Showing posts with label geilleagar. Show all posts
Showing posts with label geilleagar. Show all posts

Tuesday, March 1, 2016

Fadó, Fadó, Fada...


Tá an cárta, thuas, le ceannach in Aldi faoi láthair, mar atá neart cártaí eile mar é, arb é Lá Fhéile Pádraig a dtéama.
Mar atá scríofa ar chúl an chárta, tá na cártaí uilig de dhéantús Éireannach faoi ráthaíocht, agus molaim a gcuid tacaíochta dár ngeilleagar. Cúpla bliain ó shin, cheannaigh mé cárta nó dhó eile in Aldi, agus bhain na teachtaireachtaí suimiúla, a bhí priontáilte ar na cártaí, gáire nó dhó as an dream thall.
Nuair a d'oscail mé an cárta thuas, i mbliana, baineadh siar asam. Meas tú, arsa mé féin liom féin, an é nach dtugann na 'totally Irish' daoine a dhéanann na cártaí, an é nach dtugann siad faoi deara go bhfuil rud nó dhó, nó trí, ar iarraidh ón mbeannacht?

Ah bhuel, gura, ahem, fada buan a gcuid iarrachtaí, mar sin féin. 

Thursday, November 26, 2015

Bronntanas Uait?

Tá an Nollaig ag druidim linn, a léitheoirí, agus má tá bronntanais nó cártaí na Nollag le ceannacht agaibh fós, is féidir libh súil a chaitheamh ar mo bhlagmhíreanna ar an ábhar sin, ón mbliain seo caite anseo, agus ón mbliain roimhe sin anseo, más mian libh. 

Tá formhór na dtáirgí déanta in Éirinn, agus tá go leor acu le fáil i nGaeilge, nó le Gaeilge, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Mo chuimhne, sula ndéanfaidh mé dearmad orthu, agus ó tharla go bhfuil fear as Dún na nGall, Ian Harkin, bainteach leo, beidh an 'Irish-designed Lottie doll, with its more childlike features..' (tá na bábóga aoisiriúnach) le feiceáil ar an Late Late Toy Showsan oíche amárach, agus '...the Lottie Doll will be wearing a superhero outfit designed by a real-life child.' 

Ná fiafraigh díom cén sórt eile páiste a bheadh ann seachas ceann atá 'real life'... ní bhaineann sé sin leis an mblagmhír seo. Taitníonn na Lottie Dolls liom...tá teachtaireacht níos aoisoiriúnaí á tabhairt do pháistí ag an gcomhlacht, agus is maith liom é sin. 

I mbliana, nuair a bhí mé i Halla na Seastán ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath, chonaic mé táirgí a thaitin liom, agus b'fhéidir go mbeadh suim agaibh féin rud éigin mar iad a cheannacht, mar bhronntanas um Nollaig seo. 
Más cluichí don teaghlach atá uait, b'fhiú go mór duit súil a chaitheamh ar na táirgí Gaeilge atá ar shuíomh idirlín udar.ie. Tá Scrabble, Monopoly agus cluichí boird eile acu, iad uilig i nGaeilge, mar aon lena bpóstaeir agus leabhair do pháistí. 
Bhí neart smaointe do bhronntanais agus cártaí na Nollag le feiceáil ag seastán Gnó Mhaigh Eo, mar a bhí...
...éadaí do pháistí ó A Stóirín, agus tá siopa éadaí A Stór i gCaisleán an Bharraigh...tá cártaí i nGaeilge le fáil ó...
...nó is feidir leat cárta ar leith a fháil déanta, dá mba mhian leat, ach labhairt leis an ealaíontóir...
Tá Eolaire Ghnó Mháigh Eo le léamh anseo, más mian libh súil a chaitheamh ar tháirgí/síopaí Gaelacha eile. 

Más t-léinte nó dlúthdhíoscaí atá uait...

cheannaigh mé na cinn thuas, ag an Oireachtas, ar mhaithe le Scoil Chaitlín Maude i dTamhlacht, ach is féidir t-léinte Gaeilge a fháil ó hairybaby.com, ó gaelshirt.spreadshirt.ie, ó t-leine.ie, ó spailpin.com, ó deirse.com, nó ón siopacultúr.com, mar shampla. 
Maidir le dlúthdhioscaí, tharla sé go raibh An Crann Óg ag seoladh an dlúthdhiosca nua s'acu. Fuaim An Chiúnais, ag an Oireachtas i mbliana, agus cheannaigh mé é. Tá Mairéad Ní Mhaonaigh ag casadh traic amháin leo ar an dlúthdhiosca nua, ach tá na daoine óga iad féin thar barr mar amhránaithe, chomh maith, mar a chloisfidh sibh anseo

Is féidir meascán de dhlúthdhioscaí (scéalta, ceol, seanfhocla, amhráin srl.) a fháil ar an idirlíon; Futa FataMuintearasCló Iar-ChonnachtAn Siopa LeabharGael LinnDoimnicFios FeasaSpailpín, ach fios a bheith agat céard atá uait! 

Thursday, February 14, 2013

Lá Fhéile Vailintín


Ó tharla gurb é inniu an lá atá inniu ann, a léitheoir, chinn mé go dtabharfainn bláthanna duit:
Bain sult as an lá, agus, mar aon le chuile lá eile beo, tá súil agam go bhfuil grá agat le roinnt le duine éigin, agus grá aige/aici/acusan le roinnt leat féin.

Tháinig mé ar sheacláid na suirí sin thuas i siopa áitiúil inné, agus cheannaigh mé ceann acu don Gharraíodóir – tá faobhar ar a fhiacla chun na milseán, an dtuigeann sibh. Sea, tá sweet tooth aige, agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar fhear an tí ar an lá-seo-mór-le-rá-i-saol-na-mban, más fíor.

Tuilleadh eolais faoi sheacláidí baile as Inis Eoghain le léamh anseo, agus tuilleadh faoi Feabhra na bhFéilte ‘s na bhFeiseanna le léamh ó Róislín anseo. Giota ó Scott le léamh thall ar Meon Eile, freisin.  

Thursday, November 29, 2012

Tacaíocht

Rinne mé cinneadh i mbliana go ndéanfainn gach iarracht ar earraí na Nollag a cheannach go háitiúil, sa bhaile anseo i mBun Cranncha. 

Tá ag éirí go maith liom, mar go bhfuil úinéirí na siopaí ag déanamh a n-iarrachtaí féin ar son na cúise geilleagraí, agus tá lascainí go leor á dtabhairt, feictear dom.

Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, bím ag éisteacht leis an raidió go minic, agus tá cúpla rud a chuala mé le déanaí, gur mhaith liom a roinnt libh anseo ar maidin, le deis a thabhairt daoibh bhur dtacaíocht féin a thabhairt, más mian libh.

Amárach, beidh Fiver Friday ann, agus iarrtar orainn cúig euro sa bhreis a chaitheamh, más féidir, le tacaíocht a thabhairt do gheilleagar na tíre agus, dá bhrí sin, dá chéile. Má théann tú isteach anseo, ar shuíomh Liveline le Joe Duffy ar RTÉ Raidió 1, feicfidh tú cá bhfuil na margaí éagsúla le fáil, má tá fiver le spáráil agat; nó má tá táirgí/seirbhís le díol agat ar fiver amárach, is féidir leat an t-eolas sin a roinnt leo ansin. 

Mar a scríobh mé cheana, tá Daidí na Nollag é féin faoi bhrú geilleagrach, agus tá RTÉ 2fm, i gcomhar le SuperValu agus na daoine sin atá ag obair go dian le Cumann Naomh Uinseann de Pól, ag cuidiú le Daidí na Nollag arís i mbliana, agus iarrtar orainn,

Simply drop an unwrapped toy any time up to December 9th at the special pick-up points at 195 SuperValu stores nationwide. Of course, we want to make sure that older children also get something from Santa, so we'd also welcome vouchers, books orbook tokens…Our wish is that every child gets a toy this Christmas.’

Mura bhfuil am ná deis agat bréagán a cheannach, nó mura bhfuil siopa le SuperValu i ngar duit, is féidir leat féirín fíorúil a bhronnadh anseo.  

Tuigim go maith go bhfuil daoine ann nach bhfuil pingin rua le spáráil acu, ach más rud go bhfuil, creidim féin go bhfuil cumhacht i gcaitheamh agus i bhfáil.

Ar scáth a chéile…

Sunday, October 7, 2012

Pocpholaitíocht


B’fhéidir go bhfuilim tinn tuirseach ag éisteacht leo uilig, a léitheoirí, ach cuirim an cheist orm féin, ó am go chéile - go háirithe le seachtain anuas agus na focail ‘stroke politics’ á chloisteáil agus á léamh agam go rialta – meas tú an bhfuil aon pholaiteoir sa tír seo atá ag obair ar mhaithe leis an tír amháin, agus ní ar mhaithe leo féin nó ar mhaithe lena bpáirtí?

Níl ann, an dtuigeann sibh, ach go bhfuilim ag teacht ar an tuairim gurb éard atá uainn sa tír seo, le go dtiocfaimid slán sábháilte as an bpraiseach ina bhfuilimid, ná go mbeidh daoine sa Dáil againn a thabharfaidh tús áite do thodhchaí na tíre, agus ní dá dtodhchaí féin.

Saturday, September 22, 2012

Boilsciú

Bhí mé ar mo bhealach abhaile ó mo shiúlóid inné, nuair a casadh An Garraíodóir orm, taobh amuigh den ollmhargadh áitiúil, áit ar cheannaigh sé a pháipéar nuachta, mar is iondúil leis.

Ní raibh pingin rua agam féin, ag an am, ach rith sé liom gur theastaigh siúcra uainn sa bhaile, agus dúirt mé leis,

'Would you have the price of a bag of sugar on you, by any chance?' 

Chuir sé a lámh ina phóca, tharraing sé 50c amach as, shín i mo threo é, agus dúirt,

'Is ten shillings enough? '

Ní bhfaighfeá mórán as deich scillinge na laethanta seo, ach is cuimhin liom an t-am nuair a d'fhéadfá neart a cheannacht as 50c, fadó fadó fadó...

Lón machnamh daoibh, a léitheoirí…gan siúcra. 

Tuesday, August 21, 2012

Radharc...

...a chonaic mé ar maidin, ar mo bhealach ar ais ón siopa:

cailín óg ag teacht amach as carr…cailín óg eile ag teacht amach as carr taobh léi…roinneann siad barróg…leaid óg ag teacht amach as carr eile, carr a tharraing isteach taobh leo…siúlann sé anonn go dtí na cailíní…cuireann a dhá láimh timpeall orthu…an triúr acu ag roinnt barróige…scaoiltear leis an mbarróg, agus siúlann an triúr acu trasna an bhóthair…go dtí oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Teastaíonn tacaíocht in am an ghátair.

Friday, March 23, 2012

Binse Fiosrúcháin Mahon - An Toradh

Bhí mé amuigh ag siúl maidin inné, faoi shodar abhaile mar go raibh uaim tuairiscí na meán ar an Mahon Report, a eisíodh inné, a chloisteáil.

Stop carr le mo thaobh, fear óg ar m’aithne a bhí ann, leaid atá ag obair go dian, le morgáiste a choinneáil íoctha, lena chloigeann a choinneáil os cionn uisce, mar a déarfá.

You in a rush somewhere?’ a d’fhiafraigh sé díom.

I want to get home to hear what the Mahon Tribunal has come up with,’ a d’fhreagair mé féin.

Chrom sé a chloigeann, ‘Why bother…’ a dúirt sé, agus a chloigeann cromtha á chroitheadh aige, ‘…it will make no difference, no matter what they come up with.

Tuesday, October 11, 2011

Prios Beagmhaitheasa

Inniu, d’fhreastail mé ar ócáid, le Bord Fiontar Chontae Dhún na nGall, in óstán An Grianán, áit inar chuala mé mná suimiúla ag labhairt; a scéalta fiontracha féin á roinnt acu uilig leis an lucht éisteachta.

Tharla sé gur luaigh duine acu, Suzanne Browne as Clevamama, agus í ag labhairt, más buan mo chuimhne, ar chíbe smaoineamh nuálach a thiocfadh isteach i do chloigeann, ‘don’t let it land in the junk cupboard.’

Rith an smaoineamh liom gur dóigh go bhfuil prios beagmhaitheasa i mbeagnach chuile teach, a léitheoirí. Is prios é, cheapfainn, ina gcaitear na nithe sin as a mbainfimid úsáid ‘lá éigin’, nithe nach gcaitear amach ‘ar fhaitíos na bhfaitíos’ go dteastódh siad uainn ‘am éigin amach anseo’.

Agus mé ag breathnú isteach i mo phrios beagmhaitheasa féin anocht, chinn mé go m’fhéidir go bhfuil sé in am dom na nithe atá istigh ann a chaitheamh amach. I ndiaidh gach ní, is nithe beagmhaitheasacha iad.    

Thursday, July 14, 2011

Lá Dorcha Eile

Mar a léigh mé ar nuacht24 ar maidin, is cosúil gur ‘lá dorcha eile i Stair na hEaglaise Chaitlicigh in Éirinn ’ a thug an Cairdinéal Seán Brady ar thorthaí Thuarascáil Chluana inné.  

Go deimhin, más fíor gur mhol ‘seasamh na Vatacáine’ do na heaspaig  neamhiontas a dhéanamh de na treoirlínte nua dá mbeadh fonn orthu’, cheapfá nach é leas na bpáistí, ná leas na bparóisteach, an chloch ba mhó ar phaidrín na Vatacáine agus an méid sin á rá acu.

Arís is arís eile, tá laethanta dorcha ag teacht sa mhullach orainn sa tír seo, agus, arís is arís eile, is é an gnáthdhuine atá ag íoc go daor as míghníomhartha na ndaoine sin atá in ainm bheith i mbun dea-oibre ar ár son, idir rialtas agus eaglais.     

Mar gheall ar na laeathanta dorcha sin uilig, a léitheoirí, roinnim mo dhán ‘Éire 2011’ anseo libh inniu.

Éire 2011

Níor iarr Teachta ná Tiarna mo dhán,
níor íoc Iarla ná Rí ar mo pheann,
ach Oileán na Sainte ‘s na mBréag
a chum Éire Dhá Mhíle hAon Déag.

Na Fianna ag marcaíocht go seoigh,
lena gcomhluadar giollaí ón Róimh,
lucht eaglaise is rialtais gan chóir,
ag réabadh ár gcine is ár bpóir.

Ba chuma leo stair mílte bliain,
gach fulaingt, gach ionradh, gach pian,
tá an Flaitheas a gealladh ar shiúl,
le gach breab, le gach bréag agus dúil.

Níor iarr Teachta ná Tiarna mo dhán,
níor íoc Iarla ná Rí ar mo pheann,
ach Oileán na Sainte ‘s na mBréag
a chum Éire Dhá Mhíle hAon Déag.

Wednesday, March 2, 2011

Oscailteacht agus Trédhearcacht?

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bhí mé féin den tuairim, ó bheith ag éisteacht le polaiteoirí éagsúla ar an raidió agus ar an teilifís le blianta anuas, nach raibh cumhacht ar bith acu, i ndáiríre, ach gurb iad na státseirbhísigh atá i gceannas, agus gurb iadsan, na státseirbhísigh stuama, a mholann, a stiúrann, agus a dhéanann cinnte de nach ndéanfaidh na polaiteoirí botúnacha aon cheo as bealach.

Bhuel, ón méid atá cloiste agam ó na meáin le lá nó dhó, agus ón méid atá léite agam ar maidin, táim den bharúil go bhfuil gabhlánacht nach beag ag baint leis an méid a tugadh le tuiscint dom thar na blianta.

Ní hé go bhfuil aon ionadh orm, an dtuigeann sibh, mar thuig mé, le fada, gur dóigh go bhfuil teanga ghabhlánach nó dhó ina suí ag bord na Comh-aireachta, agus gur féidir leo, le cuidiú óna gcomhairleoirí caidrimh phoiblí, gach ní a deir siad a mhúnlú, de réir a n-aidhmeanna, is dócha.

Mar sin féin, nuair a léimwhile Mr McCreevy and Mr Cowen as finance ministers each year brought the Budget recom-mended by the civil servants to their cabinet colleagues, they were overturned in favour of more generous policies.’, cuireann sé iontas orm nach raibh duine nó dhó ag bord na Comh-aireachta nár scread, i sean-ard a gcinn,  ‘Stop!’

Arís is arís eile, tá na scéalta cloiste againn. Ar maidin, cuirim an cheist, cá bhfuil an ‘oscailteacht agus trédhearcacht’ a gealladh dúinn?

Agus cuirim ceist eile, arís, ‘Where were all the good people?’