Showing posts with label fírinne. Show all posts
Showing posts with label fírinne. Show all posts

Monday, January 1, 2024

2024

‘Bhí mé ag éisteacht leo ó bhí mé in ann an t-urlár a shiúl’ a scríobh sé ina théacs chugam, nath cainte nach raibh cloiste cheana agam ach thuig mé, ar an bpointe boise, céard a bhí i gceist aige.

Teach ar bith a mbíonn páistí beaga ag crochadh thart ann, bíonn poll ar an teach sin; i bhfocla eile, cloiseann siad chuile rud. Go deimhin, má tá páiste beag sa seomra leatsa an-chiúin, caithfidh tú a bheith aireach mar tá chuile sheans ann go bhfuil sé a) ina chodladh b) théis theacht ar rud éigin nár cheart a bheith aige, nó c) ag éisteacht, lena chluasa bioraithe, le chuile fhocal as do bhéal.

Duine fásta ar bith nach mbíonn ar a aire faoi na cluasa beaga sin, seans go mbainfear stangadh as nuair a chloisfidh sé (nó sí) an comhrá a bhí acu á athinsint ag an bpáiste, go hiondúil ag am a fheilfeas go maith don pháiste ach nach bhfeilfidh, a bheag ná a mhór, don té a d’inis an scéal ar an gcéad dul síos.

Nuair a scaoiltear cat as an mála, tá an dochar déanta. Ní féidir é a chur ar ais arís. Cuireann athrá a bhail fhéin ar scéal. De réir mar a théann scéal ó bhéal go béal, is minic go gcuirtear píosa leis nó go mbaintear píosa uaidh. Cailltear, scaití, bunadh an scéil.
Go deimhin, is féidir scéal a chumadh as dearcadh, chomh maith céanna, rud a tharlaíonn d’aon turas in amanna, nó go soineanta in amanna eile. Braitheann sé ar nádúr an duine. Ní mar a chéile a chloiseann chuile dhuine an scéal a insítear dóibh, dá bhrí sin, ní mar a chéile an cruth a bhíonn ar an scéal san athrá.

Ar an taobh eile den scéal, tá an cumadóir cruthanta - an té sin atá in ann scéal a athchóiriú le go dtitfidh sé isteach lena theoiricí nó lena thuairim fhéin. Más mian le scéalaí amhras nó faitíos a chruthú, aimseoidh sé na focla cuí len é sin a dhéanamh agus aimseoidh na focla sin an meon a chreidfidh iontu, beag beann ar fhianaise ná ar fhírinne.

Le teacht na bliana nua, ní bheadh aon dochar ann dá mbeadh sé mar rún a’inn uilig na scéalta amhrasacha a chíoradh; agus a bheith barainneach lenár gcuid cainte nuair atá poll ar an teach!

Wednesday, October 5, 2022

Coirnéal

 'Bhí sé in ann a choirnéal fhéin a chur ar rudaí...' a dúirt sí liom agus muid i gcomhrá faoina fear céile uasal, a fuair bás le déanaí. 

Bhí os cionn cheithre scór agus deich mbliana caite aige ar an saol seo. Is iomaí comhrá a bhíodh agam leis, an saol i gcoitinne á chur faoi chaibidil againn. Fear tuisceanach, trócaireach. Fear críonna. Airím uaim a chomhluadar nuair a thaobhaím a dteach, anois. Airíonn sise uaithi é, chuile lá beo. 

Is dócha go gcuireann muid uilig ár gcoirnéal fhéin ar rudaí. Thug mé é sin faoi deara, go mór mór i rith na paindéime, am a chuir daoine a gcoirnéal fhéin ar an bpaindéim, mar shampla. Bhí cuid a chreid gur ann di, mar phaindéim; cuid a chreid nach raibh ann ach comhcheilg, teoiric chomhcheilge a bhí cumtha ag lucht rachmais agus rialtas le muid uilig a choinneáil faoi smacht; agus cuid eile a cheap nach raibh ann ach bealach lenár ADN a athrú via vacsaíniú. 

Seans go bhfuil daoine ann a bhreathnaíonn ar a reiligiún ar an gcaoi chéanna. Tá daoine ann a chreideann in aon dia amháin i.e. a ndia fhéin; cuid eile nach gcreideann focal agus a chreideann nach bhfuil i gceartchreideamh ach bealach le pobal a choinneáil faoi smacht; cuid eile nach gcreideann ach i dteoiric éabhlóide Darwin. 

Tá ár gcoirnéal fhéin aimsithe againn uilig, seans, ach is fearr a bheith cúramach agus ciallmhar nuair atá coirnéal nua le casadh ar bhóthar an tsaoil. Tá sé deacair fírinne an tslí a fheiceáil agus tú istigh i gcoirnéal. 

Wednesday, February 3, 2016

Fírinne


Deacair í a fheiceáil...
 ...ach tá sí ann.
 Deacair í a fheiceáil...
 ...ach tá sí ann. 
 Deacair í a fheiceáil...
 ...ach tá sí ann. 

Tá na polaiteoirí i mbun feachtais anois, thall agus abhus, a léitheoirí. Ar ndóigh, tá agus beidh a scéal féin ag gach duine acu le roinnt linn, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus is fúinne a bheas sé brí a bhaint as na scéalta sin.

Seo chugaibh roinnt seanfhocal as an leabhar 'Seanfhocla Chonnacht' le cuidiú libh. Tá siad le fáil faoin gceannteideal 'Fírinne.'

Bíonn dhá thaobh ar gach scéal.

Ní maith scéal gan ábhar. 

Tá scéal go maith go dtig an dara scéal.

Ní bhíonn an cath mar an scéal. 

Níl scéal ar bith nach mbaintear casadh as. 


Friday, September 11, 2015

Éan Scéal

 Tá sé deacair í a fheiceáil, gan dabht ar bith, ach tá sí ann....
...an chailleach dhubh ag móradh na haimsire áille, ar Loch Súilí, i mBun Cranncha, ar maidin inniu. 

Feictear dom, go deimhin, go bhfuil ainm nó dhó eile ag an cormorant, mar atá broigheall, duibhéan, murúchailltreathlach, fiach mara agus amplóir, ach cailleach dhubh an t-ainm a chuala mé féin, thiar i gConamara. 

An méid sin ráite, tá rogha nó dhó eile le feiceáil anseo, ainmneacha a chonaic mé i bhfoclóir Lane's Larger English-Irish Dictionary chomh maith, mar atá cabhail scréachóg, scarbh, seagadh, agus gairg, mar aon le fiach farraige, gairgéan, ballaire, gairrfhiach, agus glaimhfhiach! 

Meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'a picture paints a thousand words'...

Saturday, July 11, 2015

An Fhírinne Ghlan?


 Deacair é a fheiceáil...

 ...ach tá sé ann.

 Deacair é a fheiceáil...

 ...ach tá sé ann. 

 Deacair é a fheiceáil...

...ach tá sé ann. 

Ó am go chéile, nuair a chloisim 'Let's be clear about this...' ag teacht as béal pholaiteora, tosaíonn mo Phota Amhrais ag blub-blubbáil, agus tosaím ag Hmmm'áil, mar go mothaím, ar an bpointe, bíodh mé ceart nó mícheart, nach soiléir, ar chor ar bith, a bheas a chuid raiméise cainte.

Ar ndóigh, ní hé sin le rá nach bhfuil an fhírinne áit éigin sa méid atá á rá aige ach, go minic, bíonn sé deacair í a aimsiú! 

Seanfhocail, faoi 'Fírinne', ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Ní chreidtear an fhírinne ó fhear déanta na mbréag.

Níor thacht an fhírinne fear riamh. 

Ná tabhair do bhreith ar an gcéad scéal. 

Ní bhíonn an cath mar an scéal. 

Ritheann an bhréag ach fanann an fhírinne. 

Friday, November 15, 2013

Inis Bó Fírinne?

Níor chuala mé iomrá ar an ainmhí tairngeartach, Pajo, go dtí inniu, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil a chlú agus a cháil bainte amach aige cheana féin, le tamall anuas.

Is dócha go bhféadfá a rá gur, ahem, tuarbhán atá í bPajo, sé sin le rá, tarbhán atá ann atá in ann nithe a thuar!

Pé scéal é, agus ó tharla nach bhfuilimse ag iarraidh, ahem, scéal an ghamhna bhuí a dhéanamh den scéal seo, shíl mé go mb'fhéidir go mbeadh suim agaibh sa chéad tuar eile uaidh, mar sin seo chugaibh é, a chairde an X Factor

Ná bíodh sé le rá ag aon duine nach mbímse bhur gcoinneáil ar an eolas faoin, ahem, nithe tábhachtacha an tsaoil, a léitheoirí...

Sunday, July 7, 2013

Fírinne

Ritheann an bhréag...
ach fanann...
...an fhírinne.

An seanfhocal thuas, agus na cinn thíos, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Fírinne. Na, ahem, habhainnghraif uaimse.

Seasann an fhírinne i lár na bréige. 

Is cumhachtach an fhírinne is buafaidh sí. 

Ná tabhair do bhreith ar an gcéad scéal. 

Wednesday, July 3, 2013

Focail Féilire

Comhairle do lucht na polaitíochta ar maidin, b'fhéidir...

Gníomh a ghiniúint, éifeacht ar chinniúint.

Act as if what you do makes a difference. It does.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, William James

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí. 

Seanfhocal nó dhó, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Feall, mar a leanas:

Is measa an té a bhraitheas ná an té a dhéanas. 

Is minic cealg i mbun na póige. 

Milis os comhair do chuid súl is searbh taobh thiar de do dhroim. 

Agus ceann nó dhó eile dóibh, as an leabhar céanna, faoin gceannteideal Fírinne, mar a leanas:

Bíonn dhá thaobh ar an mbilleog. 

Seasann an fhírinne i lár na bréige. 

Suigh crom ach labhair díreach. 

Sunday, March 10, 2013

Céaslóireacht

Sa reilig in Eanach Mheáin, i gCeantar na nOileán, a bhí mé arú inné, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos. 

Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus surfáil seaschéaslóireachta, go dtí gur fhill mé ar Cheann Scríbe aréir, agus rinne mé giota taighde ar an ábhar, ar maidin. Tháinig mé ar an méid seo in Wikipedia. 

Ar ndóigh, nuair a chonaic mé an leagan Gaeilge do stand up paddle surfing in focal.ie, tráthúlacht an fhocail sin 'chéas' i lár an fhocail a thug mé faoi deara. Cén fáth? 

Bhuel, is dócha, nuair a bhím sa reilig in Eanach Mheáin, bím ag breathnú ar uaigheanna na ndaoine muinteartha liom atá curtha ann, daoine a d'imigh roimh am, shílfeá, nó roimh sheanaois, pé scéal é; cuid acu a d'imigh go tobann tubaisteach, faraor, gan súil ar bith againn lena n-imeacht. 

'Cén fáth?' an cheist a chuirim orm féin, go míon minic, agus mé ag breathnú ar na huaigheanna sin. 

Ar maidin, nuair a chonaic mé an focal sin 'seaschéaslóireacht,' rith sé liom go mb'fhéidir nach fiú dúinn muid féin a chéasadh le ceisteanna faoin mbás, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis; níl ann ach freagra na fírinne, freagra nach bhfuil ag aon duine againn, is cuma cén leabhar as a mbíonn daoine ag quotáil.  

Táimid uilig ag céaslóireacht linn, a léitheoirí, lenár linn féin, inár linn féin. Bainigí sult as an saol. Níl ann ach seal. 

Agus, bainigí sult as Lá na Máithreacha

Friday, November 30, 2012

Men agus Half Men na Meán


Ní hé go mbím i mo shuí os comhair na teilifíse go minic, ach tharla sé go bhfaca mé an clár The Craig Doyle Show den chéad uair aréir, agus ina dhiaidh sin chonaic mé an chéad chlár de Irish Pictorial Weekly – clár a bhíodh ar an raidió, ach atá anois ar an teilifís, is cosúil.

Ó tharla go bhfuil mise ar dhuine de na daoine sin a bhfuil cuimhne aici ar Halls Pictorial Weekly, clár a bhíodh ar an teilifís fadó, fadó, fadó, bhí mé ag súil go mór leis an gclár nua, Irish Pictorial Weekly, agus bhain mé an-sult as, caithfidh mé a rá. Bhain sé gáire nó dhó nó trí asam, agus is féidir an clár a fheiceáil ar an RTÉ Player anseo, mura miste leat geansceitsí aoracha, ar ndóigh.  

Is féidir an clár The Craig Doyle Show a fheiceáil anseo, ach más rud nach maith leat eascaine a chloisteáil, nó má chuireann sofhriotal fearacht ‘man milk’ as duit, b’fhéidir gur fearr duit gan breathnú ar an gclár. 

Thaitin an clár go mór liom féin, agus bhí mé ag gáire go minic agus mé ag éisteacht leis na haíonna - Greg Davies (Inbetweeners) agus Greg Proops (Whose Line is it Anyway), gan trácht ar ionchur Craig é féin, agus Paddy, fear a thaispeáin bréagán nó dhó dúinn (11:00), - ina measc an Self Stirring Mug, creid é nó ná creid – bréagáin nach mbeidh le feiceáil ar an Late Late Toy Show anocht, a léitheoirí.

Pé scéal é, bhí Louis Walsh ar an gclár le Craig Doyle aréir, agus cé go bhfuil an scéal faoin gcaoi ar chaith an nuachtán The Sun le Louis cloiste go minic againn ó inné, bhí an dóigh a ndeachaigh an scéal i bhfeidhm ar an bhfear bocht le feiceáil go soiléir ar an gclár aréir.

Cé go bhfuilim go mór i bhfabhar saoirse an phreasa, ní thuigim cén chaoi gur féidir le haon nuachtáin scéal mar sin a fhoilsiú, nuair is léir, ón méid atá cloiste agus léite agam féin, nach raibh oiread na fríde d’fhírinne sa mhéid a chuir Leonard Watters i leith Louis Walsh. Cuireadh Watters chun príosúin, ach is é Louis Walsh atá thíos leis an eachtra uafásach seo - fear neamhchoireach a fuair buille nach raibh tuillte aige, buille a ghoilleann go mór air fós, mar is léir óna chaint thochtmhar ar an gclár aréir (20:00-28:00). 

Daoibhse a bhfuil suim agaibh sa chlár teilifíse Two and a Half Men, b’fhéidir gur mhaith libh an méid a dúirt an t-aisteoir Angus Jones (Jake ar an gclár) a léamh anseo, nó a chloisteáil anseo (7:29). Níor éist mé leis an bhfíseán ina iomláine, ach ceapaim go bhfuil Angus ag léamh an Bhíobla anois, agus go bhfuil Dia agus na Forerunner Chronicles go mór ina shaol ó shin.

Cibé scéal é, tar éis a ráiteas uilig ar an bhfíseán sin thuas, bheinn féin den bharúil go bhféadfadh fadhb nó dhó eile a bheith aige, mar aisteoir, amach anseo. Ní theitheann cú roimh chnámh. Coinnígí súil ghéar ar na meáin, a léitheoirí, ach coinnígí intinn oscailte ag an am céanna.   


Saturday, October 20, 2012

Jab Le Déanamh


Le seachtain anuas, táim á sheachaint. Chuile uair a rachainn isteach sa seomra leapa, bhí sé romham, ag bagairt orm, ‘Caithfidh tú é a dhéanamh! Caithfidh tú é a dhéanamh!’

Ligfinn orm féin nach bhfaca mé é, agus ní dhearna mé é. Go dtí inniu.

Sea, a léitheoirí, thosaigh mé ar an jab úd ar maidin - éadaí an tsamhraidh á gcur san áiléar agam, agus éadaí an gheimhridh á dtabhairt anuas agam. 

Ní raibh rogha agam, i ndáiríre. Cé go raibh an fhírinne á seachaint agam, mar aon leis an jab úd thuasluaite, is léir dom anois go bhfuil an samhradh thart, agus go bhfuil gá le héadaí atá pas beag níos teolaí.

Mo chuimhne, chuala mé bean ag rá, le déanaí, ‘The trees are turning...' agus cé gur thuig mé céard a bhí i gceist aici, níl a mhacasamhail d’abairt ‘crainn ag iompú’ le fáil i nGaeilge, chomh fada agus is eol dom; ‘tá an dath ag imeacht de na duilleoga’ a deirtear, ceapaim.

‘Ar ndóigh, ní fhéadfadh crann é féin a iompú!’ arsa bean chliste na Gaeilge liom, nuair a luaigh mé an leagan Béarla léi. Tá an méid sin fíor, gan dabht, ach tá rud éigin iontach ealaíonta faoin íomhá a shamhlaigh mé, nuair a dúirt fear áitiúil liom, le déanaí,

‘The frost turned the colour on the trees last night.’

Ealaíontóir an Fhómhair i mbun a chuid oibre, is dócha. 



Thursday, September 13, 2012

Focail Féilire


I bhfianaise ar m’aineolas tá scéalta na meán agam. 

All I know is just what I read in the papers, and that's an alibi for my ignorance.

Tháinig an t-athfhriotal Béarla thuas ó Will Rogers, agus is uaimse an leagan Gaeilge.  

Tá sé tugtha faoi deara agam, thar na blianta, go gcreideann daoine cibé rud is mian leo a chreidiúint, is cuma ann nó as d’fhianaise. Níl a fhios agam an mbaineann sé sin le tionchar nó le teagasc, le ciniceas nó le creideamh, le forbairt nó le teip, le fás nó le marbhántacht; ach is minic duine amháin ag aimsiú fírinne san áit ina n-aimseodh duine eile bréag, mar shampla. 

Agus, má shamhlaítear nach bhfuil an fhírinne iomlán ag teacht ó na meáin, an bhfuil fianaise ag teacht ón mbréag a shamhlaítear?

Cibé scéal é, bíodh sé ag teacht ó na meáin rialta nó ó na meáin shóisialta, ní dóigh liom go mbeadh dochar ann éisteacht agus léamh go faichilleach, le cúram, agus le gráinnín salainn. Ar fhaitíos na bhfaitíos.

Roinnt seanfhocal daoibh, a léitheoirí, cinn atá le fáil faoin alt Fírinne, sa leabhar Seanhfhocla Chonnacht:

An fhírinne as mála na mbréag.

Bíonn an dá leagan ar gach scéal.

Bíonn dhá inseacht ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

Maireann an bhréag seal, ach maireann an fhírinne go deo.

Ní chreidtear an fhírinne ó fhear déanta na mbréag.

Scaoil thart an chéad fhear nó go dtaga an dara fear.

Ní bhíonn an cath mar an scéal.

Níor dúradh ariamh ach fíor nó bréag.