Tá a fhios againn uilig nach féidir linn an todhchaí a
thuar, ach is féidir linn a bheith cúramach, nó a bheith níos cúramaí,
b’fhéidir, le go mbeidh seans ann nach ndéanfaimid praiseach iomlán den saol;
sa gcaoi nach mbeimid ag cac ar na huibheacha, mar a déarfá.
Never test the depth of the water with both feet,
an rud a bhí scríofa ar m’fhéilire maidin Dé Máirt. Is
seanfhocal Afracach atá ann, feictear dom. Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh
bhur leaganacha féin, a léitheoirí, ach an chéad leagan Gaeilge a rith liom
féin ná,
Ná déan do theach ar an ngaineamh.
Seo chugaibh roinnt seanfhocal eile a fuair mé, ar an ábhar
céanna, faoin gceannteideal Cinnteacht, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:
Bí ceart sula mbí tú dearfa.
Buail an tairne sa gceann.
Cuir an tsrathar ar an asal ceart.
Fearr a bheith cinnte ná caillte.
Is fearr a bheith siúráilte ná aiféalach.
Is fearr an breac atá sa dorn ná an breac atá san abhainn.
Is fearr glas ná aimhreas.
Má leanann tú lorg an chrú,
Ní rachaidh tú choíche amú.
Maidir leis an seanfhocal deireanach sin, agus dar leis an
Ollamh Tomás Ó Máille, an fear a fuair céim PhD i 1939 ar an saothar as ar tháinig
na seanfhocail thuasluaite, tá an méid seo scríofa aige,
‘Sa tseanaimsir, áit nach raibh bóthar ar an sliabh, bhíodh
lorg crúite na mbeithíoch go soiléir, mar chosán.’
Agus, má chliseann ort ar bhóthar an tsléibhe, a léitheoir,
ná bí buartha, mar tá seanfhocal Afracach eile agam duit, ón leathanach idirlín
sin thuas,
Do not look where you fell, but where you slipped.
Is fearr suí gearr ná drochsheasamh, b’fhéidir?