Ní aon
ionadh, arsa mé féin liom féin ar maidin, go bhfuil an tír sa phraiseach ina
bhfuil sí, más rud go bhfuilimid ag brath ar na bainc le muid a choinneáil ar
an mbóthar ceart.
Le bheith
féaráilte, bhí an ceart ag an mbanc mo chárta creidmheasa a chealú arú inné -
bhí cleasaí áit éigin ag iarraidh mí-úsáid a bhaint as, i ngan fhios dom, an
dtuigeann sibh. Is maith ann an tseirbhís a thugann ‘unusual activity’ ar
chárta creidmheasa faoi deara in am, agus nach ligean leis, ar mhaithe leis an
gcustaiméir. Ach, agus seo fáth mo rachta inniu, chealaigh an banc an cárta i
ngan fhios domsa, freisin.
Cuireadh
stop le mo chárta uair amháin eile, díreach sula ndeachaigh mé ar laethanta
saoire, anuraidh, ach thug mé an ‘stop’ sin faoi deara in am le cárta nua a
fháil – náire an domhain orm i siopa áitiúil nuair nár oibrigh an cárta
dom! Pé scéal é, rinne mé gearán leis an
mbanc an lá sin, ní mar gheall gur cuireadh stop leis an gcárta, (unusual
activity, arís eile) ach mar gheall nár chuir siad mise ar an eolas faoin stop.
Thóg siad m’uimhir fón póca an t-am sin, agus gealladh dom go bhfaighinn téacs,
dá dtarlódh aon unusual activity arís, le deis a thabhairt dom an cás a phlé
leo, nó cárta nua a fháil uathu, an dtuigeann sibh.
Ar maidin, ar an bhfón, rinne
mé iarracht ar tháirge a íoc le mo chárta creidmheasa, agus bhí
mé náirithe, arís eile, nuair nach n-oibreodh an cárta dom. Chuir mé scairt ar
an mbanc. Leathuair i ndiaidh dom tús a chur le mo ghlaoch, gach duine acu do mo
chur ó rannóg amháin go rannóg eile, fuair mé amach, ó dhuine den fraud squad,
gur cuireadh stop leis an gcárta arú inné, mar gheall ar unusual activity a
tugadh faoi deara. Chuaigh an comhrá rud éigin mar a leanas:
Mise: I
have no problem with the fact that you put a stop on the card, due to the
unusual activity that was detected. It is a brilliant service, and I appreciate
that you managed to stop the illegal transaction, but why wasn’t I informed?
Banc: We
did contact you.
Mise: When?
Banc: We sent you a text message at 4.49pm on the 17th.
Mise: I’m just looking through my phone inbox here,
and I received no text from you on that date.
What number did you send it to?
Banc: 086-XXXXXXX. Isn’t that your mobile number?
Mise: Yes, it is. Where are you based?
Banc: We’re based in the UK.
Mise: You need an international code before my number
then, you know?
Banc: I know that.
Mise: I’m
not suggesting that you don’t, but you need to use the correct code, in order
for me to get the text...
Ní bhfuair
mise aon téacs. Banc mór idirnáisiúnta, a léitheoirí. Osna, agus osna eile uaim…