Maíteach:
boastful, begrudging, envious.
Giolcaire: Duine a bheadh ag giolcadh nó ag
cabaireacht
Cabaireacht:
babbling, chin-wagging, loquacity.
Gnúiséara: Duine milleánach doshásta.
Milleánach:
fault finding. Doshásta: hard to
please.
Mo bhuíochas don leabhar Cén Sórt É, le Tomás Ó Fiacháin, as na hainmneacha sin thuas a chur ar fáil dom.
Agus iad á roinnt agam libh
anseo, a léitheoirí, ní hé sin le rá go gceapaim go bhfuil baint acu le daoine a scríobhann ar Blogger, ar Twitter ná ar Facebook, ach
chonaic mé iad agus, bhuel, cheap mé gurbh fhiú iad a roinnt, gan fáth gan
ábhar.
Ar an, ahem, ábhar sin, cuireann
sé iontas orm, go minic, na nithe a roinneann daoine ar shuíomhanna meán
sóisialta. Léigh mé alt san Indo inné agus,
más fíor, thug duine amháin ‘f***ing c***’ ar dhuine eile, agus bhagair an
duine eile sin, más fíor, agra i leith clúmhillte a dhéanamh i gcoinne na mná a
scríobh na focail dhána faoi ar Twitter.
Anois, níl mise ag dul ag cur mo ladar i scéal nach mbaineann liom, ar fhaitíos na bhfaitíos, an dtuigeann sibh,
ach rith an smaoineamh liom go mbeadh sé an-deacair clúmhilleadh a chruthú
mura mbeadh duine iomlán cinnte céard is ‘f***ing c***’ ann.
Roinnfinn an míniú libh anseo, a
léitheoirí, ach níor éirigh liom é a aimsiú sa leabhar Cén Sórt É?