Showing posts with label mada. Show all posts
Showing posts with label mada. Show all posts

Saturday, April 23, 2016

Cac Mada

Téim ag siúl chuile mhaidin. Tá an taobh seo tíre go hálainn, agus déanann an áilleacht sin maitheas dom; bíonn mo chloigeann agus mo cholainn i bhfad níos follÁine ar m'fhilleadh dom. 

Anois, tá daoine ann a bhíonns ag gearán faoi ghuma coganta ar na sráideanna, agus tuigim dóibh, ach ní guma coganta atá mo chrása, ach cac mada.

Ar mo shiúlóid, bím mar a bheadh an tiománaí cairr ann - an tiománaí ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an luasmhéadar agus súil eile ar an mbóthar, ag iarraidh timpiste a sheachaint - bíonn mise, mar choisí, ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an áilleacht máguaird, ach ag iarraidh an cac madra ar mo bhealach a sheachaint, ag an am céanna. An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach tá sé ar fud na háite...




...agus fiú...
 Ní hé nach bhfuil neart de na boscaí cuí ar fáil...
...tá siad ar fud na háite, ach, fós, is cuma cá mbíonn siad curtha...
...tarlaíonn rudaí mar seo, i gcónaí...

Ní thuigim é.  Tá contúirt ar leith ag baint le cac madra. É sin ráite agam, ní ar aon ghadhar a chuirim an locht, ach ar na daoine nach bhfuil ag breathnú ina ndiaidh.

Saturday, April 2, 2016

Gan Meas Mada

Is léir nach bhfuil meas mada ag Sióg s'againne ar cheird na scríbhneoireachta, agus cén fáth a mbeadh...is cat é, nach ea?!

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Má bhíonn ceann uain ar mhaidin earraigh, beidh ceann mada allta ar an tráthnóna. (Aimsear)

Tá an mada ag ithe féir, tá báisteach air. (Aimsear)

Is fearr cat gránna ná mada deas sa teach san oíche. (Ainmhithe) 

Is deacair an mada a bhaint den tseanchasán. (Ainmhithe)

Is fearr duit madraí an bhaile a bheith leat ná i d'aghaidh. (Cairdeas)

Bíonn gach mada teann ag a dhoras féin. (Cleachtadh)

Is fearr mada beo ná leon marbh. (Comharsa)

Níl mada ar bith is measa ná an mada is airde tafann. (Cur i gCéill)