Showing posts with label fada. Show all posts
Showing posts with label fada. Show all posts
Tuesday, March 1, 2016
Fadó, Fadó, Fada...
Tá an cárta, thuas, le ceannach in Aldi faoi láthair, mar atá neart cártaí eile mar é, arb é Lá Fhéile Pádraig a dtéama.
Mar atá scríofa ar chúl an chárta, tá na cártaí uilig de dhéantús Éireannach faoi ráthaíocht, agus molaim a gcuid tacaíochta dár ngeilleagar. Cúpla bliain ó shin, cheannaigh mé cárta nó dhó eile in Aldi, agus bhain na teachtaireachtaí suimiúla, a bhí priontáilte ar na cártaí, gáire nó dhó as an dream thall.
Nuair a d'oscail mé an cárta thuas, i mbliana, baineadh siar asam. Meas tú, arsa mé féin liom féin, an é nach dtugann na 'totally Irish' daoine a dhéanann na cártaí, an é nach dtugann siad faoi deara go bhfuil rud nó dhó, nó trí, ar iarraidh ón mbeannacht?
Ah bhuel, gura, ahem, fada buan a gcuid iarrachtaí, mar sin féin.
Sunday, September 27, 2015
Amú San Aistriúchán?
Fada nó dhó ar iarraidh ón bhfógra seo, meas tú, fógra a chonaic mé anseo i mBun Cranncha le déanaí? Ssiúráilte, bhfuil tú?
Tuilleadh fógraí mar iad le feiceáil anseo, ar tuairisc.ie.
Níl sé i gceist agam go gceapfadh sibh go bhfuilim ag caitheamh anuas ar an FSS, mar nílim, ach ní thuigim, ar chor ar bith, cén chaoi a dtarlaíonn botúin mar seo, nuair atá córas agus céatadán ar leith leagtha síos ag Foras na Gaeilge d'aistritheoirí, céatadán nár éirigh liom féin a fháil, fadó.
An é go mbaineann comhlachtaí an stáit úsáid as aistritheoirí nach bhfuil ar liosta Fhoras na Gaeilge?
Nó, meas tú an 'botún cló' atá i gceist? Hmmm...
Subscribe to:
Posts (Atom)