Podchraoladh ón gclár Today with Pat Kenny atá ann, clár ina raibh Donncha Ó hÉallaithe agus an tAire Donnchadh Mac Fhionnlaoich ag labhairt faoin mbille,
an tseachtain seo caite.
Seo achoimre ón láithreoir, Pat Kenny, faoin méid a bhí cloiste aige ón
mbeirt fhear ar an gclár:
“It seems that we have a difficulty here, two philosophies if you like. One
is the one that you are proposing, Donncha, which, you say, is the realistic one: designate the areas where Irish is
truly spoken and mind it…care for it, and make sure that, however few they are,
that those people survive using Irish as their living language; and the
Minister’s, which is, maybe, hoping that this current wave of optimism about
the language that exists, particularly in the cities of the country, that that
might, in some way, help to revive the language.” (17.45)
Ar ndóigh, dá mba mhian leat comhrá 24 nóiméad a dhéanamh níos gairide fós, d’fhéadfá
éisteacht leis an méid a dúradh ag deireadh an agallaimh, idir 22.30 agus
23.58, le tuilleadh a fhoghlaim faoin scéal, le gastacht.
Ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar ar bith an bille a choinneáil siar, ar
feadh píosa, le cinntiú go ndéanfar an jab i gceart, ar mhaithe leis an teanga a choinneáil beo.