Showing posts with label Twitter. Show all posts
Showing posts with label Twitter. Show all posts

Tuesday, February 4, 2025

Bréagadóir

Rinne mé rún ag tús na bliana - bhí mé ag dul an cathú a sheachaint, ní raibh mé ag dul ag breathnú ina threo, ní bheinn ag iarraidh aon fhreagra a fhail uaidh, ní chreidfinn unsa uaidh. Bheadh suaimhneas agam i mo shaol, faoi dheireadh, a dúirt mé liom fhéin. Go dtí seo, tá ag éirí liom. An bhfuilim níos suaimhní? Táim. 

Blianta ó shin, chuir Dennis ceist orainne, scríbhneoirí na Gaeilge thall ar Twitter, cén Ghaeilge a bhí againn ar na scálaí sin ar a seasann duine lena meáchan a mheá. Sheol mise freagra ar ais ar an bpointe - bréagadóir. 

An rud faoin mbréagadóir, is féidir breathnú caol díreach san aghaidh air agus gheobhaidh tú toradh, ar an bpointe. Ach, an í an fhírinne atá sa mhéid atá á léamh agat? Má tá sé ag lagú, a chadhnra ag ídiú, mar shampla, ní féidir brath ar an bhfreagra, an féidir? An bréag atá ann mar sin? Bhuel, má tá an toradh ag titim isteach le mianta an léitheora, seans nach ea, bíodh sé fíor nó ná bíodh. 

Ní fhéadfainn a rá gur teoiric chomhcheilge atá ann, ar ndóigh. Níl intleacht dhaonna ag an scála. Níl ann ach córas, bealach le scéal a insint nó toradh a thabhairt, ag brath ar an meáchan a leagtar air. Ach, má tá an córas lag, mura bhfuil sé in ann an fhírinne a mheá mar is ceart, is faoin duine atá sé an toradh a mheas.

Creideann daoine an rud a thiteann isteach lena meon fhéin, go minic. Fiú más i ngan fhios dó fhéin atá sé sin ag tarlú, mura gcreideann duine an méid a léann sé, nó má chreideann sé chuile fhocal a léann sé, seans go bhfuil meon an duine sách solúbtha gur féidir é a lúbadh, bealach amháin nó bealach eile, le go dtite sé isteach lena meon fhéin. Beag beann ar an bhfírinne.


Wednesday, February 12, 2020

Marmite agus An Toghchán

Tá a fhios agam, go maith, go bhfuil chuile sheans ann go bhfuil mearbhall oraibh, a léitheoirí. 

Tá sibh, b'fhéidir, tinn tuirseach ag éisteacht leis na tráchtairí ar na meáin éagsúla (go háirithe na tráchtairí ar Twitter agus ar Facebook, áiteanna a mbíonn an fhírinne lom le léamh, i gcónaí); nó, b'fhéidir, go bhfuil sibh curtha soir ag éisteacht leis na meisceoirí saineolaithe sna pubanna, nó le saoi-an-tí sa bhaile?

Cibé scéal é, bhí mé as baile, mé féin, mo chluas leis an raidió, mo shúil ar an bhfón/teilifís, chuile sheans a fuair mé, le go bhfeicfinn cén chaoi a raibh na scéalta ag titim sa mhullach ar a chéile, ó thaobh an toghcháin de, in Éirinn. Sular caitheadh vóta ar chor ar bith, bhí sé ina réabadh

Ansin, tharla sé seo

Idir an dá linn, an réabadh agus an toradh, chuala mé duine éigin, áit éigin, ag labhairt faoi Marmite. Ar chlár éigin, ar an raidió, ceapaim. Agus, choinnigh mé i mo chloigeann é. Ná fiafraigh díom cén fáth, ach d'fhan sé ansin, ag spochadh as mo mheabhair, chuile uair a chuala mé trácht ar thoghchán, nó ar pholaiteoirí, nó ar pháirtithe. 

Bhí sé dhá oiread níos measa, mar spochadh, nuair a thosaigh na polaiteoirí agus na tráchtairí ag spochadh as a chéile, théis an toghcháin. 

Comhrialtas?! Le cén páirtí?! Seans ar bith! Seans ar bith?

Marmite! Marmite! Marmite!

An rud faoi Marmite (nó an rud a chuala mise ráite faoi, go minic, bíodh sé fíor nó bíodh) deirtear go bhfuil daoine ann atá craiceáilte ina dhiaidh, ach go bhfuil daoine eile ann nach ligfeadh i bhfoisceacht urchair mhéaróige den teach é, ar ór ná ar airgead. 

Cuirtear cos i dtaca. Tá sé deacair bogadh, nuair atá cos i dtaca. 

An rud a ritheann liom féin faoi Marmite ná go gcaithfear glacadh leis go bhfuil daoine ann nach bhfuil anois, agus nach mbeidh go brách, seans, ar aon tuairim faoi, agus sin sin. 

Ach, mar sin féin, má tá go leor daoine ag teacht chun tí, bíodh an dtaitníonn sé leat nó nach dtaitníonn, is fearr glacadh leis go bhfuil daoine ann atá ag iarraidh Marmite - is fearr duit a bheith ciallmhar, agus é a cheannach. 

Nach fearr as a bheas tú an Marmite a bheith os do chomhair, ar an mbord (ní i bhfolach áit éigin), áit a mbeidh tú in ann é a fheiceáil go soiléir? Ar an gcaoi sin, théis tamaill, beag beann ar do bharúil féin, b'fhéidir go mbainfeá féin triail as. M'anam, théis tamaillín, ní bheadh a fhios agat, b'fhéidir go mbainfeá tairbhe as!

Agus, théis tamaill, má thugann tú faoi deara go bhfuil daoine ag rá go bhfuil blas aisteach air, go bhfuil sé imithe i léig, abair, nach féidir leat é a chaitheamh amach, agus triail a bhaint as ceann eile? 

Is féidir breith a thabhairt nuair a bheas an triail thart, théis na cúirte cuairte. 

Tuesday, November 21, 2017

Goineadóir

Fadó, fadó, fadó, nuair a thosaigh mo pháistí ag foghlaim cén chaoi le carr a thiomáint, is é an moladh a thug mé dóibh, maidir leis an gcarr faoina gcúram, 

'Samhlaigh gur gunna atá faoi do chúram agat, bí cúramach leis, agus ná leag aon duine le do mhíchúram.'

Nuair a léigh mé faoi The Social Online Self-Regulation Theory, ar maidin, chuimhnigh mé ar an gcomhairle sin a tugadh, théis an líne seo thíos a léamh,

'“It seems to us that Facebook is like a knife: it can be used for preparing yummy food or it can be used for hurting a person. ...'

Maidir leis na meáin shóisialta, tá an saol athraithe, go mór, ó thosaigh mise ag blagáil, deich mbliana ó shin. I dtús, ní raibh a'm, mar chuntas, ach mo bhlag, agus bhí cuntas amháin ríomhphoist agam, le eircom, mar a tugadh ar an gcomhlacht an t-am sin. Ní raibh fón pócaí coitianta, fiú.

Ag an am sin, ní raibh Wifi le fáil sa tír seo, go bhfios dom, agus ní raibh trácht ar YouTube, Twitter, Facebook, Instagram, Snapchat agus araile; i saol an scríbhneora seo, pé scéal é. Níor tháinig Gmail ar an bhfód go dtí 2014, cé go raibh Google ann, ach bhí tús curtha le ré na teicneolaíochta, agus thosaigh chuile dhuine ag snámh sa linn sin, idir óg agus aosta.

Chuir ré na teicneolaíochta go mór le mo shaol, mar scríbhneoir. Ar líne, sa lá atá inniu ann, tá fáil agam ar fhoclóirí, ar eolas agus ar, ahem, neamheolas, ar an bpointe. Táim in ann ábhar i nGaeilge a léamh go rialta, rud a chuidigh go mór liom, agus mé ag foghlaim, thar na blianta.

Mar gheall ar an idirlíon, tá fáil againn ar lucht labhartha agus ar lucht scríofa na Gaeilge, agus ar neart teangacha eile nach í. Mar sin féin, ní hionann 'fáil' a bheith againn ar dhuine, agus 'aithne' a bheith againn ar dhuine, má thuigeann tú leat mé.

Táim den bharúil nach féidir aithne a chur ar aon duine ar líne, i ndáiríre. Ní dhéantar chuile bheart de réir briathair, go minic, agus, in amanna, bíonn faitíos roimh, nó díomá faoi, na briathra a bhagraíonn go mbeidh beart dá réir. Tá mí-úsáid forleathan ar líne.

Ní chaithim mórán ama ar Twitter ná ar Facebook, ach caithim súil rialta ar chuala.mé, mar is ann a thagaim ar na scéalta atá 'i mbéal phobal na Gaeilge'...go raibh céad míle maith agat, Kevin Scannell!

Breathnaím ar an nuacht ar Google News agus ar tuairisc.ie, chuile lá, má fhéadaim. Roinnim scéal, más scéal é a tharraingíonn m'aird ina threo, agus más rud go gceapaim go mbeadh suim ag daoine ann.

Ní hé sin le rá go gcreidim gach a léim. Is iomaí 'Hmmm' a thagann uaim, go háirithe agus na tráchtanna á léamh agam. Ní lia duine ná barúil, agus tá barúil a'msa go bhfuil daoine ar an idirlíon nach réiteoidh, go brách, le haon tuairim ach lena dtuairim féin.

Le ríomhaire de shaghas ar bith faoinár gcúram againn, tá an baol ann go ngoinfear daoine, ach caithfear bheith cúramach, mar sin féin. Ní féidir an focal scríofa a tharraingt siar.

Imíonn na daoine, ach fanann na focail.

Wednesday, February 22, 2017

Ócáidí

Ní minic a bhím ar an ríomhaire na laethanta seo agus, dá bhrí sin, sé mo bhlag atá thíos le m'easpa airde, faraor géar. Airím uaim é. 

An méid sin ráite, ní airím uaim Facebook, ná Twitter, ar bhealach. Cé go bhfuil cuntas agam leo, fós, tá sé de nós agam súil a choinneáil ar imeachtaí an tsaoil ar bhealaí eile. Tá fáth leis sin. Tuilleadh faoi sin, amach anseo. 

Ní hé go bhfuilim díomhaoin, an dtuigeann sibh. Tá bailiúchán de mo chuid filíochta le teacht ar an bhfód go luath; Cló Iar-Chonnacht len é a fhoilsiú, amach sa mbliain. Ar Lá Vailintín, léigh mé mo dhán 'Mo Ghrá' ar chlár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta; podchraoltaí anseo, más mian libh éisteacht leis na dánta grá eile a bhí le cloisteáil ar an gclár, ar an lá. 

Tá amhráin nua á gcumadh agam. Bhain mé an-sult as mo chuid ama leis an bhFéile Pan Cheilteach thar na blianta, agus molaim coiste na féile sin, agus a lucht tacaíochta (Glór Cheatharlach, IMRO, Gael Linn, Foras na Gaeilge, An tOireachtas srl.), go hard na spéire, mar go spreagann siad daoine, mé féin san áireamh, chun amhrán nua Gaeilge a chumadh, go rialta. 

Tá ocht n-amhrán déag sa chomórtas náisiúnta, i mbliana, agus guím gach rath ar na hiomaitheoirí uilig (liosta anseo, pdf). Beidh an comórtas amhránaíochta ar siúl sa Seven Oaks Hotel, i gCeatharlach, an Satharn beag seo, 25 Feabhra...go n-éirí go geal leo uilig!

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, 8 Márta, beidh mé fhéin, agus roinnt scríbhneoirí eile na Gaeilge, ag teacht le chéile i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Mar aon le Mise Ciara, táim ag súil go mór leis an ócáid, agus táim fíorbhuíoch do mo chomhbhlagálaí, Réaltán Ní Leannáin, as an méid ama atá caite aici i mbun eagraíochta ar an ócáid. Tuilleadh eolais le fáil uaithi ag realtan (ag) hotmail (ponc) com, más mian libh bheith linn ar an oíche. 

Beidh mac le mo chomhbhlagálaí, Aonghus, Fionn Ó hAlmhain (an bheirt acu le cloisteáil ar an gclár Gaol Gairid, níl sé i bhfad ó shin), agus Hajime Takahashi, ag gabháil cheoil dúinn ag an ócáid; agus mo cheol iad Foras na Gaeilge as a gcuid urraíochta i mbliana.  

Mar is léir, ní bhíonn lucht scríofa na Gaeilge díomhaoin. Ní bhíonn a dteanga ná a ndúchas i bhfad uatha riamh. Gura fada buan a lucht tacaíochta! 

Tuesday, August 26, 2014

Scaoil Amach an Buicéad...Ó!


Deis agaibh, a chairde na Gaeilge, tacaíocht a thabhairt don charthanas IMNDA abhus (téacs MND chuig 50300), nó don charthanas ALS thall (modh deonaithe anseo), mura miste libh.

Ar scáth a chéile, an dtuigeann sibh...

Thursday, January 9, 2014

Focail Liom Focail Leat

Ó am go chéile, feicim focail atá aistrithe ón mBéarla go Gaeilge, ach nach n-insíonn a scéal dom, mar a déarfá. Mar shampla, na focail grán rósta do popcorn - mar a scríobh mé i mo thrácht anseo, b'fhearr liom féin pléascórn; focal féinchumtha, ar ndóigh, ach focal intuigthe, mar sin féin, feictear dom. 

Seans go bhfuil an focal féinchumtha é fhéin féinchumtha, freisin, ach beatha teanga í a mhúnlú, nuair a fheileann sé, cheapfá. Mar a fheictear ón nuafhocal sin, is féidir seanfhocal a athrú timpeall, chomh maith céanna, i mo thuairim, nuair is gá. Tá, ahem, cead an chumadóra seo agaibh, a chairde, más mian libh a leithéidí a dhéanamh amach anseo.  

An focal atá ag dó na geirbe agam na laethanta seo ná an focal sin haischlib, focal atá le fáil sna foclóirí nua fearacht focal.ie, agus foclóir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal Béarla sin hashtagAr ndóigh, ní saineolaí mise ar bhunús an fhocail, ach rith sé liom go mbeadh focal mar ábhará níos feiliúnaí don chomharthasin, comhartha a chuirtear roimh fhocal ar Twitter, mar shampla, nuair atá ábhar faoi chaibidil, nó faoi , ann mar a déarfá. 

Chonaic mé an nath cainte sneak peek thall ar Twitter le déanaí, agus rith sé liom nach bhfuil, chomh fada agus is eol dom, aon nath dá mhacasamhail againn i nGaeilge, an bhfuil? Mura bhfuil, agus mura bhfuil ceann ag aon duine agaibh le roinnt linn anseo, nó ar Twitter, nó ar shuíomh Gaeilge Amháin thall ar Facebook  a léitheoirí, céard bhur mbarúil faoi gliúc glic, nó gíoc slíocach,  nó fiú réamhradharc rúnda?
Is buaine port ná glór na n-éan, 
 Is buaine focal ná toice an tsaoil. 

Wednesday, June 5, 2013

In Aois na Gaoise

‘Ní thagann ciall roimh aois!’ a chonaic mé scríofa thall ar Thalamh an Éin, ó tharla mo bhlagmhír thíos, Focail Féilire, ag tarraingt giolcadh nó dhó ó dhuine nó dhó, thall ann.

B’fhéidir nach dtagann, arsa mé féin liom féin, ach, mar sin féin, tá sé tugtha faoi deara agam, thar na blianta, go mbíonn gaois aoise ag leanaí áirithe; ag aois nach mbeifí ag súil lena leithéid, mar a déarfá.

D’éirigh liomsa an físeán seo (le Luiz Antonio na Brasaíle ag labhairt) a fheiceáil nuair a bhí fotheidil Bhéarla leis - níl teanga dhúchais Luiz agam, áfach. Tá súil agam go mbeidh sibh in ann an leaidín álainn seo a thuiscint, a léitheoirí, mar is fiú a chiall a chloisteáil, i mo thuairim féin.

Táim den bharúil go dtagann chuile leanbh lena chiall nádúrtha féin, ciall atá, seans, i bhfad chun cinn ar chiall an duine fásta, ar bhealach. De réir mar a thagann aois ar pháistí, tá formhór acu múnlaithe ag creideamh, nó faoi thionchar creidimh, á ndream féin; rud a fhágann, b’fhéidir, nach mbíonn deis ag an leanbh éisteacht lena thuiscint inmheánach nádúrtha féin.

Tá súil agam nach gcaillfidh Luiz Antonio na Brasaíle a ghaois nádúrtha go brách.

Friday, February 1, 2013

MED


Táim ag roinnt na scéalta seo a leanas libh, a chairde, mar eolas daoibh:

Lón sa Spéir

Chuala mé Seán Ó Cualáin, @fearCharna, ag caint le Ryan Tubridy ar an Late Late Show an tseachtain seo caite (giota atá le feiceáil anseo ar RTÉ Player, ag 29.11 nóiméad den chlár) agus bhí sé ag labhairt faoina scannán Lón sa Spéir/Men at Lunch; beidh an leagan Gaeilge den scannán le feiceáil san IFI anocht ag 18.30 (Cilian Fennell fear an tí) agus, arís, ar an 5 Feabhra. Mar atá léite agam ag bun an leathanaigh ar shuíomh sin RTÉten, beidh sé ar siúl in áiteanna eile ar fud na tíre, freisin. 

Focal Point

Chuala mé Manchán Magan ag labhairt ar an gclár Today with Pat Kenny ar an raidió an lá cheana, giota atá le cloisteáil ar cheann de na podchraoltaí anseo, faoin teideal Is the Irish Language On Life Support, agus bhí sé ag labhairt faoina dhráma dátheangach nua, Focal Point, dráma a bheidh ar siúl sa Project Arts Centre, ag tosú Dé Luain seo chugainn, an 4 Feabhra, agus ar siúl ar feadh seachtaine.  Tuilleadh eolais, agus ticéid, le fáil anseo

Gaelscéal Ar Scoil

Léigh mé alt i nGaelscéal na seachtaine seo, agus @gaelscealscoil thall ar Twitter, go bhfuil leathanaigh nua don bhunscoil acu sa pháipéar anois. Má ghlactar síntiús do scoilbhliain 2012/2013, tá IPAD le buachan, agus tá síntiúis ar phraghas speisialta ar fáil do scoileanna. Sonraí le fáil anseo

Cluichí an Ocrais

A bhuí le @dailyedge thall ar Twitter, a léigh mé faoin leagan Gaeilge den scannán gearr, The Hunger Games, nó Cluichí an Ocrais, mar a thug na scoláirí/aisteoirí ó Ghaelscoil Nás na Ríogh ar a scannán (le cabhair nach beag óna múinteoir, Lára Ní Dhonnchú, cheapfainn); tá sé le feiceáil ar youtube, anseo.

The Origins of the Irish

D’fhéadfadh sé go mbeadh suim agaibh sa méid atá le rá ag J.P. Mallory le Pat Kenny anseo (podchraoladh faoin teideal Book: The Origins of the Irish), faoina leabhar nua, The Origins of the Irish, leabhar atá le fáil ar shuíomh Easons ar €28.55, postas in aisce in Éire agus na RA, ceapaim; agus tá sé le fáil ar shuíomh Amazon ar $18.80, ach costas postais le híoc, ag brath ar d’ordú, más buan mo thuiscint.  

Féile Pan Cheilteach

Mar fhocal scoir, má bhíonn aon duine agaibh i gCeatharlach an tseachtain seo chugainn, b’fhéidir go bhfeicfinn ann sibh, go háirithe ag an gComórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach ar an Déardaoin, 7 Feabhra, áit a mbeidh mé féin agus Seoirse lenár n-amhrán nuachumtha (focail uaimse, ceol agus gabháil fhoinn uaidhsean). Táim ag súil go mór leis na hamhráin Ghaeilge eile a chloisteáil, caithfidh mé a rá. Ticéid le fáil anseo





Thursday, January 17, 2013

Comhfhoclacht Chapallach


Seans go bhfuil sibh ar an eolas faoin bhfadhb seo, agus nach giotaí den bhó amháin atá le fáil i, ahem, láir bhurgar mairteola.

Sea, tá giotaí den chapall bhocht istigh sa bhurgar leis an mbó bhocht, is cosúil – sórt coppáil on go bhfuil capall ann, shílfeá.

Each, ní fiú bheith ag gearrán, mar ní fúinne atá sé srian a chur leis an bhfadhb, ach tá sé faoin rialtas an each gan adhastar a aimsiú.  Beidh obair na gcapall le déanamh acu anois, seachas bheith ag spochadh leo, le bheith cinnte nach dtarlóidh an lúb ar láir arís.

Sea, ní fiú dúinn bheith ag naggáil, a léitheoirí, ná ní fiú dul ar stailc ocrais mar gheall ar an gcraic uilig; caithfear an diallait a chur ar an each cóir, an dtuigeann sibh, agus níl an rás sin rite fós

Más mian libh, is féidir libh comhfhoclacht chapallach an Bhéarla, a bhí ar Twitter le déanaí, a léamh anseo

Wednesday, August 22, 2012

Puipéad Stoca?

Nuair nach mbíonn daoine, fearacht mé féin, go hiomlán ar an eolas faoi chúrsaí ríomhaireachta ná faoi ghnóthadóireacht an idirlín, seans go dtarraingeodh focal cosúil le sockpuppet a n-aird ina threo.

Bhuel, tharraing sé m’airdse, pé scéal é, nuair a chonaic mé an focal luaite ag Willie O’Dea san Indo, ina alt faoi Chris Andrews.

Dar le Wikipedia, séard is sockpuppet ann ná ‘an online identity used for purposes of deception… ‘ agus ar fhaitíos go mbeadh aon bhlagálaí nó aon ghiolcaire amuigh ansin amhrasach faoina identity féin, deirtear ar an suíomh céanna sin,

A significant difference between the use of a pseudonym and the creation of a sockpuppet is that the sockpuppet poses as an independent third-party unaffiliated with the puppeteer.’

D’fhágfadh sé sin go mbeadh an sockpuppet Neamhspleách Ar Phuipéadóir, b'fhéidir? Féach napachán ar an líosta thíos, a léitheoirí.  

Ní fúmsa atá sé, sa mhír seo, lipéad a chur ar aon duine; níl uaim ach leagan Gaeilge den fhocal sockpuppet a aimsiú, más féidir é, ceann nach ionann é agus aistriúchán díreach, an dtuigeann sibh. Tháinig mé ar na focail seo a leanas, in Cén Sórt É nó ar an suíomh Is Iomaí Duine ag Dia:

Napachán – (Duine anásta dallintinneach; Duine ráscánta maolaigeanta; Leanbh gan chaill) CSÉ (lumpish, witless person) IIDaD

Cealgaire -  (duine glic lúbach, duine a chuirfeadh amú thú d’aon turas; duine fimíneach) CSÉ (guileful person, beguiler, deceiver) IIDaD

Faladhúdaí - (stealthy person, thief, deceiver) IIDaD

Gliúcálaí-  (Rógaire, duine cealgach) CSÉ (Gliúcálaidhe ar IIDaD)

Saofóir - (perverter, deceiver) IIDaD (Duine a chuirfeadh duine nó ní as a cheart; duine cealgach; duine a bheadh ag breabadh nó ar cur cathú) CSÉ

Láimhsitheoir - (Duine a bheadh ag ionramháil) CSÉ (manipulator, grappler) IIDaD

Beartaí – Duine a bheadh ag pleanáil; duine a bheadh ag bagairt; duine a bheadh ag pleanáil go cliste) CSÉ

Líonláimhsitheoir? Gliúcálaí Gréasáin? Saofóir Suímh? Faladhúdaí Idirlín? Láimhsitheoir Láithreáin? Cealgaire Caismirteach? 

Caochadán, b’fhéidir? Napachán, b’fhéidir? Bhur mbarúil féin?

Tuesday, August 14, 2012

Cén Sórt É?

Blagaire:              Duine maíteach
                           Maíteach: boastful, begrudging, envious.

Giolcaire:             Duine a bheadh ag giolcadh nó ag cabaireacht
                           Cabaireacht: babbling, chin-wagging, loquacity.

Gnúiséara:            Duine milleánach doshásta.
                            Milleánach: fault finding. Doshásta: hard to
                                      please.

Mo bhuíochas don leabhar Cén Sórt É, le Tomás Ó Fiacháin, as na hainmneacha sin thuas a chur ar fáil dom.

Agus iad á roinnt agam libh anseo, a léitheoirí, ní hé sin le rá go gceapaim go bhfuil baint acu le daoine a scríobhann ar Blogger, ar Twitter ná ar Facebook, ach chonaic mé iad agus, bhuel, cheap mé gurbh fhiú iad a roinnt, gan fáth gan ábhar.

Ar an, ahem, ábhar sin, cuireann sé iontas orm, go minic, na nithe a roinneann daoine ar shuíomhanna meán sóisialta. Léigh mé alt san Indo inné agus, más fíor, thug duine amháin ‘f***ing c***’ ar dhuine eile, agus bhagair an duine eile sin, más fíor, agra i leith clúmhillte a dhéanamh i gcoinne na mná a scríobh na focail dhána faoi ar Twitter.  

Anois, níl mise ag dul ag cur mo ladar i scéal nach mbaineann liom, ar fhaitíos na bhfaitíos, an dtuigeann sibh, ach rith an smaoineamh liom go mbeadh sé an-deacair clúmhilleadh a chruthú mura mbeadh duine iomlán cinnte céard is ‘f***ing c***’ ann.

Roinnfinn an míniú libh anseo, a léitheoirí, ach níor éirigh liom é a aimsiú sa leabhar Cén Sórt É? 

Thursday, June 23, 2011

Na Meáin Shóisialta

Le bliain nó dhó anois, agus mé ag léamh faoi, nó ag plé le Facebook agus Twitter, mar shampla, tá sé tugtha faoi deara agam an éascaíocht lena roinneann daoine a gcuid tuairimí, a gcuid scéalta srl., ar na meáin sin; ar an uile ní agus ábhar. Níl dochar ar bith ansin, cheapfá, agus, go deimhin, táthar ann a déarfadh gur maith ann an ceangal sóisialta sin.  

Mar sin féin, ón méid atá léite agam féin le bliain nó dhó, caithfidh mé a rá nár chuir an scéal seo, ná an ceann seo, nó fiú an ceann seo, iontas ar bith orm. Ní thuigim cén fáth a ndearna na daoine sin na rudaí a rinne siad, ná fiú cén fáth ar roinn siad, chomh poiblí sin, na nithe a roinn siad, ach is léir go mbíonn iarmhairtí fadtéarmacha lena leithéidí de ghníomhartha.

Is beag an dealg a dhéanfadh braon, mar a deir an seanfhocal, agus táim den bharúil go bhfuiltear ann nach dtuigeann go bhfuil dealg iontach géar ag na meáin shóisialta. Má bhíonn do lámh i mbéal an mhadra agat, bhuel, caithfear bheith cúramach, deirtear.

Is anseo amháin a chloisfidh sibh uaim as seo amach, a léitheoirí, agus déanfaidh mé chuile iarracht gan aon duine, ná ainmhí, a mhaslú ná a ghortú le m’fhocail ann.

Mo chuimhne, tugaim faoi deara go dtagann cuairteoirí nua isteach ar mo bhlag, ó am go chéile, daoine a fhágann a gcuid hataí ar chrochadán mo bhlag - tá fearadh na fáilte romhaibh uilig, a chairde, agus táim buíoch as bhur gComhluadar anseo liom.