Showing posts with label comhionannas. Show all posts
Showing posts with label comhionannas. Show all posts

Friday, March 28, 2025

Machnamh

De réir mar atá na blianta ag dul thart, (agus tá siad ag imeacht an-sciobtha le blianta beaga anuas, feictear dom), déanaim iarracht gan a bheith cantalach, gan mo racht a ligean amach taobh amuigh de mo bhéal, gan a bheith róchorraithe. Ní hé go gceapaim gur binne béal ina thost, ach tá faoiseamh ar leith ag baint le suaimhneas na socrachta. 

Nuair a bhuail mé le haois an phinsin, chroith mé lámh léi, chuir mé fáilte roimpi agus lena híocaíocht sheachtainiúil. Thug mé faoi deara nach ciall a thagann ina teannta, go minic, ach cibé scéal é, táimse faighte níos séimhe ionam fhéin, ceapaim. Glacaim leis go bhfuil nithe ann nach féidir liom a athrú; gur fearr, in amanna, nithe móra beaga a ligean tharam, agus gur fearr gan deis a thapú gan mo thaighde a bheith déanta agam roimh ré. 

An méid sin ráite, thosaigh mé ag blagáil beagnach fiche bliain ó shin le go mbeadh glór na mná meánaoisí san áireamh i gcumarsáid na Gaeilge, ar líne. Cuireann sé áthas orm go bhfuil mná go leor ag cumarsáid trí mheán na Gaeilge ar líne ar na saolta seo, idir óg agus aosta. Áirím mé fhéin leis na haostaigh, anois, agus táim den bharúil, cibé an bhfuil ciall ann nó as, go bhfuil taithí na mblianta do mo stiúradh na laethanta seo, seachas ualach na mblianta, mar a déarfá. 

Mar sin fhéin, tá nithe a chuireann as dom, fós, ag an tráth seo de mo shaol. Tá comhionannas tábhachtach. Creidim gur ionann muid uilig, go dtagann muid ar an saol le pócaí folmha agus is mar sin a fhágfaidh muid an saol. Ní féidir do mhaoin a thabhairt leat.  Is cuma cé muid fhéin ná cé leis muid, is mar a chéile an toradh ag an tús (breith), agus ag an deireadh (bás).  

Idir an dá linn, an bhreith agus an bás, tá beatha; agus is beatha duine a thoil. Sa tír seo, is lucht dea-thola a bhformhór, ach tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil rudaí ag titim amach le roinnt blianta anuas, thall agus abhus, a chuireann machismo na haimsire caite i gcuimhne dom. Tá lucht leanúna ag na fir seo, réalta iad i súile daoine atá, shílfeá, dall ar chomhionannas agus ar chineáltas.

Nuair a chonaic mé an raic sa Dáil an lá cheana, an easpa measa ar chaon taobh, an easpa ábaltachta theacht ar réiteach gan raic, gan screadaíl, le stuaim agus le guaim, tharraing mé anáil dhomhain dhíomách dhubhach. 

Tá roth an tsaoil ag casadh...

Wednesday, March 6, 2024

Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram


Chomh luath agus a tháinig an leabhrán eolais chugam, thosaigh mé á léamh agus ag iarraidh ciall a bhaint as an méid a bhí scríofa ann. Tá focail ann atá ag tarraingt airde, m'airdse san áireamh, focail ar nós 'cóngais bhuanfasacha' agus 'ag dréim le tacú,' mar shampla - céard go baileach atá i gceist leis na focail sin?

Ó fuair mé an leabhrán eolais táim ag léamh alt ar an ábhar, agus ag éisteacht le podchraoltaí ar an ábhar. Tá an dá thaobh cloiste agam. Tá an-mheas agam ar chuid de na daoine atá ag vótáil 'Tá' agus tá an méid céanna measa agam ar chuid de na daoine atá ag vótáil 'Níl.' Tá iarracht déanta agam tuiscint a fháil ar na fáthanna atá acu lena gcinneadh agus fáthanna a n-amhras a thuiscint, ach m'amhras fhéin a chur san áireamh ag an am céanna. 

Táim den bharúil go bhfuil tuiscint níos fearr agam ar an dá thaobh den scéal anois. Ceapaim. Tá nithe san fhoclaíocht nach dtaitníonn liomsa ná le go leor den lucht 'Níl,' agus tá nithe san fhoclaíocht a bhfuil gá leo dar liomsa agus dar le go leor den lucht 'Tá.' 

I ndeireadh na dála, tá cinneadh le déanamh againn uilig. Gan aon duine, eagras, páirtí ná urlabhraí a lua, bíodh mé ceart nó mícheart, seo mar a shamhlaím fhéin an scéal ó mo chuid taighde fhéin, 

a. má chreideann tú nach bhfuil a ndóthain déanta nó geallta ag an rialtas sna leasuithe, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Níl.'

b. má chreideann tú go gcaithfear tagairtí a chruthaíonn idirdhealú a bhaint amach, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Tá.'

c. má chreideann tú go gcaithfear an reifreann a rith arís, le foclaíocht a fheileann níos fearr do dhaoine nó don rud ina gcreideann tú fhéin, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Níl.'

d. má chreideann tú go gcaithfear dul sa seans leis na leasuithe, ag súil go bhfeilfidh siad níos fearr don tromlach sa bhfadthéarma, seans go mbeidh tú ag vótáil 'Tá.'

B'fhéidir go bhfuil an méid sin thuas simplithe an iomarca agam, mar tá a fhios agam go maith go bhfuil i bhfad níos mó i gceist. Má vótálann duine 'Níl,' an féidir a bheith cinnte go mbeidh reifreann eile ann amach anseo a d'fheilfeadh níos fearr, nó an bhfágfar na hAirteagail mar atá siad?  Má vótálann duine 'Tá,' an féidir a bheith cinnte go dtabharfaidh na leasuithe an tacaíocht chuí do chuile saoránach? 

An bhfuair saoránaigh an tacaíocht a tuigeadh le focail ar nós 'coimirce' agus 'féachfaidh an Stát?' An bhfaighidh saoránaigh an tacaíocht a thuigtear le focail ar nós 'coimirce faoi leith' agus 'ag dréim le tacú?' Ar fágadh saoránaigh as an áireamh ón mBunreacht i 1937. An bhfágfar saoránaigh as an áireamh ag na leasuithe nua? 

Tá na ceisteanna chomh casta le hadharc gabhair, agus níl aon fhreagra amháin ann a fheilfidh do chuile cheist. Mar sin fhéin, tá sé tábhachtach vóta a chaitheamh. 

Domsa, tá uileghabhálacht agus comhionannas tábhachtach, agus cé nach féidir chuile dhuine a chosaint le mo vóta, táim den bharúil gur fágadh go leor saoránach as an áireamh san fhoclaíocht a bhí sna hAirteagail thuasluaite roimhe seo, agus go dtabharfaidh na leasuithe níos mó aitheantais do shaoránaigh na linne seo. 

Fiú mura féidir brath go huile agus go hiomlán ar an fhoclaíocht nua, feictear dom go bhfuil na leasuithe níos ionchuimsithí do shochaí ár linne. Bíodh mé ceart nó mícheart, tá mo chinneadh déanta agam. Ar an 8 Márta, beidh mé ag vótáil,

Saturday, April 8, 2023

Bearna Idirghlúine

Bhí mé i gcomhrá le cailín óg, ceithre bliana déag d’aois, le gairid. Bhí tuairimí láidre stuama ag an gcailín céanna ar go leor ábhar, agus ba léir dom gur duine í a raibh fios a graithe aici agus, freisin, go raibh a fhios aici cá raibh a triall. Labhair muid faoina hábhair scoile, faoi spórt, faoina cairde agus faoi chairdeas, faoi dhrugaí, faoi alcól, agus faoina haidhmeanna. Nuair a dúirt mé léi go raibh an saol níos féaráilte ar mhná na linne seo ná mar a bhíodh fadó, baineadh siar aisti. Why? a d’fhiafraigh sí.

D’inis mé di faoi na constaicí a bhí romhamsa agus roimh mo mháthair, ar phósadh dúinn, agus faoin gcaoi ar caitheadh le mná le blianta fada: an mhíchothromaíocht agus éagothroime a mhair maidir le vótáil, pá, íocaíochtaí leasa shóisialaigh srl. D’inis mé di faoin gcaoi ar caitheadh le mná sna Magdalene Laundries, sna tithe tábhairne, sa mbaile; gan cead ag mná seo nó siúd a dhéanamh, tús áite i gcónaí ag na fir agus cumhacht dá réir. Tá cearta ag mná anois nach raibh acu fadó, a dúirt mé léi. Ní raibh a fhios aici tada faoin sean-am sin. Chuala mé an focal Really! uaithi, go minic.

Nuair a bhí mise ag fás aníos, labhraíodh mo thuismitheoirí agus mo Mhamó liom faoin saol mar a bhíodh sé acusan. Thuig mé cé dár díobh mo dhream agus d’fhoghlaim mé faoin saol crua a bhíodh ag mná, ach go háirithe. Thuig mé, luath go leor i mo shaol, go raibh mná in áit na leathphingine, gan cearta acu mar ba chóir; iad coinnithe faoi chois ag rialtas agus ag eaglais.  Ar ndóigh, tá go leor dul chun cinn déanta, ach tá go leor fós le déanamh; ní do mhná amháin, ach sin scéal eile.

Na tuismitheoirí óga atá ag cailíní agus buachaillí óga an lae inniu, tá seans ann nach bhfuil siadsan ar an eolas faoin gcaoi ar caitheadh le mná na nglún romhaibh, murar fhoghlaim siad faoi óna sinsir nó ar scoil. Tá fiú chuile sheans ann nach dtuigeann siad an croitheadh a baineadh as an gcóras nuair a toghadh an chéad bhean riamh, Mary Robinson, ina hUachtarán ar an tír seo, 33 bliain ó shin.

De réir a chéile, d’fheabhsaigh rudaí do mhná, a bhuíochas sin leis na mná cróga misniúla a chuaigh romhainn ach, fós fhéin, leantar le nósanna, gan smaoineamh. Cé go bhfuil rogha acu anois, bíonn mná óga fós ag scaoileadh lena sloinnte ar phósadh dóibh agus, níos minice ná a mhalairt, sloinne an fhir amháin a thugtar do pháistí. Nuair a d’fhiafraigh mé den chailín óg an raibh sé sin tugtha faoi deara aici, ní raibh. What if, arsa mé fhéin léi, a pale skinned person was marrying a dark skinned person, and only the dark skinned person was expected to change surname? Well, a d’fhreagair sí, that wouldn’t be right, at all!

************************************

Foilsíodh an t-alt seo sa Donegal News an tseachtain seo, san fhorlíonadh, Súil Thart.' Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall eagarthóir an fhorlíonaidh. 

Friday, March 8, 2019

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2019


Mná Ar Buile

Ag smaoineamh dhom ar chuimhní cinn,
Ar bhóthar ‘tá siúlta a’m seasca bliain,
Cé chasfaí dhom ach mná mo linne,
Mná na hÉireann ‘s iad ar buile.

Curfá  

Allilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile
Aillilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile.

Sa mBunreacht nua, bhí mná i sáinn,
Fir a chum na focla ann,
Áit na mban sa mbaile suite,
Socrú déanta, cearta sciobtha.

Curfá   Allilliú…

Bhí greim docht daingean ar gach broinn,
Ní ag na mná an greim docht sin,
Ach cléir is rialtas gan aon bhean,
An chos ar bholg ag dlíthe fear.

Curfá   Allilliú…

Ar phósadh dhí a thosaigh ‘n tost,
Chaill bean sloinne, cearta is post,
Le fear a colainn, maoin is spré,
Fiú dlí á chosaint ar ionsaí gnéasach.

Curfá   Allilliú…

Bhí Maighdiléanaí is iad á gcrá,
Obair chrua, gan meas ná páigh.
A bpáistí tógtha…cá raibh an grá?
Luach ar bheatha, nó fuair siad bás.

Curfá   Allilliú…

An leispiach, bhí sí faoin sceon,
Faoi bhagairt Dhia, Diabhal is meon,
Ach, ‘s fearr le Nádúr bród ná brón,
Níor laga Dia ná Diabhal ár Leo!

Curfá   Allilliú…
                                                                                                           
Savita álainn, chaill sí neart,
An bás a fuair sí, an raibh sé ceart?
Pian is faitíos, cabhair de dhíth,
Beag beann ar impí, cailleadh í.

Curfá   Allilliú…

Bhí reifreann ann a tharraing raic,
Maslaí caite…briathra is beart!
Iad siúd a cheap nár thuig mná faic,
Fuair siad cic sa tóin, is d’fhoghlaim ceacht.

Curfá   Allilliú…

Ó Vicky is Emma, tháinig scéalta
Faoi bhréaga inste, ‘s freagracht séanta,
Ach, sheas siad fód, chuir cos i dtaca,
Is d’fhiosraigh fáth, is feall, is peaca.

Curfá   Allilliú…

Tá obair a’inn le déanamh fós
Nós nua le cur in áit seanóis,
Go n-athróidh dearcadh, iompar is meon,
Beidh Mná na hÉireann ag déanamh gleo.                                                                       

Curfá  

Allilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile
Aillilliú, puilliliú, aillilliú tá mná ar buile!


*******

Sin thuas amhrán a scríobh mé d'Oireachtas na Samhna, anuraidh. Nuair a scríobh mé an t-amhrán, bhí 'Emma' fós linn. Cailleadh í. Suaimhneas síoraí dá hanam uasal. Tá sí i mo smaointe, inniu ach go háirithe, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Bíodh an-oíche agaibh, anocht, agus go n-éirí go geal libh uilig, a mhná! Aiféala orm nach mbeidh mé ansin, ach beidh mé anseo, amárach

Saturday, May 12, 2018

An Eorafís 2018

Táim ag scríobh faoin Eorafís le blianta beaga anuas, agus le fada, mar is léir daoibh, a léitheoirí. 

Is comórtas é a thaitníonn liom, agus ní miste liom céard a cheapann aon duine eile faoi, (mura suim leat an comórtas, a chara, ní gá duit an bhlagmhír seo a léamh) is maith liom éisteacht leis na hamhráin, agus roghnaím na cinn a thaitníonn liom féin.

Ar ndóigh, ní hionann mo roghasa agus rogha aon duine eile, agus is minic nach dtiteann mo rogha féin isteach le toradh na hoíche, ach bíodh sí maith nó olc, seo mo rogha de na hamhráin is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, nuair a chuala mé iad, den chéad uair,

1.   Amhrán na Cipire
2.   Amhrán na hÉireann
3.   Amhrán na Liotuáine
4.   Amhrán na Gearmáine
5.   Amhrán na Fraince
6.   Amhrán na Danmhairge
7.   Amhrán na hIorua 
8.   Amhrán Iosrael 
9.  Amhrán na hOstaire
10. Amhrán na Spáinne
11. Amhrán Phoblacht na Seice 
12. Amhrán Phoblacht na hAlbáine 

Anois, cén ceann is fearr liom? Sin ceist mhaith. Is maith liom uimhir 1 (An Chipir) agus uimhir 2 (Éire), gan dabht, ach chuir mé dúil láithreach in uimhir 3 (An Liotuáin), in uimhir 4 (An Ghearmáin), in uimhir 6 (An Danmhairg), in uimhir 9 (An Ostair), agus in uimhir 12 (An Albáin).

Sin mo rogha.

Go n-éirí go geal le Ryan O'Shaughnessy, agus a chomhghleacaithe, anocht. Tá amhrán tarraingteach scríofa aige, agus is maith liom a mhana 'Love is Love!'...agus, go háirithe, is aoibhinn liom an taibhiú ardáin a mhol sé, taibhiú a thugann le fios don domhan mór gur tír í an tír seo a thuigeann an gá le tuiscint, agus le hinghlacthacht, agus le comhionannas.

Sunday, March 26, 2017

Lá na Máithreacha

'Staid intinne is ea an tseanaois. Staid intinne is ea an óige. An rud is tábhachtaí ná a bheith dílis do do chuid prionsabal féin, do shaol a chaitheamh de réir na gcaighdeán agus an tslat tomhais a leagann tú síos duit féin.'

Léigh mé an méid sin thuas, focail a tháinig ón scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc, ar tuairisc.ie, le déanaí. Sin iad na focail a rith liom, ar maidin, ar Lá na Máithreacha, agus mé ag cogaint círe an lae, le mo lón machnaimh. 

Fadó, os cionn caoga bliain ó shin, rith smaoineamh liom i séipéal, agus níor athraigh mé m'intinn ar an ábhar, ó shin. Creidim i nithe atá 'ceart' agus 'cóir,' agus creidim i gcomhionannas

Cuireann sé iontas orm, mar shampla, nuair a scaoileann mná, go traidisiúnta, lena sloinnte, ach glacaim leis go bhfuil an ceart sin acu, fiú má shamhlaím féin nach gcuidíonn sé le cearta na mban. Sin mise. 

Ar ndóigh, b'fhéidir gur hipí atá ionam, ach níor athraigh mo 'chuid prionsabal' mórán ó bhí mé sé bliana d'aois, agus ní dóigh liom go n-athróidh siad anois. 

Seasaim go glórach ciúin ar mo chlaí fhéin, an dtuigeann sibh. Trasna an bhóthair uaim tá claí eile, agus tá daoine ina seasamh ar an gclaí sin, mar nach maith leo an claí ar a bhfuilimse i mo sheasamh. Tá an ceart sin acu. Níl dochar san éagsúlacht, an fhad is nach gcaitear clocha, ná urchair; fhad is nach ngonntar le beart ná le briathar. 

Teastaíonn droichid, ní drochíde. Sin mo phrionsabal. 

Bainigí sult as Lá na Máithreacha, a léitheoirí. 

Thursday, November 19, 2015

Lá Idirnáisiúnta na bhFear

Murach gur chaith mé súil ar Ghréasán An Ghiolctha (GAG), ar maidin, ní bheadh a fhios agam gurb é inniu Lá Idirnáisiúnta na bhFear (Linbh), ach sea, a léitheoirí; agus ó tharla mé iontach mór le go leor acu, chinn mé mo bheannachtaí a sheoladh ina dtreo, inniu...go maire sibh bhur lá mór speisíalta, a fheara, agus na 364 gach lá eile atá, agus a bheas, speisialta in bhur saol!

Ar aon nós, tharla sé gur chuir an lá mór seo comhrá i gcuimhne dom; comhrá a bhí agam le fear, mar a tharlaíonn sé, fear atá, fearacht na mná seo, ina fhocalghráthóir. Ach an oiread liom féin, tá sé de nós aige, nuair a chastar cainteoirí dúchasacha na Gaeilge air, focal nó dhó, Béarla agus Gaeilge, a phlé leo, le go bhfeictear an bhfuil aon fhocal dúchasach Gaeilge ann don fhocal ar leith sin. 

An geábh seo, sé an focal 'aerach' a bhí faoi chaibidil acu. Anois, sula dtéim níos faide le mo scéal fada, ba mhaith liom an méid seo a rá libh...daoibhse atá ar chomhaois liom féin, tuigfidh sibh, go maith, cén míniú atá leis an bhfocal sin ach, de réir mar a chloisim, tá míniú eile ann don fhocal sin anois, creid é nó ná creid; ceann nach raibh ann, agus mise ag fás aníos, fadó, fadó, fadó. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, thosaigh an comhrá caidéiseach, mar a leanas,

'Bhfuil aon fhocal dúchasach agat don fhocal sin 'aerach?' a d'fhiafraigh an focalghráthóir den chainteoir dúchasach.

'M'anam, ach sin ceist mhaith!' arsa an cainteoir dúchasach, agus a mhachnamh á dhéanamh aige. 

Tar éis dó píosa a chaitheamh ag cogaint na círe, bhreathnaigh sé go dúchasach díchéillí dícheallach ar an gceistitheoir, agus d'fhreagair,

'Fan na bhFear, b'fhéidir...'

Bhuel, caithfidh mé a rá, a léitheoirí, gur baineadh geit asam féin, nuair a chuala mé an méid sin, mar is cosúil go bhfuilim aerach ó rugadh mé, agus ní raibh a fhios agam é! 

Bíodh lá maith agaibh, a fheara..:-) 

Thursday, May 21, 2015

Cé Mise?

Is Mise Áine, agus is heitrighnéasach mé!

Sea, sin agaibh an fhírinne, anois, a léitheoirí. Diabhal locht agam air, an dtuigeann sibh…is mar sin a tháinig mé isteach sa saol, agus is mar sin atáim. Sin mo nádúr, agus ní féidir liom dlíthe mo nádúir a sheachaint.

Tharla sé gur thit mé i ngrá le fear…bhuel, ahem, thit mé i ngrá go minic, thar na blianta…ach is le fir amháin a thit mé i ngrá, agus, mar a tharlaíonn sé, bhí cearta ar leith agam, cearta a lig dom duine de na fir sin a phósadh.  Rud a rinne mé. Blianta fada ó shin. Am a raibh cuid de na dlíthe ar an liosta seo fós i bhfeidhm, agus ag dul i gcoinne chearta na mná seo.

Ní raibh comhionannas ann, an dtuigeann sibh.

Chuir sé fearg orm, ar bhealach, gur baineadh mo chearta díom, ach ní raibh de rogha agam, an t-am sin, ach glacadh le dlíthe teoranta traidisiúnta na tíre seo. Bhí sé i bhfad níos deacra ar na mná a chuaigh romham, na créatúir.  

Tá daoine sa tír seo agus, fós, níl na cearta céanna acusan agus atá agamsa anois. Tá a nádúr féin acu, an nádúr lenar tháinig siad isteach sa saol, nádúr nach féidir a sheachaint. 

Faraor, tá dlíthe fós ann nach dtugann na cearta céanna dóibhsean agus atá agamsa, anois.  Ní maith liom gur amhlaidh atá an scéal. Seanscéal agus meirg le glanadh de, i mo thuairim.


Amárach, beidh mé ag vótáil ‘Tá!’  

Saturday, November 10, 2012

Bréadú


Luadh é ar chlár Marian Finucane ar maidin, agus chuir sé iontas orm nár chuala mé iomrá roimhe sin ar an nós nuálach seo, ar a dtugtar ‘Meshing.'

Ón méid a léigh mé san alt sin, is cosúil gur nós é meshing a thosaigh i Meiriceá sé bliana ó shin: fir agus mná ag bréadú a sloinnte nuair a phósann siad, seachas duine amháin acu ag géilleadh do thraidisiún agus ag caitheamh uaithi an sloinne lenar rugadh í, is dócha. 

Go deimhin, fiú agus bean ag fáil réidh lena sloinne féin, ba shloinne é, go hiondúil, nár thug aitheantas dá laghad dá máthair féin, ná do shloinne mháthair na máthar sin, ach an oiread.

Níl fadhb agam féin le bréadú sloinnte, ach tá a fhios agam go rómhaith go mbeidh seanbhlas na dtraidisiúnaithe ardaithe ag an nós seo, mar nach dtuigeann siad, go minic, go mbíonn gá le traidisiúin nuálacha a chruthú, le comhionannas agus cearta daonna a chothú.

Nuair a léigh mé na tráchtanna ag bun an ailt sin ar an Mail Online, tháinig osna nó dhó as mo bhéal. É sin ráite, tháinig gáire nó dhó as mo bhéal, freisin - go háirithe nuair a léigh mé an ceann ón tráchtaire a dúirt go raibh aithne aici ar lánúin a rinne bréadú ar a sloinnte, Fudge agus Bucker, nuair a phós siad.   

Wednesday, October 10, 2012

Malala Yousafzai


I am afraid’ an cheannlíne a bhí ar cheann de na hiontrálacha a scríobh Malala Yousafzai ina dialann, Diary of a Pakastani schoolgirl, dialann a bhí á scríobh aici do BBC Urdu, dialann ina raibh cur síos á dhéanamh aici ar na hathruithe a bhí ag tarlú ina ceantar dúchais, Swat: ceantar atá in iarthuaisceart na Pacastáine, agus ceantar atá, dar léi, ‘very beautiful but there is no peace.’

Ar an 3 Eanáir, bhí na línte seo a leanas mar chuid d’iontráil uaithi,

‘On my way from school to home I heard a man saying 'I will kill you'. I hastened my pace…to my utter relief he was talking on his mobile and must have been threatening someone else over the phone.’

Ach, in ainneoin sin, labhair sí amach i gcoinne na n-athruithe, agus sheas sí an fód go cróga, mar go chreid sí ina ‘passion for education — she wanted to become a doctor, she said — and became a symbol of defiance against Taliban subjugation.’

Dar leis an alt as ar tháinig an ráiteas thuas, alt a bhí sa New York Times inné,  ‘masked Taliban gunmen answered Ms. Yousafzai’s courage with bullets, singling out the 14-year-old on a bus filled with terrified schoolchildren, then shooting her in the head and neck.’

Tá Malala Yousafzai go dona tinn san ospidéal fós. Ar maidin, sé mo ghuí ná go dtaga sí chuici féin go luath; agus go bhfaighe sise, agus chuile fhear, bhean agus pháiste ar fud an domhain, an comhionannas a ba chóir a bheith acu, is cuma cén tír ina bhfuil cónaí orthu, is cuma cén rialtas atá i gceannas orthu, is cuma cén lucht míleata a dhéanann iarracht iad a cheansú.

Is féidir leis an urchar gunna bheith marfach agus gontach, ach ná ligtear dó cearta an duine a chur ina thost.

Go raibh tú ar ais ar do sheanléim go luath, a Mhalala chróga.