Showing posts with label stát. Show all posts
Showing posts with label stát. Show all posts

Thursday, March 13, 2014

Trust Ag Teitheadh

Blianta ó shin, bhí mé cláraithe le suíomh idirlín, suíomh a bhain le poist a bhíodh le fáil sa seirbhís phoiblí, más buan mo chuimhne, agus gheobhainn ríomhphost ón láithreán gréasáin sin dá mbeadh post nua ar fáil. 

Dá mbeadh suim agam sa phost, d'fhéadfainn brú ar an gcnaipe cuí ar an scáileán, an fhoirm chuí a líonadh isteach, ar líne (réamh-iarratas...liosta ceisteanna...freagraí le ticeáil) agus í a sheoladh chuig an eagraíocht ar leo an suíomh, eagraíocht a dhéanfadh anailís láithreach ar mo réamh-iarratas, ba chosúil. Rud éigin mar sin. Tagann fial le haois, an dtuigeann sibh. 

Ar aon nós, sí mo chuimhne ná go mbrúfainn an cnaipe 'Send' agus, i gcónaí, gheobhainn teachtaireacht ar ais a déarfadh nach raibh mé feiliúnach don phost; nó, b'fhéidir go ndúradh nach raibh an post feiliúnach domsa - ní cuimhin liom - ach, pé scéal é, níor éirigh liom, riamh, dhul níos faide ná an réamh-iarratas sin.

Pé scéal é, tharla sé go raibh grúpa ban óga éirimiúla ina suí sa chistin liom lá amháin, agus bhí mé ag insint dóibh nach raibh ag éirí liom sna réamhiarratais. Arsa duine acu,

'You're probably being too honest in your replies?'

Bhuel, a léitheoirí, baineadh siar asam, caithfidh mé a rá. Ach, de réir cosúlachta, b'fhearr 'Yes' a thiceáil, fiú dá mba 'No' m'fhreagra ionraic, dá mba rud é go raibh uaim bogadh ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile. Bíodh sé sin fíor nó ná bíodh, ní dheachaigh mé i muinín na teicneolaíochta sin a thuilleadh. Sin mise. Fuair mé post as mo stuaim féin. 

Ar maidin, bhí me ag léamh faoin gcraic seo, agus faoin gcraic seo, agus faoin gcraic seo. Táim i mo shuí ag an mbord sa chistin, agus tá mo thrust ag teitheadh...arís is arís is arís eile.  

Sunday, October 7, 2012

Pocpholaitíocht


B’fhéidir go bhfuilim tinn tuirseach ag éisteacht leo uilig, a léitheoirí, ach cuirim an cheist orm féin, ó am go chéile - go háirithe le seachtain anuas agus na focail ‘stroke politics’ á chloisteáil agus á léamh agam go rialta – meas tú an bhfuil aon pholaiteoir sa tír seo atá ag obair ar mhaithe leis an tír amháin, agus ní ar mhaithe leo féin nó ar mhaithe lena bpáirtí?

Níl ann, an dtuigeann sibh, ach go bhfuilim ag teacht ar an tuairim gurb éard atá uainn sa tír seo, le go dtiocfaimid slán sábháilte as an bpraiseach ina bhfuilimid, ná go mbeidh daoine sa Dáil againn a thabharfaidh tús áite do thodhchaí na tíre, agus ní dá dtodhchaí féin.

Wednesday, July 25, 2012

Focail Féilire


Beirt ar aon intinn, sin cairdeas.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla, thíos, ón bhfear seo, Mencius,

‘Friendship is one mind in two bodies.’

Ar ndóigh, d’fhéadfadh beirt bheith ar aon intinn, agus an cairdeas sin a bheith contúirteach, ach sin scéal eile.

Chonaic mé athfhriotal eile ó Mencius ar an suíomh seo,

‘Truth uttered before its time is always dangerous.’

Go deimhin, is iomaí duine nach bhfuil ag iarraidh an fhírinne a chloisteáil, is cuma cén uair a thugtar í. An binn béal ina thost?

Thar na blianta, bhí, agus tá fós, ar fud an domhain, daoine ar an eolas faoi dhrochobair agus dhrochíde a bhí, agus atá, ag tarlú timpeall orthu. Níor labhair siad amach, agus ní labhraíonn siad amach; ar bhun cairdis, nó mar gheall go bhfuil faitíos orthu, b’fhéidir, roimh eaglais, roimh stát, nó roimh phobal.


‘All that is necessary for the triumph of evil is that good men do nothing.’

Go dtugtar neart agus fuinneamh d’fhocail agus do ghníomhartha an dea-dhuine. 

Wednesday, April 6, 2011

Is Toil

Fadó, ahem, nuair a phós mise, mar shampla, dá mba rud é gur mhian le duine a shaol a chaitheamh ina chónaí in éineacht lena pháirtí, nó dá mba mhian le daoine páiste a bheith acu, mar shampla, glacadh leis go mba chóir go mbeadh an lánúin pósta, sula ndéanfaidís a leithéidí.

Ar ndóigh, ní mar sin a tharla i gcónaí, mar is eol dúinn, agus is iomaí duine a d’íoc go daor as, go mothúchánach, nó trí spíonadh intinne, nuair nár lean siad córas coimeádach a n-eaglaisí. Ba chórais iad lenar thacaigh an rialtas, agus ba chórais iad a lean tromlach an phobail. Ní hé sin le rá gur aontaigh chuile dhuine leis na córais a bhí ann ag an am, an dtuigeann sibh, ach ní raibh sé de nós ag daoine dul ina gcoinne, ar fhaitíos na bhfaitíos, is dócha.

Pé scéal é, bhí saoirse de shórt ag fir agus mná, mar go raibh cead acu a rogha duine a phósadh, agus 'Is toil.' a rá dá mba mhian leo, rud a rinne mé féin, tar éis titim i ngrá leis féin. An méid sin ráite, bhí daoine ann, an fear a thit i ngrá le fear, nó an bhean a thit i ngrá le bean, agus ní raibh an tsaoirse, ná an rogha, sin acu. Cé gur ionann an cineál grá a roinn siadsan lena chéile agus an grá a roinn fear le bean, abair, ní ligfeadh an faitíos dóibh labhairt ar a ngrá, gan trácht ar labhairt ar phósadh.

Inné, phós an lánúin Barry Dignam agus Hugh Walsh i mBaile Átha Cliath. Phós said taobh amuigh de chóras na heaglaise, ach taobh istigh de chóras an stáit; córas atá fós sách lochtach, mar nach dtugann sé na cearta céanna dóibhsean agus a bheadh ag lánúin heitrighnéasach, mar shampla.

Anything which is not equality is not equal,’ a dúirt duine acu inné, agus aontaím leis. Nár fada uainn an lá go mbeidh na cearta céanna againn uilig.