Aréir, d'fhreastail mise, agus na céadta eile, ar theacht le chéile anseo i mBun Cranncha, i gcuimhne ar na buachaillí áitiúla a maraíodh i Sléacht na hÓmaí, fiche bliain ó shin.
Níl James Barker luaite ar an leac sin thuas in éineacht le Shaun McLaughlin agus Oran Doherty, ach bhí sé ar dhuine den triúr áitiúil a maraíodh, mar aon leis na daoine eile uilig a sciobadh den saol seo ar an lá uafásach sin; 15 Lúnasa, 1998...beirt ón Spáinn ina measc, dalta agus múinteoir.
Tá siad uilig ainmnithe anseo ag Póilín Ní Chiaráin ar tuairisc.ie, agus é scríofa aici, san alt sin,
'Ná ligtear i ndearmad iad.'
Ní dhéanfaidh mise dearmad orthu, ná ar an lá sin, go brách... an faitíos, an fanacht, an imní; ag breathnú ar an díomá agus ar an gcrá croí...níl focail agam lena leithéidí a léiriú go soiléir, a léitheoirí... táim den bharúil nach bhfuil focail ar fáil len é a mhíniú i gceart.
Rith sé liom aréir, agus mé ag breathnú ar na daoine thart orm, go bhfuil, agus go mbeidh, an lá sin greanta i gcuimhne an phobail seo, go deo na ndeor. Ní haon ionadh é sin. Fágadh croíthe, cnámha agus clanna, scriosta, briste agus brónach; ní sa tír seo amháin, ach sa Spáinn, freisin.
Tá sé deacair a chreidiúint, fós, gur tharla sé, ach, faraor géar, tharla, agus i bhfocail Anton Mac Cába, in alt maith eile ar an sléacht, ar tuairisc.ie,
'...tá ceisteanna ann nach bhfuil freagra fós orthu...'
Go deimhin, tá sé sin fíor, ach meas tú an bhfuil aon fhreagra ar domhan a thabharfadh faoiseamh don chroí atá cráite ag cumha?
Na coinnle a lasadh, anocht...
i gcuimhne ar na daoine a cailleadh.
Showing posts with label pobal. Show all posts
Showing posts with label pobal. Show all posts
Thursday, August 16, 2018
Wednesday, October 24, 2012
Focail Féilire
Is iad na focail seo a leanas atá ar m’fhéilire fuinneoige
ar maidin, focail a tháinig ó Doug Larson, feictear dom:
Few things are more satisfying that seeing your children
have teenagers of their own.
Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a
léitheoirí, ach an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin ná,
Filleann an feall ar an bhfeallaire.
Roinnt seanfhocal eile a fuair mé, faoin gceannteideal
Feall, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:
Déan do gháire is do dhealg sáite.
Is minic cealg i mbun na póige.
Ós cleas é, téadh sé timpeall.
Nach iad na gáirí bána iad scadáin Sheáinín ite.
Maidir leis an gceann deireanach sin, cé nach bhfuil a fhios
agam a dhath faoi Sheáinín é féin, tá an méid seo scríofa, sa leabhar, faoi na
‘gáirí bána’ úd,
‘Slad gan meirse (?); is ionann ‘gáire (gáirí) bán’ agus
duine ag baint leasa as ceart duine eile, agus gan tada ina dhiaidh air.’
Barraíocht daoine mar iad ar fud na tíre sa lá atá inniu
ann, shífeá.
Agus, ó tharla mé ag plé le téama an fhill, chonaic mé an
ceann seo thíos faoin gceannteideal céanna,
Slad mainistir teampaill.
An míniú seo a leanas faighte agam ón leabhar céanna,
‘Seanrá a deirtear, nuair atá fuadach nó gadaíocht an-mhór
déanta: ‘Ó, sé slad mainistir teampaill é!’ (RM); nuair a cheaptar rud éigin as
bealach a bheith déanta (CA). Cheaptaí gur uafásach an choir é slad a dhéanamh
ar mhainistir (RM).
Níl sárú na seanráite le fáil, in amanna.
Friday, October 12, 2012
Trí Chéile
Níl a fhios agam an bhfaca aon duine agaibh an físeán seo, a léitheoirí –
beirt chailíní, áit éigin i gCorcaigh, más fíor, agus iad ag cíoradh a chéile;
ag troid lena chéile, mar a bheadh ainmhithe in adharca a chéile – ach chuir sé
an-trí chéile orm ar maidin.
Níl a fhios agam cé hiad féin, ná fáth an chomhraic. Níl ar
eolas agam faoin eachtra ach an méid a léigh mé faoi anseo ar maidin, ach chonaic mé
an comhrac ar an bhfíseán úd thuasluaite, agus sin mo dhóthain.
Níl a fhios agam cén rud is mó a ghoill orm: an gáire ón
lucht féachana, an ‘hit her!...hit her!’ ón lucht féachana, an ‘punch her!…pull her
hair!..’ ón lucht féachana, an ‘I can’t see…’ ón lucht féachana, an ‘This is getting
boring…’ ó dhuine den lucht féachana, na daoine a bhí i mbun taifeadta ar na
fóin pócaí; nó an í aois an-óg na dtrodaithe agus an lucht féachana is mó a
ghoill orm?
Níl a fhios agam cé acu, ach tá a fhios agam gur thiontaigh an físeán sin mo ghoile, agus gur
ísligh sé mo mheanma nuair a chonaic mé é ar maidin.
Wednesday, July 25, 2012
Focail Féilire
An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla,
thíos, ón bhfear seo, Mencius,
‘Friendship is one mind in two bodies.’
Ar ndóigh, d’fhéadfadh beirt
bheith ar aon intinn, agus an cairdeas sin a bheith contúirteach, ach sin scéal
eile.
Chonaic mé athfhriotal eile ó
Mencius ar an suíomh seo,
‘Truth uttered before its time
is always dangerous.’
Go deimhin, is iomaí duine nach
bhfuil ag iarraidh an fhírinne a chloisteáil, is cuma cén uair a thugtar í. An
binn béal ina thost?
Thar na blianta, bhí, agus tá
fós, ar fud an domhain, daoine ar an eolas faoi dhrochobair agus dhrochíde a
bhí, agus atá, ag tarlú timpeall orthu. Níor labhair siad amach, agus ní
labhraíonn siad amach; ar bhun cairdis, nó mar gheall go bhfuil faitíos orthu,
b’fhéidir, roimh eaglais, roimh stát, nó roimh phobal.
Ach, i bhfocail Edmund Burke,
‘All that is necessary for the
triumph of evil is that good men do nothing.’
Go dtugtar neart agus fuinneamh
d’fhocail agus do ghníomhartha an dea-dhuine.
Subscribe to:
Posts (Atom)



