léine bhán dúch ariamh! 

Saturday, June 29, 2013

Focail Féilire

Maithiúnas i do chroí, cuimhneamh i do cheann

Forgive your enemies, but never forget their names. 

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ó John F. Kennedy

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí. 

Seanfhocal nó dhó as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Comhairle, mar a leanas:

Éist go glic le comhairle an tseanduine. 

Is ionann comhairle is cúnamh. 

Is fusa comhairle a thabhairt ná a ghlacadh. 

Ba mhinic comhairle mhaith ag amadán. 

Ná cuir méar trí do shúil féin. 

Is fearr comhairle in am ná dhá chomhairle ar ball. 

Scrúdaigh go maith an chomhairle atá ag dul i bhfabhar smaointe.