Showing posts with label féile. Show all posts
Showing posts with label féile. Show all posts

Sunday, June 18, 2017

Féile na mBláthanna

Tuilleadh eolais faoin bhféile le fáil anseo agus anseo agus anseo



























Mo cheol iad!

Níl ansin ach cuid den taispeántas, a léitheoirí, grianghraif a thóg mé ar m'fhón póca, inné. Tá an taispeántas ar siúl arís inniu. Is fiú go mór na bláthanna uilig a fheiceáil, i mo thuairim. Tá an-jab déanta ag na dearthóirí uilig, agus bhí an ceol, ón gcláirseach agus ón veidhlín, go hálainn. 

Wednesday, February 22, 2017

Ócáidí

Ní minic a bhím ar an ríomhaire na laethanta seo agus, dá bhrí sin, sé mo bhlag atá thíos le m'easpa airde, faraor géar. Airím uaim é. 

An méid sin ráite, ní airím uaim Facebook, ná Twitter, ar bhealach. Cé go bhfuil cuntas agam leo, fós, tá sé de nós agam súil a choinneáil ar imeachtaí an tsaoil ar bhealaí eile. Tá fáth leis sin. Tuilleadh faoi sin, amach anseo. 

Ní hé go bhfuilim díomhaoin, an dtuigeann sibh. Tá bailiúchán de mo chuid filíochta le teacht ar an bhfód go luath; Cló Iar-Chonnacht len é a fhoilsiú, amach sa mbliain. Ar Lá Vailintín, léigh mé mo dhán 'Mo Ghrá' ar chlár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta; podchraoltaí anseo, más mian libh éisteacht leis na dánta grá eile a bhí le cloisteáil ar an gclár, ar an lá. 

Tá amhráin nua á gcumadh agam. Bhain mé an-sult as mo chuid ama leis an bhFéile Pan Cheilteach thar na blianta, agus molaim coiste na féile sin, agus a lucht tacaíochta (Glór Cheatharlach, IMRO, Gael Linn, Foras na Gaeilge, An tOireachtas srl.), go hard na spéire, mar go spreagann siad daoine, mé féin san áireamh, chun amhrán nua Gaeilge a chumadh, go rialta. 

Tá ocht n-amhrán déag sa chomórtas náisiúnta, i mbliana, agus guím gach rath ar na hiomaitheoirí uilig (liosta anseo, pdf). Beidh an comórtas amhránaíochta ar siúl sa Seven Oaks Hotel, i gCeatharlach, an Satharn beag seo, 25 Feabhra...go n-éirí go geal leo uilig!

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, 8 Márta, beidh mé fhéin, agus roinnt scríbhneoirí eile na Gaeilge, ag teacht le chéile i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Mar aon le Mise Ciara, táim ag súil go mór leis an ócáid, agus táim fíorbhuíoch do mo chomhbhlagálaí, Réaltán Ní Leannáin, as an méid ama atá caite aici i mbun eagraíochta ar an ócáid. Tuilleadh eolais le fáil uaithi ag realtan (ag) hotmail (ponc) com, más mian libh bheith linn ar an oíche. 

Beidh mac le mo chomhbhlagálaí, Aonghus, Fionn Ó hAlmhain (an bheirt acu le cloisteáil ar an gclár Gaol Gairid, níl sé i bhfad ó shin), agus Hajime Takahashi, ag gabháil cheoil dúinn ag an ócáid; agus mo cheol iad Foras na Gaeilge as a gcuid urraíochta i mbliana.  

Mar is léir, ní bhíonn lucht scríofa na Gaeilge díomhaoin. Ní bhíonn a dteanga ná a ndúchas i bhfad uatha riamh. Gura fada buan a lucht tacaíochta! 

Friday, March 14, 2014

Lá Fhéile Pádraig

Cibé áit ina mbeidh sibh an deireadh seachtaine seo, thall nó abhus, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an gcraic, a léitheoirí, agus go mbeidh comhluadar sultmhar libh d’fhéile na nGael.

Dearfacht an lae anseo. Mallacht an lae anseo. Greann an lae anseo. Seanfhocal an lae anseo. SeanNosBeo anseo. Róislín anseo.

Tá an seanfhocal, thíosluaite, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Aimsir; seanfhocal é a bhaineann le Lá 'le Pádraig - 'an áit a bhfuair Pádraig an ceann is fearr ar Bhríd, is iad ag socrú aimsir an earraigh.'

Gach lá go breá ón lá seo amach, is leath an lae leis. 

Bíodh amhlaidh! Beidh mé ar ais libh ar ball, a léitheoirí, tráth níos faide ar aghaidh...théis na féile...le gile na gréine...tá súil agam..;-)

Thursday, March 6, 2014

Féile Pan Cheilteach 2014

Mar a rinne mé anuraidh, is gearr go mbeidh mé ar an mbóthar arís chuig an bhFéile Pan Cheilteach i gCeatharlach, áit a mbeidh amhrán nuachumtha liom san iomaíocht arís i mbliana

Ní mise an t-aon bhlagálaí amháin a bheidh san iomaíocht i mbliana. I measc na n-iomaitheoirí uilig (19 amhrán) beidh an, ahem, striapach úd thall ar CeolBaile ann, chomh maith - ag súil go mór le bualadh leisean, caithfidh mé a rá, agus leis na hiomaitheoirí uilig, go deimhin. 

Tuilleadh eolais faoin bhFéile Náisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach, an Satharn seo chugainn, 8ú Márta, agus faoin bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i nDoire, 22-27 Aibreán, le fáil anseo

Giota eolais faoi News acu ar an leathanach sin thuas, feictear dom, eolas faoi amhránaí nó dhó eile a bheidh san iomaíocht ar an oíche - John Spillane agus Eilín Ní Bheaglaíoch ar an ardán, freisin. Feicfidh mé ann sibh, a chairde!

Monday, December 23, 2013

Beannacht


Beannachtaí na féile uaimse chugaibhse, a léitheoirí. 

Tá súil agam go gcaithfidh sibh bhur gcuid ama le cuideachta shultmhar, agus go mbeidh craic agus cairdeas romhaibh, cibé áit ina mbeidh sibh an Nollaig seo. Cúpla smaoineamh daoibh, as m'amhrán, Féile na Nollag

Guímid don pháiste a rugadh,
's don leanbh nár tháinig go fóill,
's dár bpáistí a d'fhág sinn róluath,
ina gcuimhne ardóimid ár nglór.

Do dhaoine atá ar an ngannchuid,
ag fulaingt, faoi chéasadh, i bpáis,
seolfaimid cúnamh is beidh muid
'cur síolta ár ngrá dhóibh ag fás.

Níl muide 'nár mbreitheamh ar éinne,
is cuma cén creideamh ná claon,
go maire ár gcineáltas daonna,
mar a bhíonn sé an t-am seo den bhliain. 

Bainigí sult as na laethanta saoire, a chairde. Beidh mé ar ais libh ar ball beag. 

Tuesday, November 19, 2013

Féile Béal

Más rud go mbeidh tú thiar ar an gCeathrú Rua, nó fonn ort bheith thiar ann, b'fhiú go mór duit freastal ar na hócáidí sin atá eagraithe ag lucht Féile Béal don Aoine, don Satharn, agus don Domhnach beag seo, 22-24 Samhain.

Beidh agallamh beirte, lúibíní agus scéalaíocht le cloisteáil, chomh maith le díospóireachtaí agus criú cloigne, agus beidh scannáin le feiceáil, mar a fheicfidh sibh ón gClár Lae anseo.  

Seo giota ón suíomh gréasáin atá acu, mar atá sé scríofa ag Breandán Ó hEaghra, Stiúrthóir na Féile, agus is féidir an rud ina iomláine, agus tuilleadh eolais, a fháil anseo:

'Céard is agallamh beirte ann?  Cé as a dtáinig an lúibín?  An bhfuil traidisiún na scéalaíochta seanchaite nó an féidir beocht nua a thabhairt do sheancheird an tseanchaí....Seo cuid de na ceisteanna a ardófar i rith Féile Béal : Comhdháil na Lúibíní...tá sé i gceist againn neart cur agus cúiteamh a dhéanamh agus bealaí nua a aimsiú chun na h-ealaíona béil a chur chun cinn sa 21ú aois...I rith na deireadh seachtaine beidh cainteoirí ó TG4, Raidió na Gaeltachta, na meáin shóisialta, Oireachtas na Gaeilge agus neart eile i láthair chun a gcuid tuairimí a thabhairt ar fhorbairt na n-ealaíona sa nua-aois...Tá an ócaid seo á reachtáil againne i MeasMedia le cabhair ón gComhairle Ealaíon, mar chuid dár gclár imeachtaí cultúrtha...Sa bhféile seo cuirfear ceist ar na h-ealaíontóirí agus ar lucht leanta na healaíne – an féidir linn stáitsí nua a aimsiú do na h-ealaíona seo – bíodh na stáitsí sin ar líne nó sna meáin eile?'

Go n-éirí go geal leo!

Wednesday, February 20, 2013

Gradam agus Gáire


Thug mé cluas éisteachta d’Eibhlín Ní Chonghaile ar an gclár Iris Aniar Dé Luain seo caite, agus nach orm a bhí an t-ádh gur thug, go deimhin.

Mo chuimhne, sula dtosóidh mé ar rámhaille na maidine, ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil ainmniúchán faighte ag an mbean uasal sin do Láithreoir Raidió na Bliana, ag Féile na Meán Ceilteach, agus tá súil agam go n-éireoidh go geal léi, agus le chuile dhuine/chlár eile ó Raidió na Gaeltachta agus TG4, atá ainmnithe ar an ngearrliosta.

Mo chuimhne eile, feicim an clár teilifíse Ó Tholg go Tolg ar an ngearrliosta (le Bláthnaid agus Laura an geábh seo) rud nach gcuireann iontas ar bith ar an scríbhneoir seo, mar is eol daoibh, ón méid a scríobh mé faoi Áine Goggins agus faoin gclár sin cheana.  

Ar aon nós, ar ais linn chuig fáth eile na blagmhíre seo, gáire. Sea, a léitheoirí, d'ardaigh mo chroí agus mo mheanma maidin Dé Luain seo caite nuair a chuala mé an clár Iris Aniar le Éibhlín álainn, agus más rud go bhfuil drochspion ort ar maidin, nó ar aon lá eile, isteach leat chuig na podchraoltaí anseo, éist, ag 1.03.20 nóiméad, le clár an Luain, 18 Feabhra 2013, go gcloise sibh Seán Bán Breathnach agus Bernie Ní Fhlatharta, agus an chraic uilig a bhí acu ag an rang Ióga Gáire i nGaillimh. 

Is fearrde iógáire ná íogaire - seanfhocal nua?

Mura bhfuil do chantal curtha díot agat fós, a léitheoir, fan leis an bpodchraoladh sin thuas agus éist, ag 47.00 nóiméad, leis an gcolún rialta ó Mháirtín Jaimsie - scoth fir le scoth na Gaeilge aige, agus is fiú éisteacht le chuile fhocal uaidh, i mo thuairim féin. 

Nár laga a gCé iad na daoine sin a bhaineann gáire as daoine eile!  

Thursday, February 14, 2013

Lá Fhéile Vailintín


Ó tharla gurb é inniu an lá atá inniu ann, a léitheoir, chinn mé go dtabharfainn bláthanna duit:
Bain sult as an lá, agus, mar aon le chuile lá eile beo, tá súil agam go bhfuil grá agat le roinnt le duine éigin, agus grá aige/aici/acusan le roinnt leat féin.

Tháinig mé ar sheacláid na suirí sin thuas i siopa áitiúil inné, agus cheannaigh mé ceann acu don Gharraíodóir – tá faobhar ar a fhiacla chun na milseán, an dtuigeann sibh. Sea, tá sweet tooth aige, agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar fhear an tí ar an lá-seo-mór-le-rá-i-saol-na-mban, más fíor.

Tuilleadh eolais faoi sheacláidí baile as Inis Eoghain le léamh anseo, agus tuilleadh faoi Feabhra na bhFéilte ‘s na bhFeiseanna le léamh ó Róislín anseo. Giota ó Scott le léamh thall ar Meon Eile, freisin.  

Wednesday, February 6, 2013

Comórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach


Is gearr go mbeidh mé ag bualadh bóthair, agus ar mo bhealach chuig an gComórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach, áit a mbeidh mo chomhchumadóir, Seoirse Ó Dochartaigh, ag casadh ár n-amhrán ag an ócáid, sa Seven Oaks Hotel, i gCeartharlach, ag tosú amárach, Déardaoin, 7 Feabhra, 7:30i.n;  ticéid le fáil anseo.

Fuair mé ord reatha na n-amhrán ó Emma Uí Bhroin, stiúrthóir na féile, ag tús na seachtaine agus is iontach go deo an comhluadar a bheidh romhainn, agus i gcomórtas linn.

I measc na gcumadóirí is na gceoltóirí beidh Damien Mac Gabhann, trí amhrán uaidh - Deirdre Ní Chinnéide/Guy Fitzgerald/Acabella á gcasadh; Áine Ní Bhrollaigh; Marie O’Reilly; Meadh Ní Bheaglaioch (a bhuaigh anuraidh)/Eilín Ní Bheaglaíoch; Shane Ó Fearghail/Róisín Ní Bhriain; Aideen McBride & David Sheehan/Nell Ní Chróinín; Julie Field/Breda Larkin/Joanne Collins; Jó Mag Fhearadhaigh & Caren Ní Mhocháin/Scoil Chríost Rí Abú; The Dirty 9’s; Daniel Kelleher; Muireann Ní Chonnláin; Michael McKenna/Orla McGourty; Enda Reilly; Pádraigín Caesar & Eddie Sheehan; Paula Ryan; Conor O’Reilly/Méav Ní Mhaolchatha; Eugene Peelo & Breandán de Róiste/Caifé Céilí.

Daithí Ó Sé a bheidh ina láithreoir ar an oíche agus sé Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil. Más fíor an méid a léigh mé ar shuíomh Ghael Linn thall ar Facebook, siad Seán Ó Sé, Traic Ó Braonáin agus Colm Mac Séalaigh a bheidh ar an bpainéal moltóireachta.

Cé gur dóigh liom nach ndéanfadh aon duine dearmad orthu, tá buíochas tuillte ag coistí na féile náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus ag oibrithe an óstáin – tá siad uilig iontach cuidiúil ar fad. Cibé duine a thabharfaidh amhrán na hÉireann leo go dtí an Fhéile Idirnáisiúnta i Mí Aibreáin, beidh an-chraic go deo againn uilig i gCeatharlach san oíche amárach, mar thoradh ar obair na ndaoine dúthrachtacha sin. Nár laga a gCé a gcumas!

Má bhíonn aon duine agaibh ann, a léitheoirí, cuirigí sibh féin in aithne dom. Tá cuid agaibh nár casadh orm fós…

Thursday, January 31, 2013

Oíche na Féile Bríde


Mar a scríobh mé arú anuraidh, a léitheoirí, anocht Oíche na Féile Bríde.

Níl anseo uaimse ach meam beag, le cur i gcuimhne daoibh, más rud é go bhfuil sibh ag iarraidh Bratach Bhríde a bheith agaibh i mbliana, go gcaithfidh sibh bhur mbratach, (píosa d’éadach bán) a ullmhú inniu, sa chaoi go mbeidh sí réidh agaibh in am, len í a chrochadh taobh amuigh den doras anocht. 

Ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ahem, sí an bhratach, chan aon Bhríd, atá le crochadh, an dtuigeann sibh.  

Beidh oraibh bheith in bhur suí roimh éirí na gréine ar maidin amárach, le go mbeidh drúcht na maidine agus, deirtear, na ‘powers of healing and protection..’ fós ar an mbrat. 

Deirtear, freisin, go mairfidh draíocht an drúchta ar feadh na bliana, ach Bratach Bhríde a choinneáil slán sábháilte in áit éigin sa teach.

Go n-éirí go geal le bhur mochéirí! 

Sunday, December 16, 2012

Spiorad na Féile


Seo chugainn arís é, am sosa ‘gus scíthe,
tráth ómóis na gcomharsan dá chéile,
cion agus cúram ag corraí i gcroíthe,
le ceiliúradh cuimhne ‘gus féile.

Tá amhráin á gcasadh faoi shíocháin, faoi ghrá,
roinneann pobal go carthanach croíúil,
bíonn cineáltas daonna ag méadú gach lá,
daoine a’ bronnadh ‘s’ag deonú go gnaíúil.

Tá áthas na bpáistí le brath ina spraoi,
a ngliondar ag borradh le dúil,
aoibhneas a n-óige ag soilsiú gach slí,
mar a dhéanann a soineantacht dúinn.

Tagann muintir abhaile, is cuairteoir chun tí,
déantar comhrá le strainséir go gaolmhar,
bíonn dea-thoil á fearadh sna fáiltí go maoth,
‘gus bíonn lámha á gcroitheadh go bríomhar.

Seo chugaibh mo bheannacht don domhan mór trí chéile,
is cuma cén creideamh, cén claon,
go maire an fhlaithiúlacht agus an fhéile,
mar a bhíonn siad an t-am seo den bhliain.  

Tuesday, May 22, 2012

Caife Machnaimh


Arú inné, anseo in Inis Eoghain, bhí maidin caife ag bean ar m’aithne. Le bliain anuas, tar éis di radaiteiripe a fháil i gcoinne ailse bhrollaigh i nGaillimh, tá níos mó ná oíche amháin caite aici in Inis Aoibhinn, áras lóistín atá lámh leis an ospidéal ansin.

Dar léi, tá sise, agus daoine eile atá i ngleic le hailse, in ann an turas a dhéanamh, ón taobh seo tíre go Gaillimh, i mionbhus a ceannaíodh as deontais a tugadh go flaithiúil i siopa carthanachta i Leitir Ceanainn, áit a ndíoltar éadaí srl., chun an bus a choinneáil ar an mbóthar.

Tá seisear tiománaithe acu don mhionbhus, daoine a dhéanann an tiomáint go deonach, a dúirt sí liom. Tá bus níos mó ag teastáil anois, mar sin cuir scairt orthu, nó glaoigh isteach, más feidir leat cuidiú leo, a léitheoir. Tá siad lonnaithe ar Bhóthar an Chalafoirt i láthair na huaire.

Is ar mhaithe le hInis Aoibhinn a bhí mo chara ag bailiú airgid Dé Domhnaigh.  Is áit í Inis Aoibhinn inar féidir le hothair fanacht, saor in aisce, bricfeasta agus dinnéar a fháil ann, saor in aisce, dóibh féin agus dá gcompánach, más gá; gan an turas fada abhaile a tharraingt orthu féin, go mbeidh siad láidir go leor, tar éis an radaiteiripe a fháil. Mar a scríobh bean amháin ar shuíomh idirlín sin Inis Aoibhinn:

‘When I think back to Inis Aoibhinn, I remember it not as the place I was when I was sick; but the place where I began to get well.’

Nuair a shroich mé teach mo chara don mhaidin caife, bhí an áit plódaithe le daoine – balúin bhándearga ar fud na háite, cácaí agus borróga bándearga, a tugadh go deonach, ina gcéadta ann; fir agus mná ag comhrá agus ag gáire go croíúil; mo chara agus a beirt iníonacha ag líonadh cupán le tae agus le caife; an bosca síntiús ag an doras, le go mbeadh muid in ann deontas a fhágáil, dá mba mhian linn. Ba mhian. Bailíodh €2000.

Ritheann sé liom, go minic, go bhfuil an tír seo bun os cionn mar gheall ar dhaoine a chaith airgead na tíre gan cheart gan chúram, ach go bhfuil an t-ádh linn in Éirinn, mar go bhfuil daoine sa tír seo le croíthe móra fiala, daoine a thabharfaidh cúnamh agus airgead go flaithiúil; pobal a thuigeann go bhfuil gá le carthanacht, flaithiúlacht agus féile, go háirithe in am an ghátair. 

Mo chuimhne, a léitheoirí, ná déanaigí dearmad ar an dáta seo, le bhur dtoil.  

Tuesday, February 1, 2011

Lá Fhéile Bríde

"Crios Bhríde mo chrios
Crios na gceithre cros
An té a thiocfas trí mo chrios
Go mba seacht fearr a bheas sé bliain ó inniu."

Sin thuas rím a chuala mé ón Dómhnallach aréir, agus mé á ceistiú faoin bhféile seo. Tháinig mé ar leagan níos faide den phaidir/bheannacht/rím anseo, in alt faoin teideal ‘Brigit as Healer’.

'Crios, Crios Bríde mo chrios,
Crios na gceithre gcros;
Muire a chuaigh ann,
Agus Bríd a tháinig as;
Más fearr sibh inniu,
Go mba seacht fearr a bheas sibh
Bliain ó inniu.'


Is léir go gceaptaí go raibh cumas an leigheasóra ag Naomh Bríd, agus bhí sé de nós ag daoine fadó crios, le ceithre chros snaidhmthe tríd, a dhéanamh - an crios déanta as tuí, agus na crosa déanta as broibh -  agus théití thart leis an gcrios, chuig na tithe áitiúla, le muintir an teaghlaigh a bheannú leis an gcrios, agus leis an bpaidir.

Ansin, deirtí an rím thuasluaite, rud a choinneodh an duine sin sábháilte ó olc i rith na bliana, is dócha - nó, mar a deirtear san alt sin ‘Brigit as Healer’, ‘men and women would step through it three times, kissing it and stepping through it right foot first, as a symbolic act of rebirth in order to ensure health and protection for the year ahead.’

Go mba hé daoibh, a léitheoirí!

Tuilleadh faoin bhféile ag Proinsias anseo, giota faoi Naomh Bríd í féin, ag Dennis anseo, agus tuilleadh eolais ó Róislín anseo.

Monday, January 31, 2011

Oíche na Féile Bríde

Cuirfidh mé Bratach Bhríde amach roimh dhul a luí. Deireadh na seandaoine, dá gcroithfí é in am an ghátair go gcoinneodh sé slán ón chontúirt is ón urchóid thú.’

Sin mar a scríobh Proinsias ar a bhlag anuraidh, agus bhí dearmad glan déanta agam féin den bhrat, go dtí go bhfuair mé glaoch, inniu, ó Bhean an tSléibhe, len é a chur i gcuimhne dom.

Chuaigh mé ag útamáil liom ar an idirlíon, le go bhfeicfinn cén scéal atá taobh thiar den nós seo, agus tháinig mé ar an méid seo, ón leabhar Gnás na Féile Bríde, le Sean Ó Duinn,

Seo nós a bhíodh ag na seandaoine fadó. Nuair a bhíodh Féile naomh Bríd ann do théadh fear an tí amach san oíche agus d' fhaigheadh sé punann choirce agus d' fhágadh sé ar leac an dorais í. 'Sé an fath a dhéantaí é sin na nuair a thagadh Naomh Bríd chuig an doras an oíche sin agus nuair a fheiceadh sí an phunann go gcuireadh sí rath ar an gcoirce sin an bhliain sin (IFC 902; 108; Seán Ó Conaire, Druid Snámh, Mám, Contae na Gaillimhe, Narrator; Cait Ni Chonaire, Scribe).’

Aisteach go leor, labhair mé le duine nó dhó as Conamara anocht, agus níl cuimhne acusan go mbíodh a leithéid á dhéanamh, ach is léir gur nós é ‘Bratach Bhríde’ a bhaineann leis an taobh seo tíre, Dún na nGall, pé scéal é. Scríobhann an t-údar,

‘What is expressed here, is a belief fundamental to the cult of Brigid in Ireland - the belief that Brigid returns from the Otherworld on this night, that she visits the houses of those who venerate her, and that she bestows her blessing on various objects placed outside the door, notably Brat Bhríde - a piece of cloth called 'St Brigid's Cloak' used for cures and protection.

These objects, placed outside the door on St Brigid's Eve, acquire special powers because Brigid has touched them...’

Só, sin agaibh é, a léitheoirí. Téigí anois agus faighigí píosa d’éadach bán, agus. crochaigí taobh amuigh den doras anocht é. Ón méid atá léite agam
anseo, beidh oraibh bheith in bhur suí roimh éirí na gréine ar maidin amárach, le go mbeidh drúcht na maidine, agus dá bhrí sin, is dócha, na
powers of healing and protection..’ fós ar an mbrat.

Mairfidh draíocht an drúchta ar feadh na bliana, deirtear, ach an brat a choinneáil slán sábháilte in áit éigin sa teach, le go mbeidh fáil agaibh air ‘in am an ghátair’.

Go n-éirí sibh, agus go n-éirí libh!