In am an ghátair a bhraitear an chabhair, a deir an seanfhocal.
Sibhse a tháinig agus a rinne tréaniarracht an t-uisce a choinneáil siar ón teach; sibhse a líon málaí le gaineamh, le bhur gcuid lámh nó le sluasaid, agus a tháinig chun tí leo, i gcarranna, i dtarracóirí, i jípeanna; sibhse a d'fhan go maidin agus a chuidigh linn an t-uisce a ghlanadh amach as an teach; sibhse a tháinig lá arna mhárach le ceapairí, anraith, brioscaí, cácaí, scuaba, mapaí urláir, oibreáin ghlantacháin srl; sibhse a chuidigh linn fáil réidh leis an bpuiteach, taobh amuigh agus taobh istigh den teach; sibhse a chuidigh linn trealamh tí agus troscán a bhogadh; sibhse a nigh, agus atá fós ag ní, na héadaí nach féidir linn a ní ó tharla nach bhfuil ár niteoir ag obair níos mó; sibhse a thairg dídean agus cabhair; sibhse a sheol teachtaireachtaí chun tí, ar an bhfón, ar Twitter, ar Facebook; sibhse, sna meáin chumarsáide, a thuig ár gcás; sibhse a thairg nó a thug tacaíocht dúinn, le gníomh nó i bhfocail, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, táim fíorbhuíoch díbh uilig.
Tá an t-ádh orm go bhfuil bhur leithéidí i mo shaol agam. Mo bhuíochas ó chroí libh, arís is arís eile.
Showing posts with label cuidiú. Show all posts
Showing posts with label cuidiú. Show all posts
Sunday, August 27, 2017
Saturday, March 22, 2014
#Féinphic Gan Smideadh
Tá Cumann Ailse na hÉireann ag baint tairbhe as an nós nua atá faoi lánseol ar Facebook agus ar Twitter i láthair na huaire - an #féinphic-gan-smideadh.
Ní raibh baint ar bith ag CAÉ leis an bhfeachtas/treocht nua seo, chomh fada agus is eol dom, ach tá daoine ag glacadh páirte ann, idir fhir agus mhná ag féinphiceáil-gan-smideadh, le hairgead a bhailiú don charthanas iontach sin.
Cé nach lia duine ná tuairim, táim féin den bharúil go bhfuil sé mar aidhm ag an bhfeachtas neamhoifigiúil seo feasacht a spreagadh i leith ailse, chomh maith le hairgead a bhailiú do CAÉ, agus diabhal locht a bheadh agam féin ar a leithéidí.
Dá bhrí sin, rinne mé beart de réir briathar, agus thug mé €4 don charthanacht inniu, trí théacs a sheoladh chuig 50300, gan ach an focal Pink scríofa i gcorp an téacs agam - fuair mé téacs admhála ar ais, ó likecharity.com, ar an bpointe,
'Thank you for your 4 euro donation to the Irish Cancer Society...Donation receipt 6664...'
Is léir nach mise an t-aon duine amháin a rinne amhlaidh mar, agus an bhlagmhír seo á scríobh agam, tá €475,000 bailithe acu don CAÉ go dtí seo.
Do na daoine uilig atá ag fulaingt/a d'fhulaing le hailse, do mo mháthair, do mo dheirfiúr, do m'aintíní, do mo chara, Réaltán, do mo sheanmháthair, do mo cholceathracha - seo chugaibh mo thacaíocht, le grá agus le meas,
Tuilleadh eolais le fáil anseo (www.actioncancer.org) agus anseo (www.cancer.ie). Seol do théacs anois, leis an bhfocal Pink, chuig 50300, nó taispeáin do thacaíocht ar bhealach éigin eile anseo.
Ní raibh baint ar bith ag CAÉ leis an bhfeachtas/treocht nua seo, chomh fada agus is eol dom, ach tá daoine ag glacadh páirte ann, idir fhir agus mhná ag féinphiceáil-gan-smideadh, le hairgead a bhailiú don charthanas iontach sin.
Cé nach lia duine ná tuairim, táim féin den bharúil go bhfuil sé mar aidhm ag an bhfeachtas neamhoifigiúil seo feasacht a spreagadh i leith ailse, chomh maith le hairgead a bhailiú do CAÉ, agus diabhal locht a bheadh agam féin ar a leithéidí.
Dá bhrí sin, rinne mé beart de réir briathar, agus thug mé €4 don charthanacht inniu, trí théacs a sheoladh chuig 50300, gan ach an focal Pink scríofa i gcorp an téacs agam - fuair mé téacs admhála ar ais, ó likecharity.com, ar an bpointe,
'Thank you for your 4 euro donation to the Irish Cancer Society...Donation receipt 6664...'
Is léir nach mise an t-aon duine amháin a rinne amhlaidh mar, agus an bhlagmhír seo á scríobh agam, tá €475,000 bailithe acu don CAÉ go dtí seo.
Do na daoine uilig atá ag fulaingt/a d'fhulaing le hailse, do mo mháthair, do mo dheirfiúr, do m'aintíní, do mo chara, Réaltán, do mo sheanmháthair, do mo cholceathracha - seo chugaibh mo thacaíocht, le grá agus le meas,
Wednesday, October 30, 2013
As an Dorchadas
Tugtar depression air i mBéarla. I nGaeilge, tá galar dubhach, ísle brí, dúlagar, lionn dubh, lagar spioraid, srl., feicthe agus cloiste agam. Cibé ainm atá agat féin air, tá sé ann, go forleathan, agus, faraor géar, go minic cuirtear é i bhfolach.
Aréir, chuala mé Conor Cusack ag labhairt ar Prime Time agus b'fhiú duit, a léitheoir, an méid a bhí le rá aige faoina 'chara' a chloisteáil anseo (42.48).
Mura bhfuil deis agat éisteacht leis ansin, tá deis agat a scéal a léamh ar a bhlag, In Your Mind, anseo, i mblagmhír dar teideal Depression is a friend, not my enemy.
Mar dhuine a shiúil as an dorchadas mé féin, molaim Conor go hard na spéire as a scéal a roinnt linn, agus tá súil agam go gcuideoidh a ionracas leo siúd atá ag streachailt leis an saol; go dtuigfidh siad go bhfuil bealach amach as an dorchadas.
Aontaím le Conor. Ina fhocail féin,
'There is no situation that is without hope, there is no person that can't overcome their present difficulties. For those that are suffering silently, there is help out there and you are definitely not alone.'
Áiméan, a chara.

Labels:
blag,
Conor Cusack,
crann taca,
cuidiú,
dearfacht,
dóchas,
dorchadas,
dúlagar,
galar,
meáin,
RTÉ,
tacaíocht
Wednesday, October 9, 2013
Gnóthaí Eachtracha
Ní cuimhin liom cé a thug an t-aingeal atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas dom, ach tá a fhios agam go bhfuair mé é, mar bhronntanas, nuair a bhogamar isteach i gCeann Scríbe, roinnt blianta ó shin.
Ó am go chéile, nuair a bhíonn duine ar m'aithne tinn, nó buartha, nó imníoch, nó fiú má airím go bhfuil tacaíocht ag teastáil ó dhuine éigin, tá sé de nós agam coinneal a lasadh, agus í a choinneáil ar an mbord sa chistin, sa chaoi, nuair a fheicim an choinneal, go gcuireann sí na daoine áirithe sin i gcuimhne dom, agus seolaim smaointe dearfacha ina dtreo.
Anois, ní gníomh reiligiúnach é - mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, bím amhrasach faoi na reiligiúin éagsúla, ó am go chéile - agus níl a fhios agam an fiú a dhath mo dhearfacht, ach cuidíonn an gníomh liomsa, is dócha, mar go mbím ag súil go gcuideoidh mo smaointe dearfacha leis an duine lena bhfuil an saol ag caitheamh go dona, más féidir é ar chor ar bith.
Cé nach féidir liom a rá, le cinnteacht ná le dearfacht, go bhfuil nó nach bhfuil cumhacht eachtrach éigin ag seoladh m'fhuinnimh dhearfaigh chuig an duine ar leith atá i mo smaointe ag an am, mothaím go bhfuilim ag tacú leis nó léi, bíodh mé ceart nó mícheart. Sin mise. Gach duine ar a bhealach féin, a léitheoirí.
An tseachtain seo caite, agus mé féin i gcruachás sa Spáinn, níl a fhios agam céard a dhéanfainn gan na daoine, thall agus abhus, a chuidigh liom in am mo ghátair; mo chara dhil, a thaistil liom, mo chairde thall, agus An Garraíodóir; ach go mór mór, táim fíor-bhuíoch do na daoine iontacha sin sa Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo in Éirinn.
Ach, mo bhuíochas ar leith, mo bhuíochas ó chroí, chuig an gconsal, Caoimhe Ní Chonchúir, in Ambasáid na hÉireann i Maidrid, agus chuig a comhghleacaithe ansin. Rinne siad uilig a ndualgas, agus i bhfad níos mó ná sin, sa chaoi ar thacaigh siad liom, le tuiscint agus le meas. Go raibh céad míle maith agaibh, a dhaoine uaisle. Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar bhur gcineáltas.
Níl a fhios agam cá mbeadh aon duine againn gan ár gcuiditheoirí, a léitheoirí, bíodh siad thall nó abhus, bíodh siad anseo nó ansiúd. Tá siad thart orainn, agus beidh siad ansin, nuair a theastaíonn siad uainn. Nár laga a gCé iad.

Saturday, March 16, 2013
Focail Féilire
Is deacair bheith 'do laoch ach is éasca bheith dea-chroíoch.
One cannot always be a hero but one can always be human.
Is treise trua ná tréan.
An chéad leagan Gaeilge ón Dómhnallach, agus an dara leagan Gaeilge uaimse. Tháinig an t-athfhriotal Béarla ón bhfear seo, Johann Wolfgang von Goethe, agus is féidir tuilleadh athfhriotal uaidh a léamh anseo.
Rith nuafhocal eile liom, Ní laoch go lách, agus, dá thoradh sin, tháinig mé ar na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal 'Cúnamh,' sa leabhar Seanfhocla Chonnacht:
D'fhág mise faoi chúram Dé é, is d'fhág Dia faoi mo chúram féin é.
Is beag an rud a thugas duine ó bhás go beatha.
Is cuid den bhróg an bharriall.
Is fearr beagán cúnta ná mórán truaighe.
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir, a léitheoirí!

Wednesday, January 30, 2013
Camscéim Eile
Níl sé de
nós agam m’fhón póca a fhreagairt mura n-aithním an uimhir atá ag
glaoch orm. Mura n-aithním an uimhir, an dtuigeann sibh, seans nach bhfuil
aithne agam ar an té atá ag glaoch orm, agus ní bhacaim leo.
Ní hé gur
cuma liom, bíodh a fhios agaibh, ach sé’n chaoi a mbreathnaím féin ar an scéal,
más rud go bhfuil a dhath tábhachtach le rá ag an nglaoitear liom, is féidir
leis/léi teachtaireacht a fhágáil, agus cuirfidh mé scairt ar ais orthu, más
gá. Mura bhfuil teachtaireacht ón
nglaoitear anaithnid, tugaim neamhaird ar an nglaoch.
Agus, más
fíor an méid atá léite agam anseo, tá an t-ádh orm nach nglaoim ar ais ar aon
ghlaoitear anaithnid, mar d’fhéadfainn bheith thíos leis; sórt, ahem, as póca
ag m’fhón póca, mar a déarfá.
Is cosúil
go bhfuil camscéim eile ar an bhfód, a léitheoirí, mar sin bígí airdeallach, ar
fhaitíos na bhfaitíos.
Thursday, August 16, 2012
Falaing Cham Eile
Baineadh geit asam aréir. Geit mhór! Cuireadh mo ríomhaire faoi ghlas orm, gan chead gan fiafraí, agus mé díreach ar tí giota a scríobh ar mo bhlag.
Siúd ansin muid, mise agus mo
ríomhaire, aghaidh ar aghaidh, gan gíog ná míog as an ríomhaire - ach amháin an
leathanach thuas ag breathnú amach orm.
Sula raibh deis ag an bhfulaingt
tosú arís, chuir mé glao fóin ar chara nó dhó liom, daoine eolacha cumasacha, (daoine
a thuigeann ríomhairí murab ionann is mise!) agus roinn mé mo scéal, agus ábhar
an leathanaigh thuas, leo. Tháinig an freagra céanna ón mbeirt acu – bhí víreas
ar an ríomhaire, agus gan pingin rua a íoc leis an gcamadán a bhí ag iarraidh
€100 orm le glas a bhaint den ríomhaire bocht.
Ar maidin, bhí sé i gceist agam
mo ríomhaire a thabhairt chuig ospidéal na ríomhairí anseo i mBun Crannacha,
le caoi a chur air, ach chinn mé roinnt taighde a dhéanamh ar an idirlíon ar dtús.
Ar ríomhaire an Gharraíodóra, tháinig
mé ar an suíomh seo, áit a bhfuair mé eolas ar an mbealach is fearr le fáil
isteach i mo ríomhaire dobhogtha, le go mbeinn in ann mo Malwarebytes’Anti-Malware a chur ag dul arís – áis atá go hiontach maith ag aimsiú víreas
ach updating rialta a dhéanamh uirthi, rud nach raibh déanta agamsa. Chuidigh an suíomh seo go mór liom, freisin.
Le treoir agus cuidiú na suíomh
uilig, fuair mé réidh leis na víris -trí cinn acu! – agus tá mé ar ais ar an
bhfód libh arís, a léitheoirí, mar a fheiceann sibh.
Teagasc an scéil? Coinnigh do
ríomhchlár aimsithe víreas bord ar bhord lena bhfuil ag tarlú i ndomhan na
gcamadán, trína choinneáil nuashonraithe go rialta; agus más rud go bhfuil tú
den bharúil go bhfuil falaing cham ag iarraidh dallamullóg a chur ort, ná
tabhair pingin rua dó!
Tuesday, October 11, 2011
Prios Beagmhaitheasa
Inniu, d’fhreastail mé ar ócáid, le Bord Fiontar Chontae Dhún na nGall, in óstán An Grianán, áit inar chuala mé mná suimiúla ag labhairt; a scéalta fiontracha féin á roinnt acu uilig leis an lucht éisteachta.
Tharla sé gur luaigh duine acu, Suzanne Browne as Clevamama, agus í ag labhairt, más buan mo chuimhne, ar chíbe smaoineamh nuálach a thiocfadh isteach i do chloigeann, ‘don’t let it land in the junk cupboard.’
Rith an smaoineamh liom gur dóigh go bhfuil prios beagmhaitheasa i mbeagnach chuile teach, a léitheoirí. Is prios é, cheapfainn, ina gcaitear na nithe sin as a mbainfimid úsáid ‘lá éigin’, nithe nach gcaitear amach ‘ar fhaitíos na bhfaitíos’ go dteastódh siad uainn ‘am éigin amach anseo’.
Agus mé ag breathnú isteach i mo phrios beagmhaitheasa féin anocht, chinn mé go m’fhéidir go bhfuil sé in am dom na nithe atá istigh ann a chaitheamh amach. I ndiaidh gach ní, is nithe beagmhaitheasacha iad.
Friday, March 25, 2011
Lámh Chuidithe
Is cuimhin liom, agus mé ag scríobh tráchtas céime i 2007, gur bhraith mé, go mór, ar chuidiú ó dhaoine eile, nuair a bhí eolas, nó comhairle, ag teastáil uaim.
Murach treoir agus tacaíocht na ndaoine sin, ní éireodh liom an obair chríochnúil a rinne mé a dhéanamh, agus beidh mé buíoch de na daoine sin, go brách agus go deo.
Aréir, agus mé ar Twitter, thug mé faoi deara gur scríobh Seán Bán Breathnach go bhfuil a iníon, Léan, ina mac léinn in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Is bean í atá ‘i mbun tionscnamh socheolaíochta bunaithe ar Ghréasán Sóisialta agus an Ghaeilge’, agus tá aischothú uaithi, a chairde.
Chuidigh mise léi aréir, agus líon mé isteach an suirbhé atá aici anseo, suirbhé atá curtha le chéile aici le heolas a bhailiú dá céim. Bhí sé líonta isteach agam i gcúpla nóiméad.
Tá deis agatsa anois, a léitheoir, cuidiú a thabhairt di, agus an suirbhé a líonadh isteach chomh maith, mura miste leat, ag an nasc aibhsithe i ngorm agam sa pharagraf thuas.
Níl aon aithne phearsanta agam ar Léan, ach is ar scáth a chéile…
Wednesday, January 19, 2011
Saoirse
Sibhse a lean an scéal seo faoi Saoirse Heffernan, cailín beag, cúig bliana d’aois, a rinneadh fáthmheas uirthi ag tús na bliana seo caite, an drochscéal faighte ag a muintir, Tony agus Mary, gurb é Batten’s Disease a bhí á déanamh tinn, beidh a fhios agaibh, seans, go bhfuair Saoirse bás arú inné. Suaimhneas síoraí dá hanam óg álainn.
Cuireadh tús leis an Saoirse Foundation le go mbeadh eolas ar fáil, in Éirinn, dóibh siúd atá ag dul i ngleic leis an ngalar, é mar aidhm ag an bhforas ‘…do what we have to do to try and save those presently affected and find a cure for future generations…’
I Mí an Mhárta, anuraidh, fuair Tony agus Mary amach go bhfuil an galar céanna ar a n-aonmhac, Liam, agus, ón méid a léigh mé ón suíomh, Bee for Battens, tá iníon le hAlan agus Shauna Bates as Doire, Rhiannon, teagmhaithe leis an ngalar, chomh maith.
Anois, tá a fhios agam nach bhfuil mórán airgid le spáráil ag daoine na laethanta seo, a léitheoirí, ach, le bhur dtoil, caithigí súil ar an leathanach seo, agus mura bhfuil tú in ann síntiús airgid a thabhairt, b’fhéidir go bhfuil cartús dúigh folamh agat, nó go bhfuil fón póca díomhaoin caite i ndrár agat, nó go bhfuil bronntanas eile agat a d’fhéadfá a chur chucu, le go mbeidh muidne, freisin, ag déanamh iarrachta ‘to try and save those presently affected and find a cure for future generations…’
Agus, mura miste libh, scaipigí an scéal. Le bhur dtoil.
Subscribe to:
Posts (Atom)