Showing posts with label pobalbhreith. Show all posts
Showing posts with label pobalbhreith. Show all posts

Wednesday, September 28, 2011

Seacht Suas...

…agus tá an táinrith, agus na táinsimh, faoi lán seoil cheana féin.

Sea, a léitheoirí, tá seachtar acu ag rith i Rás an Árais, agus is fúinn, an lucht vótála, a bheas sé an duine is fearr a roghnú don uachtaránacht nó, ar a laghad, is fúinn a bheas sé duine den seachtar a roghnú. 

Níl mo chinneadh déanta agam fós, agus beidh mé ag éisteacht le chuile dhuine den seachtar acu, as seo go lá na vótála, sula dtabharfaidh mé mo bhreith agus duine acu a roghnú, an duine is fearr a cheapfainn féin a d’fheilfeadh don phost.

Beidh An Pota Amhrais ag dul ar an tine arís, agus seo chugaibh, arís eile, an t-oideas as a mbainim féin úsáid, agus breith faoi mo bhráid agam: 

Cuirim An Pota Amhrais ag fiuchadh. Isteach sa phota caithim na pointí feolmhara, ceann i ndiaidh a chéile. Cuirim salann mo smaointe isteach leis na pointí éagsúla, ceann i ndiaidh a chéile. Má thosaíonn an teas ag ardú, nó má thosaíonn an bhoilgearnach ag blub-blubbáil le pointe feola ar leith, bíonn a fhios agam ansin go bhfuil an píosa feola sin rórighin domsa, ábhar éigin ann nach réiteoidh le mo ghoile, agus go mbeidh deacracht agam é a shlogadh.’

Mura bhfuil sibh tinn tuirseach ag éisteacht leis an gcraic uilig go dtí seo, a vótálaithe, tá súil agam go bhfaighidh sibh ábhar sásúil uachtaráin as bhur bPota Amhrais féin.

Tuesday, May 24, 2011

Seanbhean Áine

De réir na pobalbhreithe seo, níl ach coicís agam le mo ghruaig a ghearradh, agus níor chóir dom a dhath eile ar an liosta thíos a chaitheamh, ach amháin an chulaith snámha.

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a chairde, ach go dtí gur léigh mé tuairimí na mban sin, ní raibh a fhios agam go raibh teorannacha ann!

Pé scéal é, beidh mé as baile, gan mo ríomhaire, go ceann lá nó cúig, a léitheoirí. Tá éadaí le ceannach agam, an dtuigeann sibh. Meas tú cé mhéad a chosnódh polladh imleacáin…
  • Bicíní, 47
  • Mionsciorta, 35
  • Búb Tiúb, 33
  • Stílíní, 51
  • Polladh Imleacáin, 35
  • Bróga Glún, 47
  • Bróga Spóirt, 44
  • Bríste Leathair, 34
  • Luiteoga, 45
  • Bróga Ugg, 45
  • Culaith Snámha, 61
  • Veist Teann, 44
  • Blús Sreabhann Uige, 40
  • Gruaig Fhada, 53
  • Pónaí, 51