Scríobh mé blagmhír faoi Nollaig na mBan, roinnt blianta ó shin, mar a fheicfidh sibh anseo, agus is ansin a bheas sibh in ann léamh faoi na nósanna agus nathanna cainte éagsúla a d'fhoghlaim mé féin, ó thaithí nó ó thaighde, le himeacht na mblianta.
Inné, chaith mé cúpla nóiméad ag labhairt le Bláthnaid ar an gclár Bláthnaid Libh, ó tharla gurb é inniu lá 'Nollaig na mBan,' (nó, más fearr leat, is é inniu An Nollaig Bheag, Eipeafáine, Lá Chinn an Dá Lá Dhéag, nó Féile na dTrí Ríthe - Seán Mac an tSíthigh ag scríobh faoin lá ar tuairisc.ie anseo agus anseo; féach ar bhlag Róislín, maidir le hainm an lae, anseo), agus bhí Bláthnaid ag labhairt liomsa, agus le mná eile, faoinár dtaithí maidir le nósanna a bhaineann leis an lá seo.
Go dtí gur luaigh sí liom é, bhí dearmad déanta agam den nós a bhíodh againn, thiar i gConamara. agus mé ag fás aníos, coinneal a lasadh sna fuinneoga uilig, ar fud an tí, ar an lá seo. Ní cuimhin liom cén fáth a ndearna muid é sin, ach ní dóigh liom gur chuala mé, ag an am, gurb í, ahem, an ghéarleanúint a rinne ríocht na Breataine orainn, fadó, a ba chúis leis, mar nós.
Pé scéal é, tríocha bliain ó shin, nó mar sin, agus mé i mo chónaí in Inis Eoghain, chuala mé, ó bhean a bhí pósta le fear as Corcaigh, go raibh nós eile ann a bhaineann leis an lá seo, sé sin le rá, mná ag teacht le chéile, mar gur..
'Ar na fir a thiteann obair an tí ar an 6 Eanáir[4]. Tá traidisiún ann go bhfaigheann mná lá saoire ó dhualgais an tí ar an lá seo (traidisiún an-láidir i gCorcaigh ach lag sa tír in iomlán). Is traidisiún iomlán Éireannach é[5]. Eagraíonn na mná cóisireacha nó turais amach go dtí na bialanna nó na tábhairní. Bíonn na bialanna agus na tithe tábhairne lán go doras le mná an oíche sin.'
...más fíor an méid a léigh mé anseo. Ar aon nós, mura dtaga leat tar leo (seanfhocal uimhir 15 anseo) agus, anocht, beidh mé i mbialann le banchairde agus, i dtraidisiún nach bhfuil 'iomlán Éireannach,' ní bheidh an bhean seo, ná aon bhean eile ar m'aithne, saor 'ó dhualgais an tí,' inniu, ná ar aon lá eile!
Gabh mo leithscéal anois, a léitheoirí, ach caithfidh mé imeacht, mar tá 'glaoch rolla' le freagairt ag an mbean seo.
Bíodh lá maith agaibh, a chairde!
Showing posts with label taighde. Show all posts
Showing posts with label taighde. Show all posts
Sunday, January 6, 2019
Wednesday, September 14, 2011
Bláth na Sláinte
Dea-scéal a tháinig chugainn ag tús na seachtaine ná go bhfuil ag éirí go maith le lucht taighde in Ollscoil Bhradford, ina n-iarrachtaí i gcoinne an ghalair ailse.
Más buan mo thuiscint, tá siad tar éis theacht ar bhealach inar féidir leo siadaí urchóideacha i lucha a leigheas; iad ag súil go n-oibreoidh an leigheas céanna ar dhaoine le hailse, taobh istigh de chúpla bliain.
Más buan mo thuiscint, tá siad tar éis theacht ar bhealach inar féidir leo siadaí urchóideacha i lucha a leigheas; iad ag súil go n-oibreoidh an leigheas céanna ar dhaoine le hailse, taobh istigh de chúpla bliain.
Cé go raibh eolaithe riamh ar an eolas faoin úsc frithailse Colchicine, úsc a thagann ón gcrócas cróch an fhómhair, agus air a bunaíodh an leigheas nua thuasluaite, ceapadh an t-úsc bheith ró-nimhiúil do chorp an duine.
Anois, tá sórt ‘smart bomb’ cruthaithe ag na taighdeoirí; eireaball ceimiceach greamaithe acu leis an gceimiceán Colchicine, len é a choinneáil díghníomhachtaithe, go sroicheann sé an siad urchóideach.
Is cosúil go bhfuil einsím sa siad urchóideach a bhaineann an t-eireaball den cheimiceán ansin, am a ghníomhachtaítear an Colchicine, a ionsaíonn agus a mharaíonn na fuileadáin a thugann beatha don siad.
Go n-éirí go geal lena n-iarrachtaí.
Subscribe to:
Posts (Atom)