Showing posts with label oidhreacht. Show all posts
Showing posts with label oidhreacht. Show all posts

Sunday, April 6, 2025

Féile Rua '24/'25

Cé gur i Mí na Samhna a bhí Féile Rua le bheith ann, anuraidh, mar gheall ar scéal tragóideach a bhí ag titim amach thiar, cuireadh an fhéile ar athló go dtí Feabhra na bliana seo. 

Bhí amhrán cumtha agam do chomórtas Stéibh '25, a bhí ar siúl mar chuid den fhéile, agus cé nár éirigh le Briseadh Croí aon duais a thabhairt leis ar an oíche, sí Ailbhe Ní Mhurchú a thug léi an chéad duais lena hamhrán álainn Tick Tock, agus is í Éabha Breathnach a thug léi an dara duais le hamhrán álainn eile, Comparáid. Ocht n-amhrán ar fad a bhí ar an ngearrliosta, agus chuir sé ola ar chroí na mná seo gur chumadóirí ban a bhí i seisear de na cumadóirí. Tá mná óga ag cumadh agus ag casadh amhrán álainn i nGaeilge le blianta beaga anuas; is maith ann iad agus na féilte a thugann deis dóibh a gcumas a chur inár láthair. Go n-éirí go geal leo uilig!

Bhí clár den scoth curtha le chéile ag coiste agus tacaithe na féile. Níor éirigh liom freastal ar chuile ócáid acu, ach bhí mé i láthair a. don oscailt oifigiúil le hÉamon Ó Cuív, agus cur i láthair Rónán Mac An Iomaire maidir leis an leabhar téagartha nua uaidh, An Ghluaiseacht; Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta; b. nuair a nochtadh an leacht mar chomóradh ar Chath na Ceathrún Ruac. do Chraobhchomórtas Stéibh '25, d. don Siúlóid Ealaíne le Danny de Bhailis, e. ag Fiach Focal 'Saortha Báid na Ceathrún Rua' (áit ar chuala mé scéal nach raibh cloiste agam riamh roimhe - gur thóg m'athair fhéin agus deartháir cleamhnais leis bád clinker sa seomra ceannann céanna ina raibh an cur i láthair ar siúl san Acadamh an lá sin), f. Turas na Lúibe, taispeántas cniotála, cróiseála agus bróidnéireachta, g. ag cur i láthair Chúig Amhrán sa Chistin le hEmma NicLeóid agus Domhnall Ó Braonáin, le Máirín Nic Fhionghuin ina bean an tí, h. ag Siompóisiam na Féile. 

Bhí orm an siompóisiam a fhágáil luath agus cé nach bhfuair mé deis éisteacht le Sorcha Ní Chéilleachair (Príomhfheidhmeannach Tuismitheoirí na Gaeltachta), ná le hEimear Nic Dhonnchadha agus Neans Nic Dhonncha ag caint agus ag freagairt na ceisteanna a chuir Norita Ní Chartúir orthu, fuair mé deis éisteacht le hAdhna Ní Bhraonáin (Bánú) agus í ag labhairt faoin gcead pleanála agus easpa tithíochta i gConamara.

Scríobh mé fhéin faoi fhadhb an chead pleanála i 2009 (14 bliain ó shin), faoi dhiúltú cead pleanála a tharla 15 bliain roimhe sin. Is mar seo a chríochnaigh mé alt amháin ar an mblagmhír sin, maidir le himeacht a tharla beagnach 30 bliain ó shin, 'Cé go raibh a fear curtha anseo, cé gur de bhunadh na háite í, cé go raibh Gaeilge ar a toil aici, cé gur san áit seo ba mhian léi a páistí a thógáil, ní fhéadfadh sí. Tá an suíomh ann fós. Níl sise.' Ní hé go bhfuil na muilte ag meilt go mall, a léitheoirí, ach tá'n chuma ar an scéal go bhfuil cos curtha i dtaca áit éigin, agus cic sa tóin á thabhairt ag an gcos eile do mhuintir na Gaeltachta. 

Mar fhocal scoir, mo bhuíochas ó chroí le Méabh Ní Lochnáin as m'amhrán nuachumtha fhéin a chasadh dom ag Stéibh '25. Is bean óg ocht mbliana déag d'aois í Méabh, bean ag a bhfuil bua an chumadóra agus an cheoltóra a rugadh léi. Beidh sí le cloisteáil ag casadh leagan athchóirithe den amhrán Briseadh Croí ar an dlúthdhiosca, Amhráin Áine, dlúthdhiosca ar a mbeidh na hamhránaithe Caitlín Ní Chualáin, Daríona Nic Dhonncha, Seosamh Mac Donnacha, Domhnall Ó Braonáin, agus Gráinne Ní Fhátharta le cloisteáil, freisin; dlúthdhíosca a bheidh á sheoladh roimh dheireadh na bliana, tá súil agam, thiar i gCeantar na nOileán, mar chuid d'Fhéile Ainm Cleite '25. 

Cá mbeimis gan na féilte, lena gcoistí cumasacha agus lena n-urraitheoirí flaithiúla, a choinníonn ár n-oidhreacht beo beathach agus faoi bhláth!


Sunday, May 12, 2013

Miotaseolaíocht

Tá foclóir agam, Irish Mythology le Peter Kavanagh. Tháinig mé ar an leabhar de thimpiste ar maidin, nuair a bhí mé útamáil liom anseo san oifig, ar thóir leabhair eile, mar is minic liom.

Pé scéal é, d’oscail mé an leabhar, agus bhreathnaigh mé ar fhocal nó dhó ón bhfoclóir ann, cinn a roinnfidh mé libh anois, a léitheoirí, ó tharla an fonn sin orm. Foclóir i mBéarla atá ann, dá bhrí sin is i mBéarla a roinnfear na giotaí éagsúla libh anseo, mura miste libh.

Faoin gceannfhocal Love, tá sé scríofa ann,

'To make a woman fall in love with you rub your face in her apron. The defence: burn the apron.'

Rith sé liom, agus an abairt sin á léamh agam, gur iomaí bean a mbeadh fonn uirthi an t-aprún sin a dhó, chomh maith céanna.

Maidir le Egg Shells, scríobhadh,

'Egg shells should be crushed to prevent the fairies using them as boats.'

Cén dochar a bheadh ann dá mbeadh báid ag sióga, meas tú?

Dúradh fadó, is cosúil, faoin Ear-wig,

'A common disguise of the devil; he should always be killed.'

Glacaim leis gurb é an ceilpeadóir bocht atá i gceist leis an ‘should always be killed’ sin, chan an diabhal. Chomh fada agus is eol dom, tá an diabhal in ainm bheith caillte cheana. Bhítí ann a cheap a mhalairt, seans. B'fhéidir go bhfuiltear ann a cheapann a mhalairt fós, go deimhin.  
Mo chuimhne, i mbrollach an leabhair, tá sé scríofa ag an údar,

'Stories about the saints have been kept out as much as possible because they do not belong in a book on mythology.'

Chloisfeá ‘Hmmm...’ nó dhó, ó dhuine nó dhó, faoin abairt sin freisin, cheapfainn féin. 

Thursday, January 31, 2013

Oíche na Féile Bríde


Mar a scríobh mé arú anuraidh, a léitheoirí, anocht Oíche na Féile Bríde.

Níl anseo uaimse ach meam beag, le cur i gcuimhne daoibh, más rud é go bhfuil sibh ag iarraidh Bratach Bhríde a bheith agaibh i mbliana, go gcaithfidh sibh bhur mbratach, (píosa d’éadach bán) a ullmhú inniu, sa chaoi go mbeidh sí réidh agaibh in am, len í a chrochadh taobh amuigh den doras anocht. 

Ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ahem, sí an bhratach, chan aon Bhríd, atá le crochadh, an dtuigeann sibh.  

Beidh oraibh bheith in bhur suí roimh éirí na gréine ar maidin amárach, le go mbeidh drúcht na maidine agus, deirtear, na ‘powers of healing and protection..’ fós ar an mbrat. 

Deirtear, freisin, go mairfidh draíocht an drúchta ar feadh na bliana, ach Bratach Bhríde a choinneáil slán sábháilte in áit éigin sa teach.

Go n-éirí go geal le bhur mochéirí! 

Saturday, October 22, 2011

Slí na Fírinne

Seans go mbeidh cuid agaibh ann, a léitheoirí, nach mbeidh aithne agaibh ar Cathal O’Shannon, iriseoir agus scannánaí cumasach a fuair bás inniu.  

Agus mé i mo dhéaga, agus níos sine, aon uair a chloisinn glór Chathail ar an raidió, bhíodh sé de nós agam stopadh, agus éisteacht le cibé rud a bhíodh le rá aige.

Cén fáth?

Bhí Cathal O’Shannon ar dhuine de na daoine sin lena n-éistfeá, feictear dom, is cuma cén scéal a d’inseodh sé. Bhí bealach aige scéal a insint, cheap mé féin, le cneastacht agus le creideamh. Mar gheall air sin, chothódh sé mo shuim, fiú gan a fhios agam, roimh ré, cén t-ábhar ar a raibh sé ag dul a labhairt.

Daoibhse nár chuala Cathal ag labhairt cheana, b’fhiú daoibh breathnú ar an mbabhta sparraíochta seo, idir é féin agus Muhammad Ali. Tallann ar leith, tallann atá caillte againn inniu, faraor.

Wednesday, October 5, 2011

Blagálaí Buaiteach!

Ní dhearna mé dearmad air, ach bhí mé ag fanacht go bhfeicfinn liosta na mbuaiteoirí ar shuíomh an Oireachtais, rud nár éirigh liom a fháil, ach, ar maidin, chonaic mé an liosta ar shuíomh Nuacht24, rud a thugann deis dom mo chomhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na buaiteoirí uilig i gComórtas Liteartha an Oireachtais, 2011, ach, go háirithe, is maith liom go bhfuil deis agam mo ‘Go maire tú do nuacht!’ a rá lenár gcomhbhlagálaí, Proinsias Mac a’Bhaird, a bhuaigh, feictear dom, trí dhuais i mbliana.

Maith thú, a Phroinsias! 

Thursday, March 10, 2011

Éigse an Spidéil 2011

Seo chugaibh clár Éigse an Spidéil 2011, a léitheoirí, clár a tháinig chugam i ríomhphost an tseachtain seo, a bhuí le Deirdre Nic Chonaonaigh.

Beidh an Éigse ar siúl ón 16ú - 20ú Márta, agus is cosúil go bhfuil clár cuimsitheach curtha le chéile acu, mar a fheicfidh sibh thíos.

Tá súil agam féin bheith i láthair ag an oíche filíochta a bheas ar siúl ar an 17ú, ag 8.00 i.n., in Óstán na Páirce. Tá trí dhán nua scríofa agam don ócáid 'open mic'. Ní mé amháin a bheas ann, go deimhin. Beidh filí eile as Conamara ag léamh a gcuid dánta, freisin, agus táim ag dúil go mór le hiad a chloisteáil.  

Clár na hÉigse

Dé Máirt 15ú Márta

8:00     Taispeántas ealaíne ‘Seisear’ leis an ngrúpa ‘Ealaíontóirí      Chois Fharraige’ i gColáiste Chonnacht.

Dé Céadaoin 16ú Márta

7:30                Seoladh na hÉigse - Óstán na Páirce

8:00                Ceoltóirí Óga an Ghaelacadaimh
                       Cór Chois Fharraige
                       Siamsóirí an Acadaimh

10:00               Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na     Páirce & Tigh Hughes

Déardaoin 17ú Márta

11:45               Banna Ceoil na Bunscoile – An ‘Grotto’ Séipéal an Spidéil

12:00              Paráid Lá Fhéile Pádraig – Sráidbhaile an Spidéil

3:30                Seisiúin Scéalaíochta do ghásúir – Leabharlann an Spidéil

8:00               Oíche Fhilíochta
- Gearóid Denvir – Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraig Learaí Uí Fhínneadha
‘Open Mic' - Fílí Chonamara ag léamh a gcuid dánta

10:00               Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na Páirce & Tigh Hughes

Dé hAoine 18ú Márta

8:00                Taispeántas Damhsa

Damhsa ar an Sean-Nós – Seosamh Ó Neachtain, Mícheál Ó Súilleabháin & Catherine Ní Shúilleabháin.
                       Damhsa Flamenco ó Andalucia – Al-Andar
                       Damhsa ar an Sean-Nós

10:00              Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Tigh Hughes

Dé Sathairn 19ú Márta

10:00am-1:00pm  Máistir Ranganna & Ceardlanna –Óstán na Páirce

12:00 Meánlae  Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin do dhaoine faoi 18 – Óstán na Páirce

8:00                 Ceolchoirm Mhór na hÉigse – Óstán na Páirce

Oíche na mBoscadóirí - Boscadóirí Chonamara
Seán Mac Donncha (Seáinín Phat Mhyle)
Johnny Connolly
Johnny Óg
Colm Gannon
Kevin Coyne
PJ Hernon

John Blake mar thionlacan, Seosamh Ó Neachtain ag damhsa.

10:00               Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na Páirce & Tigh Hughes

Dé Domhnaigh, 20ú Márta

12:30              Clabhsúr na hÉigse & bronnadh na ngradaim le ceoltóirí & fonnadóirí áitiúla.
Fonnadóirí: Teresa Mhic Fhlaithbheartaigh (Dún na nGall), Treasa Ní Mhiolláin (Árainn) & Áine Uí Laoithe (Ciarraí).
Tí Hughes.

Irish Blog Awards 2011

Sin thuas na blagálaithe Gaeilge ar éirigh leo áit a fháil ar an liosta ceannais do na Irish Blog Awards 2011, sa rannóg faoin teideal. ‘Use of the Irish Language in a Blog’.

Bhí Rámhaille agus dinglenews.org, ainmnithe freisin, ach níor éirigh leo áit a fháil ar an liosta thuas. Sin mar atá an scéal, agus tréaslaím ó chroí leo siúd ar éirigh leo áit a fháil.

Mo chuimhne, táim buíoch den té a chuir Rámhaille san áireamh sa chéad dul amach - go raibh maith agat, a chara, cibé thú féin!

Beidh na duaiseanna á mbronnadh san Europa Hotel, i mBéal Feirste, ar an 19 Márta, agus is féidir leat d’áit a chlárú anseo, más mian leat bheith i láthair ag an ócáid.  

Feicim, agus tá áthas orm é a fheiceáil, go bhfuil áit faighte ag an gCultúrlann i nBéal Feirste ar an liosta ‘Best Arts and Culture Blog’, ach ní fheicim aon ainmniúcháin eile uaim san áireamh ar aon liosta ceannais eile, seachas an dá liosta luaite anseo agam.

Go n-éirí libh, a chairde na Gaeilge!   

Tuesday, February 1, 2011

Lá Fhéile Bríde

"Crios Bhríde mo chrios
Crios na gceithre cros
An té a thiocfas trí mo chrios
Go mba seacht fearr a bheas sé bliain ó inniu."

Sin thuas rím a chuala mé ón Dómhnallach aréir, agus mé á ceistiú faoin bhféile seo. Tháinig mé ar leagan níos faide den phaidir/bheannacht/rím anseo, in alt faoin teideal ‘Brigit as Healer’.

'Crios, Crios Bríde mo chrios,
Crios na gceithre gcros;
Muire a chuaigh ann,
Agus Bríd a tháinig as;
Más fearr sibh inniu,
Go mba seacht fearr a bheas sibh
Bliain ó inniu.'


Is léir go gceaptaí go raibh cumas an leigheasóra ag Naomh Bríd, agus bhí sé de nós ag daoine fadó crios, le ceithre chros snaidhmthe tríd, a dhéanamh - an crios déanta as tuí, agus na crosa déanta as broibh -  agus théití thart leis an gcrios, chuig na tithe áitiúla, le muintir an teaghlaigh a bheannú leis an gcrios, agus leis an bpaidir.

Ansin, deirtí an rím thuasluaite, rud a choinneodh an duine sin sábháilte ó olc i rith na bliana, is dócha - nó, mar a deirtear san alt sin ‘Brigit as Healer’, ‘men and women would step through it three times, kissing it and stepping through it right foot first, as a symbolic act of rebirth in order to ensure health and protection for the year ahead.’

Go mba hé daoibh, a léitheoirí!

Tuilleadh faoin bhféile ag Proinsias anseo, giota faoi Naomh Bríd í féin, ag Dennis anseo, agus tuilleadh eolais ó Róislín anseo.

Monday, January 31, 2011

Oíche na Féile Bríde

Cuirfidh mé Bratach Bhríde amach roimh dhul a luí. Deireadh na seandaoine, dá gcroithfí é in am an ghátair go gcoinneodh sé slán ón chontúirt is ón urchóid thú.’

Sin mar a scríobh Proinsias ar a bhlag anuraidh, agus bhí dearmad glan déanta agam féin den bhrat, go dtí go bhfuair mé glaoch, inniu, ó Bhean an tSléibhe, len é a chur i gcuimhne dom.

Chuaigh mé ag útamáil liom ar an idirlíon, le go bhfeicfinn cén scéal atá taobh thiar den nós seo, agus tháinig mé ar an méid seo, ón leabhar Gnás na Féile Bríde, le Sean Ó Duinn,

Seo nós a bhíodh ag na seandaoine fadó. Nuair a bhíodh Féile naomh Bríd ann do théadh fear an tí amach san oíche agus d' fhaigheadh sé punann choirce agus d' fhágadh sé ar leac an dorais í. 'Sé an fath a dhéantaí é sin na nuair a thagadh Naomh Bríd chuig an doras an oíche sin agus nuair a fheiceadh sí an phunann go gcuireadh sí rath ar an gcoirce sin an bhliain sin (IFC 902; 108; Seán Ó Conaire, Druid Snámh, Mám, Contae na Gaillimhe, Narrator; Cait Ni Chonaire, Scribe).’

Aisteach go leor, labhair mé le duine nó dhó as Conamara anocht, agus níl cuimhne acusan go mbíodh a leithéid á dhéanamh, ach is léir gur nós é ‘Bratach Bhríde’ a bhaineann leis an taobh seo tíre, Dún na nGall, pé scéal é. Scríobhann an t-údar,

‘What is expressed here, is a belief fundamental to the cult of Brigid in Ireland - the belief that Brigid returns from the Otherworld on this night, that she visits the houses of those who venerate her, and that she bestows her blessing on various objects placed outside the door, notably Brat Bhríde - a piece of cloth called 'St Brigid's Cloak' used for cures and protection.

These objects, placed outside the door on St Brigid's Eve, acquire special powers because Brigid has touched them...’

Só, sin agaibh é, a léitheoirí. Téigí anois agus faighigí píosa d’éadach bán, agus. crochaigí taobh amuigh den doras anocht é. Ón méid atá léite agam
anseo, beidh oraibh bheith in bhur suí roimh éirí na gréine ar maidin amárach, le go mbeidh drúcht na maidine, agus dá bhrí sin, is dócha, na
powers of healing and protection..’ fós ar an mbrat.

Mairfidh draíocht an drúchta ar feadh na bliana, deirtear, ach an brat a choinneáil slán sábháilte in áit éigin sa teach, le go mbeidh fáil agaibh air ‘in am an ghátair’.

Go n-éirí sibh, agus go n-éirí libh!