Showing posts with label seanfhocal. Show all posts
Showing posts with label seanfhocal. Show all posts

Friday, December 1, 2023

Boghaiséireacht

A Aire, a chara, 

Cén chaoi a bhfuil tú? Táim fhéin go maith, ach táim rud beag trína chéile. Bhí mé i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, an dtuigeann tú. Bhí mé ann Dé Céadaoin, agus níor fhág mé go dtí maidin Déardaoin.Tá a fhios againn uilig céard a tharla Déardaoin, a Aire. 

Tá an bhean agus na páistí a gortaíodh i mo chuid paidreacha chuile lá beo, ó shin. Tá na laochra, an feighlí linbh agus Caio, a shábháil na páistí beaga eile i mo phaidreacha, freisin. Chuile lá beo. Gnáthdhaoine as an ngnáth. Rinne siad éacht. Mo bhuíochas ó chroí leo. Murach iad...

Sin fáth na blagmhíre seo, a Aire. Tá mé croite tar éis a bheith ag breathnú ar na círéibeacha ar an nuacht. Na gardaí bochta. Na húinéirí siopa bochta. Na turasóirí bochta. Na daoine bochta. Na tuismitheoirí bochta as ar baineadh geit nach beag. Geit ollmhór, go deimhin. Na páistí bochta. Tá sé deacair a leithéidí a mhíniú do pháistí, go háirithe nuair nach bhfuil muid fhéin in ann ciall ná réasún a bhaint as an méid a tharla an lá sin. 

Pé scéal é, a Aire, agus ó tharla 'ciall' agus 'réasún' luaite agam, ba mhaith liom focal nua a chuala mé a roinnt leat, focal a tháinig as béal carad agus í ag éisteacht le duine údarásach sna gardaí ag labhairt faoin méid a tharla; bhí sé, dar léi, 'ag boghaiséireacht.' Seans nach bhfuil an focal sin cloiste agat, a Aire. Ní raibh sé cloiste agamsa, ach an oiread, ach táim den bharúil go dtagann sé ón bhfocal 'boghaisín' - sórt  'beating around the bush' atá i gceist, cheapfainn, nó i bhfocail an fhoclóra a scríobh Dinneen, nuair a bhíonn duine 'ag déanamh boghaisíní,' bíonn siad ag 'dancing in circles.'

Ní bhím i mBaile Átha Cliath go minic, a Aire, ach ba mhaith liom cúpla rud a thug mé faoi deara Dé Céadaoin a roinnt leat. Ní fhaca mé oiread is garda amháin gar den áit ina raibh mé ag fanacht ar Shráid na Danmhairge, ná ar Chearnóg Parnell, ná ar Shráid Parnell, ná ar Shráid Uí Chonaill, ná ar Shráid Anraí agus mé ar mo bhealach i dtreo na siopaí ansin. 

An bhfuil a fhios agat, ach bhí mé i siopa Arnotts an lá sin, creid é nó ná creid? Cheannaigh mé péire 'Happy Socks' ann. Níor rith sé liom, agus mé istigh sa siopa sin ar an gCéadaoin, go gcuirfí drochbhail ar an áit an lá dár gcionn. An fhoireann bhocht. Chuirfinn geall nach raibh éinne acusan ag súil leis an méid a tharla Déardaoin, ach an oiread. 

Ar ndóigh, tuigim go maith nach féidir na nithe neamhghnácha a tharlaíonn go tobann a thuar, a Aire, ach tá na gnáthdhaoine i mBaile Átha Cliath ag labhairt faoina n-imní le fada, mar atá na gardaí. Tá sé thar am stop a chur leis an mboghaiséireacht, agus tús a chur leis an éisteacht agus leis na gníomhartha riachtanacha. Seanfhocal duit, a Aire, ceann atá á léamh agam ar m'fhéilire deisce, ar maidin,

'Ní féidir an ghaoth a athrú, ach is féidir na seolta a athrú.'

Mise le meas,

Áine  

Wednesday, November 25, 2020

Smaointe Ag Rith

B'fhearr liom a bheith cineálta ná gránna.

Sin é a dúirt sí. Blianta fada ó shin. 

Comhrá a bhí ann, idir í féin agus bean eile, faoi bhás an fhir; andúileach a d'imigh ar shlí na fírinne, i bhfad roimh a am, shílfeá. 

Ní raibh sé fiú seasca bliain d'aois. 

Rug a chuid ólacháin ar a chroí, agus d'fháisc an bheatha as, mar gheall ar an drochbhail a bhí curtha ar na baill eile dá chorp.  

Ar feadh a shaoil, nuair nach pingin fanta aige le deoch a cheannach, cheannódh daoine eile deoch dó, nó thabharfadh siad deoch chun tí chuige, agus greim le hithe, mar go raibh trua acu dó.

Ní air atá an locht, an créatúr bocht.

Daoine cineálta. Ní raibh siad gránna. Tuigim a gcás. Ní raibh siad ag iarraidh go mbeadh sé ag fulaingt. 

Sa leaba a bhí sé, nuair a thángadar ar a chorp. 

Na daoine sin atá, fós, ag dul chuig cóisirí, tórraimh, sochraidí, gruagairí, seisiún óil, ag seasamh taobh le taobh le daoine, go poiblí nó go príobháideach, nuair a moltar nach bhfuil a leithéidí sábháilte, ní daoine gránna iad. 

Ar maidin, smaoiním ar an bhfear sin, fear a fuair bás roimh a am, ina leaba, leis féin, gan aon duine gaolta leis ina chuideachta. 

Níl rós gan dealg.

Sunday, January 6, 2019

Nollaig na mBan

Scríobh mé blagmhír faoi Nollaig na mBan, roinnt blianta ó shin, mar a fheicfidh sibh anseo, agus is ansin a bheas sibh in ann léamh faoi na nósanna agus nathanna cainte éagsúla a d'fhoghlaim mé féin, ó thaithí nó ó thaighde, le himeacht na mblianta. 

Inné, chaith mé cúpla nóiméad ag labhairt le Bláthnaid ar an gclár Bláthnaid Libh, ó tharla gurb é inniu lá 'Nollaig na mBan,' (nó, más fearr leat, is é inniu An Nollaig Bheag, Eipeafáine, Lá Chinn an Dá Lá Dhéag, nó Féile na dTrí Ríthe - Seán Mac an tSíthigh ag scríobh faoin lá ar tuairisc.ie anseo agus anseo; féach ar bhlag Róislín, maidir le hainm an lae, anseo), agus bhí Bláthnaid ag labhairt liomsa, agus le mná eile, faoinár dtaithí maidir le nósanna a bhaineann leis an lá seo.

Go dtí gur luaigh sí liom é, bhí dearmad déanta agam den nós a bhíodh againn, thiar i gConamara. agus mé ag fás aníos, coinneal a lasadh sna fuinneoga uilig, ar fud an tí, ar an lá seo. Ní cuimhin liom cén fáth a ndearna muid é sin, ach ní dóigh liom gur chuala mé, ag an am, gurb í, aheman ghéarleanúint a rinne ríocht na Breataine orainn, fadó, a ba chúis leis, mar nós. 

Pé scéal é, tríocha bliain ó shin, nó mar sin, agus mé i mo chónaí in Inis Eoghain, chuala mé, ó bhean a bhí pósta le fear as Corcaigh, go raibh nós eile ann a bhaineann leis an lá seo, sé sin le rá, mná ag teacht le chéile, mar gur..

'Ar na fir a thiteann obair an tí ar an 6 Eanáir[4]. Tá traidisiún ann go bhfaigheann mná lá saoire ó dhualgais an tí ar an lá seo (traidisiún an-láidir i gCorcaigh ach lag sa tír in iomlán). Is traidisiún iomlán Éireannach é[5]. Eagraíonn na mná cóisireacha nó turais amach go dtí na bialanna nó na tábhairní. Bíonn na bialanna agus na tithe tábhairne lán go doras le mná an oíche sin.' 

...más fíor an méid a léigh mé anseo. Ar aon nós, mura dtaga leat tar leo (seanfhocal uimhir 15 anseo) agus, anocht, beidh mé i mbialann le banchairde agus, i dtraidisiún nach bhfuil 'iomlán Éireannach,' ní bheidh an bhean seo, ná aon bhean eile ar m'aithne, saor 'ó dhualgais an tí,' inniu, ná ar aon lá eile!

Gabh mo leithscéal anois, a léitheoirí, ach caithfidh mé imeacht, mar tá 'glaoch rolla' le freagairt ag an mbean seo. 

Bíodh lá maith agaibh, a chairde! 


Monday, December 31, 2018

2019

An Bhliain 2019

Tiocfaidh sí, agus beidh a lá-málaí lán le 'Níl a fhios agam beo!' nó, b'fhéidir, go mbeidh corr 'Ag Dia amháin atá a fhios!' istigh i lá-mála nó dhó aici, freisin. 

Beidh orainn fanacht, lá i ndiaidh lae, ar feadh bliana, go bhfeice muid cén bronntanas atá ina málaí aici dúinn. Tá súil agam go mbeidh Séan agus Maise in éineacht léi, agus, ar mhaithe libhse, a léitheoirí, gur fúthu a bheas laethanta na bliana faoi chomaoin.

Bainigí taitneamh as an mbliain nua, a chairde! 

Más mian libh léamh faoi 'dea-rúin' nó 'stuaimrúin' nó seanfhocal nó dhó, is féidir libh súil a chaitheamh anseo, nó anseo, nó anseo.  Tá liosta de na rúin is coitianta, más fíor, le léamh anseo

Tuesday, September 25, 2018

Galar agus Grá

Cá dtosóidh mé? 

Leis an leabhar nua atá scríofa ag Lynn Ruane, b'fhéidir? Leis an duine, le hAlzheimers, atá mar chuid dár saol, le blianta fada? Le scéal Nora Owens ar chlár Ray D'Arcy ag an deireadh seachtaine? Nó, an dtosóidh mé le Sióg s'againne?


Ar bhealach, tá baint acu uilig leis an mblagmhír seo. 


Blianta ó shin, d'fhreastail mé ar lá faisnéise a bhí eagraithe ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte. Teacht le chéile a bhí ann, agus é eagraithe ag an FSS le go mbeadh deis ag cúramóirí tuiscint níos fearr a fháil ar an ngalar Alzheimers. 


(Mo chuimhne, chuala mé fear, tráth, ag tabhairt 'Aul-timers' ar an ngalar Alzheimers, mar sin an focal a chuala a chluasa, is dócha; ach, cé gur tráthúil an focal a chuala a chluasa, agus cé gur minic go dtagann néaltrú soithíoch le seanaois, ní gá gur ionann an scéal le hAlzheimers.)


Ar aon nós, cumasaíonn faisnéis/foghlaim/taithí an duine, de réir a chéile, agus d'fhoghlaim mé go leor ón lá faisnéise sin. Is iomaí duine atá dall ar an bhfírinne, fiú nuair atá fianaise os a chomhair amach, agus cuidíonn faisnéis, nuair is gá, le fíricí a thabhairt chun solais.


Táim den bharúil, go minic, gur féidir le duine bheith caoch, nuair atá grá dá dhalladh. Bíonn sé crua ar dhaoine áirithe, feictear dom, glacadh le cora an tsaoil; is cuma athair, máthair, páiste, páirtí, nó fiú cara i mbaol tinnis, goineann galar grá, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 


Mar a deir an seanfhocal, laghdú gach anró é a roinnt. Is fiú leabhar Lynn Ruane a léamh, agus scéal Nora Owens a chloisteáil, mar go dtuigeann a dtaithí néaltrú. Ní hionann chuile scéal, agus ní hionann taithí aon chúramóir, ach fágann néaltrú a lorg. 


Ní raibh a fhios agamsa, go dtí i mbliana, go dtagann néaltrú ar sheanchait, freisin. Cé nach ionann duine agus ainmhí, ar ndóigh, d'aithin mo thaithí na comharthaí; tá Sióg s'againne ag dul in aois, agus tá cor i mbóthar a shaoil.
  

Le galar, méadaíonn cúram. Le cúram, méadaíonn grá.

Monday, August 20, 2018

Nathanna Cainte

Tá sé de nós agam, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche CLG ar an teilifís, an fhuaim ar an teilifís a ísliú go hiomlán, má bhíonn an tráchtaireacht i mBéarla, agus éistim leis an tráchtaireacht i nGaeilge ar Raidió na Gaeltachta; mar a rinne mé, inné, agus mé ag breathnú ar an gcluiche iománaíochta, Gaillimh -v- Luimneach

Bhí 'lán carr-asail cantail' ar dhuine de na himreoirí, chuala mé, agus táim den bharúil gur bhain a chantal leis an réiteoir, más buan mo chuimhne. Seans gur tharla sé sin nuair a bhí an t-imreoir 'sínte ó chluas go drioball' ar an talamh!

Feictear dom go dtagann na nathanna cainte sin go nádúrtha chuig an tráchtaire a d'fhoghlaim Gaeilge ón gcliabhán, agus is maith liom a bheith ag éisteacht leo. Ní hualach do dhuine an léann, an dtuigeann sibh, agus táim ag foghlaim liom. 

Seans go bhfuil aoibh go dtí na cluasa ar imreoirí Luimnigh inniu, nó fiú straois ó chluas go cluas orthu, agus cén fáth nach mbeadh? 

B'iontach an t-éacht a bhí ann!  

Tá súil agam nach bhfuil imreoirí na Gaillimhe in ísle brí faoin gcluiche mar, i ndeireadh na dála, bhí an bua tuillte go maith ag Luimneach, ar an lá. 

An méid sin ráite, beidh lá eile ag an bPaorach agus, mar is eol do mhuintir na Gaillimhe, níor chaill fear an mhisnigh riamh é!

Friday, October 6, 2017

Seanfhocail agus Nathanna Cainte

Mise mé féin, ach cé hé thusa?

Dar leis an leabhar Seanfhocla Chonnacht, is éard atá i gceist leis an seanfhocal sin thuas, 'níl a fhios againn intinn an duine eile.'

Ar ndóigh, tá sé sin fíor. Is cuma céard a cheapann tusa ná mise faoi ráiteas nó faoi thuairisc a chloiseann nó a léann muid, i ndáiríre, ní féidir a bheith cinnte céard atá taobh thiar den smaoineamh a thugann beatha don rá béil a chloistear, nó don bhualadh méire a léitear. 

Is cuma cá mbím, feicim agus cloisim neart tuairimí á roinnt. Bíodh stampatír nó duine i gceist, bíonn dhá thaobh ar an mbád, agus roghnaíonn daoine an taobh is ansa leo féin.

Ní hionann moráltacht aon duine, ach is minic go dtagann beirt nó triúr, nó slua, le chéile, agus seolann siad uilig ar an mbád céanna, ó tharla an ghaoth ag séideadh i dtreo a fheileann dóibhsean. 

Chuile dhuine lena phaidrín agus lena chlocha féin, is dócha...athrú aeráide a fheileann, ar bhealach, nuair nach féidir an dá thrá a fhreastal, seans. 

Ní lia duine ná barúil, agus bíonn claonadh nó fabhar i gceist, fiú i ngan fhios, go minic. 

An féidir fanacht ar an gclaí? An féidir leis an mhaith an lámh in uachtar a fháil ar an olc? Ceist mhaith, agus is dóichí ná a mhalairt go mbraitheann an freagra ar mheon agus ar thuairim an duine.

Mise mé fhéin, ach cé hé thusa?

Tuesday, August 29, 2017

Ciúin Ciontach

Bíonn ciúin ciontach, go deimhin...shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal, ar maidin.


Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Ná trust ciúin ciontach.  (Tost)

Beir ar an abhainn sula dtéir chun an fhuarlaigh. (Breathnú Romhat)

Níl cnocáinín aerach nach fogas dó móinín fraoigh, 
ná gleann domhain gan abhainn a bheith ag dul tríd; 
Tá rotha an tsaoil ina shodar agus gan aon chónaí faoi, 
Agus ní hiondúil an sonas gan an donas a bheith ina orlaí thríd. (Maith) 

Wednesday, July 26, 2017

Nathanna Cainte

Chaithfeadh sé go raibh sé ráite agam, míle uair, leis An Mháistreás, le seachtain nó dhó anuas, go raibh sé i gceist agam dul i ngleic leis an bpáipéarachas i m'oifig, rud nach ndearna mé, agus rud nach raibh déanta agam, faoin am ar ghlaoigh sí orm, inné.

'Bhfuil tú ag dul ag leagan ar an seomra sin, inniu?' ar sí.

Ar ndóigh, bhí sé i gceist agam díriú ar an bhfadhb, roimhe seo. Bhí gá leis, an dtuigeann sibh. Le roinnt seachtainí anuas, ní raibh mé in ann mo lámh a leagan ar pheann ná ar pháipéar ar an deasc i m'oifig, bhí sé chomh trína chéile sin. 

Gan a thuilleadh moille, nuair a bhí ár gcomhrá críochnaithe againn, leag mé uaim an fón, agus ní dheachaigh mé ar chúl scéithe maidir leis an gceist, níos mó, ach thug mé faoin bhfadhb, ceann ar aghaidh, ar luas lasrach, mar a bheadh tine ar mo chraiceann. 

Ar ndóigh, níl an jab críochnaithe agam fós. Cuirim an locht ar, ahem, An Mháistreás. Bhí an focal sin 'leagan' ag dul timpeall i mo chloigeann, ar feadh an ama, agus tá a fhios ag gach uile mhac máthair a léann an blag seo, nuair a bhíonn focal ag cur tochas ar mo mheabhair, bíonn gá le, ahem, scríob(h).

Pé scéal é, tá neart leaganacha le fáil ar foclóir.ie anseo, más mian libh leagan súl a thabhairt orthu. Ní hé go bhfuilim ag iarraidh béim a leagan ar na leaganacha cainte uilig atá ar an suíomh, ach creidim féin go bhfuil siad leagtha amach go breá soiléir acu. Bainigí taitneamh astu, a chairde, agus mura mbaineann, beidh oraibh an mhéar fhliuch a leagan ar dhuine éigin eile, seachas mise.

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht

Nuair nach bhfuil muid ag leagan pingine isteach, bíonn muid ag leagan pingine amach. (Caitheamh) 

Clann a thóigeas is clann a thóigeas leagan. (Clann) 

Bíonn an dá leagan ar gach scéal. (Fírinne) 

Ní dochar thú a leagan mara ngortaítear thú. (Misneach) 

An té atá lag is furasta a leagan. (Neart) 


Tuesday, July 18, 2017

Bhfuil Ciall Leis Sin?

Is minic an ráiteas 'Níl ciall dá laghad aige/aici!' cloiste agam thar na blianta, agus chuala mé é ráite arís, ar maidin. 

Séard a bhí i gceist ag an té a dúirt, i ngan fhios dó féin, seans, 'níl ár gciall/mo chiall/do chiall' ag an duine sin. Bhuel, sin an chiall a bhainim féin as an ráiteas, pé scéal é.

Céard is ciall ann, meas tú? 

Mura bhfuil tú in ann ciall dá laghad a bhaint as rud, an é sin le rá nach bhfuil ciall agat? Nó, b'fhéidir go gceapann tú nach bhfuil ciall dá laghad leis an gceist sin! Bheadh ciall leis sin, b'fhéidir. 

Ar ndóigh, d'fhéadfá do chiall a chailleadh, rud a chuirfeadh duine eile as a chiall, seans, mura mbeadh duine ciallmhar thart faoin áit, a thabharfadh an bheirt agaibh chun céille, arís.  

Mura bhfuil ciall cheannaithe agat, is dócha nach mbeidh tú in ann ciall ná réasún a bhaint as an mblagmhír seo...chuile amadán is ciall dó fhéin, (nó chuile amadán agus a chiall fhéin) mar a deir an seanfhocal. 

Seanfhocal nó dhó eile daoibh, a léitheoirí, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, 

An té nach bhfuil ciall aige, beidh cuimhne aige.  (Díth Céille) 

An duine ciallmhar, is é is lú caint. (Caint)

Is fearr ciall ná cuid. (Ciall)

Ní dhearna croí agus ciall cuingir mhaith riamh. (Comharsan)

Is iomaí fear ciallmhar a bhíos cam. (Cosúlacht)

Múinfidh do shrón fhéin ciall duit. (Críonnacht) 

Blagmhír nó dhó eile uaim, ar an ábhar, anseo, anseo agus anseo


Saturday, June 10, 2017

Nathanna Cainte

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le podchraoladh an lá cheana, agus chuala mé duine den phainéal ag rá (faoi Leo Varadkar, más buan mo chuimhne) 'He shoots from the lip.'

Tá seans maith ann gur 'shoot from the hip'  an rud a bhí i gceist aige, ach thaitin an leagan nuachloiste barrúil liom, agus thosaigh mo smaointe féin ag rith, mar is minic leo. Ar chúis éigin, tháinig mo bhlagmhír An Mámh Cinn, Twitter agus trolláil chun cuimhne. 

Tá nathanna cainte fearacht 'ní chuireann sé fiacail ann' agus 'is furasta é a spréachadh' ann, ach, meas tú, an bhfuil aon nath cainte nua ar fáil don té sin a scríobhann/a fhágann trácht tobann, b'fhéidir tubaisteach, ar na meáin shóisialta?

'Géar leis an méar'...'Péist nár éist'...'Pléite ní léite'...'Cumtha is cuma'...'Colg ón tolg'...'Racht gan slacht'...bhur mbarúil? 

Friday, January 13, 2017

Na Céard Faochain

Tá chuile sheans ann gur chuala sibh an cheist seo curtha go minic, ar an raidío nó i dtráchtanna idirlín, b'fhéidir, an cheist a thosaíonn leis na focail 'Céard faoi na.../Céard faoin..?'  

Is dócha gur 'whatabouter' an leagan Béarla a bheadh ag Béarlóirí ar an rud atá i gceist agam, ach is 'Na Céard Faochain' a thugaim féin ar na daoine sin a tharraingíonn na focail sin isteach in agallamh/argóint; mura bhfuil bealach sásúil eile acu an fód a sheasamh ar son a gcuid tuairimí, mura bhfuil fonn orthu bogadh óna mbarúlacha, nó mura bhfuil fonn orthu éisteacht le tuairimí daoine eile, déanann siad díreach mar a dhéanann faochain, cuireann siad cos i dtaca ar an gcloch (is mó ar a bpaidrín).

Ar ndóigh, tá an ceart sin acu, ach ní bheinn róchinnte nach dtagann rian de 'Godwin's Law' isteach san argóint, faoin am sin, agus, go minic, ní fiú an tairbhe an trioblóid barúil nó tuairim a phlé leis an té nach bhfuil sásta orlach a ghéilleadh; bíodh tusa, nó iadsan, ceart nó mícheart. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, a léitheoirí,

Ní liachta duine ná barúil.  (Comharsa)

Barúil fhir chríonna, is í is gaire don fhírinne.  (Críonnacht) 

Tá port maith ag an mbalbhán.  (Tost) 

Bíonn an dá leagan ar gach scéal.  (Fírinne) 

Ar theacht na bhfocal borb, is binn béal iata.  (Fearg) 

Wednesday, January 11, 2017

An Bhliain Nua

Sea, a léitheoirí, tá bliain nua eile ar na bacáin nó, le scéal cruinn a dhéanamh den scéal, is dócha gur chirte a rá go bhfuil bliain úr eile faoi lán seoil. 

Cibé scéal é, is dócha go bhfuil bhur ndea-rúin nó bhur gcuid stuaimrúin déanta/briste/scriosta agaibh faoin am seo... go n-éirí go geal libh! 

Ach, ná bí buartha murar éirigh leat cloí le rún nó dhó, cheana féin. Dar leis an seanfhocal a chonaic mé sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, 

Ní chaithfear tada a dhéanamh ach bás a fháil.  (Bás)

Agus, ar fhaitíos aon mhíthuiscint faoin seanfhocal sin, tugtar míniú dúinn, thíos faoin seanfhocal ceannann céanna, 

'An t-aon rud dearfa i saol duine.' 

Fágfaidh mé fúibh féin é teacht ar bhur n-intinn féin maidir le nithe 'dearfa' an tsaoil, a léitheoirí, ach roinnfidh mé seanfhocal eile libh, ón leabhar céanna, 

Bí cinnte sula mbí tú dearfa.  (Ciall) 

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh, a chairde! 

Sunday, July 10, 2016

Nathanna Cainte

'Lá le fíon is arís gan bhraon' an leagan Gaeilge a fuair mé ar foclóir.ie don nath 'feast or a famine,' cé gur 'gorta nó cóisir' an leagan a roghnaigh mé don bhlagmhír a bhí á scríobh agam, ag an am.

Measaim nach raibh mórán measa ar an bpósadh, tráth den tsaol, más fíor an ceann seo ó fhoclóir McCionnaith, 'pósadh inniu agus picil amáireach' do 'feast today, famine tomorrow' chomh maith leis an gceann seo ó fhoclóir T. O'Neill-Lane, 'ní féasta go róstadh, is ní céasadh go pósadh' do 'no feast till the roast and no torment till marriage.'

Ar foclóir.ie 'bíonn blas ar an mbeagán' má tá 'enough is as good as a feast' agus, dar le teanglann.ie 'ní ligfeadh an gorta dó é a dhéanamh' dá mbeadh sé 'too stingy to do it.' An méid sin ráite, dá mbeadh tú ag iarraidh 'lán na súl a bhaint as rud,' bheadh tú ag 'feast one's eyes on something' dar le Tomás de Bhaldraithe ina fhoclóir. 

Agus, más mian leat 'to keep the wolf from the door',' is fearr duit 'an gorta a choinneáil uait,' cheapfainn.

Monday, April 11, 2016

Smaointe ag Rith

'Life is too short to wake up with regrets. So love the people who treat you right and forget about the ones who don't.'

Is ar Twitter a bhí mé ar maidin, nuair a chonaic mé an t-athfhriotal thuas, athfhriotal a tháinig ó @WomenOfHistory, via @Tuigim. Táim den bharúil gur ó fhear a tháinig an t-athfhriotal, ar dtús, ach sin scéal eile, nach mbaineann leis an scéal seo. Ceapaim. 

Pé scéal é, chuir an t-athfhriotal sin athfhriotal eile i gcuimhne domsa, ceann a chuala mé ó bhean chliste roinnt blianta ó shin, ceann a chum sí óna dúchas féin, agus í ag labhairt liom, le nádúr carad agus comhairleora, 

Ná glan ach tóin an té a ghlanfadh do thóin duit. 

Chinn mé an t-athfhriotal a roinnt ar mo chuntas féin thall ar Twitter agus, dá thoradh sin, thosaigh trácht nó dhó idir mé fhéin agus @uathachas agus @aonghusoha. Is féidir libh, más mian libh, na tráchtanna sin a léamh anseo

Ar aon nós, thosaigh mo smaointe ag rith, siar ar bhóithrín na smaointe. Roinnt blianta ó shin, roinn mé athfhriotal na mná cliste le cara eile liom, agus an bhfuil a fhios agaibh céard a dúirt sí liom,

'Honestly, Áine, I don't think I could personally wipe your ass if it needed wiping... but I wouldn't leave you in that state - I'd pay somebody to do it!'

Agus, tuigim a cás...ina bealach féin, ní fhágfadh sí cara san fhaopach, agus sin, ahem, bun agus barr an scéil agus na fealsúnachta. I bhfocail an fhir chliste a chum an leagan nua dom ar maidin, 

Ní grá go glanadh tóna.

Mar sin, is fearr comhluadar a choinneáil leis na daoine a 'who treat you right' agus 'forget about the ones who don't' is dócha. Lón machnaimh daoibh, ar maidin, a chairde. 

Monday, February 29, 2016

Mí an Mhárta

Is gearr uainn tús an Mhárta, agus ó tharla gur chuir Dennis ceist orm faoi sheanfhocail a bhaineann leis an mí ar leith seo...mí atá ar tí a cuid cantail a chur in iúl dúinn, más féidir brath ar fhianaise na haimsire anseo in Inis Eoghain ar maidin!...chuaigh mé ar thóir roinnt seanfhocal, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal 'Aimsear,'

Má thagann an Márta isteach mar leon, rachaidh sé amach mar uan. 

Má thagann an Márta isteach breá, rachaidh sé amach garbh. 

Márta garbh gaothach, Aibreán bog braonach, Bealtaine béalfhliuch. 

Márta tirim, tuar plandaí. 

Mallacht ghaoth ghágach na Márta.

Bíonn 'Máirtín Gágach' amuigh sa Márta. 

Deirtear, sa leabhar, go bhfágann 'an ghaoth fhuar ghéar gága ar chraiceann na lámh is na gcos: déantar 'Máirtín' as ainm na míosa.' 

Labhair mé, inniu, le mná ar m'aithne as Conamara, triúr acu, agus thug mé faoi deara go ndúirt an duine ba shine acu 'Mí an Mhárta' (tá sí os cionn cheithre scór), agus go ndúirt an bheirt eile 'Mí na Márta.' Bhí 'Máirtín Gágach' cloiste ag beirt acu, an duine b'óige (55+) agus an duine ba shine (80+), cé nach raibh sé cloiste ag an mbean i lár báire (65+). 

Bhí an bhean ba shine acu ag insint dom go mbíodh an aimsir an-fhuar go deo sa seanam, agus gur cuimhin léi na gága (agus an fhuil leo) ar chosa na ndaoine, ag teacht isteach ón bhfuacht, théis lá oibre ar an gcladach, nó áit éigin mar sin. Bhíodh 'triomach' ann, a dúirt sí, ach bhíodh 'sioc' ann, freisin, agus is 'ón bhfuacht' a tháinig na gága.

D'inis sí dom, chomh maith, go mbíodh sé de nós ag na daoine, an t-am sin, an mhóin fhliuch ón gcruach mhóna a chuir amach 'i lár an chnocáin' nó 'suas ar an gclaí' i Mí an Mhárta mar, deiridís, 'triomóidh an Márta í sin!'

An Márta a mharaíos daoine
Na Faoillí a mharíos caoirigh.

Ce nach raibh sí ar an eolas faoi 'Na Faoillí' a bheith mar ainm ar Mhí Feabhra, dúirt sí go mbíodh an mhí sin fliuch, ach go mbíodh Mí an Mhárta 'fuar agus tirim.' 

Ní bhíonn sé crua fuar go dtí an Sean-Mhárta.

Maidir leis an seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, tá sé scríofa 'Ní mhothaítear fuacht go dtí an t-earrach (nó deireadh Márta)'

Mo chuimhne, tá Mí na bhFaoillí (Mí na bhFaoilleach) beagnach caite. Tá lá sa bhreis againn an mhí seo, inniu mar a tharlaíonn sé, rud a fhágann gur bliain bhisigh atá ann i mbliana, agus tá pisreoga a bhaineann leis an mbliain bhisigh le léamh ar leathanach 11 den PDF seo ó Choláiste na hOllscoile Chorcaigh. 

Agus, ó tharla 'laethanta na bó riabhaí' ar an mbealach i Mí an Mhárta, freisin, is féidir leat mo bhlagmhír ar an ábhar sin a léamh anseo

Friday, February 26, 2016

Vótáil

Thug mé faoi deara, inné, go bhfuil sé roinnt mhaith blianta ó scríobh mé faoi 'Vótáil agus Vótálaithe,' blagmhír atá le fáil anseo, a léitheoirí, más mian libh í a léamh. Ní hé nach bhfuil suim agam sa pholaitíocht, an dtuigeann sibh, ach, mar a scríobh mé sa bhlagmhír sin, ní duine polaitiúil mé.

Mar sin fhéin, coinním súil ghéar ar a bhfuil ag tarlú sa tír seo, agus déanaim cinnte de go gcaithim mo vóta, lá vótála, mar go bhfuil an ceart sin agam (ceart nach raibh ag mná na tíre seo, tráth den saol), agus is maith liom tacaíocht a thabhairt don cheart sin, agus don tír. 

Inniu, tá vóta le caitheamh againn sa tír seo, le rialtas nua, de shaghas éigin, a roghnú. Leis an bhfírinne a rá, tá sé deacair roghnú eatarthu uilig, mar pholaiteoirí agus mar pháirtithe, ach théis dianmhacnamh a dhéanamh ar na roghanna atá romham, tá mo chinneadh déanta agam, agus caithfear vóta dá réir. Ar a laghad beidh sé le rá agam nár léim mé thar an gclaí, gan breathnú thar a bharr. 

An ndéanfaidh mo vóta aon mhaith? Níl a fhios agam, a léitheoirí. Ach, tá a fhios agam an méid seo, b'fhearr liom gan fanacht ar an gclaí, fiú mura bhfuilim cinnte cén bealach é an bealach is fearr le, ahem, titim. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is fearr an té a thóigeas claí ná an té a thóigeas caisleán. (Comharsa)

An té is fearr rite reaite, caithfidh sé an claí. (Deis)

Ag cur claí timpeall goirt leis an gcuach a choinneáil istigh. (Díth Céille)

An té nach bhfuil léim aige, leagann sé an claí. (Stuaim)

Wednesday, February 3, 2016

Fírinne


Deacair í a fheiceáil...
 ...ach tá sí ann.
 Deacair í a fheiceáil...
 ...ach tá sí ann. 
 Deacair í a fheiceáil...
 ...ach tá sí ann. 

Tá na polaiteoirí i mbun feachtais anois, thall agus abhus, a léitheoirí. Ar ndóigh, tá agus beidh a scéal féin ag gach duine acu le roinnt linn, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus is fúinne a bheas sé brí a bhaint as na scéalta sin.

Seo chugaibh roinnt seanfhocal as an leabhar 'Seanfhocla Chonnacht' le cuidiú libh. Tá siad le fáil faoin gceannteideal 'Fírinne.'

Bíonn dhá thaobh ar gach scéal.

Ní maith scéal gan ábhar. 

Tá scéal go maith go dtig an dara scéal.

Ní bhíonn an cath mar an scéal. 

Níl scéal ar bith nach mbaintear casadh as. 


Sunday, November 29, 2015

Focail Féilire

The time you enjoy wasting is not wasted time. 

Ar maidin, siad na focail sin thuas a bhí ar m'fhéilire deisce agus, thíos, tá an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin, agus mé ag cumadh liom,

Ní cur amú ama é am curtha amú go sultmhar. 

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur n-iarrachtaí féin, más mian libh. 

Dar leo anseo, tháinig an leagan Béarla ó Bertrand Russell, agus tá neart athfhriotal suimiúil eile aige ar leathanach sin brainyquote.com, feictear dom. 

Seanfhocal nó dhó, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Is maith an t-am nach gcloífidh. (Bás)

Ní thigeann an t-am a chaitear. (Cur i gCéill)

Tá an t-am á chaitheamh is gan an mhaith á déanamh. (Faillí)

Nuair a thiocfas an t-am tiocfaidh an chlann. (Flaithis)

An t-am is an taoille ní fhanann le éinne. (Moill)

Ní liom an t-am, ach is orm atá é a chaitheamh. (Saol)

Friday, November 13, 2015

Seanfhocal

Na seanfhocail seo a leanas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht; na grianghraif uaimse, cinn a thóg mé anseo, i bPáirc Swan, le déanaí. 
Lúb leis an gcrann a lúbfas leat. (Cairdeas) 

Ní thagann duilliúr ar an gcrann a chríonas. (Aois)

Leagfaidh tua bheag crann mór. (Bás)

Nuair a ghearrtar géaga an chrainn is furasta an crann féin a leagadh. (Cúnamh)

Crann na foighde an crann is airde. (Flaithis)

Ní hé an crann a bhíos i bhfad ag crith an chéad chrann a thuitfeas. (Eolas)

Maireann an crann, ach ní mhaireann an lámh a chuir é. (Saol)