Showing posts with label brón. Show all posts
Showing posts with label brón. Show all posts

Monday, January 6, 2020

Marian Finucane

Scríobh mé roimhe seo faoi bhás Gerry Ryan agus faoi bhás Gay Byrne, fir a chuaigh i bhfeidhm go mór ar go leor daoine a bhíodh ag éisteacht lena gcláir ar RTÉ, mé féin san áireamh. Ní raibh súil ar bith le bás Gerry, bhí a fhios againn go raibh Gay tinn. Ba mhór a gcaill. 

Cé nár bhain ceachtar acu lenár saol pearsanta, mar a déarfá, b'fhir iad a d'éist le scéalta an phobail, a chuala na fadhbanna, agus a thug ardán don lucht éisteachta, go minic, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile. Agus, labhair siad faoi nithe a bhain lena saol pearsanta féin, sách rialta. Mar sin, bhí aithne de shórt againn orthu, agus ar a gclanna.

Ní raibh a fhios agam a dhath faoi shaol pearsanta Marian Finucane, mar níor labhair sí riamh ar aon cheo a bhain lena saol pearsanta, go bhfios dom. Níor chuala mise aon cheo faoina saol pearsanta, pé scéal é, agus d'éist mé lena cláir uilig, ar feadh mo shaoil. Ní raibh aon aithne phearsanta agam uirthi, ach thaitin sí liom, go mór, mar láithreoir.

Nuair a chuala mé faoina bás tobann, baineadh siar asam. Chuir sé isteach go mór orm go raibh sí imithe uainn. Ní raibh a fhios agam an t-am sin cén fáth, ach bhí a fhios agam go raibh brón ar leith orm faoina caill. Ní raibh mé in ann ciall ná réasún a dhéanamh de na mothúcháin, ach amháin go raibh a fhios agam go raibh seoid ar leith caillte, agus ba mhór agam an chaill sin. 

Ó fuair sí bás, tá go leor cloiste agam faoina saol pearsanta. Agus, mar is ceart, tá ómós tugtha ag a comhghleacaithe agus ag a cairde di, mar atá ag an bpobal lena raibh sí chomh cineálta, cneasta, cuidiúil, agus tuisceanach. Ní gá domsa a thuilleadh a chur leis an méid atá ráite go dtí seo. Ba léir, ón méid a chuala mé, gur láithreoir cumasach a bhí inti. Thuig mé féin an méid sin, ar aon nós, ó bheith ag éisteacht léi, thar na blianta.  

Ach, tuigim anois cén fáth a ndeachaigh a caill go smior ionam - is cuma cén t-ábhar a bhíodh faoi chaibidil aici, nó cén duine a bhíodh faoi agallamh aici, níor léir dom, riamh, a tuairim féin; bhíodh sí féaráilte, cothrom, gan chlaonadh, gan bhreithiúnas. 

Ní bheidh a leithéid arís ann. 

Friday, July 28, 2017

Deora

Tá a thuairim féin ag gach aon neach, go háirithe maidir le cúrsaí creidimh. Dúirt fear ar m'aithne liom, le déanaí, agus cúrsaí creidimh faoi chaibidil againn, 

'There are too many loopholes. Nobody has ever come back to confirm or deny, so religions have it all sewn up, really.'

Go deimhin, sin scéal eile, nach mbaineann, go hiomlán, leis an mblagmhír seo. Is fút féin atá sé, a léitheoir, an gcreideann tú gur fabhalscéalta nó fíorscéalta, cumtha nó inchreidte, atá sna leabhair éagsúla

Baineann an bhlagmhír seo le ráiteas a chuala mé ón altóir, tráth dá raibh. Dar leis an sagart, d'fhéadfá crá croí agus brón a aithint, ar an bpointe, mar go mbíonn an duine atá cráite ag sileadh na ndeor, go fras. 

'Hmmmm....' arsa mé féin liom féin, ag an am. 

Is iomaí rud a bhainfeadh deora as duine...gáire, grá, pian, páis, frustrachas, feall, fearg, éad, áthas...ach ní hé sin le rá go mbainfeadh na mothúcháin sin deora as chuile dhuine, ceapaim, fiú agus duine cráite/croí briste/croite/trí chéile. 

Nuair a bhaintear an mothú as duine, is minic go bhfágtar gan mhothú é. Mas amhlaidh atá, ní hé sin le rá nach bhfuil an duine bocht sin briste brónach agus brúite, ach tá a dheora i ngéibheann in áit atá chomh domhain sin ina chrá, nach féidir iad a scaoileadh. 

                                    *****************
Frásaí a bhaineann le deora le feiceáil anseo, anseo agus anseo, agus seanfhocal daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, le léamh, thíos, 

Is goirt iad na deora, na deora a shiltear, ach is goirte go mór iad na deora nach siltear. (Brón)

Thursday, March 24, 2016

Tragóid

'Nach postúil mar bhreathnaíonns tú inniu
Gan díomú, gan cás ort ná náire
Tar éis bean bhocht a fhágáil gan fear
Agus teaghlach a fhágáil gan gáire'

Sin thuas véarsa as an dán *Soitheach na nDeor, dán ón bhfile Johnny Choil Mhaidhc, dán a scríobh sé faoi thragóid eile a tharla ar an bhfarraige lena bhfuil sé ag labhairt, blianta fada ó shin, nuair a bádh cara leis. 

Is dán é a rith liom, nuair a chuala mé faoin tragóid ar an gcéibh anseo i mBun Cranncha. Sí an fharraige chéanna a sciob cúigear, go míthrócaireach, ón saol, Dé Domhnaigh seo caite;  Seán, Mark, Evan, Ruth agus Jodie Lee. 

A bhuí leis an bhfear uasal cróga sin, Davitt Walsh, tá Rionaghac-Ann lena máthair, Louise, anois. Solas, de shaghas, i ndorchadas an bhróin. Go bhfaighe Louise bhocht sólás éigin i mbarróga an linbh a sábháladh. 

Arú inné, théis an chuid is measa den fhliú a bhí do mo chrá a chur díom, cheannaigh mé bláthanna, agus shúil mé i dtreo na céibhe. D'fhág mé na bláthanna ann, in aice na mbláthanna uilig a bhí ann romham, agus léigh mé na nótaí a bhí scríofa ag na daoine a d'fhág ann iad. Bhrisfeadh siad do chroí, a léitheoir, mura raibh do chroí briste cheana.  
Agus, ar ndóigh, níl duine ná deoraí nach bhfuil croíbhriste mar gheall ar an tubaiste uafásach seo. Tá a fhios agam é sin, mar gur chuala mé an brón agus an bhuairt á roinnt ag daoine lena chéile, amhail is dá mbeadh muid uilig ag iarraidh ciall ná réasún a dhéanamh den tubaiste a tharla. Ach, ní féidir. Níl focail ann len í a mhíniú, ná bealach ann len í a thuiscint. 

Shuigh mé ar an mballa, taobh leis an bhfánán ar an gcé, agus dúirt mé paidir nó dhó...ceann uaimse, ceann uaibhse. Níl a fhios agam cá dtéann gathanna na bpaidreacha agus na mbláthanna, a léitheoirí, ach is gathanna tacaíochta iad, a thagann ón gcroí. Go dtuga siad sólás don chroí nó don anam óna dteastaíonn siad, in am seo na buartha. 


*Ón leabhar Buille Faoi Thuairim Gabha, @ Cló Iar-Chonnachta Teo., 1987.

Tuesday, April 15, 2014

Sráid Boylston i mBostún

Bhí mé ag ithe dinnéir le mo dheartháir i nGaillimh...cúpla lá eile, agus bheadh muid thall i mBostún, ag ithe dinnéir leis an gclann uilig ann...lá breithe mór-le-rá le ceiliúradh, an dtuigeann sibh...ag súil go mór leis...ach ansin, chonaic mé é...an nuacht ar an teilifís...buamáil ar Boylston Street...daoine trí chéile...daoine gonta...daoine caillte...tubaiste uafásach...siopaí scriosta...croíthe briste. 

Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, bhí mé féin ar Boylston Street...dúirt mé paidir do mhuintir na háite sin...dúirt mé paidir do na daoine a chaill, agus do na daoine a cailleadh...dúirt mé paidir do na daoine a gortaíodh. 
Ansin, trí fhuinneog an chairr, chonaic mé é...trasna an bhóthair...an teach tábhairne, Sólás...agus thuig mé, ag an bpointe sin, céard a thug ansin mé...bhí mé ag súil go dtabharfadh mo ghuí sólás de shaghas éigin dóibh siúd uilig a d'fhulaing ansin ar an lá seo anuraidh

Más fiú a dhath mo phaidir, tá siad uilig i mo smaointe, agus i mo phaidreacha, arís, inniu.

Wednesday, March 13, 2013

Misneach na Maidine

Uaigneach

Dóchasach

Fuinniúil

Más rud go dteastaíonn spreagadh uait ar maidin, a chara, is fiú go mór uimhir 6 anseo a léamh. Go n-éirí go geal leat!

Sunday, March 10, 2013

Céaslóireacht

Sa reilig in Eanach Mheáin, i gCeantar na nOileán, a bhí mé arú inné, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos. 

Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus surfáil seaschéaslóireachta, go dtí gur fhill mé ar Cheann Scríbe aréir, agus rinne mé giota taighde ar an ábhar, ar maidin. Tháinig mé ar an méid seo in Wikipedia. 

Ar ndóigh, nuair a chonaic mé an leagan Gaeilge do stand up paddle surfing in focal.ie, tráthúlacht an fhocail sin 'chéas' i lár an fhocail a thug mé faoi deara. Cén fáth? 

Bhuel, is dócha, nuair a bhím sa reilig in Eanach Mheáin, bím ag breathnú ar uaigheanna na ndaoine muinteartha liom atá curtha ann, daoine a d'imigh roimh am, shílfeá, nó roimh sheanaois, pé scéal é; cuid acu a d'imigh go tobann tubaisteach, faraor, gan súil ar bith againn lena n-imeacht. 

'Cén fáth?' an cheist a chuirim orm féin, go míon minic, agus mé ag breathnú ar na huaigheanna sin. 

Ar maidin, nuair a chonaic mé an focal sin 'seaschéaslóireacht,' rith sé liom go mb'fhéidir nach fiú dúinn muid féin a chéasadh le ceisteanna faoin mbás, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis; níl ann ach freagra na fírinne, freagra nach bhfuil ag aon duine againn, is cuma cén leabhar as a mbíonn daoine ag quotáil.  

Táimid uilig ag céaslóireacht linn, a léitheoirí, lenár linn féin, inár linn féin. Bainigí sult as an saol. Níl ann ach seal. 

Agus, bainigí sult as Lá na Máithreacha

Friday, October 12, 2012

Trí Chéile

Níl a fhios agam an bhfaca aon duine agaibh an físeán seo, a léitheoirí – beirt chailíní, áit éigin i gCorcaigh, más fíor, agus iad ag cíoradh a chéile; ag troid lena chéile, mar a bheadh ainmhithe in adharca a chéile – ach chuir sé an-trí chéile orm ar maidin.

Níl a fhios agam cé hiad féin, ná fáth an chomhraic. Níl ar eolas agam faoin eachtra ach an méid a léigh mé faoi anseo ar maidin, ach chonaic mé an comhrac ar an bhfíseán úd thuasluaite, agus sin mo dhóthain.

Níl a fhios agam cén rud is mó a ghoill orm: an gáire ón lucht féachana, an ‘hit her!...hit her!’ ón lucht féachana, an ‘punch her!…pull her hair!..’ ón lucht féachana, an ‘I can’t see…’ ón lucht féachana, an ‘This is getting boring…’ ó dhuine den lucht féachana, na daoine a bhí i mbun taifeadta ar na fóin pócaí; nó an í aois an-óg na dtrodaithe agus an lucht féachana is mó a ghoill orm?
 
Níl a fhios agam cé acu, ach tá a fhios agam gur thiontaigh an físeán sin mo ghoile, agus gur ísligh sé mo mheanma nuair a chonaic mé é ar maidin. 

Tuesday, September 11, 2012

Wednesday, September 28, 2011

Cuimhne agus Ceiliúradh

Ar an lá seo a fuair mo dheirfiúr, Ciara, bás, ceithre bliana ó shin. Airím uaim í, chuile lá beo, ó bhásaigh sí. Ní féidir an brón sin a shéanadh.

Ar an lá seo, blianta roimh bhás Chiara, a rugadh m’iníon. Cuireann a breith lúcháir ar mo chroí, chuile lá beo, ó rugadh í. Ní féidir an lúcháir sin a shéanadh. 

Ar an lá seo, déanaim iarracht gan ligean do mo bhrón mo lúcháir a phlúchadh. Ní bhíonn sé éasca. Ní féidir liom é sin a shéanadh ach an oiread.

Friday, September 9, 2011

9/11

Inniu, tá na tubaistí uafásacha a tharla ar an lá sin, deich mbliana ó shin, i mo smaointe.

Cuimhním, le brón, orthu siúd a fuair bás, agus orthu siúd a gortaíodh nó a goineadh, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, de thoradh na ngníomhartha millteanacha sin.

Sunday, July 24, 2011

Meitheal na mBád


Bhí bád s’againne ar cheann de na báid a chuaigh amach ar Loch Súilí tráthnóna inniu, mé féin agus é féin ag iarraidh ár n-iarrachtaí féin a dhéanamh ar mhaithe le Jackie, máthair Sheáin McNair, bean nach bhfuil aithne againn uirthi, ach bean a dúirt,she just wanted her son "out of the water" so she could lay him to rest in Derry.’


Bhí na báid ag dul ó Ráth Maoláin go Bun Cranncha, ón Dún Riabhach go Fathain, gach bád ag dul suas agus síos, anonn agus anall ar an loch, ar thóir chorp Sheáin.
Ar ár bhfilleadh dúinn ar an muiríne i bhFathain, chualamar gur tháinig tumadóirí ar chorp ní ba luaithe, gar go maith don áit a ndeachaigh an leaid bocht amú, taobh leis an gcé i Rath Mhaoláin. Más é corp Sheáin atá ann, beidh faoiseamh, de shaghas, ag Jackie.

Tá sé deacair na mothúcháin a mhothaigh mé agus mé amuigh ar an mbád inniu a mhíniú daoibh, a léitheoirí, ach déarfaidh mé an méid seo - mar mháthair mé féin, bhí mé iontach brónach agus mé ag smaoineamh ar Jackie, gan uaithi ach a mac a fháil amach as an uisce, amach as an bhfarraige fhuar mhíthrócaireach, farraige ar cuma léi grá na máthar.

Saturday, July 23, 2011

Iorua Faoi Bhrón

A Mhuintir na hIorua,

Tá sibhse, bhur ngaolta, bhur gcairde, bhur bpáistí, bhur ndream uilig, i mo smaointe, agus i mo phaidreacha, ar maidin.

Ní maith liom bhur dtrioblóid.  

Monday, April 4, 2011

Ronan Kerr - Mo Cheist


I Mí Lúnasa 1998, sheas mise i dtrí theach faire anseo i mBun Cranncha, ag iarraidh ciall a dhéanamh den uafás a bhí théis titim sa mhullach ar thuismitheoirí, ar ghaolta agus ar chairde na dtriúir leaids óga a bhí ina luí, marbh, sna cónraí os mo chomhair.

Buamáil na hÓmaí a d’fhág sínte ar chlár iad. Bhí scamaill dhorcha an dóláis ar fud na háite, anseo agus trasna na teorann, mar sciobadh 29 duine ó theaghlaigh éagsúla, ón dá thaobh, an lá tubaisteach úd. Ach, ní teorainn amháin a bhí i gceist. Sciobadh daoine ón Spáinn uainn, freisin, scoláirí a tháinig anseo go Bun Cranncha, mar a rinne na céadta scoláire ón Spáinn rompu, le blianta fada; cuid acu a d'fhan i mo theach féin, dlúthchairdeas agam lena dtuismitheoirí anois.  

Aréir, agus mé ag éisteacht leis an bhfíseán thuas, agus leis an méid a bhí le rá ag máthair Ronan Kerr, chuala mé láidreacht na máthar ar Lá na Máithreacha, ach d’airigh mé, arís eile, an t-uaigneas, an bhuairt, an brón, an croitheadh agus crá croí; na mothúcháin sin uilig breactha ar aghaidh Nuala Kerr, b’fhacthas dom, agus ar aghaidheanna deartháireacha and deirfiúr an fhir óig uasail, Ronan Kerr.  

Arís eile, cuirim an cheist chéanna a chuir mé an lá úd a sheas mé i dtithe James, Oran agus Seán – cén fáth?