Showing posts with label tionchar. Show all posts
Showing posts with label tionchar. Show all posts

Monday, January 6, 2020

Marian Finucane

Scríobh mé roimhe seo faoi bhás Gerry Ryan agus faoi bhás Gay Byrne, fir a chuaigh i bhfeidhm go mór ar go leor daoine a bhíodh ag éisteacht lena gcláir ar RTÉ, mé féin san áireamh. Ní raibh súil ar bith le bás Gerry, bhí a fhios againn go raibh Gay tinn. Ba mhór a gcaill. 

Cé nár bhain ceachtar acu lenár saol pearsanta, mar a déarfá, b'fhir iad a d'éist le scéalta an phobail, a chuala na fadhbanna, agus a thug ardán don lucht éisteachta, go minic, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile. Agus, labhair siad faoi nithe a bhain lena saol pearsanta féin, sách rialta. Mar sin, bhí aithne de shórt againn orthu, agus ar a gclanna.

Ní raibh a fhios agam a dhath faoi shaol pearsanta Marian Finucane, mar níor labhair sí riamh ar aon cheo a bhain lena saol pearsanta, go bhfios dom. Níor chuala mise aon cheo faoina saol pearsanta, pé scéal é, agus d'éist mé lena cláir uilig, ar feadh mo shaoil. Ní raibh aon aithne phearsanta agam uirthi, ach thaitin sí liom, go mór, mar láithreoir.

Nuair a chuala mé faoina bás tobann, baineadh siar asam. Chuir sé isteach go mór orm go raibh sí imithe uainn. Ní raibh a fhios agam an t-am sin cén fáth, ach bhí a fhios agam go raibh brón ar leith orm faoina caill. Ní raibh mé in ann ciall ná réasún a dhéanamh de na mothúcháin, ach amháin go raibh a fhios agam go raibh seoid ar leith caillte, agus ba mhór agam an chaill sin. 

Ó fuair sí bás, tá go leor cloiste agam faoina saol pearsanta. Agus, mar is ceart, tá ómós tugtha ag a comhghleacaithe agus ag a cairde di, mar atá ag an bpobal lena raibh sí chomh cineálta, cneasta, cuidiúil, agus tuisceanach. Ní gá domsa a thuilleadh a chur leis an méid atá ráite go dtí seo. Ba léir, ón méid a chuala mé, gur láithreoir cumasach a bhí inti. Thuig mé féin an méid sin, ar aon nós, ó bheith ag éisteacht léi, thar na blianta.  

Ach, tuigim anois cén fáth a ndeachaigh a caill go smior ionam - is cuma cén t-ábhar a bhíodh faoi chaibidil aici, nó cén duine a bhíodh faoi agallamh aici, níor léir dom, riamh, a tuairim féin; bhíodh sí féaráilte, cothrom, gan chlaonadh, gan bhreithiúnas. 

Ní bheidh a leithéid arís ann. 

Tuesday, November 5, 2019

Gay Byrne

Sibhse atá i bhfad níos óige ná mise, tá seans ann nach bhfuil a fhios agaibh mórán faoin bhfear a cailleadh inné, Gay Byrne, ach níl dabht ar bith in intinn na mná seo faoin tábhacht a bhain leis, mar láithreoir, le linn a chuid ama le RTÉ. 

Seasca bliain ó shin, nuair a thosaigh Gay Byrne ag obair sna meáin, ní raibh trácht ar idirlíon. Go deimhin, ní raibh againne, agus mé ag fás aníos i gConamara, ach cainéal amháin teilifíse, agus cainéal amháin raidió; b'shin RTÉ. 

Dá bhrí sin, bhí a chlár raidió, The Gay Byrne Show, (ní raibh aon chaint faoi RnaG an t-am sin) agus a chlár teilifíse, The Late Late Show, go mór i mbéal an phobail; nó, ar a laghad, bhí siad lárnach in imeachtaí agus in eachtraí na tíre

Ní hionann 'lárnach' agus 'páirteach', an dtuigeann sibh. 

Sa lá atá inniu ann, níl mórán nach féidir a rá ar na meáin shóisialta ach, an t-am sin, bhí greim docht daingean ag cléir agus ag rialtas na tíre ar mhuintir na hÉireann; sé sin le rá, bhí dream coimeádach coimhéadach i gceannas ar an tír, agus go bhfóire a nDia ar aon duine nár thit isteach lena meon ná lena mianta. 

Bhí an coimeádachas beo beathach i RTÉ, go deimhin, agus bhí neart a rinne Gay Byrne ar a chláir nár thaitin leo, ach sheas sé an fód, agus dhírigh sé ar na hábhair sin a seachnaíodh le blianta fada roimhe sin. Go deimhin, murach a forásacht agus a chrógacht, agus a chreideamh i gcearta an duine agus i ndaonnacht, cá bhfios cá mbeadh ár dtriall sa tír seo. 

An méid sin ráite, bhí agallamhdhó a rinne sé ar an Late Late nach raibh mé róthógtha leis mar gur cheap mé go raibh cuid dá choimeádachas féin ag brú isteach ar a ghairmiúlacht, ach bhí agallamhdhó nó trí eile agus ba léir a ghairmiúlacht chliste. Go deimhin, fiú murar thaitin ábhar na n-agallamh le daoine, b'fhiú iad uilig a fheiceáil. Is iomaí rún a nochtadh. Is iomaí fírinne a nochtadh. 

Bhí fios a ghairme ag Gay Byrne, agus ní dheachaigh tada amú air. Ar a chlár raidió, thuig sé go díreach céard a bhí ag tarlú sa tír, agus ní raibh faitíos air roimh aon ábhar. Sheas sé an fód in éadan, nó in ainneoin, lucht an ghreama dhocht. Láithreoir ar leith a bhí ann. Fear ar leith a bhí ann. 

Mo chomhbhrón ó chroí lena mhuintir uilig. Mo bhuíochas ó chroí leisean. 

Thursday, June 22, 2017

Ladar Nó Loighic

Mar is eol do chuid agaibh, a léitheoirí, tá rírá agus ruaille buaille i dTeach Laighean na laethanta seo, mar is minic leo, go deimhin...clós scoile na Dála, nó ceist fhiúntach faoi cheapacháin, meas tú?

Nuair a cuireadh an cheist, os cionn sé mhí ó shin i tuairisc.ie, 'An gcuireann ceapadh breithiúna imní ar dhaoine dáiríre?,' ní dóigh liom go raibh Cathal, ná aon duine eile, ag súil leis an 'fhianaise' chomh luath is a tháinig sí. Is léir go gcuireann sé imní ar dhuine nó dhó, shílfeá. 

Ach, sin scéal eile. Tá bunreacht na tíre seo luaite leis an aighneas ag ár dTánaiste, san alt seo, agus is ar bhunreachtanna, agus ar mhionnaí dílseachta, atá m'aire dírithe inniu, agus ní ar an aighneas thuasluaite. 

An bhfuil, meas tú, bunreachtanna agus mionnaí dílseachta thíortha éagsúla ionchuimsitheach; an bhfuil loighic ag baint leo, nó an é go dtugann siad deis do dhaoine ladar a chur i scéal, ar mhaithe leo féin/lena bpáirtí féin/lena gcreideamh féin? 

Nuair a fheictear aon dia nó déithe luaite i mbunreacht, mar shampla, mar atá i go leor acu, bunreacht na tíre seo san áireamh, nó i mionn dílseachta, an féidir a rá go bhfuil an bunreacht/mionn dílseachta sin ionchuimhsitheach; gur ar mhaithe le chuile dhuine i sochaí na tíre sin atá siad ag feidhmiú? 

Agus, má tá aon seans ann, go bhfuil cairdeas fabhair i gceist le haon cheapacháin, in aon tír, ar bhonn coinníollach...bíodh an coinníoll sin bainteach le creideamh nó le polaitíocht, chan le cumas, b'fhéidir...an bhfuil seans ann go gcuirfeadh rud mar sin imní ar chorr dhuine? 

Is cuma cén tír atá i gceist, le cothrom na, ahem, Féinne a thabhairt do chuile dhuine, an mbeadh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar aon chóras nach gceadaíonn ionchuimsitheacht ina choinníollacha bunreachtúla?

Go deimhin, an bhfuil aon duine ar fáil atá sásta troid ar a shon sin, ar bhonn nach bhfuil coinníollach? Sin í an cheist!   

Monday, May 15, 2017

Smaointe ag Rith

Tharla sé go raibh sé fhéin agus mé fhéin ag ól caife, ar chúl an tí (sular fhág an ghrian muid) inné, agus cé nach cuimhin liom cén fáth ná cén chaoi ar tharla sé, tháinig ainm Emma Peel isteach sa chomhrá. 

Anois, tá a fhios agam go maith go bhfuil daoine á léamh seo agus ní bheidh leid dá laghad acu cé hí Emma Peel, agus tá chuile sheans ann nár chuala siad iomrá ar The Avengers ach an oiread (an clár ina mbíodh an t-aisteoir, Diana Rigg, ag aisteoireacht mar Emma Peel) ach ba chlár é a thaitin go mór liom fhéin, nuair a bhí mé i mo chailín óg. 

Bhí mé, ahem, ag iarraidh bheith cosúil le Emma Peel, an dtuigeann sibh, a léitheoirí. Shamhlóinn mé fhéin, i m'éadaí dubha teanna, ag sábháil an domhain, agus is iomaí karate cic a tarraingíodh, i dtreo mo shiblíní, thar na blianta, agus mé, ahem, i mbun na hoibre sin. Tá chuile sheans ann go bhfuair mé cic nó dhó ar ais, ach ní cuimhin liom na, ahem, rudaí beaga suaracha sin. 

Ach, is cuimhin liom, go maith, an díomá a bhí orm nuair nár éirigh le Daidí na Nollag an chulaith dhubh theann sin a fhágáil faoin gcrann Nollag dom. Bhí sí ar bharr mo liosta a'm! Ar ndóigh, tá a fhios agam nach ar Dhaidí na Nollag a bhí an locht, mar nár fhéad sé theacht ar chulaith a d'fheilfeadh. Mar sin fhéin, ag an am ar leith sin, bhí an cailín beag ramhar seo an-bhuartha ar fad. Níor thuig sí, an créatúirín, go raibh an saol agus a cuid samhlaíochta in adharca a chéile. Tuigim anois é. 

Sa lá atá inniu, feicim an brú atá ar chailíní agus ar bhuachaillí. Tá siad báite agus sáite sna meáin, áiteanna ar féidir an fhírinne a cheilt; go mion minic, i ngan fhios don té atá soineanta, nó neamheolach ar fhíricí an tsaoil. 

Bhí an t-ádh liomsa, ar go leor bealaí. Bhí daoine muinteartha liom, agus cairde agam, a choinnigh súil ar mo chuid samhlaíochta, agus a chothaigh mo chuid muiníne, ar feadh mo shaoil. Is faoina dtioncharsan atá mé fós ag maireachtáil. 

An méid sin ráite, ní hionann an dá ré, ansin agus anois. Ach, is ionann mianta an duine óig, mar go bhfuil a gcuid samhlaíochta fós aibí, agus éasca a mhúnlú. 

Tá súil agam go mbeidh muintir agus cairde daoine óga samhlaíocha na linne seo in ann iad a thabhairt slán ón múnlú dodhéanta neamhchríonna.