Showing posts with label míthuiscint. Show all posts
Showing posts with label míthuiscint. Show all posts

Sunday, August 5, 2012

Cárta Ceachta

Tá ceann de na cártaí breosla seo ag an nGarraíodóir, ach níl agamsa. Ní bhacaim leis, mar ní theastaíonn peitreal uaimse chomh minic agus a theastaíonn díosal uaidhsean.

Mar sin féin, an lá cheana, ó tharla gan airgead tirim i mo phóca agam, agus ó tharla go raibh peitreal ag teastáil óm charr – an solas dearg sin ag bagairt orm, an dtuigeann sibh -  sciob mé liom an cárta, ahem, i ngan fhios don Gharraíodóir, agus amach an doras liom.

Ag an ngaráiste, líon mé an carr le peitreal, agus isteach liom go dtí an siopa, áit a raibh leaid óg, taobh thiar den chuntar, ag fanacht le híocaíocht uaim. Shín mé mo chárta breá gorm ina threo, le húdarás mná a raibh a leithéid déanta aici, ahem, míle uair cheana.

Thóg sé an cárta uaim. Chuir sé isteach sa mheaisín POS é, agus dúirt,

Enter your pin number, please.’

Bhuel, baineadh geit nach beag asam, agus d’airigh mé m’údarás ag rith i ndiaidh mo mhuiníne, amach trí dhoras an tsiopa. Ní raibh mé féin in ann bogadh, cé go raibh fonn orm iad a leanúint, ach bhí an peitreal fós le híoc agam, an dtuigeann sibh, agus ní raibh pingin rua i mo phóca agam.

‘I need a pin!’ arsa mé féin. (Ní ceist a bhí ann, a léitheoirí, ach abairt físe, ó tharla an fhírinne á nochtadh féin i m’aigne aineolach.)

‘Indeed you do.’ arsa an leaid óg, agus é ag breathnú orm le trua, nó le seanbhlas, b’fhéidir. Deacair a rá.

Bhuel, rith mé amach go dtí mo charr, le m’fhón póca a fháil, an dtuigeann sibh, chan le héalú, agus ghlaoigh mé ar an nGarraíodóir, le huimhir a chárta a fháil. Thosaigh sé ag gáire fúm, agus d’airigh mé go raibh rúinín den ‘sách maith agat’ sa gháire sin uaidh. Deacair a rá.

Pé scéal é, bhailigh mé m’údarás liom arís, agus isteach liom sa siopa le m’uimhir. Chuir mé na ceithre uimhir isteach, agus bhreathnaigh mé ar an leaid óg, le misneach agus le mórtas.

‘Do you want to put your age on the receipt? a d’fhiafraigh an leaid óg díom, a mhéara os cionn an scipéid airgid, ag fanacht le freagra uaim.

Why would I want to put my age on it! a d’fhiafraigh an Gaillmheach meánaosta seo den Chonallach óg os a comhair; mo mhisneach, mo mhórtas agus m’údarás ag méadú le méid mo dhiomú.

Leis an ngáire céanna ag teacht ón gConallach agus a bhí cloiste agam ón nGarraíodóir ar an bhfón díreach roimhe sin, dúirt an leaid óg,

Not your age, Ma'am…’ arsa sé, agus na deora gáire ag sileadh uaidh,

‘…would you like to put your reg on the receipt.’

Sunday, February 20, 2011

Prawn Crackers agus Íomhá Íosa

Tá bean ar m’aithne, nach de bhunadh na tíre seo í, agus tá an-suim aici san Eabhrais, mar theanga.

An tseachtain seo caite, bhí mé féin agus í féin ag labhairt faoi fhocail, agus faoi fhréamhacha focal; ise ag tabhairt samplaí Eabhraise domsa, mise ag tabhairt samplaí Gaeilge di.

Speaking of roots, I love our expression ‘crann taca’, which means ‘support’.” arsa mé féin léi.

Anois, níl a fhios agam cén chaoi ar thit na focail ‘crann taca’ ar chluasa na mná sin, ach is ‘prawn crackers’ a chuala sí, rud a fuair mé amach tar éis ceist iontais nó dhó uaithi.

Bhí bean eile i mo chomhluadar, arú inné. Bhí mé ag insint di faoin míthuiscint a tharla ní ba luaithe sa tseachtain. Dar léi, tá cara aici a deir, go rialta, ‘bricks and water’ in áit ‘bricks and mortar’, i ngan fhios, an dtuigeann sibh.

Níl a fhios agam an dtabharfadh sibh eggcornmífheilteachas ar a leithéidí, a léitheoirí, ach is minic daoine go hiomlán aineolach ar an mbotún atá á dhéanamh acu.

Pé scéal é, tá bean eile ar m’aithne agus d’inis sí dom, aréir, gur chaith sí formhór a saoil den tuairim gurb iad na bronntanais a thug an Triúr Saoithe d’Íosa, nuair a rugadh é, ná gold, frankincense agus, creid é nó ná creid... scáthán.