Showing posts with label fiontar. Show all posts
Showing posts with label fiontar. Show all posts

Wednesday, October 7, 2015

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise

Tá na chéad téarmaí ón mbailiúchán 'Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise' foilsithe anois, anseo, ag tearma.ie.

Is fiú an scéal sin a scaipeadh, i mo thuairim, nó is fiú é a 'athphostáil' nó, b'fhéidir gur fiú é a 'atvuíteáil,' más mian leat.

Is léir go bhfuil an 'blagaisféar' beo beathach ar an 'ardán sóisialta' seo, scéal eile ar fiú é a 'ghreamú' áit éigin, shílfeá, nó d'fhéadfá 'is maith liom' a bhrú ag 'moladh' an dea-scéil, dá mbeadh fonn ort a leithéid a dhéanamh.

Agus, má tharlaíonn 'mearscaipeadh' de thoradh na 'postála' seo, beidh 'leantóirí' go leor ag 'scaidhpeáil' faoin dea-scéal, is dóigh liom.

Ach, más mian leat tús a chur le 'snáithe plé' agus tú ag 'snúpáil' nó ag 'gliúcadh' thart, ná bí i do 'seachantóir meán sóisialta' agus bain sult as an gcraic uilig!


Tuesday, March 27, 2012

Bród Uaireadóirí

Taitníonn táirge agus scéal Jason O’Reilly go mór liom. Is fear é a d’fhág an scoil gan é ach ceithre bliana déag d’aois, agus fear a d’oibrigh go dian ar feadh a shaoil, feictear dom, ón méid atá léite agam, agus ón méid a chuala mé ar chlár Dragons’ Den ar RTÉ, Dé Domhnaigh seo caite (éist ag 38.48).

Nuair a fuair sé é féin gan jab cúpla bliain ó shin, níor ghlac sé le saol an duine dhíomhaoin. Thug sé aghaidh ar an todhchaí, agus threabh sé an t-iomaire a bhí roimhe, fiú le cnoc nó dhó sa bhealach ar an bhfear bocht. Is cosúil go mbeidh, anois, toradh maith ar a chuid oibre.

Scaip an scéal, a léitheoirí, mura miste libh, mar is fiú tacú lena leithéid, i mo thuairim: bronntanas deas do dhuine éigin, agus gan air ach €6.99 - ar ‘ardaigh orm’ gan dabht!    

Sunday, March 25, 2012

Súmairí na Spreacúlachta

Bhí mé ag éisteacht leis an bhfiontraí, Pearse Lyons, ag labhairt ar an gclár The Business, an lá cheana – The Billion Dollar Businessman a tugtar air, ar an mblurba ar shuíomh sin RTÉ.

Pé scéal é, agus é faoi agallamh ag an láithreoir, George Lee, chuala mé na focail ‘energy vampires’ ag teacht ón Uasal Lyons. A mhac, más buan mo chuimhne, a luaigh na focail sin leis, geábh, mar gurb é sin an t-ainm a thugann a mhac ar na daoine sin ar fiú iad a sheachaint go hiomlán, is dócha.  

Anois, arsa mé féin liom féin, nach bhfuil an t-ainm sin iontach feiliúnach mar léiriú feiliúnach ar an sórt daoine a bhíonn de shíor ag gearán: léiriú feiliúnach ar na daoine sin nach mbíonn acu ach an faraor; léiriú feiliúnach ar dhaoine ochlánacha míshásta cantalacha maíteacha neamúcha an tsaoil seo.

Gura fada uainn Súmairí na Spreacúlachta, a léitheoirí.  Gabh mo leithscéal anois, ach caithfidh mé imeacht, agus mo chuid gairleoige a cheannach…

Tuesday, October 11, 2011

Prios Beagmhaitheasa

Inniu, d’fhreastail mé ar ócáid, le Bord Fiontar Chontae Dhún na nGall, in óstán An Grianán, áit inar chuala mé mná suimiúla ag labhairt; a scéalta fiontracha féin á roinnt acu uilig leis an lucht éisteachta.

Tharla sé gur luaigh duine acu, Suzanne Browne as Clevamama, agus í ag labhairt, más buan mo chuimhne, ar chíbe smaoineamh nuálach a thiocfadh isteach i do chloigeann, ‘don’t let it land in the junk cupboard.’

Rith an smaoineamh liom gur dóigh go bhfuil prios beagmhaitheasa i mbeagnach chuile teach, a léitheoirí. Is prios é, cheapfainn, ina gcaitear na nithe sin as a mbainfimid úsáid ‘lá éigin’, nithe nach gcaitear amach ‘ar fhaitíos na bhfaitíos’ go dteastódh siad uainn ‘am éigin amach anseo’.

Agus mé ag breathnú isteach i mo phrios beagmhaitheasa féin anocht, chinn mé go m’fhéidir go bhfuil sé in am dom na nithe atá istigh ann a chaitheamh amach. I ndiaidh gach ní, is nithe beagmhaitheasacha iad.