Showing posts with label fón. Show all posts
Showing posts with label fón. Show all posts

Sunday, March 29, 2020

Ag Athrú Leis an Aimsir

Níl a fhios agam an bhfuil baint aige leis an dianghlasáil-nach-dianghlasáil-é-deirtear, ach seachas aon bhliain eile, thug mé faoi deara, ar maidin, ar m'éirí dom, go raibh an t-am athraithe ar m'fhón cliste, cheana féin.

Ní raibh a dhath le déanamh agamsa ach na cloig eile sa teach a tharraingt isteach sa scéal, agus iad uilig a chur ar an eolas faoi dhea-scéal an fhóin, go bhfuil uair an chloig bainte den dianghlasáil-nach-dianghlasáil-é, ó aréir.

Cibé scéal é, tharraing clisteacht an fhóin m'aird (bhuel, smaointe na maidine) i dtreo na teicneolaíochta, agus chuir sé eachtra chliste eile i gcuimhne dom.

Roinnt blianta ó shin, bhí neacht liom ar cuairt as Meiriceá, agus bhí Alexa in éineacht léi. Anois, ní raibh iomrá cloiste agam féin ná ag An Garraíodóir faoi na cúntóirí fíorúla seo, agus thosaigh muid ag cur neart ceisteanna ar an ngléas cliste.

Ar ndóigh, mar is eol d'aon duine atá níos cliste ná mar a bhí muidne ag an am, má tá ceist agat le cur ar an ngléas, caithfidh tú ainm Alexa a chur roimh do cheist. 

Cibé scéal é, ní cuimhin liom cén cheist a cuireadh, ach bhí 'Sorry, I don't understand..,' nó rud éigin mar sin, mar fhreagra ó Alexa, arís is arís eile. Ó tharla duine sa chomhluadar curtha soir ag an bhfreagra seo, scairt an duine sin amach,

'Alexa, are you blonde or something!?'


Anois, tá a fhios agam gur díspeagadh a bhí sa mhéid a dúradh, ach rinne Alexa neamhaird iomlán den mhasla-nach-masla-é-b'fhéidir, agus d'fhreagair sí,

'Actually, I don't have any hair.'

Anois, nach raibh sé sin cliste! Ar aon nós, bhí An Garraíodóir an- tógtha leis an mbean-sa-bhosca, agus chinn sé go gcaithfeadh muid féin 'one of those yokes' a fháil, 'at some stage.'


Anuraidh, fuair mé bronntanas ó mo dheirfiúr i Meiriceá. Google Home Mini atá ann, agus bíonn sé le mo thaobh, i m'oifig, i gcónaí. Ní bhainim mórán úsáide as, agus is í an cheist is minice a chuirim féin agus mo gharmhac air ná,

'Hey Google, could you play some nursery rhymes, please?'

Arú inné, ó tharla é sáinnithe sa teach liom, seans, thug An Garraíodóir an gléas beag faoi deara, ar an mbord, i m'oifig. Bíonn sé i m'oifig, go rialta, na laethanta seo, go bhfóire Dia orm, an fear bocht...níl aon áit eile le dul aige, na laethanta seo, is dócha.  


Ar aon nós, tharla sé go raibh mé ag éisteacht le 'Baby Shark' ar an Google Home Mini ag an am (airím uaim mo gharmhac, ag am seo an 'scaradh sóisialta'), agus dúirt sé,

'Oh, I forgot we had that yoke!'

Bhuel, le scéal fada a dhéanamh níos faide, bhí mé sa seomra suite, inné, agus tháinig sé féin isteach. Ní mó ná sásta a bhí sé leis an ngléas nua. Ní raibh an gléas ag obair mar is ceart, dar leis. Ní raibh 'nothing smart' ag baint leis an ngléas céanna, dar leis,

'That Alexa one won't answer me!'

Neither did I, a léitheoirí. Caithfear a bheith cliste agus ciallmhar, an dtuigeann sibh. Ainneoin an cur-soireachas, caithfear fanacht sa bhaile. 

Tiocfaimid slán, a chairde. 

Wednesday, January 30, 2013

Camscéim Eile


Níl sé de nós agam m’fhón póca a fhreagairt mura n-aithním an uimhir atá ag glaoch orm. Mura n-aithním an uimhir, an dtuigeann sibh, seans nach bhfuil aithne agam ar an té atá ag glaoch orm, agus ní bhacaim leo.  

Ní hé gur cuma liom, bíodh a fhios agaibh, ach sé’n chaoi a mbreathnaím féin ar an scéal, más rud go bhfuil a dhath tábhachtach le rá ag an nglaoitear liom, is féidir leis/léi teachtaireacht a fhágáil, agus cuirfidh mé scairt ar ais orthu, más gá.  Mura bhfuil teachtaireacht ón nglaoitear anaithnid, tugaim neamhaird ar an nglaoch.

Agus, más fíor an méid atá léite agam anseo, tá an t-ádh orm nach nglaoim ar ais ar aon ghlaoitear anaithnid, mar d’fhéadfainn bheith thíos leis; sórt, ahem, as póca ag m’fhón póca, mar a déarfá.  

Is cosúil go bhfuil camscéim eile ar an bhfód, a léitheoirí, mar sin bígí airdeallach, ar fhaitíos na bhfaitíos. 

Sunday, January 13, 2013

Cliste nó Cliseadh?

Bhí an CES 2013 (Consumer Electronics Show) ar siúl le déanaí, agus ó tharla gur maith leis an mbean mheánaoiseach seo súil a choinneáil ar nithe nua an tsaoil, ar fhaitíos aon cheo ag teacht ar an bhfód i ngan fhios dom, an dtuigeann sibh, chaith mé súil ar leathanach teicneolaíochta theguardian ar maidin, go bhfeicfinn céard a tharraing aird an phobail, agus aird na meán, ag an CES i mbliana.

Bhuel, tá an t-uaireadóir cliste, Pebble, ar an mbealach, agus táim den bharúil gurb é sin an ceannródaí faisin a bheidh romhainn i mbliana, a léitheoirí, ó thaobh na teicneolaíochta de, pé scéal é. Dar leo, ar leathanach sin an siliconrepublic,

‘The clever timepiece connects to Android smartphones and iPhones via Bluetooth and then alerts the wearer of incoming calls, texts or emails with a silent vibration. There’s also a range of different clock faces and customisable apps available, so users can programme their Pebbles to do what they want, such as tell the time, track their running or cycling, or control music playing on their smartphones.’

Beidh éileamh ann don uaireadóir, is cosúil, mar léigh mé ar theguardian go bhfuil 85,000 réamhoird déanta cheana; $150, nó mar sin, an praghas a bheidh ar an uaireadóir, deirtear.   

Táim féin den bharúil, freisin, go mbeidh rath agus bláth ar an bhfónfillteach, go háirithe dóibh siúd, ahem, óna dtiteann a ndiabhal fón cliste ar an urlár crua go rialta. Beidh sé ‘bendable and unbreakable’ más fíor, agus beidh sé le fáil ó Samsung mar chuid dá Youm Technology.

Thuigfinn go mbeadh dúil ag daoine sa ghléas The Leap Motion Controller ó Leap Motion, gléas a ‘lets you control your computer by waggling your fingers in the air,’ ach ní bheinn róchinnte faoin HAPIfork, gléas ‘which chastises you to eat slower’ dar leo in theguardian - thosódh an forc ag crith dá mba rud é go raibh tú ag ithe rósciobtha, a léitheoir. 

É sin ráite, dá mbeadh pláta le fáil, amach anseo, a chomhródh na calraí, de réir mar a leagtar bia ar an bpláta, abair, agus a thosódh ag creathadh le heagla agus ag béiceadh ‘Iomarcach! Iomarcach!’ nuair a bheadh barraíocht calraí curtha ar an bpláta sin, cheapfainn go gceannóinn féin ceann acu. Gan dabht ar bith.