Showing posts with label amhras. Show all posts
Showing posts with label amhras. Show all posts

Saturday, July 11, 2015

An Fhírinne Ghlan?


 Deacair é a fheiceáil...

 ...ach tá sé ann.

 Deacair é a fheiceáil...

 ...ach tá sé ann. 

 Deacair é a fheiceáil...

...ach tá sé ann. 

Ó am go chéile, nuair a chloisim 'Let's be clear about this...' ag teacht as béal pholaiteora, tosaíonn mo Phota Amhrais ag blub-blubbáil, agus tosaím ag Hmmm'áil, mar go mothaím, ar an bpointe, bíodh mé ceart nó mícheart, nach soiléir, ar chor ar bith, a bheas a chuid raiméise cainte.

Ar ndóigh, ní hé sin le rá nach bhfuil an fhírinne áit éigin sa méid atá á rá aige ach, go minic, bíonn sé deacair í a aimsiú! 

Seanfhocail, faoi 'Fírinne', ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Ní chreidtear an fhírinne ó fhear déanta na mbréag.

Níor thacht an fhírinne fear riamh. 

Ná tabhair do bhreith ar an gcéad scéal. 

Ní bhíonn an cath mar an scéal. 

Ritheann an bhréag ach fanann an fhírinne. 

Tuesday, June 2, 2015

Smaointe Ag Rith

Tharla sé gur chaill mé codladh na hoíche, aréir, a léitheoirí. Ní go rómhinic a tharlaíonn sé, go deimhin, ach, nuair a tharlaíonn, líontar folús mo dhúiseachta le cuimhní cinn, agus tosaíonn smaointe ag rith isteach i mo chloigeann; go dtí nach mbíonn áit sa chloigeann céanna do chodladh na hoíche, is dócha. Sin é an baol.

Pé scéal é, ceann de na cuimhní a tháinig chugam aréir ná an scéal a chuala mé, blianta fada ó shin, ó lánúin a chaill codladh na hoíche iad féin, nuair a tháinig duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, in am marbh na hoíche. Ghlac siad leis gur duine óltach a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba. 

Ní dea-scéal toradh an scéil sin, ach sin scéal eile, nach bhfuil fúm é a roinnt anseo.

Is dóigh liom gurb é an fáth gur tháinig an scéal sin chun cuimhne ná mar gheall ar scéilín eile a insíodh dom, le déanaí. Lánúin eile, lánúin i bhfad níos óige, a bhí i mbun inste an geábh seo. Dúisíodh iad, i lár na hoíche, níl sé i bhfad ó shin, nuair a chuala siad duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, ach ghlac siad leis gur scam de shaghas éigin a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba.

Rith sé liom, aréir, nach bhfuil an saol ag athrú, ar chor ar bith, fiú má mhaítear go bhfuil. Táimid uilig éagsúil, mar is iondúil; cuid againn inár ‘is cuma liom’aithe, agus cuid againn inár ‘ní bhaineann sé liom’aithe, agus níl a fhios ag aon duine againn, go cinnte, cén toradh a bheas ar aird, ná ar neamhaird. Sin é an saol, agus nach é an mac baolach é, gan amhras dá laghad.

An méid sin ráite, b’fhéidir go mba chóir dúinn amhras a bheith orainn faoina leithéidí. Deacair a rá. D’fhéadfá codladh na hoíche a chailleadh…

Wednesday, July 24, 2013

Cinnteacht nó Amhras

Is é scéal an chait...
...an scéal nach mbeidh amuigh.

An seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht. Thóg mé na grianghraif ar maidin, le, ahem, caoinchead ó Shióg s'againne

Na seanfhocail seo a leanas, ón leabhar céanna, faoin gceannteideal Cinnteacht:

Ní chreideann an tsúil ach an rud a fheiceas sí. 

Fásann níos mó sa ngarraí ná a chuirtear ann. 

Fearr a bheith cinnte ná caillte. 

Bí ceart sula mbí tú dearfa. 

Ná déan dóigh de do bharúil.

Ní den chríonnacht an chinnteacht. 

Agus, faoin gceannteideal Aimhreas, tá na seanfhocail seo:

Ní mar a shíltear a bhítear. 

Is iomaí caoi a léimeas an cat. 

Thursday, September 6, 2012

Fírinne nó Fógraíocht?


D’fhreastail mé ar chúrsa Scileanna Teilifíse roinnt blianta ó shin, agus d’fhoghlaim mé go leor faoin earnáil sin, rud a fhágann go bhfuil tuiscint mhaith agam ar na bealaí éagsúla inar féidir le heagarthóireacht scéal a... inar féidir le heagarthóireacht scéal a mhúnlú, deirimid.

Dá bhrí sin, níor chuir sé iontas ar bith orm nuair a léigh mé faoin eachtra seo in alt dar teideal  ‘Nokia's new PureView ad is amazing, too bad it's faked.’ - b’fhiú daoibh breathnú ar an dara físeán ar an suíomh sin, a léitheoirí, an ceann ón The Verge iad féin, go bhfeice sibh an, ahem, botún sceitheach.

Dar le Nokia, ‘we should have posted a disclaimer stating this was a representation of OIS only,’ agus seans go ndéarfadh an duine ciniciúil, ‘Well, they would say that, wouldn’t they!’

Mise? Bhuel, le blianta fada, táimse ag éisteacht le ‘78% of women agree’ ar fhógra teilifíse, ach ag léamh ‘78% of 101 women asked agree’ scríofa sa chlásal séanta beag bídeach ar an scáileán;  ag léamh ‘You too can have hair like this’ ar fhógra irise do ‘Volume Hair Shampoo’, ach ag léamh ‘Hair extensions have been added for effect’ ar an gclásal séanta beag bídeach i gcúinne an leathanaigh, mar shampla.

Seans go bhfuil an lucht fógraíochta ag brath ar ‘inattentional blindness’ an lucht éisteachta agus léitheoireachta, ag súil nach dtabharfaidh siad na nithe folaithe faoi deara, abair; rud nár tharla i gcás Nokia, is cosúil – an geábh seo.

Agus, más rud go bhfuil uait fáil amach an bhfuil ‘inattentional blindness’ agat féin, a léitheoir, b’fhiú duit tabhairt faoi cheist na, ahem, liathróidí ar an suíomh seo - is gearr uait do fhreagra.  

Wednesday, September 21, 2011

Nod Don Aineolach

Ceann de na nithe a thaitníonn liom faoin saol ná go bhfuilim aineolach ar go leor rudaí. Ní drochrud é sin, ceapaim, mar go dtugann sé deis dom neart a fhoghlaim. Sin mo bharúil, pé scéal é.

Is léir nach bhfuilim i m’aonar, muise. Tá saineolaithe iad féin de shíor ag foghlaim, is cosúil. Déardaoin seo caite, tháinig réalteolaithe ar phláinéad neamhchoitianta a fhithisíonn dhá réalta agus, de réir mar a léim, ní raibh ansin ach tús an scéil, mar, an tseachtain chéanna, d’éirigh le lucht taighde theacht ar ‘74 previously unknown exoplanets’.

San India, tháinig saineolaithe ar chineálacha nua froganna, dhá chineál nua déag, le bheith beacht – ceann acu an ‘meowing night frog, whose croak sounds more like a cat's call’, creid é nó ná creid.

Maidir le vacsaíniú, níl a fhios agam an é amhras nó aineolas is cúis leis an imní, ach tá ceisteanna fós le freagairt, shílfeá, agus go leor fós le foghlaim.