Showing posts with label guí. Show all posts
Showing posts with label guí. Show all posts
Monday, December 23, 2013
Beannacht
Beannachtaí na féile uaimse chugaibhse, a léitheoirí.
Tá súil agam go gcaithfidh sibh bhur gcuid ama le cuideachta shultmhar, agus go mbeidh craic agus cairdeas romhaibh, cibé áit ina mbeidh sibh an Nollaig seo. Cúpla smaoineamh daoibh, as m'amhrán, Féile na Nollag,
Guímid don pháiste a rugadh,
's don leanbh nár tháinig go fóill,
's dár bpáistí a d'fhág sinn róluath,
ina gcuimhne ardóimid ár nglór.
Do dhaoine atá ar an ngannchuid,
ag fulaingt, faoi chéasadh, i bpáis,
seolfaimid cúnamh is beidh muid
'cur síolta ár ngrá dhóibh ag fás.
Níl muide 'nár mbreitheamh ar éinne,
is cuma cén creideamh ná claon,
go maire ár gcineáltas daonna,
mar a bhíonn sé an t-am seo den bhliain.
Bainigí sult as na laethanta saoire, a chairde. Beidh mé ar ais libh ar ball beag.
Sunday, December 16, 2012
Spiorad na Féile
Seo chugainn arís
é, am sosa ‘gus scíthe,
tráth ómóis na
gcomharsan dá chéile,
cion agus cúram ag
corraí i gcroíthe,
le ceiliúradh cuimhne
‘gus féile.
Tá amhráin á gcasadh
faoi shíocháin, faoi ghrá,
roinneann pobal go
carthanach croíúil,
bíonn cineáltas daonna
ag méadú gach lá,
daoine a’ bronnadh ‘s’ag
deonú go gnaíúil.
Tá áthas na bpáistí le
brath ina spraoi,
a ngliondar ag borradh
le dúil,
aoibhneas a n-óige ag
soilsiú gach slí,
mar a dhéanann a
soineantacht dúinn.
Tagann muintir abhaile,
is cuairteoir chun tí,
déantar comhrá le
strainséir go gaolmhar,
bíonn dea-thoil á
fearadh sna fáiltí go maoth,
‘gus bíonn lámha á
gcroitheadh go bríomhar.
Seo chugaibh mo
bheannacht don domhan mór trí chéile,
is cuma cén creideamh,
cén claon,
go maire an fhlaithiúlacht
agus an fhéile,
mar a bhíonn siad
an t-am seo den bhliain.
Subscribe to:
Posts (Atom)