Showing posts with label ciall. Show all posts
Showing posts with label ciall. Show all posts

Thursday, June 11, 2020

Cén Rannóg Ina Bhfuil Tusa?

Rannóg 1 - 'Níl ann ach seafóid!'

a.    Níl aon víreas ann. Níl ann ach go bhfuil lucht an rachmais ag iarraidh tuilleadh airgid a shaothrú dóibh féin.
b.    Níl anseo ach polaiteoirí agus a gcomhghuaillithe ag iarraidh muid a chur faoi chois.
c.    Ní hé an víreas a mharaigh na daoine sin, nuair a tholg siad é, ach an bhunchúis tinnis a bhí orthu.   
d.    Má tá bunchúis tinnis orthu, fanadh siadsan sa bhaile! Cén fáth a bhfuil muidne ag íoc as, leis an diabhal dianghlasáil seo! Ar ndóigh, ní muidne atá tinn ná sean, an muid!? 
e.    Is fiú éisteacht lena leithéidí Donald agus Boris
f.    Is cuma liom. Déanfaidh mise mo rogha rud. 
g.   Ní teoiric chomhcheilge atá ann, ach an fhírinne ghlan! Fianaise? Tá neart fianaise le léamh ar na meáin shóisialta, ach do dhá shúil a oscailt. 

Rannóg 2 - 'Ní dhéanfainn é sin, ach...'

a.   Céard? Bhí cóisir acu sa teach? Le daoine nach bhfuil muinteartha leo! Ar a laghad, nílimse ach ag dul isteach sna tithe sin ina bhfuil gaolta liom ina gcónaí. Níl gá le masc, ná le scaradh sóisialta sa chás sin! Ar ndóigh, níl siadsan, ná mise, ag meascadh le haon duine eile, agus tá muid sách sábháilte, dá bhrí sin. 
b.   Ní dheachaigh mé chuig salón an ghruagaire. Níl sé sin ceadaithe. Tháinig sise go dtí mo theachsa/Chuaigh mise go dtí a teach. Ar a laghad, bhí masc uirthi agus orm. 
c.   Ar ndóigh, níl gá le masc a chaitheamh sna siopaí! Nach bhfuil gach rud díghalraithe acu? Agus, nach bhfuil formhór na ndaoine ag cloí leis an scaradh sóisialta?
d.   Na páistí bochta! Cén chaoi a bhféadfainn gan barróg a thabhairt do mo gharpháiste? Ach, bhí mé cúramach, agus níor thug mé barróg ar bith dá dtuismitheoirí. Caithfear a bheith cúramach, an dtuigeann tú.
e.   Cén dochar atá ann? Ní raibh ann ach deoch nó dhó, agus rinneamar uilig an-iarracht cloí leis an scaradh sóisialta, rud nach bhfuil éasca agus duine súgach, bíodh a fhios agat!            
f.    Nach bhfuil siad ag rá, anois, nach ar na páistí atá an locht, mar sin cén fáth nach dtabharfá leat iad isteach sna siopaí? Níl gá le masc a chur orthu. Ní maith leo iad, ar aon nós. 
g.   Tá sé thar am acu fáil réidh le formhór na srianta! Ar ndóigh, níl mórán daoine ag fáil bháis anois, agus tá i bhfad níos lú cásanna nua ann, san am i láthair.  
h.   An dara ráig den víreas? Ní tharlóidh sé sin. Nach bhfuil muid ag déanamh thar barr mar atá muid? Tá an víreas faoi smacht againn, cheana féin, nach bhfuil? 

Rannóg 3 - 'Níl sé éasca, ach caithfear éisteacht leis na saineolaithe.'

a.   Airím uaim mo mhuintir, mo gharpháistí, mo chomharsan, ach tuigim go bhfuil gá leis na srianta uilig, go dtí go ndéanfar díothú iomlán ar an víreas seo. 
b.   B'fhearr liom masc a chaitheamh, ar fhaitíos go mbeadh an víreas tolgtha agamsa, nó ag duine eile, i ngan fhios dúinn. Is fearr a bheith cúramach. 
c.   Níl a fhios agam an bhfuil an ceart ag an rialtas cúram ár sláinte a fhágáil fúinn féin...féach céard a tharla nuair a moladh dúinn fanacht as na pubanna? Níor thug go leor daoine aird dá laghad ar na moltaí, ar thug? 
d.   B'fhearr liom dá mbeadh an rialtas dár gcosaint, go hiomlán, fiú má bhíonn gá le rialacha, agus le dlíthe, dochta gearrthréimhseacha. 
e.   Tiocfaidh muid tríd. Ach, idir an dá linn, caithfidh muid aire mhaith a thabhairt dá chéile, go dtí go mbeidh an víreas seo glanta, go hiomlán, amach as an tír.

Thursday, August 17, 2017

Focla Nach mBriseann Fiacla

De réir mar atáim ag dul anonn in aois, táim ag foghlaim. Táthar ann a déarfadh go bhfuilimid i gcónaí ag foghlaim agus, go deimhin, tá an méid sin fíor, ach táthar ann, chomh maith, nach dtuigeann anois, agus nach dtuigfidh go brách, go bhfuil ceachtanna le foghlaim ónár dtaithí saoil, agus gur fás agus forbairt atá le foghlaim ón taithí sin, is cuma cá bhfuil ár gcosa curtha i dtaca againn. 

An ceacht is mó atá foghlamtha agam, thar na blianta, ná go gcaithfear a bheith cúramach le focail. Bíodh siad scríofa nó labhartha, is urchair nó ungadh atá iontu. Bíodh peann i do lámh agat, teanga i do bhéal agat, méara ar mhéarchlár nó ar scáileán romhat, is fearr a bheith cúramach, i gcónaí, seachas a bheith místuama, nuair atá tú armáilte le focail. 

Ach, tá cúram orainn féin, freisin, maidir leis na briathra a chloisimid, nó a léimid. An fearr aird a thabhairt ar na focail atá cloiste/leite againn, nó an fearr gan bacadh leo, go háirithe más rud go bhfuil muid in amhras faoina dteachtaireacht? Go deimhin, fiú má aontaíonn duine leis an teachtaireacht, an fearr a bheith faichilleach, ar fhaitíos na bhfaitíos?

Cúpla leid atá faighte/foghlamtha agam féin, maidir le focail, le caitheamh na mblianta, 

1. Ná ceap gur fútsa/duitse amháin atá an duine ag scríobh/ag labhairt. 
2. Ná glac leis go bhfuil an tuiscint chuí agat ar an méid a chuala tú/a léigh tú. 
3. Seas siar, dún do bhéal, agus fan go mbeidh tú cinnte faoi bhriathra, uait nó romhat. 

Roinnt seanfhocal daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Ní bhriseann focla maithe fiacla.  (Béasa) 

Ní bheathaíonn na briathra na bráithre i gcónaí. (Caint)

Bíonn cluas bhodhar ag fear na foghlach. (Aire)

Bunchloch na bréige i gcolann na fírinne. (Bréaga)

Is féidir milleán a chur ar an bhfírinne, ach ní féidir náire. (Fírinne)

Mar nuafhocal scoir, uaimse,

Is fearr focla a chur ar an méar fhada, ná an mhéar fhada a thabhairt. 

Tuesday, July 18, 2017

Bhfuil Ciall Leis Sin?

Is minic an ráiteas 'Níl ciall dá laghad aige/aici!' cloiste agam thar na blianta, agus chuala mé é ráite arís, ar maidin. 

Séard a bhí i gceist ag an té a dúirt, i ngan fhios dó féin, seans, 'níl ár gciall/mo chiall/do chiall' ag an duine sin. Bhuel, sin an chiall a bhainim féin as an ráiteas, pé scéal é.

Céard is ciall ann, meas tú? 

Mura bhfuil tú in ann ciall dá laghad a bhaint as rud, an é sin le rá nach bhfuil ciall agat? Nó, b'fhéidir go gceapann tú nach bhfuil ciall dá laghad leis an gceist sin! Bheadh ciall leis sin, b'fhéidir. 

Ar ndóigh, d'fhéadfá do chiall a chailleadh, rud a chuirfeadh duine eile as a chiall, seans, mura mbeadh duine ciallmhar thart faoin áit, a thabharfadh an bheirt agaibh chun céille, arís.  

Mura bhfuil ciall cheannaithe agat, is dócha nach mbeidh tú in ann ciall ná réasún a bhaint as an mblagmhír seo...chuile amadán is ciall dó fhéin, (nó chuile amadán agus a chiall fhéin) mar a deir an seanfhocal. 

Seanfhocal nó dhó eile daoibh, a léitheoirí, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, 

An té nach bhfuil ciall aige, beidh cuimhne aige.  (Díth Céille) 

An duine ciallmhar, is é is lú caint. (Caint)

Is fearr ciall ná cuid. (Ciall)

Ní dhearna croí agus ciall cuingir mhaith riamh. (Comharsan)

Is iomaí fear ciallmhar a bhíos cam. (Cosúlacht)

Múinfidh do shrón fhéin ciall duit. (Críonnacht) 

Blagmhír nó dhó eile uaim, ar an ábhar, anseo, anseo agus anseo


Wednesday, June 5, 2013

In Aois na Gaoise

‘Ní thagann ciall roimh aois!’ a chonaic mé scríofa thall ar Thalamh an Éin, ó tharla mo bhlagmhír thíos, Focail Féilire, ag tarraingt giolcadh nó dhó ó dhuine nó dhó, thall ann.

B’fhéidir nach dtagann, arsa mé féin liom féin, ach, mar sin féin, tá sé tugtha faoi deara agam, thar na blianta, go mbíonn gaois aoise ag leanaí áirithe; ag aois nach mbeifí ag súil lena leithéid, mar a déarfá.

D’éirigh liomsa an físeán seo (le Luiz Antonio na Brasaíle ag labhairt) a fheiceáil nuair a bhí fotheidil Bhéarla leis - níl teanga dhúchais Luiz agam, áfach. Tá súil agam go mbeidh sibh in ann an leaidín álainn seo a thuiscint, a léitheoirí, mar is fiú a chiall a chloisteáil, i mo thuairim féin.

Táim den bharúil go dtagann chuile leanbh lena chiall nádúrtha féin, ciall atá, seans, i bhfad chun cinn ar chiall an duine fásta, ar bhealach. De réir mar a thagann aois ar pháistí, tá formhór acu múnlaithe ag creideamh, nó faoi thionchar creidimh, á ndream féin; rud a fhágann, b’fhéidir, nach mbíonn deis ag an leanbh éisteacht lena thuiscint inmheánach nádúrtha féin.

Tá súil agam nach gcaillfidh Luiz Antonio na Brasaíle a ghaois nádúrtha go brách.