Showing posts with label cogadh. Show all posts
Showing posts with label cogadh. Show all posts

Friday, November 10, 2023

Athrú

Bhí a fhios a’m, chomh luath agus a dhúisigh mé an mhaidin sin, go raibh sé imithe. D’airigh mé i bhfuacht na leapan é. Bheadh orm pluid níos troime a fháil ón áiléar. B’shin coicís ó shin, agus tá roinnt cuairteanna tugtha a’m ar an áiléar céanna ó shleamhnaigh an fómhar uainn ag tús na míosa seo caite. Tháinig fuacht an gheimhridh i bhfad roimh an am, shílfeá, gan fiú deireadh na míosa tagtha fós. Ach, cá bhfios dúinn - b’fhéidir go dtagann deireadh an fhómhair ag tús mhí Dheireadh Fómhair seachas ag a deireadh? Go deimhin, cá bhfios dúinn nach bhfuil baint éigin ag athrú aeráide leis an scéal!? Pé scéal é, chomh luath agus a airím fuacht an gheimhridh i mo chnámha, bíonn a fhios a’m go bhfuil sé in am dom slán a fhágáil ag éadaí éadroma an tsamhraidh agus éadaí troma an gheimhridh a chur ina n-áit.

Sula gcuirim éadaí an tséasúir san áiléar, is cuma samhradh nó geimhreadh ann, roinnim ina dhá chuid iad; cuirim i mála amháin na cinn as ar bhain mé úsáid i rith an tséasúir ar leith sin, agus cuirim i mála nó dhó eile na héadaí agus rudaí eile nár baineadh úsáid astu, ar chor ar bith, an séasúr sin. Téann an chéad mhála suas san áiléar, agus téann na málaí eile chuig siopa carthanachta. Bíonn líon na málaí ag athrú chuile bhliain. De réir a chéile, táim ag gearradh siar agus ag glanadh amach; ag fáil réidh leis na nithe sin nach bhfuil gá leo i mo shaol níos mó, agus ag coinneáil na rudaí a theastaíonn uaim.

Nuair a thosaigh mé ar dheighilt-éadaí an tséasúir seo, rith sé liom go mbíonn séasúir phearsanta a’inn fhéin, séasúir ina n-athraíonn tréith éigin dár meon nó dár saol, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tagann briseadh croí le tragóid nó le drochscéala, mar shampla, ach tagann ardú croí le grá, le cairdeas, le tacaíocht. In amanna mar sin, tagann athrú i saol an duine. Athraíonn an comhchaidreamh. Tagann cairde, imíonn cairde. Go comhfhiosach nó go fo-chomhfhiosach, tarlaíonn deighilt nó athruithe de shaghas éigin.

I láthair na huaire, tá daoine ag fulaingt i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Tá easaontas ag tarraingt athrú saoil gan choinne sa mullach ar dhaoine. Tá fir, mná agus páistí soineanta neamhchiontacha sáinnithe i lár cogaí nach féidir leo éalú uathu. Níl thart orthu ach fuacht an fhuatha. Nára fada go mbeidh teocht na síochána ina saol.

*******************************************

Foilsíodh leagan den scéal seo i bhforlíonadh Súil Thart na míosa seo, forlíonadh atá le fáil uair sa mhí sa nuachtán Donegal News. Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh. 

Friday, July 8, 2016

Faill agus Feall

Meas tú, arsa mé féin liom féin, ar maidin, nuair a bhí nuacht na seachtaine á léamh agam ar an idirlíon, an raibh an domhan riamh ina chíor thuathail, ach nach raibh muid ar an eolas faoi, ar an bpointe, mar a déarfá, mar nach raibh fáil againn ar an nuacht chomh sciobtha fadó?

I láthair na huaire, tá An Ríocht Aontaithe curtha as a riocht, shílfeá, agus tá sé deacair a rá cé acu faill nó feall atá/a bhí taobh thiar den Bhreatimeacht sin a tharla le déanaí, nó easpa muiníne. Mar a tharla sé, bhí mé thall ar feadh míosa, agus bhí mé i Londain nuair a bhí an reifreann, agus a gcuid tuairimí maidir leis an reifreann, á bplé ag daoine. Ba léir domsa, ón méid a chuala mé, agus ón méid a léigh mé, go raibh Breatimeacht i ndán don tír. Ba mhór an líon daoine é '11% still undecided.'

Leag Cathal Mac Coille a mhéar air, ceapaim, nuair a scríobh sé, ina alt ar tuairisc.ie,

'Níl muinín níos mó as an élite ag sciar mór den phobal sa Bhreatain ná i mórán tíortha eile. Cé hiad? Ceannairí agus urlabhraithe na bpríomhpháirtithe agus an chuid is mó de na húdaráis i ngach tír, chomh maith le ranna stáit, saineolaithe, iriseoirí agus baincéirí.'

Ní raibh na daoine 'mór le rá' ag éisteacht, feictear dom. Ní raibh na daoine ba chóir bheith 'ag éisteacht' ag éisteacht, shílfeá. 


Agus, is cosúil nach raibh siad ag éisteacht nuair a bhí nithe amhrasacha ag tarlú in Console. Tá an damáiste déanta, faraor. Agus, tá na cogaí, feictear dom, leanúnach; gan gá leo, dá n-éistfeadh daoine lena chéile.


Chuile sheans nach raibh fáil againn ar an eolas, ná ar na drochscéalta, leis an luas céanna, fadó, nuair nach raibh an t-idirlíon ann, ach tá anois, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Ach, fós, fiú agus muid ar an eolas faoin bhfaill agus faoin bhfeall, tá ag éirí leis na brabúsaithe. Níos measa fós, is minic go ligtear leo. 

Wednesday, September 16, 2015

Teachtaireacht Chuig An Spás Amuigh

A Neach Neamhshaolta, a chara, (tá súil agam!)

Léigh mé scéal go mb’fhéidir go bhfuil seans ann go bhfuil tú ag coinneáil súile orainn anseo ar An Domhan agus, mar gheall air sin, (nó ar fhaitíos na bhfaitíos go bhfuil baol ann go mbeadh fonn ort aithne amhrasach a chur orainn, le go mbeidh tú in ann tuiscint a fháil ar ár bhféiniúlacht) tá comórtas á reáchtáil – An Tionscnamh Um Sheoladh na Teachtaireachta Tobréitigh (TUSTT, fuaimnithe mar ‘tost’) -  le deis a thabhairt dúinne, na neacha saolta, tusa a chur ar an eolas fúinne, agus faoinár nósanna domhanda.

Cá dtosóidh mé!? Bhuel, ó tharla go bhfuil tú in ainm is a bheith níos cliste ná muid féin, ní bheidh deacracht dá laghad agat Gaeilge na teachtaireachta seo a thuiscint; cé go bhfuil go leor daoine sa tír seo agus níl Gaeilge acu, na créatúir, ach sin scéal nach féidir liom a mhíniú, mar nach dtuigim féin é, go deimhin. An méid sin ráite, is iomaí teangacha éagsúla atá le cloisteáil ar fud an domhain, agus níl ag formhór na ndaoine ach teanga amháin; a dteanga dhúchais, go hiondúil.

Céard is dúchas ann? Bhuel, sin an rud a thugann féiniúlacht don neach saolta. Mar gheall air sin, is Gael mise, mar shampla, mar gur rugadh in Éirinn mé, agus labhraím Gaeilge, mo theanga dhúchais; cé go bhfuiltear ann a cheapann gur Béarla ár dteanga dhúchais, creid é nó ná creid. Níl a fhios agam cá ndeachaigh féiniúlacht na ndaoine sin, ach tá an domhan seo mór, dúinne ar aon nós, agus tá sé éasca dul amú ann, faraor.   

Is tír bheag í Éire, i gcomparáid le tíortha móra eile an domhain. Má tá teileascóp agat, agus táim cinnte go bhfuil, ó tharla tú i bhfad chun cinn orainne, seans, aithneoidh tú muid ón gcruth madrúil atá ar an tír, tírín atá le feiceáil i lár an Atlantaigh Thuaidh. Más féidir leat muid a aimsiú san fharraige mhór sin, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil an chuma ar an madra bocht sin go bhfuil sé ag rith ó na Sasanaigh ar a chúl, lena dhá lapa sínte i dtreo Mheiriceá Thuaidh, mar a bheadh muid ag impí ar an tír mhór sin muid a shábháil. Sin muide.

Ó tharla mé ag scríobh faoi impí, agus faoi thíortha ag sábháil daoine ó thíortha eile, tá an domhan seo bun os cionn, i láthair na huaire. Tá neacha saolta, daoine bochta brúite, atá cráite ag cogaí ina dtíortha féin, ag impí ar thíortha síochánta, tíortha atá go maith as, iad a shábháil óna gcruachás, agus ní chreidfeá na bacanna atá cuid de na tíortha sin ag cur rompu, na créatúir chráite. Go deimhin, níl an tír seo thar moladh beirte, ach an oiread!

Anois, ó tharla mé ag tagairt do pháipéarachas, sin rud atá deacair a mhíniú, freisin, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis, go minic. Feictear dom go bhfuil dearmad iomlán glan déanta ag go leor polaiteoirí agus daoine, ar fud na cruinne, ar an ní saolta daonna sin ar a dtugtar ‘trócaire.’ Ní féidir trócaire a mhíniú, ach oiread, mura bhfuil sí agat go nádúrtha. B’fhéidir go bhfuil nádúr an neach saolta anseo ag athrú. Nach mór an trua é sin.

An bhfuil a fhios agat céard é féin, a neach neamhshaolta, a chara, ach ná bac le tuiscint...má tá trócaire le spáráil agat, i do chianspás, bheinn an-bhuíoch díot ach spaslong lán di a sheoladh inár dtreo, chomh luath agus is féidir leat, le do thoil.

Teastaíonn sí uainn, go géar. 

Mise, le meas, Áine 

Wednesday, October 10, 2012

Malala Yousafzai


I am afraid’ an cheannlíne a bhí ar cheann de na hiontrálacha a scríobh Malala Yousafzai ina dialann, Diary of a Pakastani schoolgirl, dialann a bhí á scríobh aici do BBC Urdu, dialann ina raibh cur síos á dhéanamh aici ar na hathruithe a bhí ag tarlú ina ceantar dúchais, Swat: ceantar atá in iarthuaisceart na Pacastáine, agus ceantar atá, dar léi, ‘very beautiful but there is no peace.’

Ar an 3 Eanáir, bhí na línte seo a leanas mar chuid d’iontráil uaithi,

‘On my way from school to home I heard a man saying 'I will kill you'. I hastened my pace…to my utter relief he was talking on his mobile and must have been threatening someone else over the phone.’

Ach, in ainneoin sin, labhair sí amach i gcoinne na n-athruithe, agus sheas sí an fód go cróga, mar go chreid sí ina ‘passion for education — she wanted to become a doctor, she said — and became a symbol of defiance against Taliban subjugation.’

Dar leis an alt as ar tháinig an ráiteas thuas, alt a bhí sa New York Times inné,  ‘masked Taliban gunmen answered Ms. Yousafzai’s courage with bullets, singling out the 14-year-old on a bus filled with terrified schoolchildren, then shooting her in the head and neck.’

Tá Malala Yousafzai go dona tinn san ospidéal fós. Ar maidin, sé mo ghuí ná go dtaga sí chuici féin go luath; agus go bhfaighe sise, agus chuile fhear, bhean agus pháiste ar fud an domhain, an comhionannas a ba chóir a bheith acu, is cuma cén tír ina bhfuil cónaí orthu, is cuma cén rialtas atá i gceannas orthu, is cuma cén lucht míleata a dhéanann iarracht iad a cheansú.

Is féidir leis an urchar gunna bheith marfach agus gontach, ach ná ligtear dó cearta an duine a chur ina thost.

Go raibh tú ar ais ar do sheanléim go luath, a Mhalala chróga.