Showing posts with label blag. Show all posts
Showing posts with label blag. Show all posts

Saturday, July 8, 2023

Ag Teacht is Ag Imeacht

Bhí sé le déanamh agam le fada, ach tá sé déanta agam anois - tá slacht curtha agam ar an mblag seo. 

Bhuel, tá sé glanta agam, pé scéal é, sé sin le rá, tá na naisc bhriste scriosta den suíomh agam, athnuachan déanta nuair bá ghá, agus cúpla rud bogtha thart. Bhí mé ag iarraidh níos mó a dhéanamh ach, ar fáth éigin nach dtuigim, tá an 'save arrangement' ar iarraidh ón 'layout' agus níl sé d'am agam tuilleadh ama a chaitheamh ar an diabhal rud.

Ar thaobh na láimhe deise den phost seo, feicfidh tú 'Naisc Úsáideacha,' agus níos faide síos ar an taobh céanna, tá liosta 'Cuidiú nó Cruinneas Uait' agus liosta 'Na Meáin,' mar aon le liosta de mo chomhbhlagálaithe. 

Bhí na liostaí sin ann ó thosaigh mé ar an mblag seo, am a ndeachaigh mo sheanbhlag, Mise Áine, amú orm i 2011. Ní bhím ag blagáil leis an mhinicíocht chéanna is a bhínn nuair a thosaigh mé ag blagáil ar dtús, timpeall 2007 nó mar sin - bhí seanbhlag eile ann roimh an seanbhlag, ach ní féidir a theacht air níos mó - ach is easpa ama is cúis leis an easpa minicíochta seachas easpa suime.

Maidir le mo chomhbhlagálaithe, bhí orm cúpla scór blag a bhaint den liosta; bhí siad 'not found' nó 'removed' 'private' anois. Bhí ceann nó dhó a bhí bainte nó 'removed' (ag a n-úinéirí, is dócha), cinn a thaitin go mór liom thar na blianta. Ba dheas a seanmhíreanna a léamh, arís. Faraor, ní féidir anois.  

Aon bhlagálaí a d'fhág a míreanna agus a mblag beo, choinnigh mé ar an liosta iad, le go mbeidh fáil ag léitheoirí orthu. Seans gur féidir a rá gur stair atá sna míreanna a scríobhamar uilig, mar bhlagálaithe, san am a caitheadh. Ní raibh fáil ar na meáin shóisialta ag an am, más buan mo chuimhne, mar sin bhí an bhlagáil beo beathach. Bhí tuairimí le roinnt, agus roinneadh iad. 

Ach, ní tuairimí amháin a roinneadh - tá seanfhocail, béaloideas, dinnseanchas, eolaíocht, teicneolaíocht, reiligiún, cuimhní cinn, craic, filíocht, amhráin, ceol, scéalta cruthaitheacha agus scéalta pearsanta le léamh ar na blaganna éagsúla, agus tuilleadh lena chois sin. 

Ar an liosta de mo chomhbhlagálaithe, tá 57 blag nár scríobhadh aon cheo orthu le 6-13 bliain anuas, tá 31 blag nár scríobhadh aon cheo orthu le 1-5 bliain anuas, agus tá 24 blag ag treabhadh leo le bliain anuas, cuid acu níos minice ná a chéile. Gura fada buan iad!

An rud is mó a rith liom agus mé ag cur na liostaí eile le chéile ná go bhfuil i bhfad níos mó tacaíochta 'ar líne' ar fáil don scríbhneoir le roinnt blianta anuas. Nuair a thosaigh mise amach ar an mblagáil, bhí foclóirí móra oscailte agam le taobh an ríomhaire, agus b'fhéidir trí nó ceithre leabhar gramadaí thart ar an ríomhaire, ag an am céanna. Anois, má bhím in amhras faoi fhocal nó faoi ghramadach, níl le déanamh agam ach cuardach a dhéanamh ar an idirlíon. Tá na Naisc Úsáideacha úsáideach, a léitheoir! Mar atá na suímh ata le fáil faoi 'Cuidiú nó Cruinneas Uait.'

Mo bhuíochas ó chroí leis na daoine sin atá ag obair in earnáil na Gaeilge agus a chuireann na seirbhísí éagsúla ar fáil don scríbhneoir, don aistritheoir, don taighdeoir agus don fhoghlaimeoir. Le bhur gcuid tacaíochta, táim fós ag foghlaim agus fíorbhuíoch as an deis mo theanga dhúchais a úsáid ar an ardán seo. 

Friday, May 27, 2022

Cumarsáid

Tá sé cúig bliana déag ó thosaigh mise ag blagáil. Níl a fhios agam cá ndeachaigh an blag miseaine.blogs.ie a thosaigh mé i 2007, ach lean mé orm ón mblag sin ag scríobh blag eile faoin ainm céanna, ar blogspot, i 2009. Ansin, tharla sé seo, agus bhí orm bogadh arís. Táim anseo ó shin, ag rámhaillí liom ó am go chéile. 

Bhí fáth ar leith gur thosaigh mé ag blagáil, mar atá scríofa agam anseo, agus cé nach mbím ag scríobh leis an rialtacht chéanna is a bhínn, is maith liom ardán na blagála. 

Is tríd an mblag a chuir mé aithne ar bhlagálaithe eile, daoine lena ndéanaim cumarsáid go minic, go poiblí agus go pearsanta; an aidhm chéanna againn uilig, feictear dom - an Ghaeilge a choinneáil beo beathach, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Chaith mé súil ar bhlagrolla mo bhlag ar maidin (féach 'Comhbhlagálaithe') agus feicim go bhfuil cuid acu fós ag scríobh go rialta, cuid eile ó am go chéile, agus cuid eile nár scríobh aon cheo le dhá bhliain déag anuas. 

Seans, mar a scríobhadh sna tráchtanna ar mhír Bhreandáin Delap (Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.) san iris Beo! i 2011, go mbogann daoine go hardáin eile, nó go bhfuil siad le feiceáil ar ardáin eile; nuachtáin, irisí, na meáin agus na meáin shóisialta ina measc. Cibé scéal é, tá cumarsáid i gceist, agus is cumarsáid i nGaeilge í, an chuid is mó den am. 

Nuair a thosaigh mise amach mar bhlagálaí, ní raibh na hardáin Ghaeilge uilig thuasluaite ar fáil. Ní raibh foclóirí-ar-líne, aipeanna i nGaeilge agus a leithéidí, le fáil mar atá sa lá atá inniu ann. Chuir an t-idirlíon go mór lenár gcumas ár dteanga dhúchais a úsáid go rialta agus go héifeachtach, agus fiú mura n-aontaítear le gach a léitear agus a chloistear, tá sórt athbheochan eile 'béal le béal' faighte ag an nGaeilge le blianta beaga anuas, le cúnamh na n-áiseanna agus na n-ardán atá againn anois. 

Tugann an blag seo deis domsa tuairim/scéal/eolas a roinnt, ar mo bhealach fhéin, i m'am fhéin, i nGaeilge. Is maith ann aon ardán a thugann deis don teanga anáil a tharraingt. 

*****************

Mo chuimhne, comhghairdeachas ó chroí leis na daoine sin a chuir a n-anam lena dteanga agus a fuair, faoi dheireadh, cearta teanga do phobal na Gaeilge sa Tuaisceart. Maith sibh!


Sunday, January 6, 2019

Nollaig na mBan

Scríobh mé blagmhír faoi Nollaig na mBan, roinnt blianta ó shin, mar a fheicfidh sibh anseo, agus is ansin a bheas sibh in ann léamh faoi na nósanna agus nathanna cainte éagsúla a d'fhoghlaim mé féin, ó thaithí nó ó thaighde, le himeacht na mblianta. 

Inné, chaith mé cúpla nóiméad ag labhairt le Bláthnaid ar an gclár Bláthnaid Libh, ó tharla gurb é inniu lá 'Nollaig na mBan,' (nó, más fearr leat, is é inniu An Nollaig Bheag, Eipeafáine, Lá Chinn an Dá Lá Dhéag, nó Féile na dTrí Ríthe - Seán Mac an tSíthigh ag scríobh faoin lá ar tuairisc.ie anseo agus anseo; féach ar bhlag Róislín, maidir le hainm an lae, anseo), agus bhí Bláthnaid ag labhairt liomsa, agus le mná eile, faoinár dtaithí maidir le nósanna a bhaineann leis an lá seo.

Go dtí gur luaigh sí liom é, bhí dearmad déanta agam den nós a bhíodh againn, thiar i gConamara. agus mé ag fás aníos, coinneal a lasadh sna fuinneoga uilig, ar fud an tí, ar an lá seo. Ní cuimhin liom cén fáth a ndearna muid é sin, ach ní dóigh liom gur chuala mé, ag an am, gurb í, aheman ghéarleanúint a rinne ríocht na Breataine orainn, fadó, a ba chúis leis, mar nós. 

Pé scéal é, tríocha bliain ó shin, nó mar sin, agus mé i mo chónaí in Inis Eoghain, chuala mé, ó bhean a bhí pósta le fear as Corcaigh, go raibh nós eile ann a bhaineann leis an lá seo, sé sin le rá, mná ag teacht le chéile, mar gur..

'Ar na fir a thiteann obair an tí ar an 6 Eanáir[4]. Tá traidisiún ann go bhfaigheann mná lá saoire ó dhualgais an tí ar an lá seo (traidisiún an-láidir i gCorcaigh ach lag sa tír in iomlán). Is traidisiún iomlán Éireannach é[5]. Eagraíonn na mná cóisireacha nó turais amach go dtí na bialanna nó na tábhairní. Bíonn na bialanna agus na tithe tábhairne lán go doras le mná an oíche sin.' 

...más fíor an méid a léigh mé anseo. Ar aon nós, mura dtaga leat tar leo (seanfhocal uimhir 15 anseo) agus, anocht, beidh mé i mbialann le banchairde agus, i dtraidisiún nach bhfuil 'iomlán Éireannach,' ní bheidh an bhean seo, ná aon bhean eile ar m'aithne, saor 'ó dhualgais an tí,' inniu, ná ar aon lá eile!

Gabh mo leithscéal anois, a léitheoirí, ach caithfidh mé imeacht, mar tá 'glaoch rolla' le freagairt ag an mbean seo. 

Bíodh lá maith agaibh, a chairde! 


Wednesday, July 4, 2018

Lá na Saoirse

Bíodh sibh thall nó abhus, seo lá mór daoibhse atá ag ceiliúradh Lá na Saoirse, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as, cibé áit ina bhfuil sibh, ar fud an domhain. 

Tá giotaí i nGaeilge d'Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe le léamh ar bhlag Róislín anseo, agus anseo, agus anseo

Friday, May 25, 2018

Fógra faoi GDPR

Tháinig an fógra seo, faoi Rialachán Ginearálta um Cosaint Sonraí (GDPR) ar leathanach na 'Overview Stats' ar mo bhlag, inniu.
Is mian liom mo chuid dualgas a chomhlíonadh, agus ar fhaitíos na bhfaitíos (ó tharla nach bhfuilim féin róchinnte cén t-eolas atá á bhailiú fút, mar léitheoir/leantóir/síntiúsóir an bhlag seo) táim bhur gcur ar an eolas gur féidir eolas a bhailiú ón idirlíon/blag, i ngan fhios duit agus dom, b'fhéidir.

Scríobh mé ar an ábhar seo cheana, mar a fheicfidh sibh anseo. Táim fós ag foghlaim. 
Pé scéal é, sin thuas an cineál eolais atá le fáil agamsa ar an mblag seo, go huathoibríoch, feictear dom, agus má tá aon cheo ann nach dtaitníonn leat, mar léitheoir, leantóir, síntiúsóir an bhlag seo, tapaigh an deis do chuid sonraí a chosaint, más gá. 

Is maith liom bhur gcuideachta ar an mblag seo, a chairde, agus táim buíoch as bhur gcuideachta, agus as bhur gcuid tacaíochta. Tabhair aire daoibh féin, le bhur dtoil. 

Wednesday, November 13, 2013

Tábhacht an Cheannteidil

Is cuimhin liom, roinnt blianta ó shin, nuair a scríobh mé blagmhír faoin gceannteideal Black Babe, chuir sé iontas orm an méid tráchta a tharraing sé isteach ar mo bhlag; gan sa mhéid a scríobh mé ach, ahem, scéilín soineanta faoi mo charr bocht. 

Ar maidin, nuair a chonaic mé, ar news.google.ie, ceannteideal ón Indo,  I'm not Roy Keane's father, he can say what he wants' (focail a dúirt Martin O'Neill, más fíor), bhuel, rith sé liom go mbainfeadh a leithéid de theideal geit nach beag as duine nó dhó, gan, ahem, trácht ar an ngeit a bhainfeadh sé as máthair bhocht Roy.

Pé, ahem, scéal é, tá seans ann go mbíonn na ceannteidil á scríobh ar an gcaoi sin chun léitheoirí a mhealladh - rud, ahem, nach ndéanfainn féin go brách, ar ndóigh - ach táim den bharúil go bhfuil ceannteideal nó dhó eile a scríobhtar agus d'fhéadfadh sé gur 'headlines gone wrong' atá iontu, mar a fheicfidh sibh ar an suíomh Gréasáin seo.

Go maire sibh an nuacht, a léitheoirí! 


Wednesday, October 30, 2013

As an Dorchadas

Tugtar depression air i mBéarla. I nGaeilge, tá galar dubhach, ísle brí, dúlagar, lionn dubh, lagar spioraid, srl., feicthe agus cloiste agam. Cibé ainm atá agat féin air, tá sé ann, go forleathan, agus, faraor géar, go minic cuirtear é i bhfolach.

Aréir, chuala mé Conor Cusack ag labhairt ar Prime Time agus b'fhiú duit, a léitheoir, an méid a bhí le rá aige faoina 'chara' a chloisteáil anseo (42.48). 

Mura bhfuil deis agat éisteacht leis ansin, tá deis agat a scéal a léamh ar a bhlag, In Your Mindanseo, i mblagmhír dar teideal Depression is a friend, not my enemy

Mar dhuine a shiúil as an dorchadas mé féin, molaim Conor go hard na spéire as a scéal a roinnt linn, agus tá súil agam go gcuideoidh a ionracas leo siúd atá ag streachailt leis an saol; go dtuigfidh siad go bhfuil bealach amach as an dorchadas

Aontaím le Conor. Ina fhocail féin, 

'There is no situation that is without hope, there is no person that can't overcome their present difficulties. For those that are suffering silently, there is help out there and you are definitely not alone.' 

Áiméan, a chara. 


Friday, October 11, 2013

Crosfhocal, Comórtais agus Comhghairdeas

Crosfhocal na Míosa le fáil anseo, a léitheoirí, agus, mar a scríobh mé cheana, bíonn neart eile le léamh ar shuíomh gréasáin Saol na Gaeilge, más mian libh bualadh isteach ann. 

An gcuireann sé iontas ar bith orm an fear uasal sin, Proinsias Mac A'Bhaird, a fheiceáil ar leathanach na bpríomhscéalta ar an suíomh sin - ní chuireann! Chroch sé leis 4 cinn de na duaiseanna ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2013, áit a mbronntar na gradaim is mó le rá ar scríbhneoirí na Gaeilge. Comhghairdeachas ó chroí leis na buaiteoirí uilig agus, go deimhin, comghairdeachas leis na daoine sin uilig ar ar bronnadh duaiseanna liteartha an Oireachtais le 116 bliain anuas. 

Ó tharla mé ag caint ar an ábhar seo .i. buaiteoirí, ba mhaith liom mo chomhghairdeachas a roinnt leo siúd a bhuaigh na duaiseanna sa Chomórtas Grianghrafadóireachta, Is Álainn Í An Ghaeltacht, comórtas a bhí á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta, mar a scríobh mé roimhe seo. Cé go raibh grianghraif agam féin sa chomórtas nár bhain aon duais, bhain mé an-sult as an gcraic uilig, agus tá súil agam go mbeidh an comórtas ar siúl arís, am éigin amach anseo.

Sula ndéanfaidh mé dearmad, a léitheoirí, daoibhse le suim agaibh sa léirmheastóireacht - go háirithe sibhse a mbeadh spéis agaibh bheith in bhur gcriticeoirí ealaíne - tá Comórtas Scríbhneoireachta á reáchtáil ar an mblag Nua-Ealaín. Tá agaibh go dtí an 24/11/2013 le bhur léirmheas, 400 focal ar a mhéid, a sheoladh chucu,'...ar aon taispeántas comhaimseartha ealaíne, ar siúl in Éirinn idir seo agus 24ú Samhain.' - na sonraí uilig le léamh anseo, a chairde.  

Wednesday, May 8, 2013

Nua-Ealaín

Tá tús curtha le blag nua, Nua-Ealaín, (Ealaín in Éirinn), blag ar fiú súil a chaitheamh air, a léitheoirí, i mo thuairimse.

Is suíomh é ar a ndéanfar plé, trí mheán na Gaeilge, ar na hamharcealaíona comhaimseartha in Éirinn. Beidh agallaimh le healaíontóirí le feiceáil ar an suíomh, agus gheofar eolas ann faoi na taispeántais reatha, agus na cinn atá le teacht, is dócha.  

Is fiú dea-scéal a scaipeadh, a léitheoirí, agus bheadh sé go deas dá ndéanfadh sibh féin amhlaidh, agus an dea-scéal seo a scaipeadh, le bhur dtoil.

Tá siad le fáil ar Facebook, freisin. 

Is gearr go mbeidh an seoladh oifigiúil acu i nGaillimh. Go n-éirí go geal leo! 

Tuesday, October 16, 2012

Linn Sinn na mBlag


Lá Gníomhaíochta na mBlag inniu, (bhuel, inniu inné anois, feicim ón dáta thuas!) gan deis agam bheith chomh gníomhach san earnáil agus ba mhaith liom a bheith. 

Ach, sin é an saol, agus sin mar a bhíonn an saol in earnáil na mblaganna. 

Súil agam gur bhain sibh sult as an lá, a chomhbhlagálaithe! 

Blagáil Abú! 

Monday, September 3, 2012

Caillte sa Cheo

Dar leis an ríomhphost a fuair mé uaidh ar maidin, tá SeánÓ, ár gcomhbhlagálaí, beo beathach, ach tá sé, dar leis, ‘caillte sa cheo leictreonach’ - arís.

Tá Seán ag súil go mbeidh réiteach ar an bhfadhb 'i gceann lá nó dhó’ ach, san idirlinn, d’iarr sé orm sibh a chur ar an eolas, agus, ina fhocail féin arís, ‘an ndéarfá le muintir léite do bhlag nach bhfuil mé faoin gcré fós.’ Áthas orm é sin a chloisteáil, a SheáinÓ..:-)

Ar ndóigh, tharla an rud ceannann céanna domsa os cionn bliain go leith ó shin, mar is eol daoibh, am ar chaill mé mo bhlag, Mise Áine. Cé gur tháinig an blag sin ar ais ón gceo, faoi dheireadh, bhí an blag nua seo, Rámhaille, faoi lán seoil ag an am, agus d’fhan mé anseo.

Tá an seanbhlag fós ansin, agus is ann a fhanfaidh sé, díreach mar atá sé. Bhí sé i gceist agam é a iompórtáil chuig an mblag nua seo, ach nuair a bhrú mé ‘delete’ ar roinnt mhíreanna ar an seanbhlag coicís ó shin, sé’n chaoi ar rinneadh ‘upload’ orthu, feictear dom, agus fuair léitheoirí slám seanmhíreanna nach raibh siadsan ná mise ag súil leo. 

Tá aiféala orm faoi sin, a léitheoirí, ach ní ormsa a bhí an locht, chomh fada agus is eol dom. Ní féidir an teicneolaíocht a thrust, de réir dealraimh. As seo amach, beidh an blag Mise Áine ag fanacht mar atá sé, díomhaoin, agus beidh mise ag fanacht anseo, ag rámhaillíocht liom, mar is iondúil.

Agus, beidh SeánÓ ar ais linn go luath, tá súil agam.

Wednesday, August 29, 2012

Locht

Ní raibh fáil agam ar leathanbhanda ón gCéadaoin seo caite, go dtí inniu. Dá bhrí sin, bhí mo ríomhaire díomhaoin formhór an ama; rud nár thuig Sióg s’againne, cat a shiúlann isteach san oifig romham chuile mhaidin, agus a shuíonn le taobh an ríomhaire, ag fanacht go dtosóidh mé ag clóscríobh.
Cibé scéal é, nuair a ghlaoigh mé ar an gcomhlacht teileafóin, cuireadh an locht ar an líne, áit a raibh fabht, dúradh liom. Dar leo, chuirfidís caoi ar an teip ‘within 2 to 5 working days’ - thug mé suntas ar leith den fhocal ‘usually’ a cuireadh, mar eireaball, leis an abairt chéanna; níl ach an dá “bh’fhéidir” ann, a dúirt mé liom féin. 

Mo chuimhne, dúradh liom, freisin, nach ‘working days’ iad an Satharn ná an Domhnach, rud a d’fhág an bhean seo le laethanta sa bhreis idir locht agus leigheas; ní raibh an líne cóirithe roimh an Aoine, faraor.   

Bhuel, ní théann rogha ón réiteach, agus tá gach rud i gceart arís, feictear dom, mar sin ní fiú bheith ag gearán. Tá Sióg agus mé féin ar ais ag an ríomhaire, agus beidh sé breá sásta anseo le mo thaobh, a fhad is nach ndéanfaidh mé dearmad láchín a dhéanamh leis, ó am go chéile. Mura dtugaim aird air, seo thíos an rud a dhéanann sé.
 
Ar ndóigh, b’fhéidir go bhfuil an ceart aige, agus go mba chóir dom níos lú ama a chaitheamh os comhair an ríomhaire. Gan fáil agam ar an idirlíon, chuir mé seachtain éagsúil isteach, ach seachtain phléisiúrtha, mar sin féin. Diabhal locht le fáil agam ar an scéal sin, a léitheoirí.

Wednesday, July 25, 2012

An Focal Fánach


Feicim go bhfuil blag nua ag SeánO, An Focal Fánach; an fhadhb chéanna aigesean agus a bhí agam féin anuraidh, shílfeá.

Guím gach rath ar an mblag nua, agus áthas orm a chloisteáil go mbeidh SeánO ar ais linn, i gceann coicíse, nuair a bheas a chuid fámaireachta agus a chuid ceiliúrtha sa tSeapáin déanta aige.

Saturday, September 10, 2011

Blagáil...Bás nó Beatha?

Sea, is mé atá ann, a léitheoirí, Mise Áine, agus mé beo beathach, ag blagáil liom, mar is iondúil liom, ón gcéad lá úd, ceithre bliana ó shin.

Ar ndóigh, bíonn sosanna agam anois is arís, díreach mar a tharla an mhí seo caite, mar shampla, agus mé ag fámaireacht liom, idir Maidrid agus Conamara, rud a d’fhág mo bhlag díomhaoin, ar feadh píosa.  Aiféala orm faoi sin, a chairde, ach tuigeann sibh féin craic an tSamhraidh.

Ní raibh mé i bhfad as blag, cheap mé féin, mar sin samhlaígí an gheit a baineadh asam, ar m'fhilleadh dhom, nuair a chonaic mé an teideal ‘Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.’ ar mhír Bhreandáin Delap in Beo!. Céard eile a cheapfadh bean ach go raibh mo chomhbhlagálaithe chomh brónach sin i m’uireasa, gur thit an tóin as an earnáil…le, ahem, cumha i mo dhiaidh, an dtuigeann sibh.

Ach, ní mar a shíltear a bítear, agus táim den bharúil nach raibh ann ach tuairimíocht iriseora ar na blaganna Gaeilge sin ‘ar fiú iad a léamh’. Céard is ‘fiú’ a léamh na laethanta seo, meas tú? Ceist mhaith, agus, an bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach táim den bharúil go luíonn freagra na ceiste sin libhse.  

Deas bheith ar ais libh, a chairde.

Tuesday, May 31, 2011

Is Fiú Trácht Air...

…ach ní féidir liom. Cén fáth? Seo an fáth – fadhb, arís eile, le Blogger!

Tá sibhse ag blagáil, tá mise ag blagáil, ach diabhal trácht uaim ar na hábhair atá i dtrácht agaibhse, cé gur mhaith liom trácht a fhágáil, anseo ‘s ansiúd.

Blogger fós ‘investigating an issue’ is cosúil. Is cuma.  Beidh mé ag léamh liom, ag coinneáil súil ghéar oraibh…go dtí go mbainfear an glas de mo mhéara…ansin buailfidh mo thrácht bóthar arís …

Wednesday, May 4, 2011

Ar Thóir an tSonais

Bhí Alex Hijmans liom i mBarcelona, ar bhealach.

Ní raibh sé féin ann liom, an dtuigeann sibh, ach bhí an leabhar a scríobh sé, Favela, liom agam, leabhar atá scríofa chomh hionraic simplí sin gur mhothaigh mé go raibh Alex féin le mo thaobh, ag insint an scéil dom. 

D’fhoghlaim mé go leor ón leabhar iontach seo. Táim fíor bhuíoch don údar, Alex, agus do Nilton, agus do Naná, agus do Bhruno, agus do na déithe uilig a shiúil le mo thaobh ar bhóithre Tancredo Neves na Brasaíle - táim buíoch díobh uilig, mar gur airigh mé liom iad, leathanach i ndiaidh leathanaigh, a scéalta á roinnt acu liom, mar a bheinn á gcloisteáil uatha féin, go pearsanta.

Is tallann ar leith a bhaineann lena leithéid de scríbhneoireacht; scríbhneoireacht údair a tharraingíonn an léitheoir, ní hamháin isteach sa scéal, ach isteach sna tithe leis, le go bhfaighe tú aithne ar na daoine, le go bhfaighe tú aithne ar an áit ina bhfuil cónaí orthu, le go bhfeice tú an chaoi a maireann siad i mbruachbhaile bocht, i gceann de favelas na Brasaíle.

Léigh an leabhar, más rud go bhfuil tú ar thóir do chuid sonais féin, a léitheoir. Má léann tú é, tá seans ann go mbeidh tuiscint níos fearr agat ar an rud is ‘sonas’ ann.

Go raibh maith agat, a Alex. Bhain mé sult as do chomhluadar i mBarcelona.
                               **********************
Is féidir léirmheas Aonghuis a léamh anseo. Is féidir blag Alex a léamh anseo.

Favela; Ar Thóir an tSonais i mBruachbhaile Bocht
(Cois Life, 2009, Alex Hijmans, ISBN 978-1-901176-96-4)

Tuesday, April 5, 2011

An Focal Scríofa

An cuimhin libh gur scríobh mé faoi mblagálaí, Phyllis Green, sé mhí ó shin? Ag an am sin, bhí Phyllis faoi chúram ospíse, agus bhí sí an-tinn. Mar sin féin, d’éirigh léi tús a chur lena blag http://wedeb90.blogspot.com i Mí Dheireadh Fómhair 2010.

Bhí a breithlá ann an mhí sin, an dtuigeann sibh, mí ar shroich sí aois a ceithre scór go leith. Mo chuimhne, más mian libh míniú a fháil ar an seoladh sin aici, ‘wedeb90’, b’fhiú a céad bhlagmhír, A First Hello, a léamh. Scéilín an-deas, ceapaim féin.

Mar a scríobh mé fúithi ag an am, is de thimpiste a tháinig mé ar a blag, ach chroch mé mo hata ar a crochadán, mar a rinne go leor daoine eile romham, agus thug mé cuairt ar a blag, go rialta.

Le roinnt míonna anuas, thug mé faoi deara nach raibh aon fhocal uaithi, agus tar éis na dtráchtanna ar a blagmhír dheireanach a léamh inné, fuair mé amach go bhfuair an bhean uasal bás, sé seachtainí ó shin, ar an 24 Feabhra. Tá a cuid fulaingthe thart, a pianta curtha dí aici. Go raibh suaimhneas síoraí ag a hanam álainn.

Ise a dúirt liom, i dtrácht uaithi geábh, ar an mír Wede I be, ‘Please call me Phyllis...we are all friends, here.’ Agus, sin mar a d’airigh mé, mar chara ar cuairt, cé nár casadh an bhean riamh orm.

‘Sé an smaoineamh a rith liom ar maidin, agus mé ag machnamh ar an bpléisiúr a bhain mé as focal na mná sin a léamh, ná go bhfuil críochnaitheacht ag baint leis an mbás, ar go leor bealaí, ach maireann an focal scríofa go brách. I bhfocail Phyllis, agus í ag labhairt faoina blagáil, ar an bhfíseán seo,

‘I just hope that I’ve made enough of an impact that they think of me fondly when I’m gone….’

Táim den bharúil gur éirigh léi. Go mba hé duit, a scríbhneoir.  

Friday, January 14, 2011

Cá Bhfuil Muid?

D’fhiafraigh Dennis an cheist ‘Céard atá againn anseo ar an idirlíon dáiríre?’, é ag iarraidh theacht ar ainm cuí don áit sin ina mbailíonn muidne, lucht na mblaganna, le chéile, is dócha.  Ní raibh mé féin cinnte. Go dtí inniu.

A bhuí le hAonghus, a mhol, ar a bhlag féin, an nasc tacaíochta seo ó Blogger, fuair mé amach nach soapbox, salon, ardán cainte, parlús, teach, teach soghluaiste, nó crannóg atá againn anseo ar an idirlíon, ar chor ar bith. Ní hea, go deimhin, a chairde na blagála. Bog atá againn! Sea. Bog. Nó, más leagan Gaeilge atá uaibh, sin portach, nó móinteán, is dóigh liom.

Agus, cén chaoi a bhfuil a fhios agat é sin, a Áine, cloisim uaibh? Bhuel, a léitheoirí, nach é an fathach féin, Google, a thug an freagra dom, ar an nasc tacaíochta sin a mhol Aonghus, faoin alt ‘Import as a New Blog’.  

Tosaíonn an t-alt sin leis an treoir,

‘To import content as a brand new blog, click Create a Blog from your dashboard…

agus críochnaíonn an t-alt leis an treoir seo,

‘…Click the Upload arrow and your new bog will be created instantly!’

Sea. Sin agaibh é anois, a chairde. Ach, fan nóiméad...d’fhéadfadh sé gur ceann acu seo atá i gceist! B'fhéidir gur i dTeach an Asail atáimid, muid ag roinnt linn, inár mboganna éagúla, ar an idirlíon?

Ar ndóigh, tá a fhios agaibh féin céard a tharlaíonn i dTeach an Asail… 

Monday, January 10, 2011

Mise Áine Caillte?

Nílim cinnte céard a tharla, leis an fhírinne a rá, a léitheoirí. Tá mise, Áine, beo beathach, ach diabhal a fhios agam cá bhfuil mo bhlag, Mise Áine. Tá sé caillte agam, feictear dom.

Bhuel, mura bhfuil sé caillte, tá sé faoi mhíchumas, ar aon nós. Tá sé 'disabled' ag Google faoi láthair, ó tharla, dar leo, 'unusual activity' de shaghas éigin tugtha faoi deara acu ar mo bhlag.

Hmmm...suimiúil. Céard is 'unusual activity' ann, meas tú? Táthar ann a cheapann gur, ahem, iondúil an rud é an rud 'unusual' ar mo bhlag, ach sin scéal eile. 

Fan go bhfeice mé anois. Is fearr breathnú ar na nithe sin a rinne mé le mo chuntas blagála oíche Dé Sathairn seo caite, díreach sular chuir Google mo bhlag bocht faoi mhíchumas; ar fhaitíos gur mé féin a bhí ciontach as an 'unusual activity' sin, i ngan fhios dom féin, an dtuigeann sibh.

Bhuel, bhí mé i mo shuí ag mo ríomhaire, agus phostáil mé an bhlagmhír thíos, Tá Sé Ar Ais, ar mo bhlag, Mise Áine. Fadhb ar bith leis sin, cheapfá. Ach, b'fhéidir gur cheap Google gur ag tagairt do Terminator éigin a bhí mé, agus gur le Arnold an lámhainn ar an gcrann?

Nó, b'fhéidir go raibh faitíos orthu go raibh Arnold ar tí 'unusual activity' de shaghas éigin a dhéanamh, agus go raibh siad ag iarraidh stop a chur leis in am? Deacair a rá.

Ansin, léigh mé na blaganna eile, go bhfeicfinn an raibh a dhath suimiúil á rá acu, agus d'fhág mé trácht nó dhó, ar bhlag nó dhó, más buan mo chuimhne, agus mar is iondúil liom. Táim fiosrach, agus barúlach, mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta - más ann daoibh a thuilleadh, mar léitheoirí!

An é nár thaitin mo thrácht le Google, agus mé ar mo thuras fiosrach barúlach timpeall na mblagsféar? Nó, an raibh rud éigin neamhghnách ag tarlú ar mo bhlag, i ngan fhios dom? Cé aige a bhfuil a fhios? Níl a fhios agamsa, ach tá a fhios agam nach bhfuil fáil agam ar Mise Áine faoi láthair, faraor.

Mo chuimhne, táim ag brath ar mo chomhbhlagálaithe, agus oraibhse ar Facebook agus ar Twitter, a leanann mo rámhaillí rialta, an scéal a scaipeadh faoi mo bhlag nua, Rámhaille, mura miste libh. Diabhal a fhios agam an bhfaighidh mé mo sheanbhlag, Mise Áine, ar ais, ar chor ar bith, agus ní féidir liom bheith gan bhlag, ó tharla faitíos orm go mbeadh sibh uaigneach i m'uireasa, mura mbeinn ag rámhaillíocht liom. Sea.

Pé scéal é, chuir mé blagmhíreanna na bliana seo ar an mblag nua seo inniu, ó tharla fáil agam orthu ó shuíomh "Gaeilge" via Aonghus, bail óna Ché air! Déanfaidh mé iarracht na seanmhíreanna uilig a fháil ar ais, má fhéadaim, dé réir a chéile. Tá siad uilig le fáil ar an suíomh sin le hAonghus, ach ní féidir iad a aimsiú in aon áit eile, ag an am seo.

Moladh agam daoibh, a chomhbhlagálaithe - sábháil bhur mblagmhíreanna uilig anois, más mian libh gan iad a chailleadh! Tuilleadh uaim ar an ábhar seo amach anseo.

Beidh mé ag obair ar an mblag seo go rialta, agus tá súil agam na naisc uilig a chur ar fáil air go luath, idir naisc nuachta, naisc don fhoghlaimeoir, agus naisc úsáideacha eile; mar a bhíodh agam ar Mise Áine.

As seo amach, is anseo a bheas mé, a léitheoirí. Tá fearadh na fáilte romhaibh teacht isteach i mo Chomhluadar, ar thaobh na láimhe deise ansin, agus bhur hataí a chrochadh ann, más mian libh. Nó, buail isteach chugam anseo, ó am go chéile.

Ba mhór liom bhur gcuideachta ar mo bhlag nua.