Showing posts with label litir. Show all posts
Showing posts with label litir. Show all posts

Wednesday, April 6, 2022

Litreacha

Cheannaigh mé bloc scríbhneoireachta an lá cheana, ceap páipéir A5, ina bhfuil ochtó leathanach línithe; Ruled Writing Pad atá scríofa ar an gclúdach.

Ní raibh bloc scríbhneoireachta sa teach seo le fada, cé go mbínn ag baint úsáide as a leithéidí go rialta, blianta ó shin, sular thosaigh fás rábach na teicneolaíochta. Lena theacht sin, fágadh peannaireacht in áit na leathphingine agus tháinig méarchláir agus ríomhphoist chun cinn. Bhí peann agus pár caite go leataobh.

Ní d’aon turas a stop mé ag scríobh litreacha. De réir mar a bhí na blianta ag dul thart, fuair formhór na ndaoine ar m’aithne ríomhaire nó fón póca, agus seachas litreacha a scríobh, thosaigh siad ag téacsáil nó ag seoladh ríomhphost chugam. Fuair siad freagra uaimse ar an gcaoi chéanna. Bhí ré na peannaireachta thart. Bhí an méarchlár níos sciobtha; níos mire ar go leor bealaí, ach sin scéal eile!

Le scéal gearr a dhéanamh níos faide, rith sé liom ag tús na seachtaine seo go bhfuil daoine fós ann nach mbaineann, nó nach mbainfeadh, úsáid as ríomhairí le ríomhphost a sheoladh; daoine nach mbainfeadh úsáid as fón póca, b’fhéidir, ach amháin le labhairt le duine éigin. An bhfaigheann a leithéidí sin litreacha scríofa níos mó? Thug an smaoineamh sin siar mé ar bhóithrín na smaointe.     

Fadó, fadó, fadó, nuair a bhog mé go Dún na nGall as Conamara, am nach raibh iomrá ar ríomhaire ná ar fhón póca, bhínn ag súil le litreacha rialta a fháil ó mo mhuintir thiar sa mbaile. Bhí mé uaigneach. D’airigh mé uaim iad, go mór. Bhíodh m’athair iontach ag scríobh litreacha, agus scríobh sé chugam, go minic. Bhíodh a chuid litreacha lán le brí, craic agus scéalta; scéalta faoin saol thiar sa mbaile, agus níos déanaí arís, nuair a bhog sé fhéin agus mo mháthair go Meiriceá, scéalta faoin saol thall. Choinnigh mé na litreacha sin. Scríobhadh iad, ina chuid peannaireachta, le grá.

Faraor, níl aon litir faighte agam uaidh, le fada an lá. Fuair sé bás, fiú sula raibh deis ag mo pháistí fhéin aithne a chur air. Nuair a léim na litreacha sin anois, tugann siad sólás dhom. Leagaim mo lámh ar an litir, ar na focla a scríobh seisean lena lámh fhéin. Ag an nóiméad sin, bíonn ceangal agam le m’athair, ceangal nach féidir a fháil ó théacs ná ó ríomhphost.

Tá an bloc scríbhneoireachta ceannaithe. Tá litreacha le scríobh. Tá ceangail de mo chuid fhéin le cruthú agamsa.

*****************

Foilsíodh an scéal seo sa Donegal News an mhí seo caite, san fhorlíonadh Súil Thart. Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh. 

Tuesday, November 26, 2019

An Litir Sin Nár Scríobh Tú Riamh

Roinnt blianta ó shin, scríobh mé blagmhír (féach anseo) faoi chomórtas scríbhneoireachta a bhí eagraithe ag RTÉ1.  Clár John Murray a bhí ann. 

Scríobh mé, an t-am sin, gur dheas an rud é dá mbeadh dán nó dhó as Gaeilge curtha san áireamh. Le scéal gearr a dhéanamh de scéal a d'fhéadfainn, ahem, an iomarca fad a chur leis, thosaigh sibh ag scríobh, agus bhain duine de léitheoirí an bhlag seo, ar scríbhneoir cumasach í, gan dabht ar bith,  an duais don dán is fearr i nGaeilge

Soláthar agus éilimh, a chairde na Gaeilge. 

Anois, níl a fhios agam tada faoi rialacha na bliana seo, nó fiú más ann dóibh don chomórtas atá ar siúl ar chlár Ryan Tubridy ar RTÉ1 i láthair na huaire, The Letter You Never Wrote, (níor chuala mé aon litir i nGaeilge ar chlár na mbuaiteoirí, anuraidh, más buan mo chuimhne) ach, mar sin féin, bheinn féin den bharúil nach mbeadh dochar ar bith ann, a léitheoirí, peann a chur le pár, arís, agus anáil agus aitheantas a thabhairt dár dteanga dhúchasach féin. 

Níl anseo ach smaoineamh, ach más mian leat bheith páirteach, tá a fhios agam gur féidir litir a sheoladh chuig ryan@rte.ie nó chuig An Post Letter Writing Competition, The Ryan Tubridy Show, Donnybrook, Dublin 4. 

Más ríomhphost a sheolfas tú, mholfainn teideal an chomórtais a úsáid go dátheangach, b'fhéidir, ar fhaitíos na bhfaitíos...The Letter You Never Wrote/An Litir Nár Scríobh Tú Riamh. 

Níl ann ach smaoineamh...ach, má tá Daidí na Nollag in ann litreacha i nGaeilge a léamh, bhuel...

Wednesday, November 13, 2013

Daidí na Nollag

An raibh tú go maith, nó an raibh tú dána? An bhfuil bronntanais dheasa uait? 

Bhuel, is féidir leat do litir, nó litreacha na bpáistí, a sheoladh, i nGaeilge, chuig Comhluadar, agus gheobhaidh tusa, agus na páistí, freagra ar ais ó Dhaidí na Nollag - i nGaeilge, freisin! Ón méid a léigh mé anseo, is léir go bhfuil Gaeilge ar a thoil aige. 

Anois, gabh mo leithscéal, ach caithfidh mé imeacht, agus mo litir a scríobh chuige. Bhí mé an-mhaith, an dtuigeann sibh, agus ní raibh mé dána, ar chor ar bith, mar is eol dó...